EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E078

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL V: AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS - Caibidil 2: Beartais maidir le seiceálacha teorann, le tearmann agus le hinimirce - Airteagal 78 (sean-Airteagail 63(1) agus (2), agus 64(2) CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 76–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_78/oj

12008E078

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL V: AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS - Caibidil 2: Beartais maidir le seiceálacha teorann, le tearmann agus le hinimirce - Airteagal 78 (sean-Airteagail 63(1) agus (2), agus 64(2) CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0076 - 0077


Airteagal 78

(sean-Airteagail 63(1) agus (2), agus 64(2) CCE)

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a thairiscint do náisiúnach aon tríú tír a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú. Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le conarthaí ábhartha eile.

2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh a bhaineann le córas Eorpach tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:

(a) stádas comhionann tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b) stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c) comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d) comhnósanna imeachta um thearmann comhionann nó stádas cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e) critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f) caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le glacadh lucht iarrtha tearmainn nó cosanta coimhdí;

(g) comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach.

3. I gcás Ballstát amháin nó níos mó a bheith i láthair staide éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha as tír isteach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

--------------------------------------------------

Top