An Bhruiséil,3.12.2025

COM(2025) 735 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

ar fheidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa in 2024

{SWD(2025) 388 final}


Clár na nÁbhar

1.    Réamhrá    

2.    Staid na himeartha maidir le CTA AE    

2.1.    Raon feidhme agus cumhdach    

2.2.    CTA2 - an córas nua trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise    

2.3.    Ciste Aeráide Sóisialta    

2.3.1.    Pleananna aeráide sóisialta    

3.    Caidhp ar astaíochtaí    

4.    Lamháltais a chur ar ceant    

4.1.    Ceantáil agus cealú lamháltas mar gheall ar leathnú raon feidhme muirí CTA AE    

4.2.    Solúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill    

4.3.    Lamháltais a chur ar ceal ar bhonn deonach    

5.    Leithdháileadh saor in aisce lamháltas    

5.1.    Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha    

6.    Margadh carbóin an Aontais    

6.1.    Soláthar agus éileamh a chothromú    

6.2.    Formhaoirseacht margaidh    

7.    Treochtaí astaíochta    

7.1.    Astaíochtaí ó dhóchán breoslaí iontaise i suiteálacha    

8.    Ioncam ó CTA AE    

8.1.    Cabhair le haghaidh costais indíreacha    

8.2.    An Ciste don Nuálaíocht le haghaidh CTA    

8.3.    Ciste don Nuachóiriú CTA    

8.4.    Ciste Dícharbónaithe CTA don Ghréig    

9.    Eitlíocht    

10.    Iompar muirí    

11.    Creat cur chun feidhme CTA AE    

11.1.    Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí    

11.1.1.    Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola cathrach    

11.1.2.    Faireachán agus tuairisciú ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2    

11.2.    Fíorú agus creidiúnú    

11.3.    Doiciméid threoracha    

11.4.    Údaráis inniúla náisiúnta    

11.5.    Comhlíontacht le CTA AE    

11.6.    Creat cur chun feidhme don mhuiriompar    

11.6.1.    Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí    

11.6.2.    Fíorú agus creidiúnú    

11.6.3.    Údaráis riaracháin    

11.6.4.    Comhlíontacht le CTA AE le haghaidh muiriompair    

11.6.5.    CTA2 a chur chun feidhme    

12.    CTA AE i gcomhthéacs rialachas aeráide agus fuinnimh an Aontais    

13.    Nasc idir CTA AE agus ETS na hEilvéise    

14.    Achoimre    



1.Réamhrá 

Is bunchloch de bheartas aeráide an Aontais é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE), atá deartha chun astaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach. I gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, cuireann sé uasteorainn agus praghas ar astaíochtaí ó earnálacha an fhuinnimh, an tionscail agus an mhuiriompair agus ó chuid d’earnáil na heitlíochta san Eoraip. Is astaíochtaí a chumhdaítear le CTA AE thart ar 40 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais.

Áirithítear leis an gcaidhp go dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí le himeacht ama, agus go dtugann praghas an charbóin, arna chinneadh ag
an margadh, dreasacht do chuideachtaí réitigh a úsáid agus infheistíochtaí a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú sna háiteanna is lú a gcosnaíonn sé é sin a dhéanamh agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Is é an praghas carbóin freisin a chinneann an
tioncam a ghineann CTA AE.

Ó seoladh é in 2005, chuidigh CTA AE le hastaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa agus ón táirgeadh tionsclaíoch a laghdú 50 % 1 agus tá sé ar an mbóthar ceart chun a sprioc le haghaidh 2030 maidir le laghdú 62 % a bhaint amach (i gcomparáid le 2005). Go dtí seo, ghin an córas thart ar EUR 248 billiún in ioncam ceantála, arna dháileadh go príomha ar bhuiséid náisiúnta lena núsáid le haghaidh gníomhú ar son na haeráide agus claochlú fuinnimh.

Déantar breithniú sa tuarascáil seo ar fheidhmiú CTA AE in 2024, agus forbairtí ábhartha sa chéad leath de 2025 á gcur san áireamh freisin. Tugtar forléargas nuashonraithe ann ar phríomhghnéithe de chreat an chórais agus cuirtear i dtábhacht forbairtí bliantúla.

Níos tábhachtaí fós, meabhraítear sa tuarascáil treochtaí CTA AE maidir le hastaíochtaí agus ioncam ceantála. In 2024, lean astaíochtaí ó shuiteálacha cumhachta agus tionscail faoi CTA AE de bheith ag laghdú, agus thit siad 5,8 % ó leibhéil 2023. San eitlíocht, tháinig méadú 15 % ar astaíochtaí laistigh den Eoraip i gcomparáid le 2023, mar gheall i bpáirt ar leathnú an raoin feidhme gheografaigh (eitiltí nach eitiltí intíre iad a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí a athchuimsiú). An tráth céanna, ba é 2024 an chéad bhliain a áiríodh astaíochtaí ó mhuiriompar faoi CTA AE.

Ba é an tioncam iomlán a gineadh le CTA AE in 2024 EUR 38,8 billiún. Chuaigh sé sin go príomha chuig buiséid na mBallstát, ach freisin chuig na Cistí don Nuálaíocht agus don Nuachóiriú agus chuig buiséad na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh phlean REPowerEU 2 . Tugtar tuairisc sa tuarascáil ar an gcaoi ar bhain na Ballstáit úsáid as a nioncam CTA in 2024 agus déantar achoimre inti ar fhorbairtí faoi na Cistí don Nuálaíocht agus don Nuachóiriú.

Leagtar amach sa tuarascáil na coigeartuithe ar chaidhp CTA AE a thiocfaidh i bhfeidhm in 2026 mar gheall ar an athbhunú atá beartaithe, leathnú an raoin feidhme chun astaíochtaí níos mó gás ceaptha teasa (GCT) le haghaidh muiriompair a chumhdach agus liosta nuashonraithe d’astaírí beaga a eisiatar ón gcóras.

Glactar an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagail 10(5) agus 21(2) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (Treoir 2003/87/CE) 3 . Bunaítear í den chuid is mó ar shonraí ó Chlárlann an Aontais agus ar thuairisciú náisiúnta. Tá doiciméad inmheánach oibre (Faisnéis theicniúil) ag gabháil leis an tuarascáil. Dréachtaíodh an tuarascáil roimh an gcruinniú a bhí ag Comhairle an Aontais Eorpaigh (Comhshaol) an 4-5 Samhain 2025.

