EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0054

2010/0036 (COD) Togra le haghaidh rialacháin o Pharlaimint na Heorpa Agus on Gcomhairle maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

/* COIM/2010/0054 leagan deireanach - COD 2010/0036 */

52010PC0054

2010/0036 (COD) Togra le haghaidh rialacháin o Pharlaimint na Heorpa Agus on Gcomhairle maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis /* COIM/2010/0054 leagan deireanach - COD 2010/0036 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 22.2.2010

COIM(2010)54 leagan deireanach

2010/0036 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000[1] dheonaigh an tAontas Eorpach rochtain eisceachtúil neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an AE d'fhormhór mór na dtáirgí atá de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a bhaineann tairbhe as an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais. Is é is príomhaidhm na mbeart sin beocht a chur i ngeilleagair na mBalcán Thiar arís trí rochtain faoi phribhléid ar mhargadh an AE a cheadú dóibh. Táthar ag dréim go gcothóidh forbairt eacnamaíoch cobhsaíocht pholaitíochta sa réigiún ar fad.

2. Ó tharla go ndearnadh leasuithe substaintiúla roinnt uaireanta ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle, rinneadh é a chódú le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009[2].

3. Deonaíodh na fabhair thrádála sin i gcomhair tréimhse dar críoch 31 Nollaig 2010 agus tá feidhm acu faoi láthair maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, maidir leis an tSeirbia agus maidir leis an gCosaiv[3] i gcás na dtáirgí go léir a thig faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009. Na táirgí sin atá de thionscnamh na hAlbáine, Phoblacht na Cróite, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine nó Mhontainéagró, leanfaidh siad de bheith ag baint tairbhe as forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 nuair atá sé sin tugtha le fios nó as aon bheart a ndéantar foráil dó i Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ar beart é atá níos fabhraí ná na lamháltais trádála a ndéantar foráil dóibh faoi chuimsiú na gcomhaontuithe déthaobhacha idir an Aontas Eorpach agus na tíortha sin.

4. An 16 Meitheamh 2008 síníodh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Aontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Agus cur i gcrích na nósanna imeachta daingniúcháin ar feitheamh, tháinig an Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ceisteanna bainteacha le trádáil idir an Aontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i bhfeidhm an 1 Iúil 2008.

5. An 29 Aibreán 2008 síníodh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Aontas Eorpach agus an tSeirbia. Agus a theacht i bhfeidhm ar feitheamh, tá an Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ceisteanna bainteacha le trádáil idir an Aontas Eorpach agus an tSeirbia curtha chun feidhme ó bhí an 8 Nollaig 2009 ann agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010.

6. Ó tharla go ndeonaíonn na Comhaontuithe Eatramhacha agus na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais lamháltais trádála don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus don tSeirbia i dtaca leis na táirgí céanna atá luaite sna fabhair uathrialacha trádála, ní mór na lamháltais sin a bhaint as Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle. Baineann siad sin le taraifí fhabhracha maidir le mairteoil óg, siúcra agus táirgí siúcra, fíonta áirithe, agus táirgí áirithe iascaigh.

7. An 14 Meán Fómhair 2009 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht dar teideal Kosovo - Fulfilling its European Perspective (Ionchas Eorpach na Cosaive a bhaint amach) inar moladh na bearta uathrialacha trádála a leathnú.

8. I gconclúidí na Comhairle um Ghnóthaí Ginearálta dar dáta 8 Nollaig 2009 deirtear go bhfuil tábhacht ag baint le bearta trádála a fhad a bhaineann le caidreamh an AE leis an gCosaiv, gan dochar do sheasamh na mBallstát i leith stádas na Cosaive.

9. I rún a ghlac Parlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2009 dar teideal Enlargement strategy 2009 concerning the countries of the Western Balkans, Iceland and Turkey (Stráitéis maidir le méadú, 2009: tíortha na mBalcán Thiar, an Íoslainn agus an Tuirc), iarrtar ar an gCoimisiún gach iarracht is féidir a dhéanamh tionchar na géarchéime eacnamaíche sna Balcáin Thiar a mhaolú.

10. B'ionann deireadh a chur leis na fabhair thrádála agus buntáiste eacnamaíoch dearfa a bhaint de thairbhithe na bhfabhar sin agus iad i mbun trádála leis an AE. D'fhéadfadh sé sin fíor-dhrochthionchar a imirt ar gheilleagair na mBalcán Thiar agus dá thoradh sin an bonn a bhaint de na próisis leasuithe baile agus de na próisis athruithe atá ar siúl sna tíortha sin. Ina theannta sin, d'fhéadfaí a dtéarnamh geilleagrach a chur i mbaol mór.

11. Sa togra seo leasaítear gnéithe áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 chun gur féidir a bhailíocht a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015 agus chun roinnt coigeartuithe a dhéanamh coinníollach ar theacht i bhfeidhm comhaontuithe déthaobhacha leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus leis an tSeirbia. Ina theannta sin, i Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, in Airteagail 2 agus 10, tá cumhachtaí áirithe a fhorchoimeádann an Chomhairle agus nach bhfuil bunaithe ar Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. Ullmhóidh an Coimisiún togra ina n-athbhreithneofar gach nós imeachta dá leithéid sa chomhbheartas tráchtála i bhfianaise chóras na ngníomhartha cur chun feidhme atá leagtha amach in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an rialacháin maidir leis na rialacha agus na prionsabail ghinearálta i dtaobh fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún arna nglacadh ar bhonn Airteagal 291(3). Déileálfar sa togra sin le hAirteagail 2 agus 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009. Tíolacfar an togra sin a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún togra maidir le rialacha agus prionsabail ghinearálta i dtaobh fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún a ghlacadh.

12. Ní thabhaítear aon chostas a ghearrfar ar bhuiséad an AE de thoradh an Rialacháin. Anuas air sin, dá gcuirfí i bhfeidhm é ní chaillfí aon ioncam custaim dá thoradh, i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair.

13. I ngeall ar na cúiseanna thuas, is é is aidhm don togra seo bailíocht Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015. Trí bhíthin an togra seo leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle d'fhonn na hathruithe ar raon na dtáirgí i gceist a chur san áireamh.

14. Ionas nach gcuirfear isteach ar thrádáil, ní mór an Rialachán seo a ghlacadh agus a fhoilsiú ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 31 Nollaig 2010. Murar féidir é sin a dhéanamh, ba cheart aithris 8 agus an dara mír d'Airteagal 3, atá faoi luibíní sa togra, a chur isteach mar chuid dhílis den Rialachán ionas go n-áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm é go haisghníomhach (rud atá eisceachtúil).

2010/0036 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000[4] tugadh isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis, ar bearta iad lena ndéantar foráil do rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais d'fhormhór mór na dtáirgí atá de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch custaim sin a bhaineann tairbhe as an bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ó tharla go ndearnadh leasuithe substaintiúla roinnt uaireanta ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle, rinneadh é a chódú le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009[5].

(2) An 16 Meitheamh 2008, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstát ar an taobh amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar an taobh eile. Fad is a bhí cur i gcrích na nósanna imeachta ba ghá chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm ar feitheamh, síníodh agus tugadh i gcrích Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ceisteanna bainteacha le trádáil idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Tháinig an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm an 1 Iúil 2008[6].

(3) An 29 Aibreán 2008 síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstát ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia ar an taobh eile. Agus cur i gcrích na nósanna imeachta ba ghá chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm ar feitheamh, síníodh agus tugadh i gcrích Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ceisteanna bainteacha le trádáil idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Seirbia. Tháinig an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010[7].

(4) Trí bhíthin na gComhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais bunaítear réim trádála chonarthach idir an Aontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus idir an tAontas Eorpach agus an tSeirbia. Is gá, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú trí bhíthin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia a bhaint de liosta thairbhithe na lamháltas arna ndeonú do na táirgí céanna faoin réim chonarthach agus méideanna na dtaraif-chuótaí iomlána a choigeartú i gcás táirgí áirithe ar deonaíodh taraif-chuótaí dóibh faoi na réimeanna conarthacha. Mar sin féin, ba cheart an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia a bheith ina dtairbhithe Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 i gcónaí, a mhéid a bhfuil foráil déanta sa Rialachán sin do lamháltais atá níos fabhraí ná na lamháltais sa réim chonarthach atá ann faoi láthair. Éagfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 31 Nollaig 2010. Tá Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle fós ar an ionstraim is tábhachtaí a fhad a bhaineann leis an gcaidreamh leis an gCosaiv[8]. Cuid ríthábhachtach de théarnamh geilleagrach na Cosaive agus an réigiúin ar fad ina bhfuil sí is ea go leanfaidh sí de bheith ag fáil rochtana ar mhargadh an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanfaidh sé sin aon dochar don Aontas Eorpach.

