Bunaítear leis rialacha aonfhoirmeacha le Rialachán (AE) 2023/1114 criptea-shócmhainní nach bhfuil á rialú go dtí seo faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus le haghaidh soláthraithe seirbhísí i ndáil le criptea–shócmhainní den sórt sin (soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní).
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis na rialacha:
ceanglais maidir le trédhearcacht agus nochtadh maidir le heisiúint, tairiscint don phobal agus criptea–shócmhainní a ligean isteach ar ardán trádála;
údarú soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn–tagartha agus comharthaí ríomh–airgid agus maoirseacht a dhéanamh orthu;
oibriú, eagrú agus rialachas na n–eisitheoirí agus na soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní;
cosaint do shealbhóirí criptea–shócmhainní agus do chliaint soláthraithe seirbhíse;
bearta chun déileáil chos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chosc.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán maidir le criptea–shócmhainní a eisiúint, a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála, agus maidir le soláthar seirbhísí i ndáil le criptea–shócmhainní.
Idirdhealaítear leis na cineálacha sócmhainní seo a leanas:
comharthaí ríomh–airgid (criptea–shocmhainní a gcobhsaítear a luach i ndáil le hairgeadra oifigiúil aonair);
comharthaí sócmhainn–tagartha (criptea–shócmhainní a gcobhsaítear a luach i ndáil le sócmhainní eile nó le bascaed sócmhainní);
criptea–shócmhainní seachas comharthaí sócmhainn–tagartha nó comharthaí ríomh–airgid.
Táirgeoirí1 nó daoine atá ag iarraidh go ligfí criptea–shócmhainní seachas comharthaí socmhainn–tagartha nó comharthaí ríomh-airgid isteach lena dtrádáil, ní mór dóibh:
Páipéar Bán criptea–shócmhainní agus teachtaireacht mhargaíochta ar bith a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;
gníomhú go macánta, go cóir agus go gairmiúil;
cumarsáid a dhéanamh le sealbhóirí sócmhainní iarbhír agus ionchasacha ar bhealach atá cóir, soiléir agus nach bhfuil míthreorach;
coinbhleachtaí leasa ar bith a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh;
bheith faoi dhliteanas i leith damáistí as faisnéis mhícheart sa Pháipéar Bán;
ceart chun tarraingt siar a sholáthar do shealbhóirí criptea–shócmhainní.
Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn–tagartha a thairgeann don phobal iad nó a iarrann go ligfí isteach chun a dtrádála iad ar ardán trádála le haghaidh criptea–shócmhainní, ní mór dóibh:
bheith ina nduine dlítheanach nó ina ngnóthas áirithe atá bunaithe san Aontas Eorpach;
bheith ina n–institiúid creidmheasa a sholáthraíonn Páipéar Bán ar chriptea–shócmhainní arna fhaomhadh ag an údarás náisiúnta inniúil;
a gcomharthaí sócmhainn–tagartha a fhuascailt tráth ar bith arna iarraidh sin ag na sealbhóirí ar luach margaidh na sócmhainní tagartha nó trí na sócmhainní tagartha a sheachadadh;
Páipéar Bán ar chriptea–shócmhainní agus teachtaireacht mhargaíochta ar bith a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus bheith faoi dhliteanas i leith damáistí as faisnéis mhícheart sa Pháipéar Bán;
gníomhú go macánta, go cóir agus go gairmiúil;
cumarsáid a dhéanamh le sealbhóirí iarbhír agus ionchasacha na gcomharthaí ar bhealach atá cóir, soiléir agus nach bhfuil míthreorach;
gníomhú ar mhaithe le leas shealbhóirí gcomharthaí agus caitheamh leo go cothrom;
nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha a leagan síos agus a choimeád chun gearáin a láimhseáil go pras, go cóir agus go comhsheasmhach;
coinbhleachtaí leasa ar bith a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh;
cúlsócmhainní a choimeád i gcónaí ina gcumhdófar na dliteanais i leith shealbhóirí na gcomharthaí, agus cistí dílse a bheith acu atá comhionann ar a laghad leis na cistí is airde díobh seo a leanas:
€350,000,
2% de mheánsuim na gcúlsócmhainní,
ceathrú d’fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin;
pleananna téarnaimh agus fuascailte a bhunú lena n–úsáid mura bhfuil siad ábalta a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
Maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh–airgid a thairgeann don phobal iad nó a iarrann go ligfí isteach chun a dtrádála iad ar ardán trádála le haghaidh criptea–shócmhainní, ní mór dóibh:
bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh–airgid;
Páipéar Bán ar chriptea–shócmhainní agus teachtaireacht mhargaíochta ar bith a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus bheith faoi dhliteanas i leith damáistí as faisnéis mhícheart sa Pháipéar Bán;
cloí le rialacha eisiúna, infhuascailteachta agus margaíochta;
na comharthaí a eisiúint ar pharluach nuair a gheofar na cistí;
ar iarraidh sin ag an sealbhóir na comharthaí a fhuascailt tráth ar bith agus ar a bparluach;
na cistí a fhaigheann siad a infheistiú i sócmhainní slána a mbaineann riosca íseal leo san airgeadra céanna agus iad a thaisceadh i gcuntas ar leith in institiúid creidmheasa;
pleananna téarnaimh agus fuascailte a bhunú lena n–úsáid mura bhfuil siad ábalta a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
Déanann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) comharthaí sócmhainn–thagartha agus comharthaí ríomh–airgid a aicmiú mar a bheith “suntasach” má chomhlíontar critéir áirithe, amhail nuair a théann a sealbhóirí, luach nó idirbhearta os cionn leibhéil áirithe. I gcásanna den sórt sin, beidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn–tagartha agus comharthaí ríomh–airgid dá leithéid faoi réir ceanglais bhreise agus glacann an ÚBE an ról maoirseachta chuige féin.
Maidir le soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní ní mór dóibh:
bheith ina nduine dlítheanach nó ina ngnóthas áirithe atá údaraithe ag a údarás náisiúnta mar sholáthraí seirbhíse criptea–shócmhainní, ag a bhfuil oifig chláraithe i mBallstát ina ndéanann siad cuid ar a laghad dá seirbhísí, bainistiú éifeachtach agus bheith ar cheann amháin ar a laghad de na stiúrthóirí san Aontas; nó
faoi choinníollacha áirithe, bheith ina n–institiúid creidmheasa, taisclann lárnach urrús, oibreoir margaidh gnólachta infheistíochta, institiúid ríomh–airgid, cuideachta bainistíochta na ngnóthas le haghaidh na comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó ciste infheistíochta malartach.
Leis na hoibleagáidí le haghaidh gach soláthraí criptea–shócmhainní ceanglaítear an méid seo a leanas orthu:
gníomhú go macánta, go cóir agus go gairmiúil ar mhaithe lena gcliaint iarbhír agus ionchasacha;
faisnéis atá cóir, soiléir agus nach bhfuil míthreorach a chur ar fáil do chliaint;
gan cliaint a chur amú d’aon ghnó nó go faillíoch maidir leis na buntáistí a bhaineann le criptea–shócmhainní a nochtadh, agus rabhadh a thabhairt dóibh maidir leis na rioscaí atá i gceist;
a bpraghsanna, costais, beartais táillí, agus tionchar aeráide agus comhshaoil gach criptea–sócmhainne a chur ar fáil go follasach ar a suíomh gréasáin;
cosaintí stuamachta a bheith i bhfeidhm acu atá cothrom ar a laghad leis an méid seo a leanas:
na híoscheanglais bhuana chaipitil in Iarscríbhinn IV, nó
ceathrú cuid d’fhorhcostais sheasta na bliana roimhe sin;
a áirithiú go bhfuil dea–cháil ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus go bhfuil an t–eolas, an taithí, na scileanna agus an t–am acu lena gcuid dualgas a chomhlíonadh go héifeachtach;
beartais agus nósanna imeachta a chur chun feidhme chun sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó cionta eile a chosc;
criptea–shócmhainní agus cistí cliant a choinneáil scartha ó shócmhainní eile agus gan iad a úsáid ar a gcuntas féin;
nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha a leagan síos agus a choimeád chun gearáin ó chliaint a láimhseáil go pras, go cóir agus go comhsheasmhach;
beartas éifeachtach a choimeád agus a fheidhmiú chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh;
gach beart réasúnach a ghlacadh chun aon riosca a sheachaint agus gníomhaíochtaí á seachfhoinsiú;
plean a cheapadh le haghaidh chlabhsúr ordúil a ngníomhaíochtaí más gá.
