Scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Beidh an chéim (an ceathrú céim) reatha den ETS i bhfeidhm ó 2021 go 2030. Don tréimhse sin, leag AE sprioc nua méadaithe amach chun astaíochtaí GCT a laghdú 62% i gcomparáid le leibhéil 2005.

Tá feidhm ag an scéim maidir le:

Tá scéim nua maidir le Trádáil Astaíochtaí bunaithe chun foirgnimh, iompar ar bhóthar agus breoslaí a chumhdach le haghaidh earnálacha breise a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear ag ETS.

Lamháltais

Earnáil na heitlíochta

Córas trádála astaíochtaí ar leithligh d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus d’earnálacha breise

Chun dreasachtaí a thabhairt do laghduithe astaíochtaí in earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh – nach raibh cumhdaithe ag an ETS atá ann cheana – chomhaontaigh na comhreachtóirí ETS ar leithligh ach comhthreomhar – ar a dtugtar ETS2 – a bhunú, ó 2027 ar aghaidh, le haghaidh astaíochtaí ó bhreoslaí a dhóitear san earnáil ábhartha. Murab ionann agus ETS atá ann cheana, leis an ETS2, mar a thugtar air, cuirtear an pointe rialála go réamhtheachtach, i.e. maidir le daoine atá faoi dhliteanas dleachtanna máil a íoc ar fhuinneamh (amhail trádstórais chánach agus soláthróirí breosla) seachas ar thomhaltóirí deiridh breoslaí. Beidh ar eintitis rialáilte atá cumhdaithe ag ETS2 lamháltais a thabhairt suas dá n-astaíochtaí fíoraithe a fhreagraíonn do na cainníochtaí breoslaí atá scaoilte acu lena dtomhaltas. Cé nach dtosóidh tabhairt suas lamháltais faoi ETS2 ach in 2028 i gcás astaíochtaí 2027, cuireadh tús le monatóireacht agus tuairisciú astaíochtaí an 1 Eanáir 2025. Ní bheidh na lamháltais in ETS2 idirmhalartach le lamháltais a thrádáiltear sa ETS atá ann cheana agus ní chuirfear ar an margadh iad ach amháin trí cheantáil (gan leithdháileadh saor in aisce). Déanfar líon iomlán na lamháltas a eisítear in ETS2 a laghdú 5.10 % in aghaidh na bliana ag tús an chórais agus déanfar laghdú 5.38 % ar an líon sin ó 2028.

Sásraí cistiúcháin ísealcharbóin

Ról na mBallstát

Tá na Ballstáit freagrach as na cúraimí a leanas.

Rialacha maidir le lamháltais a chur ar ceant

Ról an Choimisiúin

Maidir leis an gCoimisiún:

Cuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí measúnú ar fheidhmiú mhargaí carbóin an AE i láthair gach bliain.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. An prionsabal teorannaithe agus trádála. Feidhmíonn EU ETS de réir an phrionsabal sin. Cuirtear teorainn le méid iomlán gás ceaptha teasa áirithe a bhfuil cead ag na monarchana, na gléasraí cumhachta agus na suiteálacha eile sa scéim iad a astú. Laghdaítear an teorainn le himeacht ama ionas go laghdófar iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis an gcóras seo is féidir lamháltais astaíochtaí a thrádáil ionas go bhfanfaidh astaíochtaí iomlána na suiteálacha agus na ngníomhairí aerárthaí laistigh den teorainn,agus is féidir na bearta is cost-éifeachtaí a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú.
  2. Sceitheadh carbóin. Tagraíonn sceitheadh carbóin don chás a d’fhéadfadh tarlú, ar chúiseanna na gcostas a bhaineann le beartais aeráide, gurbh éigean do ghnóthais táirgeadh a aistriú chuig tíortha eile ag a raibh srianta astaíochtaí níos déine. D’fhéadfadh méadú ar a gcuid astaíochtaí iomlána a bheith mar thoradh air sin. D’fhéadfadh an riosca sceitheadh carbóin a bheith níos airde i dtionscail áirithe atá dian ar fhuinneamh.
  3. An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Éilíonn an prionsabal seo ar thruaillitheoirí costas an truaillithe a chruthaíonn siad a sheasamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2003/87/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, , lgh 32–46).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Treoir (AE) 2003/87/EC a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí