Buanchomhar struchtúrtha maidir le cosaint agus slándáil (PESCO)

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2017/2315 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach

Cinneadh (CBES) 2018/340 lena bunaítear liosta na dtionscadal a fhorbrófar faoi PESCO

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ballstáit Rannpháirteacha

Ar an iomlán, roghnaigh 26 de na 27 mBallstát a bheith páirteach in PESCO: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

Cuspóirí

Oibríonn na Ballstáit rannpháirteacha le chéile chun tionscadail a fhorbairt, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cé gur ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht, is faoi chúram na mBallstát aonair atá sé cinntí a dhéanamh agus cuirtear saintréith a mbeartas slándála agus cosanta san áireamh.

Comhaontaíonn na Ballstáit rannpháirteacha comhoibriú chun cuspóirí formheasta a bhaint amach maidir le slándáil agus cosaint, agus geallann siad go dtabharfaidh siad gealltanais chomhchoiteanna níos ceangailtí sna cúig réimse seo a leanas, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Phrótacal 10 le CAE.

Ní mór do na Ballstáit pleananna náisiúnta cur chun feidhme a thíolacadh ina leagfar amach a gcumais agus a dtoilteanas na gealltanais a chomhlíonadh.

I mí an Mhárta 2018, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh moladh maidir le treochlár cur chun feidhme PESCO, lena gcuirfí stiúradh straitéiseach agus treoir ar fáil do na Ballstáit. Leagtar amach amlíne ann chomh maith chun teacht ar chomhaontú ar thionscadail fhéideartha amach anseo, agus na príomhphrionsabail maidir le tionscadal a ghlacfaidh an Chomhairle faoi dheireadh mí an Mheithimh 2018.

Leasuithe ar Chinneadh (CBES) 2018/340

Leasaíodh Cinneadh (CBES) 2018/340 cúig huaire.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, , lgh. 57–77).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2017/2315. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an lena mbunaítear liosta na dtionscadal a fhorbrófar faoi PESCO (IO L 65, , lch. 24–27).

Féach an leagan comhdhlúite.

nuashonrú is deireanaí