2.Staid na himeartha maidir le CTA AE

Raon feidhme agus cumhdach

Tá feidhm ag CTA AE i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua, agus maidir le gléasraí giniúna leictreachais i dTuaisceart Éireann 4 . Ó bhí Eanáir 2020 ann, tá CTA AE nasctha freisin le córas trádála astaíochtaí na hEilvéise (CTA na hEilvéise).

Ó 2024 ar aghaidh, cumhdaítear le raon feidhme earnála CTA AE astaíochtaí GCT ó níos mó ná 12 000 eintiteas ó na nithe seo a leanas:

·gléasraí giniúna leictreachais agus teasa agus suiteálacha monaraíochta san Eoraip;

·oibreoirí aerárthaí a eitlíonn idir aerfoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus ó LEE go dtí an Eilvéis agus go dtí an Ríocht Aontaithe;

·muiriompar a dhéantar idir dhá chalafort LEE agus nuair atá longa i gcalafoirt LEE, chomh maith le leath na nastaíochtaí ó mhuiraistir chuig calafoirt LEE nó uathu a thosaíonn nó a chríochnaíonn lasmuigh de LEE.

Sa bhreis ar astaíochtaí CO2, cumhdaítear le CTA AE astaíochtaí GCT eile ó ghléasraí giniúna leictreachais agus teasa agus ó shuiteálacha monaraíochta. Cuimsítear leo sin na nithe seo a leanas:

·N2O (ocsaíd nítriúil) ó aigéid nítreacha, aidipeacha agus ghliocsalacha agus ó tháirgeadh gliocsail;

·PFCanna (sárfhluaracarbóin) ó tháirgeadh alúmanaim phríomhúil.

Cumhdaítear astaíochtaí CH4 (meatán) agus N2O (ocsaíd nítriúil) ó ghníomhaíochtaí muiriompair ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh.

In 2024, thuairiscigh 23 thír ceadanna le haghaidh ghníomhaíochtaí CTA lenar scaoileadh astaíochtaí seachas CO2. Dhearbhaigh ceithre thír gur chuir siad gníomhaíochtaí gabhála agus stórála carbóin san áireamh i gceadanna suiteála 5 .

Ó bhí 2024 ann, déanann suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh faireachán agus tuairisciú ar a nastaíochtaí faoi CTA AE. Ní cheanglaítear orthu, áfach, lamháltais le haghaidh a nastaíochtaí a thabhairt suas. Idir an dá linn, tá astaíochtaí ó chóireáil dramhaíola faoi réir spriocanna náisiúnta laghdaithe faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (Rialachán 2018/842) 6 .

Is féidir faisnéis faoi shuiteálacha, oibreoirí aerárthaí agus cuideachtaí loingseoireachta, chomh maith le GCTanna a tuairiscíodh i raon feidhme CTA AE (mar a bhí sé in 2024) a fháil i Roinn 1 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

CTA2 - an córas nua trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise

Mar chuid d’athbhreithniú 2023 ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, cruthaíodh córas trádála astaíochtaí nua (CTA2) chun astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla i bhfoirgnimh, in iompar de bhóthar agus in earnálacha breise a chumhdach (tionscal beag den chuid is mó nach gcumhdaítear le CTA AE atá ann cheana).

Is rud ar leithligh ón CTA AE atá ann cheana é CTA2. Cé gur córais ‘teorannaithe agus trádála’ iad araon, cumhdaítear le CTA2 astaíochtaí réamhtheachtacha. Ciallaíonn sé sin go gceanglaítear ar sholáthróirí breosla (eintitis rialáilte) faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do dhóchán na mbreoslaí a scaoileann siad lena dtomhailt sna hearnálacha a thagann faoi raon feidhme CTA2, agus na lamháltais a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí a cheannach agus a thabhairt suas. Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, ceanglaítear ar na heintitis rialáilte a thagann faoi CTA2 cead astaíochtaí GCT agus plean faireacháin formheasta a bheith acu chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a n‑astaíochtaí bliantúla.

Beidh sé éigeantach astaíochtaí fíoraithe a thuairisciú go bliantúil ó 2025 ar aghaidh, agus tá tuarascálacha le cur isteach faoin 30 Aibreán an bhliain dar gcionn, mar sin tá astaíochtaí le haghaidh 2025 le tuairisciú in 2026. Beidh ar eintitis rialáilte an líon lamháltas a chomhfhreagraíonn dá n‑astaíochtaí a thabhairt suas faoin 31 Bealtaine i mbliain an tuairiscithe. Féadfar an oibleagáid sin a chur siar go ceann bliana i gcás praghsanna gáis nó ola thar a bheith ard sa chéad leath de 2026. Féach Caibidil 11 le haghaidh chreat cur chun feidhme CTA2 agus doiciméid tacaíochta.

I mí na Nollag 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh CTA2 in 2027. Tá an caidhp sin socraithe ag 1 036 288 784 lamháltas le haghaidh 2027, i gcomhair AE-27 agus na trí stát LEE-CSTE. Ríomhadh caidhp CTA2 le haghaidh 2027 bunaithe ar mheánastaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla i ngníomhaíochtaí CTA2 ó 2016 go 2018. I gcomhréir leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, laghdaítear an meán sin suas go dtí an bhliain 2027 tríd an méid seo a leanas: (i) go dtí 2024, conair laghdaithe línigh atá comhsheasmhach leis an gconair le haghaidh na n‑astaíochtaí uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill agus (ii) le haghaidh na mblianta 2025-2027, fachtóir laghdaithe línigh bliantúil 5,1 %.

Cinnfear an chaidhp CTA2 is infheidhme ó 2028 faoi mhí an Mheithimh 2027, bunaithe ar na meán‑astaíochtaí CO2 arna dtuairisciú ag eintitis rialáilte CTA2 le haghaidh na mblianta 2024 go 2026. Is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh astaíochtaí CO2 ó ghníomhaíochtaí nach n‑áirítear i raon feidhme na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí a áireamh go haontaobhach in CTA2, faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh. Go dtí seo, d’fhormheas an Coimisiún an rogha a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí breise ag an Ostair, ag an bhFionlainn, ag an Ísiltír agus ag an tSualainn. Leasófar caidhp CTA2 le haghaidh 2027 chun na hastaíochtaí breise ó roghanna náisiúnta a bheith páirteach a léiriú.

