EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Comhpháirtíochta leis an Airméin

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach agus Feabhsaithe idir AE agus Poblacht na hAirméine

Cinneadh (AE) 2018/104 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Fheabhsaithe idir AE agus an Airméin

Cinneadh (AE) 2021/270 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Fheabhsaithe idir AE agus an Airméin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí leis an gcomhaontú:

  • an chomhpháirtíocht agus comhar cuimsitheach polaitiúil agus eacnamaíoch idir na páirtithe a fheabhsú;
  • an bonn le plé polaitiúil maidir le gach réimse comhleasa a neartú;
  • cur le neartú an daonlathais agus na cobhsaíochta polaitiúla, eacnamaíche agus institiúidí san Airméin;
  • síocháin agus cobhsaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta araon a chur chun cinn, a chaomhnú agus a neartú;
  • comhar sa réimse saoirse, slándála agus ceartais a fheabhsú;
  • soghluaisteacht agus teagmháil idir dhaoine a fheabhsú;
  • tacú a thabhairt d’iarrachtaí na hAirméine a cumas eacnamaíoch a neartú trí chomhar idirnáisiúnta;
  • comhar feabhsaithe trádála a bhunú;
  • dálaí a bhunú maidir le comhar a éireoidh níos dlúithe i gcónaí i réimsí eile comhleasa.

Formheastar le Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle síniú an Aontais Eorpaigh leis an gcomhaontú. Formheastar le Cinneadh (AE) 2021/270 ón gComhairle an comhaontú féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an comhaontú mar bhonn ag AE agus an Airméin chun oibriú lena chéile chun tairbhe a saoránach. Áirítear iad seo a leanas ar na tairbhí sin:

  • 1.

    Fostaíocht a mhéadú trí bhíthin:

    • timpeallacht rialála níos fearr a sholáthar chun an timpeallacht ghnó agus deiseanna infheistíochta a fheabhsú;
    • níos mó post a chruthú in earnáil an gheilleagair ghlais.
  • 2.

    Níos mó deiseanna gnó a chruthú trí bhíthin:

    • rialachas chaidreamh AE-na hAirméine a bhunú ar chaighdeáin AE agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta chun timpeallacht ghnó níos cobhsaí agus níos intuartha a sholáthair;
    • trádáil dhéthaobhach a léirscaoileadh ina lán earnálacha;
    • deiseanna soláthair a chur fáil i ngnólachtaí AE go dtí an Airméin, agus a mhalairt.
  • 3.

    Riail níos córa a bhunú trí bhíthin:

    • córas láidir maoine intleachtúla a thabhairt isteach lena mbeidh na tairbhí céanna ar fáil d’ealaíontóirí na hAirméine agus atá ar fáil dá bpiaraí;
    • feabhas a chur ar thrédhearcacht i nósanna imeachta soláthair phoiblí;
    • feabhas a chur ar chaighdeáin saothair d’oibrithe na hAirméine amhail i gconarthaí fostaíochta agus maidir le guaiseacha ceirde.
  • 4.

    Costais a laghdú agus rogha tomhaltóirí a mhéadú trí bhíthin:

    • níos mó iomaíochta san earnáil fuinnimh a éascú;
    • fáil réidh le bacainní ar thrádáil amhail ceanglais lipéadaithe nach bhfuil riachtanach.
  • 5.

    Sábháilteacht agus slándáil a fheabhsú trí bhíthin:

    • an tslándáil núicléach san Airméin a fheabhsú;
    • sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí a mhéadú;
    • uasghrádú a dhéanamh ar an gcomhar maidir le gníomhaíochtaí coiriúla a chomhrac lena n–áirítear coireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht.
  • 6.

    Comhshaol níos glaine trí bhíthin:

    • caighdeáin AE um chomhshaol a ghlacadh;
    • foinsí glana fuinnimh a fhorbairt.
  • 7.

    Feabhas a chur ar an oideachas agus deiseanna taighde a mhéadú trí bhíthin:

    • oiliúint agus comhairle AE a sholáthar chun feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais san Airméin;
    • ligeann d’ollscoileanna na hAirméine páirt a ghlacadh i gcomhchláir thaighde le hollscoileanna Eorpacha eile faoi chlár Fhís 2020 agus sa tionscnamh EU4Innovation chomh maith.
  • 8.

    Daonlathas agus cearta an duine a neartú trí bhíthin:

    • aird an dá pháirtí a mhéadú maidir leis an tábhacht a bhaineann le saorthoghcháin, saoirse na breithiúnachta, an ceart chun triail chóir agus cearta an duine go ginearálta;
    • Ardán Sochaí Sibhialta a bhunú a bheidh comhdhéanta d’eagraíochtaí na hAirméine agus d’eagraíochtaí AE, chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus moltaí a thabhairt d’údaráis na hAirméine agus do AE.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tá an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 1 Meitheamh 2018. Tháinig sí i bhfeidhm an 01 Márta 2021.

CÚLRA

Tá an Airméin ar cheann de thairbhithe na Ionstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) lena soláthraítear formhór an mhaoinithe do na 16 thír atá clúdaithe i mBeartas Comharsanachta na hEorpa.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach agus Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lgh. 4-466)

Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, de pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lgh. 1-3)

Cinneadh (AE) 2021/270 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, de pháirt eile (IO L 61, 22.2.2021, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh agus Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 55, 16.2.2021, lch. 1)

Nuashonraithe 26.02.2021

Top