Bunaíodh clár de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) leis arb é an cuspóir a bhí leis tacaíocht a chur ar fáil d’athchóirithe struchtúracha institiúideacha, riaracháin agus fáschothaitheacha i mBallstáit an AE.
Rialachán leasaitheach (AE) 2018/1671 a chuir síneadh le scóip an chláir agus a mhéadaigh an leithdháileadh airgeadais a bhí aige.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóir
Féachtar sa chlár tacaíochta um athchóiriú struchtúrach (CTAS) lena chuspóirí a bhaint amach trí thacaíocht a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta maidir le hinstitiúidí, rialachas, an riarachán poiblí agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta a athchóiriú agus a neartú. Tá sé mar aidhm leis an CTAS feabhas a chur ar an méid seo a leanas:
Is féidir an tacaíocht d’athchóirithe fáschothaitheacha a chur ar fáil arna iarraidh sin do na Ballstáit i raon leathan réimsí beartais, mar a shonraítear thíos.
Rialachas agus riarachán poiblí. Tacú le hathchóiriú institiúideach agus feidhmiú an riaracháin phoiblí atá dírithe ar sheirbhísí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:
smacht reachta éifeachtach agus athchóiriú an chórais cheartais a chur chun cinn;
Ioncam cánach agus bainistíocht airgeadais phoiblí. Córais ioncaim agus riaracháin cánach a nuachóiriú, imghabháil cánach a chomhrac, etc.
Fás agus an timpeallacht an ghnó. feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta, beartais um fhuinneamh agus um ghníomhú ar son na haeráide, an t–aontas fuinnimh a chur chun cinn, feabhas a chur ar bhainistiú sócmhainní poiblí, na trádála agus na hinfheistíochta dírí eachtraí, etc.
An margadh saothair, seirbhísí sláinte agus sóisialta. Tacú le hoideachas, oiliúint, córais cúraim sláinte, beartais maidir leis an margadh saothair lena n-áirítear idirphlé sóisialta, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, etc.
An earnáil airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú. gníomhaíochtaí a bhaineann le haontas na margaí caipitil, lena gcuirtear chun cinn an litearthacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais, etc.
Le Rialachán Leasaitheach (AE) 2018/1671 tháinig méadú €80 milliún ar an imchlúdach airgeadais a tiomnaíodh don chlár, arb ionann é agus €222.8 milliún san iomlán.
Saintréithe CTAS
Curtha chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i rialachán airgeadais an Aontais (Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 — féach achoimre).
Spreagann an Coimisiún agus na Ballstáit is tairbhithe, laistigh dá bhfreagrachtaí faoi seach, sineirgí agus cinntíonn siad comhordú éifeachtach idir an CTAS agus cláir agus ionstraimí maoinithe AE eile.
Déanann an Coimisiún monatóireacht ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá maoinithe faoin gclár agus tomhaiseann sé an dul chun cinn ag baint úsáid as na táscairí atá leagtha amach i rialachán CTAS.
Clár comharba: Ionstraim Tacaíochta Teicniúla
Le hIonstraim Tacaíochta Teicniúla an Aontais, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/240 (féach achoimre), cuirtear le taithí SRSP agus mairfidh sí ó 2021 go 2027.
Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bunú an chláir tacaíochta um athchóiriú struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, , lgh 1-16).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (IO L 57, , lgh. 1-16).
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, , lgh. 1-222).
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, , lgh. 320–469).
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, , lgh. 487–548).