Comhlánaíonn CTA2 spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Ní mór do na Ballstáit beartais chomhlántacha a chur chun feidhme in earnálacha CTA2, ní hamháin chun a spriocanna a bhaint amach, ach chun praghsanna CTA2 a choinneáil faoi smacht freisin. I mí Mheán Fómhair 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún forléargas ar bheartais agus ar bhearta éifeachtacha a d’fhéadfadh cuidiú chun astaíochtaí a laghdú in earnálacha an iompair de bhóthar agus na tógála 7 .

Ciste Aeráide Sóisialta

Cruthaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta in éineacht le CTA2 chun cistiú a chur ar fáil do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a áireamh sa chóras nua agus chun tacú leis na grúpaí is leochailí, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó iompair.

Cuirfidh an Ciste EUR 65 bhilliún (i bpraghsanna reatha) ar fáil thar an tréimhse 2026-2032, arna mhaoiniú trí ioncam sannta seachtrach a ghintear go príomha ó lamháltais CTA2 a chur ar ceant agus ó 50 milliún lamháltas a chur ar ceant ó CTA AE atá ann cheana (a tosaíodh cheana in 2025). Bunaíodh leithdháileadh airgeadais gach Ballstáit den Chiste bunaithe ar astaíochtaí, próifíl daonra agus bochtaineacht fuinnimh agus iompair agus táscairí rathúnais coibhneasta. Ba cheart do na Ballstáit Pleananna Aeráide Sóisialta náisiúnta a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin acu lena bhformheas faoin 30 Meitheamh 2025, ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a n‑acmhainní SCF a chaitheamh. Lena n‑áirítear an rannchuidiú éigeantach 25 % ó na Ballstáit lena bpleananna, ba cheart don Chiste Aeráide Sóisialta EUR 86,7 billiún ar a laghad a shlógadh.

Pleananna aeráide sóisialta

Ba cheart a áireamh sna pleananna aeráide sóisialta anailís ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha, chomh maith le bearta struchtúracha agus infheistíochtaí chun na héifeachtaí sin a mhaolú, lena ndíreofar ar na grúpaí leochaileacha sainaitheanta. D’fhéadfaí a chumhdach leis na bearta agus na hinfheistíochtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú foirgneamh, téamh agus fuarú glan a fhorbairt agus fuinneamh in‑athnuaite a chomhtháthú, chomh maith le réitigh soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, réitigh soghluaisteachta astaíochtaí ísle a chur in úsáid, lena n‑áirítear iompar poiblí.

Ní mór do gach beart agus infheistíocht an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH) a urramú maidir leis na sé chuspóir comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (Rialachán 2020/852). Tá sé de rogha ag na Ballstáit freisin cuid theoranta dá leithdháileadh Ciste Aeráide Shóisialta a chaitheamh ar thacaíocht ioncaim shealadach. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit comhleanúnachas beartais lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) a áirithiú, agus féadfar bearta tionlacain a áireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta chun comhleanúnachas a threisiú agus dreasachtaí le haghaidh roghanna malartacha glana a neartú.

Cheana féin in 2023, bhunaigh an Coimisiún sainghrúpa tiomnaithe le hionadaithe na mBallstát chun dea-chleachtas a phlé agus a mhalartú, grúpa a thagann le chéile ar bhonn tráthrialta. Tá roinnt nótaí téamacha agus treoirdhoiciméid foilsithe ag an gCoimisiún freisin. Foilsíodh dhá nóta maidir le dea-chleachtas le haghaidh bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha agus comhairliúcháin phoiblí iomchuí i mí an Mheithimh 2024. I mí an Mhárta 2025, foilsíodh dhá threoirdhoiciméad maidir leis na pleananna aeráide sóisialta a ullmhú agus maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm. Foilsíodh an treoirdhoiciméad is déanaí maidir leis an bhfaireachán agus an cur chun feidhme i mí Dheireadh Fómhair 2025 8 . Ina theannta sin, chuir an Coimisiún ardán ar bun do na Ballstáit chun ceisteanna a thagann chun cinn ar bhonn rollach a chur isteach.

Thacaigh an Coimisiún go díreach le 10 mBallstát agus a bpleananna aeráide sóisialta á n‑ullmhú acu tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Cumhdaíodh leis an tacaíocht measúnú tosaigh ar thionchair CTA2 agus ar ghrúpaí leochaileacha, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, agus gearrliostú agus tréithriú beart agus infheistíochtaí ábhartha.

Go déanach in 2024 agus go luath in 2025, sheol na Ballstáit comhairliúcháin éigeantacha le páirtithe leasmhara maidir lena bpleananna aeráide sóisialta. Leanfar leis na comhairliúcháin go dtí go gcuirfear na pleananna isteach go hoifigiúil. I gcomhthreo, bhí an Coimisinéir Hoekstra ina chathaoirleach ar an gcéad Idirphlé Cur Chun Feidhme maidir le cur chun feidhme CTA2 agus an Chiste Aeráide Sóisialta i mí an Mheithimh 2025, inar tionóladh grúpa éagsúil páirtithe leasmhara ó earnálacha lena n‑áirítear teaschaidéil, mótarfheithiclí, athchóiriú foirgneamh, micrea-shoghluaisteacht, soláthar breosla agus an tsochaí shibhialta.

Faoi lár mhí Dheireadh Fómhair 2025, bhí dhá Bhallstát tar éis a bPleananna a chur faoi bhráid an Choimisiúin go hoifigiúil lena measúnú (an Laitvia agus an tSualainn). Rinne an Coimisiún athbhreithniú freisin ar na dréacht‑CPSanna atá ag thart ar 15 thír. Tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit uile le linn an phróisis (réamh-)thíolactha agus measúnaithe, agus molann sé go láidir do na Ballstáit an Ciste Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme go pras agus tacaíocht a chur i bhfeidhm do ghrúpaí leochaileacha.

Tá 5 mhí ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna a cuireadh isteach go foirmiúil. Féadfaidh sé barúlacha a chur ar fáil nó faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann laistigh de 2 mhí tar éis dó iad a fháil.

