An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS)

Is cuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) é an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), córas a bhfuil mar chuspóir aige a áirithiú go ndéantar maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE). Cuireadh ar bun é tar éis moladh a fháil ó Ghrúpa Ardleibhéil, grúpa a rinne scrúdú, tar éis na géarchéime airgeadais 2008, ar an chaoi a bhféadfaí socruithe maoirseachta an AE a neartú, rud a chosnódh saoránaigh AE níos fearr agus a n-athbhunódh muinín na ndaoine sa chóras airgeadais.

Bhain an Grúpa Ardleibhéil de thátal as gur cheart go ndéanfaí maoirseacht ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláin le socruithe maoirseachta, agus go ndíreofaí ar ghnólachtaí aonair (m.sh. bainc agus cuideachtaí árachais) san am céanna.

Is éard is BERS ann comhlacht neamhspleách AE atá freagrach as maoirseacht mhacrastuamachta a dhéanamh ar an chóras airgeadais laistigh den AE. An misean atá aige ná cuidiú le rioscaí sistéamacha do chobhsaíocht airgeadais an AE, a eascraíonn as forbairtí sa chóras airgeadais, a chosc nó a mhaolú.

Chuaigh BERS i mbun oibre i mí na Nollag 2010. Tá sé bunaithe i Frankfurt am Main agus cuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a Rúnaíocht ar fáil.

FÉACH FOSTA