(5) I ngeall ar na cúiseanna sin, is iomchuí bailíocht Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015.

(6) Ionas go n-áiritheofar go n-urramófar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart na fabhair atá sa Rialachán seo a bheith coinníollach ar fhadú nó ar athnuachan an tarscaoilte a ghnóthaigh an tAontas Eorpach ó oibleagáidí na hEagraíochta Trádála Domhanda.

(7) D'fhonn leasanna eacnamaíocha na n-oibreoirí a chosaint, is gá foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha i gcás earraí atá, ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, faoi bhealach nó ar stóras go sealadach i dtrádstóras custaim.

(8) [Ionas nach gcuirfear isteach ar thrádáil, is gá an Rialachán seo a bheith curtha i bhfeidhm faoi cheann an 1 Eanáir 2011, ó tharla go n-éagfaidh Rialachán (CE) 1215/2009 an 31 Nollaig 2010,]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

" Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1. Faoi réir na bhforálacha speisialta atá leagtha síos in Airteagal 3, déanfar allmhairiú táirgí de thionscnamh chríoch chustaim na Cosaive, seachas iad sin atá faoi cheannteidil 0102, 0201, 0202, 0301, 0302, 0303, 0304, 0305, 1604, 1701, 1702 agus 2204 den Ainmníocht Chomhcheangailte, déanfar a n-allmhairiú isteach san Aontas a cheadú gan aon srianta cainníochtúla ná bearta a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu agus beidh siad díolmhaithe ó dhleachta custaim agus ó mhuirir a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu.

2. Aon táirge de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cróite, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagró nó na Seirbia, leanfaidh siad de bheith ag baint tairbhe as forálacha an Rialacháin seo nuair a thugtar sin le fios. Ina theannta sin, bainfidh siad tairbhe as aon lamháltas a bhfuil foráil déanta dó sa Rialachán seo atá níos fabhraí ná an lamháltas a bhfuil foráil déanta dó faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin."

(2) In Airteagal 2, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (a):

"(a) an sainiú ar 'táirgí tionscnaimh' dá ndéantar foráil i gCuid I, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 a chomhlíonadh;"

(3) In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Is é luach a bheidh sna dleachta custaim is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí mairteola óige isteach san Aontas, faoi mar atá sainithe in Iarscríbhinn II agus atá de thionscnamh chríoch chustaim na Cosaive, ná 20 % den dleacht ad valorem agus 20 % den dleacht shonrach faoi mar atá leagtha síos sa Chomhtharaif Chustaim. Ní sháróidh sé sin taraif-chuóta bliantúil 475 tona arna shloinneadh i meáchan conablach.

Beidh ag gabháil le gach iarratas ar allmhairiú laistigh den chuóta sin deimhniú barántúlachta arna eisiúint ag údaráis inniúla na críche is onnmhaireoir á fianú go bhfuil na hearraí de thionscnamh na críche i dtrácht agus go bhfreagraíonn siad don sainiú in Iarscríbhinn II den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún an deimhniú sin a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú do mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i dtaca le táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí Talmhaíochta) [9]."

(4) In Airteagal 3, scriostar mír 3.

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

" Airteagal 4

An taraif-chuóta maidir le mairteoil óg a chur chun feidhme

"Is i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i dtaca le táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí Talmhaíochta) a chinnfidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe i dtaobh taraif-chuóta maidir le mairteoil óg a chur chun feidhme."

(6) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2015. Scoirfidh na fabhair a bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo d'fheidhm a bheith acu, ina n-iomláine nó i bpáirt, más rud é nach gceadóidh tarscaoileadh arna dheonú ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad. Beidh feidhm ag scoir den chineál sin ón lá nach mbeidh feidhm ag an tarscaoileadh a thuilleadh i leith. Tráth atá luath a dhóthain roimh an dáta sin, foilseoidh an Coimisiún fógra ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun oibreoirí agus na húdaráis inniúla a chur ar an eolas. Sonrófar san fhógra sin cé na fabhair a bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo nach bhfuil feidhm acu a thuilleadh agus an dáta óna mbeidh siad gan fheidhm.