3.Caidhp ar astaíochtaí

Socraítear le caidhp CTA AE an Aontais dearbhchainníocht uasta astaíochtaí a fhéadfaidh eintitis rialáilte a astú i gcaitheamh céim trádála. Comhfhreagraíonn sí don líon lamháltas a eisíodh le haghaidh na tréimhse sin, i gcás ina gcomhfhreagraíonn lamháltas amháin do thona amháin d’astaíochtaí CO2eq (coibhéis dé-ocsaíde carbóin). Laghdaítear an chaidhp ar bhonn bliantúil lena áirithiú go gcomhlíonann an tAontas a sprioc uileghabhálach um laghduithe astaíochtaí. Tugann sé sin cinnteacht do chuideachtaí in CTA maidir leis an nganntanas soláthair lamháltas a mheastar a bheidh ann.

Faoi láthair, tá sé beartaithe leis an gcaidhp astaíochtaí CTA AE a laghdú 62 % faoi 2030, i gcomparáid le 2005. Ó 2024 go 2027, laghdófar an chaidhp go bliantúil ag ráta 4,3 % de na hastaíochtaí tagartha in Airteagail 3c agus 9 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí 9 . Ó 2028 ar aghaidh, is 4,4 % in aghaidh na bliana a bheidh sa ráta bliantúil laghdaithe.

Tá feidhm ag ríomhanna caidhpe ar leithligh maidir le hastaíochtaí i raon feidhme CTA AE ó ghiniúint leictreachais agus teasa, táirgeadh tionsclaíoch agus muiriompar (de réir Airteagal 9 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí) agus ón eitlíocht (de réir Airteagal 3c den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí).

·In 2024, eisíodh 1 386 051 745 lamháltas le haghaidh giniúint leictreachais, táirgeadh tionsclaíoch agus iompar muirí 10 , agus eisíodh 27 563 529 lamháltas le haghaidh eitlíochta 11 .

·In 2025, eisíodh 1 298 127 514 lamháltas le haghaidh giniúint leictreachais, táirgeadh tionsclaíoch agus iompar muirí agus eisíodh 26 233 302 lamháltas le haghaidh eitlíochta.

Faoi Airteagal 9 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tá caidhp 2026 le laghdú 27 milliún lamháltas (i gcomhréir le sprioc uileghabhálach 2030 maidir le hastaíochtaí a laghdú do CTA AE).

An tráth céanna, tá an chaidhp le méadú chun leathnú raon feidhme CTA AE chuig astaíochtaí N2O agus CH4 ó mhuiriompar a léiriú.

Bunaithe ar astaíochtaí le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith 12 , is ionann an méadú sin agus 2 375 680 lamháltas. Cuirfear na lamháltais bhreise sin ar ceant agus cuirfear leis an gCiste don Nuálaíocht iad, arna soláthar go hiomlán ag CTA AE (féach Caibidil 8.2).

Thairis sin, liosta na suiteálacha arna n‑eisiamh ag Ballstáit áirithe faoi Airteagal 27 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tugadh cothrom le dáta é le haghaidh na tréimhse 2026-2030, rud a d’fhág go ndearnadh coigeartuithe beaga ar an gcaidhp agus ar an bhfachtóir laghdaithe línigh ó 2026 ar aghaidh.

Ar an iomlán in 2026, eiseofar 1 185 420 090 lamháltas le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, táirgeadh tionsclaíoch agus muiriompar, agus eiseofar 24 903 076 lamháltas le haghaidh eitlíochta 13 . 

Léirítear i dTábla 1 cainníochtaí iomlána na lamháltas a eisíodh do na hearnálacha éagsúla faoi chaidhp CTA AE.

Tábla 1. Caidhp CTA AE (2021-2026). Tá feidhm ag ríomhanna caidhpe ar leithligh maidir le (i) astaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa, ó tháirgeadh tionsclaíoch agus ó 2024 ar aghaidh ó mhuiriompar, agus (ii) astaíochtaí ón eitlíocht faoi raon feidhme CTA AE. Ón 1 Eanáir 2024, leathnaíonn raon feidhme CTA AE don eitlíocht freisin chuig astaíochtaí ó fhormhór na n‑eitiltí idir LEE agus na naoi réigiún is forimeallaí san Aontas chomh maith le heitiltí a imíonn ó na réigiúin is forimeallaí go dtí an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe (féach Caibidil 9). Léiríonn cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht raon feidhme leathnaithe CTA AE don eitlíocht.

Bliain

Cainníocht iomlán na lamháltas le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, táirgeadh tionsclaíoch agus muiriompair

Cainníocht iomlán na lamháltas eitlíochta

2021

1 571 583 007

28 306 545

2022

1 528 579 492

27 268 379

2023

1 485 575 977

26 341 779

2024

1 386 051 745

27 563 529

2025

1 298 127 514

26 233 302

2026

1 185 420 090

24 903 076

Léirítear i bhFíor 1 na hathruithe ar an gcaidhp ar fud gach céime de CTA AE, lena n‑áirítear na coigeartuithe atá le teacht.



Fíor 1. Caidhp astaíochtaí a shocraítear in CTA AE, i gcomparáid le hastaíochtaí fíoraithe. Breithnítear san fhíor athbhreithniú 2023 ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, i.e. athshocrú na caidhpe in 2024 agus 2026, áirítear earnáil an mhuiriompair in CTA AE ó 2024 ar aghaidh agus an fachtóir laghdaithe línigh 4,3 % in 2024-2027 agus 4,4 % ó 2028 ar aghaidh. Ní áirítear eitlíocht. De bharr athruithe ar an raon feidhme, níl figiúirí 2005-2007 inchomparáide go díreach leis na cinn is déanaí. Amhail ó 2021, ní chumhdaíonn CTA an Aontais suiteálacha sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh, ní chuirtear san áireamh ach astaíochtaí ó ghineadóirí leictreachais i dTuaisceart Éireann. Ó 2024 ar aghaidh, áirítear an earnáil mhuirí sna hastaíochtaí fíoraithe san fhíor freisin, agus dá bhrí sin níl astaíochtaí 2024 agus 2023 inchomparáide. Eochair eolais: barraí (caidhp), barraí faoi scáth éadrom in 2014-2016 (lamháltais arna siarchoinneáil ó cheantanna), barraí faoi scáth éadrom ó 2019 (fothaí lamháltas chuig Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh), barraí faoi scáth dorcha ó 2024 (síneadh ar an raon feidhme muirí), líne bhriste (astaíochtaí fíoraithe).

