Nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha

Gné cheartaitheach de nós imeachta an Aontais Eorpaigh (AE) do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch is ea an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha. Príomheilimint den chreat athchóirithe AE um rialachas eacnamaíoch is ea an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch, creat a cuireadh ar bun i ndiaidh na géarchéime airgeadais 2008.

Ceapadh an nós imeachta chun:

Má aithnítear faoin sásra foláirimh go bhfuil imní ann faoi mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha tíre áirithe, féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle moltaí coisctheacha a ghlacadh maidir leis an tír sin.

I gcásanna níos tromchúisí, féadfar an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a spreagadh. Bíonn ar an tír a fhaightear amach go bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha aici plean gníomhaíochta a chur isteach a bhfuil garspriocanna agus spriocdhátaí soiléire leagtha amach ann chun gníomh ceartaitheach a chur i bhfeidhm de réir na moltaí. Déanann an Coimisiún dlúthmhonatóireacht ar an dul chun cinn.

Má theipeann arís agus arís eile ar thír den limistéar euro na bearta comhaontaithe a chur i bhfeidhm nó más rud é nach leor a plean gníomhaíochta ceartaitheach, féadfaidh an Chomhairle smachtbhannaí de 0.1 % nó níos lú d’olltáirgeacht intíre na tíre sin a fhorchur.

FÉACH FOSTA