Cumhdaítear an méid seo a leanas le rialacha sonracha:
táthcheangail eisitheoirí comharthaí sócmhainn–tagartha agus soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní;
bearta chun drochúsáid mhargaidh a chosc agus a thoirmeasc, amhail déileáil chos istigh agus drochúsáid faisnéise chos istigh;
criptea–shócmhainní atá cumhdaithe faoi ghníomhartha eile seirbhísí airgeadais AE (e.g. na cinn a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais, pinsin nó táirgí árachais);
soláthraithe seirbhísí criptea–shócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí nó dá bhfochuideachtaí, dá leachtaitheoirí agus dá riarthóirí in imeachtaí dócmhainneachta;
na forbairtí is déanaí ar chriptea–shócmhainní (i ndiaidh 18 mí);
measúnú eatramhach ar an rialachán (i ndiaidh 24 mí);
cur i bhfeidhm an rialacháin (i ndiaidh 48 mí).
Tá an chumhacht ag an gCoimisiún freisin gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.
Cuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, i gcomhar le ÚBE, tuarascáil atá ar fáil go poiblí faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle, 12 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus gach bliain ina dhiaidh sin, maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus forbairtí i margaí criptea–shócmhainní.
Pointe rochtana aonair Eorpach
Déantar airteagal nua i Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 2023/2869 a ionchorprú i Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 2023/1114 maidir le rochtain aonair ar an bpointe rochtana aonair Eorpach, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 — féach an achoimre. Soláthrófar leis an bpointe rochtana aonair Eorpach rochtain ar fhaisnéis phoiblí airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta faoi chuideachtaí AE agus faoi tháirgí infheistíochta AE. Ón , agus an doiciméad um fhaisnéis bhunriachtanach á chur ar fáil ag an bpobal faoi Rialachán (AE) Uimh. 2023/1114, ceanglaítear leis an ngníomh leasaitheach ar an monaróir córas faireacháin an fhaisnéis sin a chur isteach ag an am céanna chuig an gcomhlacht bailiúcháin ábhartha chun go mbeifear ábalta í a rochtain ar an CFG. Leagtar amach leis an rialachán leasaitheach chomh maith na coinníollacha nach mór don fhaisnéis a chomhlíonadh.
Leasaítear an méid seo a leanas le Rialachán (AE) 2023/1114:
Beidh feidhm aige ón . Beidh feidhm ag rialacha maidir le comharthaí sócmhainn–tagartha (Teideal III) agus comharthaí ríomh–airgid (Teideal IV) ón , áfach.
CÚLRA
Tá an reachtaíocht ceaptha chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’eisitheoirí agus do sholáthraithe criptea–shócmhainní. Tá sé mar aidhm leis nuálaíocht a spreagadh agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun agus infheisteoirí a chosaint ar rioscaí.
Tá sé sin ina chuid den phacáiste airgeadais dhigitigh arna ghlacadh ag an gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020. Neartaítear leis sin rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le sciúradh airgid a chomhrac agus maidir le maoiniú airgeadais a chomhrac, lena n–áirítear rialacha maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe airgid.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Táirgeoir. Duine nádúrtha nó dlítheanach, nó gnóthas eile, nó an t–eisitheoir, a thairgeann criptea–shócmhainní don phobal.
Duine dlítheanach. Duine aonair, cuideachta nó eintiteas dlítheanach ar bith eile ag a bhfuil cearta agus oibleagáidí dlíthiúla.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, , lgh. 40–205).
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/114 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, ).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas (COM(2020) 591 final, ).
Treoir (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, , lgh. 1–63).
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, , lgh. 17–56).
Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lean n–aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, , lgh. 12–82).
Rialachán (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (athmhúnlú) (OJ L 354, , lgh. 37–85).
Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, , lgh. 35–127).
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, , lgh. 349–496).
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, , lgh. 338–436).
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, , lgh. 12–47).
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, , lgh. 84–119).
Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuama a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, , lgh. 7–17).
Rialachán (AE) 2009/138/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (OJ L 335, , lgh. 1–155).
Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhchuibhiú na gceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a nglacfar lena n–urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, , lgh. 38–57).