4.Lamháltais a chur ar ceant

Tá an cheantáil fós mar an príomh-mhodh chun lamháltais a leithdháileadh in CTA AE, arb í is cúis le 57 % den chaidhp 14 . Is sa Rialachán maidir le Ceantáil (Rialachán 2023/2830) 15 a shocraítear rialacha lena áirithiú go ndéantar ceantanna ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh-idirdhealaitheach. Is ann a shonraítear uainiú, riarachán agus gnéithe eile de lamháltais astaíochtaí a chur ar ceant.

In 2024, lean ceantanna ar aghaidh ag tarlú trí mheán an Mhalartáin Fuinnimh Eorpaigh AG (EEX):

·mar an comhardán ceantála le haghaidh 25 Bhallstát atá rannpháirteach i nós imeachta comhpháirteach;

·i gcás na Polainne, a roghnaigh gan a bheith páirteach sa nós imeachta comhpháirteach, ach nach bhfuil a hardán ceantála féin ceaptha go fóill aici;

·i gcás na hÍoslainne, Lichtinstéin, agus na hIorua, tar éis leasú a dhéanamh ar Chomhaontú LEE thiar in 2019 chun ligean dóibh a bheith rannpháirteach sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach le haghaidh an chomhardáin ceantála;

·i gcás na Ríochta Aontaithe chun lamháltais a chur ar ceant le haghaidh gléasraí giniúna leictreachais i dTuaisceart Éireann;

·rinne EEX ceantáil ar lámháltais ar son na Gearmáine freisin mar a nardán ceantála don rogha gan a bheith páirteach.

soláthraítear le tábla 2 forbhreathnú de mhéideanna bliantúla na lamháltas a chuir EEX ar ceant ó bhí 2021 ann.

Tábla 2. Méideanna Iomlána lamháltas a cuireadh ar ceant (2021-2024).

Bliain

Lamháltais ghinearálta

Lamháltais eitlíochta

2021

582 952 500

3 785 500

2022

482 389 000

3 698 000

2023

517 587 000

5 720 500

2024

592 801 500

6 688 500

San iomlán, reáchtáladh 221 cheant in 2024. Níor cuireadh aon cheant ar ceal. Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, is lamháltais ghinearálta iad lamháltais a eisítear d’earnáil na heitlíochta agus ní catagóir lamháltais ar leithligh iad a thuilleadh.

Ó bhí mí Iúil 2023 ann, áirítear sna méideanna ceantála lamháltais a leithdháiltear ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) faoi Rialachán REPowerEU (Rialachán 2023/435) 16 . Cruinneoidh lamháltais a chuirfear ar ceant faoi Rialachán REPowerEU EUR 20 billiún le haghaidh STA faoin 31 Lúnasa 2026. Bainfidh na Ballstáit úsáid as acmhainní breise sin na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta chun tuilleadh athchóirithe a dhéanamh agus chun infheistíochtaí a dhéanamh chun an taistriú fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus borradh a chur faoin tslándáil fuinnimh. Faoin 30 Meitheamh 2025, tiomsaíodh EUR 11,5 billiún do STA - REPowerEU agus cuireadh 164 710 000 lamháltas ar ceant.

Tugtar forléargas i bhFíor 2 ar phraghsanna imréitigh ceantála i margadh carbóin an Aontais in 2024 agus sa chéad leath de 2025. An praghas ceantála ab airde in 2024, is é sin EUR 75,35, baineadh amach é an 3 Meitheamh. An praghas ab ísle de EUR 49,50, taifeadadh é an 23 Feabhra. Ba é EUR 64,74 an meánphraghas in 2024, laghdú ó EUR 83,60 in 2023. Bhí praghsanna ceantála faoi cheangal raoin den chuid is mó in 2024, agus bhí 182 as 221 luach (82 %) idir EUR 60 agus EUR 75.

Foilsíonn an tardán ceantála torthaí mionsonraithe ó gach ceant go tráthrialta ar a shuíomh gréasáin 17 . Is féidir teacht ar fhaisnéis bhreise maidir le feidhmíocht ceantanna, lena náirítear rannpháirtíocht, cóimheasa cumhdaigh agus praghsanna, sna tuarascálacha ar cheantanna thíortha CTA 18 .

Fíor 2. Praghsanna imréitigh i gceantanna lamháltas ginearálta (ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025) [EUR/tona CO2]

Ceantáil agus cealú lamháltas mar gheall ar leathnú raon feidhme muirí CTA AE

Áirítear muiriompar in CTA AE le tréimhse tosaigh céimnithe isteach le haghaidh 2024 agus 2025, nuair nach bhfuil sé d’oibleagáid ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais a thabhairt suas ach amháin le haghaidh cuid dá n‑astaíochtaí (40 % agus 70 % faoi seach). Nuair a thugtar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe ón muiriompar in 2024 agus 2025, cuirfidh na Ballstáit an líon lamháltas a chomhfhreagraíonn don difríocht sin ar ceal. Faoi Airteagail 3gb agus 12(3-e) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tá an difríocht le cur ar ceal ón gceantáil. Déanfar an cealú le haghaidh 2024, 54 243 768 lamháltas san iomlán, in 2026 trí leasú a dhéanamh ar fhéilire na gceantanna.

Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí go méadófar cainníocht na lamháltas ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh chun cumhdach astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2 ó mhuiriompar a chur san áireamh. Tá na lamháltais a leanann as an méadú sin le cur ar ceant in 2026 agus le cur leis an gCiste don Nuálaíocht trí leasú ar fhéilire na gceantanna.

Solúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill

Leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR), bunaítear spriocanna náisiúnta ceangailteacha maidir le laghdú astaíochtaí do na Ballstáit don tréimhse 2021-2030. Cumhdaítear leis na spriocanna sin earnálacha lasmuigh de CTA AE atá ann cheana — iompar intíre (seachas eitlíocht), foirgnimh, talmhaíocht, dramhaíl agus tionscal beag.

Áirítear sa Rialachán foráil solúbthachta aonuaire ina bhfuil an deis ag naoi mBallstát 19 suas le huasmhéid 100 milliún lamháltas CTA AE a chur ar ceal i dteannta a chéile chun a sprioc a chomhlíonadh, ar foráil í a bheidh le hasbhaint óna méideanna ceantála faoi seach.

Ó 2021 go 2024, bhain sé cinn 20 de na hocht mBallstát sin úsáid as ‘solúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill’ agus d’asbhain siad 28,8 milliún lamháltas i dteannta a chéile óna méideanna ceantála. As seo amach, tosóidh an tSualainn ag úsáid ‘solúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill’ ó 2025, agus scoirfidh an Danmhairg agus Lucsamburg d’úsáid a bhaint as an tsolúbthacht ó 2026 ar aghaidh.

