Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Nós imeachta comhairliúcháin

Faoi Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is nós imeachta reachtach speisialta é an nós imeachta comhairliúcháin, atá mar eisceacht ar an ngnáthnós imeachta reachtach in Airteagal 294. Ceanglaítear ar an gComhairle leis tuairim Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh agus i gcásanna go léirítear sna Conarthaí é, tuairimí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Choiste na Réigiún agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Níl an Chomhairle faoi cheangal sheasamh na Parlaiminte, áfach, ach tá oibleagáid uirthi dul i gcomhairle leis. In éagmais an dul i gcomhairle sin déantar an gníomh neamhdhleathach agus d’fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais é a neamhniú. Ina theannta sin agus é mar aidhm ag an gComhairle an moladh a leasú go substaintiúil, caithfidh sí dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís.

Tá an nós imeachta seo infheidhme i méid teoranta réimsí beartais, mar shampla díolúintí margaidh inmheánaigh agus dlí na hiomaíochta, chomh maith le cúrsaí airgeadais agus gnéithe maoine intleachtúla agus saincheisteanna riaracháin. Ina theannta sin úsáidtear é do ghlacadh le hionstraimí mar shampla moltaí agus tuairimí arna n-eisiúint ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

FÉACH LEIS

Haut