(7) Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Aon earraí, atá, an 1 Eanáir 2011, faoi bhealach nó atá ar stóras sealadach san Aontas i dtrádstórais chustaim nó i saorlimistéir agus ar eisíodh mar is ceart cruthúnas tionscnaimh na Boisnia agus na Heirseagaivéine nó na Seirbia ina leith i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 2 de Rialachán (CEE) 2454/93[10] ón gCoimisiún ina leith roimh an dáta sin, leanfaidh siad de bheith ag baint tairbhe as Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go dtí an 1 Bealtaine 2011.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

[Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

MAIDIR LEIS NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(1)

In ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. I gcomhthéacs an Rialacháin seo, is é raon feidhme chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (Cóid AC) a chinneann an scéim fhabhrach. I gcás ina luaitear cóid CN a bhfuil 'ex' rompu, cinntear an scéim fhabhrach trí bhíthin an cód CN agus an tuairisc a fhreagraíonn dó araon a úsáid.

Uimhir an Ordaithe | Cód AC | Tuairisc | Cuóta-mhéid in aghaidh na bliana1 | Tairbhithe | Ráta dleachta |

09.1571 | 0301 91 10 | Breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine | 15 tona | críoch chustaim na Cosaive | 0% |

0301 91 90 |

0302 11 10 |

0302 11 20 |

0302 11 80 |

0303 21 10 |

0303 21 20 |

0303 21 80 |

0304 19 15 |

0304 19 17 |

ex 0304 19 18 |

ex 0304 19 91 |

0304 29 15 |

0304 29 17 |

ex 0304 29 18 |

ex 0304 99 21 |

ex 0305 10 00 |

ex 0305 30 90 |

0305 49 45 |

ex 0305 59 80 |

ex 0305 69 80 |

09.1573 | 0301 93 00 | Carbán: beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine | 20 tona | críoch chustaim na Cosaive | 0% |

0302 69 11 |

0303 79 11 |

ex 0304 19 18 |

ex 0304 19 91 |

ex 0304 29 18 ex 0304 99 21 ex 0305 10 00 ex 0505 30 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |

09.1575 | ex 0301 99 80 | Garbhánach (dentex dentex agus Pagellus spp.): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine | 45 tona | críoch chustaim na Cosaive | 0% |

0302 69 61 |

0303 79 71 |

ex 0304 19 39 |

ex 0304 19 99 |

ex 0304 29 99 |

ex 0304 99 99 |

ex 0305 10 00 |

ex 0305 30 90 |

ex 0305 49 80 |

ex 0305 59 80 |

ex 0305 69 80 |

09.1577 | ex 0301 99 80 | Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine | 30 tona | críoch chustaim na Cosaive | 0% |

0302 69 94 |

ex 0303 77 00 |

ex 0304 19 39 |

ex 0304 19 99 |

ex 0304 29 99 |

ex 0304 99 99 |

ex 0305 10 00 |

ex 0305 30 90 |

ex 0305 49 80 |

ex 0305 59 80 |

ex 0305 69 80 |

09.1515 | ex 2204 21 93 | Fíon fíonchaor úr nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, seachas fíon súilíneach | 50 000hl2 | An Albáin5, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin7, an Chróit3, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine4, Montainéagró6, an tSeirbia8 nó críoch chustaim na Cosaive | Díolúine |

ex 2204 21 94 |

ex 2204 21 95 |

ex 2204 21 96 |

ex 2204 21 97 |

ex 2204 21 98 |

ex 2204 29 93 |

ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 |

1 Aon mhéid iomlán amháin in aghaidh an tharaif-chuóta is inrochtana ag allmhairí atá de thionscnamh na dtairbhithe.

2 Laghdófar méid an taraif-chuóta iomláin sin má mhéadaítear cuóta-mhéid an taraif-chuóta aonair is infheidhme faoi ordú Uimh. 09.1588 i gcás fíonta áirithe atá de thionscnamh na Cróite.