Lamháltais a chur ar ceal ar bhonn deonach

Faoi Airteagal 12(4) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, moltar do na Ballstáit lamháltais a chur ar ceal má dhúnann siad an acmhainneacht giniúna leictreachais ina gcríoch i ngeall ar bhearta náisiúnta breise. Ar an gcaoi sin, féadfaidh na Ballstáit cosc a chur ar an laghdú ar astaíochtaí a leanann as sin a bheith comhdhéanta in áit eile sa chóras.

Ní mór don Bhallstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe aige. Déantar an cealú trí chainníocht iomlán na lamháltas atá le cur ar ceant ag an mBallstát a laghdú agus teorannaítear an chainníocht d’uasmhéid shuim astaíochtaí fíoraithe ábhartha thar na 5 bliana roimh an dúnadh. Leagtar síos an nós imeachta maidir leis na lamháltais sin a chur ar ceal in Airteagal 25 den Rialachán Ceantála.

I mí na Nollag 2023, thug an Ghearmáin fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici lamháltais a bhain le dúnadh dhá ghléasra cumhachta in 2022 a chur ar ceal mar chuid de bheartas na tíre deireadh a chur de réir a chéile le gual 21 . Tá sé beartaithe na cealuithe a dhéanamh idir 2025 agus 2030. Féadfar an líon lamháltas atá le cur ar ceal i ndáil leis an bhfógra a chur in iúl don Choimisiún gach bliain.

Bhí an mhodheolaíocht lena ríomhfar an líon lamháltas atá le cur ar ceal mar chuid
den fhógra. Áirítear leis astaíochtaí ón nginiúint leictreachais athsholáthair sa mhargadh leictreachais chomh maith le feidhmiú Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.

I mí Aibreáin 2025, chuir an Ghearmáin faoi bhráid an Choimisiúin an líon lamháltas a bhí le cur ar ceal le haghaidh 2023, ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2025 22 .Bunaithe ar an modheolaíocht ar tugadh fógra ina leith, bheadh an líon lamháltas atá le cur ar ceal ag brath ar tháscaire barrachais Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi CTA AE (an líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht, TNAC) in 2024 23 .

D’fhoilsigh an Coimisiún TNAC 2024 an 28 Bealtaine 2025 (féach Caibidil 6.1). Is 1,15 billiún lamháltas a bhí ann. Dá réir sin, cealaíodh 514 000 lamháltas ó mhéid ceantála na Gearmáine. Léirítear é sin cheana féin i bhféilirí ceantanna athbhreithnithe 2025 a glacadh an 28 Iúil 2025.

5.Leithdháileadh saor in aisce lamháltas

Is beart idirthréimhseach é an leithdháileadh saor in aisce a dhíríonn go príomha ar earnálacha tionscail. Cé gurb í an cheantáil an príomh-mhodh le lamháltais a leithdháileadh in CTA AE, leithdháiltear méid nach beag de na lamháltais ar shuiteálacha saor in aisce chun aghaidh a thabhairt ar riosca an sceite carbóin 24 .

Sainaithnítear i liosta tiomnaithe sceite carbóin earnálacha a mheastar a bheith i mbaol sceite carbóin, atá incháilithe chun leithdháileadh saor in aisce a fháil ar 100 % de na leibhéil tagarmhairc ábhartha. Sainaithnítear sa liosta 63 earnáil agus fho-earnáil lena gcumhdaítear formhór na n‑astaíochtaí tionsclaíocha in CTA AE. Faigheann earnálacha ar lú a neamhchosaint leithdháileadh saor in aisce a chomhfhreagraíonn d’uasmhéid 30 % den luach tagarmhairc.

Tá leithdháileadh saor in aisce bunaithe ar thagarmharcanna feidhmíochta, lena léirítear meándéine astaíochtaí in aghaidh an aonaid táirge den 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla i ngach earnáil. Ós rud é nach mór lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n‑astaíochtaí uile, ní mór lamháltais a cheannach ar an margadh le haghaidh astaíochtaí a théann thar na luachanna tagarmhairc sin. Laghdaítear tagarmharcanna freisin de réir a chéile chun an dreasacht a neartú don earnáil dícharbónú a dhéanamh agus an nuálaíocht a bhrú ar aghaidh.

In 2021, thug an Coimisiún na luachanna tagarmhairc cothrom le dáta le haghaidh na chéad tréimhse leithdháilte, 2021-2025 25 . Tabharfar na tagarmharcanna cothrom le dáta le haghaidh na tréimhse leithdháilte 2026-2030, próiseas atá ar siúl tráth na scríbhneoireachta. De réir na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí athbhreithnithe, rinneadh rátaí laghdaithe bliantúla na dtagarmharcanna a mhéadú chun tuilleadh claochlaithe tionsclaíoch a spreagadh. Méadóidh an tíosráta ó 0,2 % go 0,3 % in aghaidh na bliana agus méadóidh an tuasráta ó 1,6 % go 2,5 % in aghaidh na bliana amhail ó 2026. Cinnfear an ráta laghdaithe bliantúil is infheidhme go sonrach le haghaidh gach tagarmhairc.

Ó 2021, tá méideanna an leithdháilte saor in aisce á gcoigeartú nuair a bhíonn athruithe móra ar mhéideanna táirgeachta tionsclaíocha bunaithe ar chomparáid idir na méideanna tosaigh agus meán an 2 bhliain roimhe sin 26 . Socraítear an tairseach le haghaidh coigeartuithe ag 15 % lena méadaítear nó lena laghdaítear táirgeacht, agus féadfar coigeartuithe ina dhiaidh sin a dhéanamh idir eatraimh 5 % níos lú. Ceanglaítear ar oibreoirí tuarascálacha bliantúla ar shonraí táirgeachta a chur faoi bhráid na núdarás inniúil náisiúnta, ar tuarascálacha iad ar féidir coigeartuithe ar a mbonn a dhéanamh ar mhéideanna na leithdháiltí saor in aisce a eisítear. Mar thoradh ar an déine bhreise sin tháinig méadú ar an líon coigeartuithe bliantúla ar na leithdháiltí saor in aisce. Bhí an meánlíon iarratas in aghaidh na bliana a cuireadh isteach in 2021-2024 os cionn 3 900, thart ar thrí oiread níos mó ná an meán bliantúil suas go dtí 2020. Tá méadú ar na huimhreacha ó bhliain go bliain mar gheall ar na heatraimh 5 % níos lú is gá le haghaidh athruithe ina dhiaidh sin ar leithdháileadh saor in aisce.

