Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC)

Tá comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) an Aontais Eorpaigh (AE) ina chuid dhílis de chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh. Áirítear le CBSC comhbheartas cosanta AE a chur le chéile de réir a chéile, a fhéachann lena chur ar chumas AE a chumais mhíleata a fheabhsú agus misin a imlonnú lasmuigh den Aontas Eorpach ar mhaithe leis an tsíocháin a choimeád, le coinbhleachtaí a chosc agus le slándáil idirnáisiúnta a neartú, de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Beidh meas ag CBSC ar oibleagáidí Ballstát áirithe, a chuireann a gcuid comhchosanta i ngníomh in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). Clúdaítear é in Airteagail 42-46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Glacann Comhairle AE d’aon toil le cinntí a bhaineann leis an CBSC. Tá ann d’eisceachtaí áirithe, áfach, mar shampla nuair ghlacann an Chomhairle le cinntí áirithe lena gcuirtear cinneadh AE i bhfeidhm nó le haghaidh cinntí áirithe a bhaineann leis an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus le buanchomhar struchtúrtha (PESCO), nuair a ghlactar cinntí trí vótáil tromlaigh cháilithe.

Tá Ard-Ionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála freagrach as cinntí CBSC a mholadh agus a chur i bhfeidhm.

FÉACH FOSTA

Top