EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) 2021/1275 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin
Cinneadh (CBES) 2021/1277 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin
Soláthraítear creat leis an gcinneadh agus leis an rialachán chun bearta sriantacha (smachtbhannaí) spriocdhírithe a fhorchur i gcoinne daoine agus eintiteas atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta sa Liobáin.
Bearta sriantacha (smachtbhannaí)
Bhallstáit an Aontais Eorpaigh
Baineann na smachtbhannaí seo freisin le comhlaigh agus le daoine aonair ar leith atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán.
* Is iad na pleananna dá dtagraítear na pleananna athchóirithe a cuireadh i láthair ag Comhdháil Eacnamaíoch 2018 don Fhorbairt trí Athchóirithe leis an Earnáil Phríobháideach, plean téarnaimh airgeadais mhí Aibreáin 2020, treochlár cuimsitheach athchóirithe i mí Mheán Fómhair 2020 agus creat athchóirithe, téarnaimh agus atógála na Liobáine Nollaig 2020.
Níor cheart cistí ná acmhainní eacnamaíocha a aistriú, go díreach nó go hindíreach, chuig daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn nó chun leasa na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.
Maolú
Is féidir leis na Ballstáit scaoileadh cistí reoite áirithe a údarú le haghaidh an méid a leanas:
Tá feidhm ag an rialachán agus ag an gcinneadh ón 03 Lúnasa 2021.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lgh. 1–11).
Corpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1275 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2021/1277 ón gComhairle (CBES) 30 Iúil 2021 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lgh. 16–23).
Féach an leagan comhdhlúite.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — 215 (301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Nuashonraithe 02.02.2023