I dtús báire, ríomhadh méid iomlán an leithdháilte shaor in aisce le haghaidh 2021-2025 ag 2 791 mhilliún lamháltas le haghaidh 7 430 suiteáil. Ag glacadh le praghas carbóin de EUR 70/tCO2, bheadh luach thart ar EUR 39 bhilliún ar an leithdháileadh sin gach bliain le linn na tréimhse sin. Faoi lár 2025, ghlac an Coimisiún 16 chinneadh chun an leithdháileadh saor in aisce a choigeartú i ngeall ar athruithe ar mhéideanna táirgeachta tionsclaíche, a raibh glanlaghdú 173,7 milliún lamháltas mar thoradh air 27 . I gcomhthráth leis sin áfach, ghlac an Coimisiún freisin seacht gcinneadh lenar ceartaíodh méid tosaigh an leithdháilte shaor in aisce agus lenar cuireadh 2,3 milliún lamháltas leis 28 . Bhí gá leis sin mar gheall ar earráidí a fuarthas sna sonraí a chuir suiteálacha isteach agus iarratas á dhéanamh acu ar leithdháileadh saor in aisce. Ar an bhforiomlán, laghdaíodh an leithdháileadh saor in aisce do 2021-2025 faoi 171,5 milliún lamháltas i gcomparáid leis an leithdháileadh tosaigh saor in aisce.

Coigeartuithe a ghabhann leis an leibhéal de leithdháileadh saor in aisce a dhéantar ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua (NER). Áirítear ar na coigeartuithe sin freisin athruithe ar an leithdháileadh de bharr oscailt nó dhúnadh suiteálacha. Ba é 331,3 milliún lamháltas méid tosaigh an chúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua ag tús 2021. Áiríodh leis sin lamháltais neamh-leithdháilte ó chéim 3 (2013-2020) agus 200 milliún lamháltas ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.

Déantar achoimre i dTábla 3 ar leibhéil bhliantúla an leithdháilte shaor in aisce sa tréimhse leithdháilte 2021-2025 (leibhéil tosaigh agus choigeartaithe araon), rud a léiríonn laghduithe ar ‘Leithdháileadh saor in aisce iarbhír’ le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Is iad na príomhchúiseanna leis na méideanna laghdaithe sin na tionchair dhiúltacha ar leibhéil táirgeachta le haghaidh earnálacha áirithe mar gheall ar an bpaindéim agus ar an ngéarchéim fuinnimh go príomha in 2022 agus 2023. Ós rud é go bhfuil coigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce bunaithe ar chomparáid i bhfianaise na meánleibhéal táirgeachta thar 2 bhliain, cuirtear moill 2 bhliain ar éifeacht iomlán an laghdaithe leanúnaigh ar tháirgeacht.

Tábla 3. Leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE (2021-2025) [milliún lamháltas]. Sonraí a baineadh as Clárlann an Aontais an 30 Meitheamh 2025.

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

Iomlán

Leithdháileadh saor in aisce tosaigh (AE-27 + an Íoslainn, Lichtinstéin
agus an Iorua)

559,6

558,9

558,2

557,5

556,8

2 791.1

Leithdháileadh saor in aisce iarbhír

545,7

542,4

537,0

499,7

494,8

2 619,6

Leithdháileadh saor in aisce coigeartaithe agus ceartaithe

-13,9

-16,5

-21,2

-57,8

-62,0

-171,5

Ó 2013, tá CTA AE bunaithe ar choincheap cur chuige comhchuibhithe uile-Aontais le haghaidh córas idirthréimhseach maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce bunaithe ar thagarmharcanna. Leis an dearadh sin, agus le húsáid tagarmharcanna, ceadaítear cásanna inar féidir leis an leithdháileadh saor in aisce a fhaigheann suiteálacha aonair na hastaíochtaí fíoraithe a shárú ar feadh bliain amháin nó níos mó agus ina gceadaítear don leithdháileadh saor in aisce sin na hastaíochtaí fíoraithe a shárú ar feadh bliain amháin nó níos mó. Mar sin féin, ní chuireann barrachas roinnt suiteálacha cosc ar astaíochtaí foriomlána a laghdú agus bheadh costas carbóin ag formhór na suiteálacha chun an méid lamháltas breise is gá a fháil chun a n‑astaíochtaí a chumhdach. Mínítear thíos na príomhchúiseanna a bhféadfadh suiteáil barrachas lamháltas a fháil saor in aisce.

Socraítear na luachanna tagarmhairc agus tugtar cothrom le dáta go tráthrialta iad bunaithe ar mheánfheidhmíocht 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla (is lú astaíochtaí) ina n‑úsáidtear an tagarmharc sin. Ciallaíonn sé sin go mbeadh líon suiteálacha faoi gach tagarmharc a sháródh an 90 % eile a gheobhadh dóthain lamháltas chun a n‑astaíochtaí nó fiú barrachas lamháltas a chumhdach. Ina theannta sin, áirítear sa Rialachán maidir le Leithdháileadh Saor in Aisce forálacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a shannadh i gcás onnmhairiú agus allmhairiú teasa nó dramhghás, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis an gcaoi a dtuairiscítear astaíochtaí. D’fhéadfaí astaíochtaí agus leithdháileadh saor in aisce le haghaidh cásanna den sórt sin a shannadh do shuiteálacha ar leithligh, agus mar thoradh air sin is cosúil go bhfaigheann suiteáil níos mó lamháltas ná a hastaíochtaí. Mar shampla, faigheann gléasra ceimiceach a allmhairíonn teas ó shuiteáil eile leithdháileadh saor in aisce chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú fad a thuairiscíonn an gléasra táirgthe teasa na hastaíochtaí.