3 An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Phoblacht na Cróite ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá taraif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an gCróit a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi Orduithe Uimh. 09.1588 agus 09.1589.

4 An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá taraif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le hIar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi Orduithe Uimh. 09.1558 agus 09.1559.

5 An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Phoblacht na hAlbáine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le Poblacht na hAlbáine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi Orduithe Uimh. 09.1512 agus 09.1513.

6 An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1514.

7An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi Orduithe Uimh. 09.1528 agus 09.1529.

8 An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi Orduithe Uimh. 09.1526 agus 09.1527.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1. AINM AN TOGRA:

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis.

2. NA LÍNTE BUISÉID

Caibidil agus Airteagal: 120

An méid arna bhuiséadú don bhliain atá i gceist (2010): EUR 14 079 700 000

3. TIONCHAR AIRGEADAIS

( Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra

X Níl aon impleacht airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach tá impleacht airgeadais aige ar ioncam – mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliún go dtí an 1ú deachúil)

Líne Buiséid | Ioncam[11] | Tréimhse 12 mhí dar tús 01/01/2011 | [Bliain n] |

Airteagal 120 | Tionchar ar acmhainní dílse | 0.3 |

An staid tar éis an ghnímh |

[n+1] | [n+2] | [n+3] | [n+4] | [n+5] |

Airteagal ... |

Airteagal ... |

4. BEARTA FRITH-CHALAOISE

I gcás go ndéanfar calaois nó nach mbeidh comhoibriú riaracháin ann chun fianaise ar thionscnamh a fhíorú nó sa chás nach gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos maidir le bheith i dteideal an tsocraithe fhabhraigh, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun an socrú a bhfuil foráil déanta dó i Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt.

5. FOCAIL EILE

Is ar bhonn tharaifí MFN (náisiún barrfhabhair) ualaithe ó thaobh trádála ag leibhéal HS2 a ríomhtar an tionchar airgeadais. Is ar bhonn fhigiúirí na bliana 2008 a rinneadh an ríomh.

Is mar ghlanmhéid a shloinntear an tionchar ar acmhainní dílse; ríomhtar an glanmhéid sin trí 25% de na costais bhailiúcháin a bhaint de mhéid comhlán.

I gcás na córa fabhraí le haghaidh torthaí agus glasraí, is ar bhonn an taraif a bheith go hiomlán díchurtha a rinneadh an ríomh. Mar sin féin, níl sa chaillteanas iarbhír ach cuid bheag de na méideanna atá luaite, ó tharla nach dtagraíonn an chóir fhabhrach ach d'eilimint shonrach den luach MFN ina iomláine.

Tábla 2: Príomhallmhairí ón gCosaiv isteach san AE de réir réime allmhairí agus an 'caillteanas' measta i dtaraif-ioncam an AE, 2008 (EUR milliún agus %)

HS2 | Allmhairí isteach san AE* | Allmhairí fabhracha | Allmhairí MFN-0 | Taraif MFN** | 'Caillteanas' i ngeall ar an taraif |

EUR milliún | EUR milliún | EUR milliún | % | EUR milliún |

Fo-iomlán | 64.2 | 8.7 | 54.8 | neamhbhainteach | 0.4 |

Allmhairí eile HS2 | 13.9 | 0.4 | 13.3 | neamhbhainteach | neamhbhainteach |

GACH TÁIRGE | 78.1 | 9.2 | 68.1 | neamhbhainteach | neamhbhainteach |

Foinsí: COMEXT agus TRAINS. Nóta: * Lúide allmhairí faoin réim 'anaithnid'. ** Ualaithe ó thaobh trádála

[1] IO L 240, 23.9.2000, lch. 1.

[2] IO L 328, 15.12.2009, lch. 1.

[3] Faoi mar atá sainithe in UNSCR 1244/99.

[4] IO L 240, 23.9.2000, lch. 1.

[5] IO L 328, 15.12.2009, lch. 1.

[6] IO L 233, 30.8.2008, lch. 6.

[7] IO L 28, 30.1.2010, lch. 2.

[8] Faoi mar atá sainithe in UNSCR 1244/99.

[9] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

[10] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

[11] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse (dleachta talmhaíochta, tobhaigh shiúcra, dleachta custaim), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 25% de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top