Tá na rialacha maidir le coigeartuithe leithdháilte bliantúla ábhartha freisin maidir le barrachas féideartha lamháltas chun athruithe suntasacha ar mhéideanna táirgeachta tionsclaíche a léiriú (féach thuas). Cruthaíonn an meán 2 bhliain ‘maolán’, rud a chiallaíonn nach mbeadh feidhm iomlán ag éifeacht iomlán laghdaithe shuntasaigh táirgeachta maidir le leibhéil leithdháilte saor in aisce go dtí 2 bhliain ina dhiaidh sin, i.e. laghdófaí astaíochtaí tuairiscithe láithreach ach ní bheadh feidhm ag leithdháileadh saor in aisce.

Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha

Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, glacadh an Rialachán maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) (Rialachán 2023/956) 29 chun an riosca sceite carbóin ó leithdháileadh CTA saor in aisce a mhaolú le linn don Aontas a ghníomhaíocht ar son na haeráide a neartú.

In earnálacha tionscail áirithe atá cumhdaithe ag CTA AE (stroighin, alúmanam, leasacháin, hidrigin, iarann agus cruach), tiocfaidh SCCT in ionad an leithdháilte saor in aisce de réir a chéile ó 2026 ar aghaidh. Fuair na hearnálacha sin thart ar 54 % den leithdháileadh saor in aisce iomlán in 2021-2025.

Trína áirithiú go n‑íocfar praghas coibhéiseach as na hastaíochtaí carbóin leabaithe a ghintear i dtáirgeadh earraí áirithe a allmhairítear isteach san Aontas, áiritheoidh SCCT go mbeidh praghas carbóin na n‑allmhairí coibhéiseach le praghas carbóin na táirgeachta intíre (faoi CTA AE), agus nach ndéanfar dochar do chuspóirí aeráide an Aontais. Cumhdófar le SCCT astaíochtaí díreacha le haghaidh na n‑earnálacha uile a chumhdaítear agus astaíochtaí indíreacha (ó leictreachas a ídítear le linn próisis táirgthe) le haghaidh stroighne agus leasachán. Ní dhéanfar astaíochtaí indíreacha a mheas ar dtús le haghaidh na n‑earnálacha a bheidh incháilithe don chabhair indíreach maidir le costas carbóin (i.e. alúmanam, hidrigin, iarann agus cruach – féach Caibidil 8.1).

Cuireadh tús le hidirthréimhse i mí Dheireadh Fómhair 2023, ar lena linn a thuairiscíonn allmhaireoirí astaíochtaí ach nach bhfuil ceangal orthu fós íocaíochtaí a dhéanamh. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí deireadh 2025, nuair a thabharfar an cur chun feidhme iomlán isteach de réir a chéile.

Beidh ar allmhaireoirí earraí in earnálacha SCCT chuig an Aontas deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí leabaithe a cheannach agus a thabhairt suas ó 2026 ar aghaidh. Chun tacú le tionscail ina n‑iarrachtaí dícharbónaithe, treoraítear leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí fáltais ó cheantáil lamháltas saor in aisce arna gcéimniú amach chuig an gCiste don Nuálaíocht (féach Caibidil 8.2), agus aird ar leith á tabhairt ar thionscadail in earnálacha SCCT.

Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas freisin chun SCCT a shimpliú agus a neartú dá chéim chinntitheach. I mí an Mheithimh 2025, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le togra chun SCCT a shimpliú. Glacadh é sin go foirmiúil i mí Mheán Fómhair 2025 30 . Príomhghné amháin den togra is ea an tairseach díolúine a mhéadú chun go bhféadfar suas le 50 tona d’earraí allmhairithe in aghaidh an allmhaireora in aghaidh na bliana a dhíolmhú ó SCCT. Meastar go ndíolmhófar leis sin 90 % de chuideachtaí agus go gcumhdóidh sé 99 % d’astaíochtaí fós. Agus é seo á scríobh, tá roinnt píosaí reachtaíochta tánaistí á nullmhú ag an gCoimisiún freisin (gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme) chun cur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach SCCT a áirithiú nuair a chuirfear tús leis an gcéim chinntitheach in 2026.

Tá tograí reachtacha á nullmhú ag an gCoimisiún freisin chun SCCT a leathnú chuig earraí iartheachtacha áirithe chun sceitheadh carbóin iartheachtach a chosc 31 chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an riosca imchéimnithe 32 agus chun na rialacha is infheidhme maidir le hallmhairí leictreachais a choigeartú.

An tráth céanna, foilseoidh an Coimisiún togra chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin a bhaineann le honnmhairí earraí SCCT a tháirgtear san Aontas, mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i gcrích 33 . Mar a pléadh i dTuarascáil na bliana seo caite ar an Margadh Carbóin, fágann an deireadh atáthar chun a chur de réir a chéile le leithdháileadh saor in aisce go mbeidh ar tháirgeoirí earraí SCCT an Aontais íoc as a nastaíochtaí carbóin leabaithe, agus tugtar aghaidh ar sceitheadh carbóin le SCCT lena gcuirtear praghas carbóin coibhéiseach ar earraí allmhairithe.

Tá athbhreithniú cuimsitheach ar SCCT á ullmhú ag an gCoimisiún freisin lena fhoilsiú roimh dheireadh 2025, mar a fhoráiltear i Rialachán SCCT. Leis an athbhreithniú sin, déanfar measúnú ar an bhféidearthacht raon feidhme SCCT a leathnú, ar na critéir a úsáidtear chun earraí SCCT a shainaithint, agus ar an modheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh. Déanfar measúnú inti freisin ar an gcóras rialachais, ar chostais riaracháin, ar an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus ar thionchar SCCT ar allmhairí ó thíortha i mbéal forbartha, go háirithe ó na tíortha is lú forbairt.

6.Margadh carbóin an Aontais 

Soláthar agus éileamh a chothromú

Le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh (CCCM), cothaítear cothromaíocht agus athléimneacht an mhargaidh carbóin tríd an soláthar lamháltas atá le cur ar ceant in CTA AE a choigeartú bliain ar bhliain. Is ionstraim riailbhunaithe í a tugadh isteach den chéad uair chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime struchtúrach idir soláthar lamháltas ar mhargadh carbóin an Aontais agus an t‑éileamh orthu ag tús chéim 3. In 2013, bhí barrachas 2,1 billiún lamháltas ag an margadh, líon a laghdaíodh ó shin le cuidiú CCCM. Sa ghearrthéarma, freagraíonn CCCM do shuaití tobanna idir an soláthar agus an t‑éileamh, mar shampla mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 in 2020.

Le CCCM, coigeartaítear soláthar na lamháltas i margadh carbóin an Aontais de réir tairseacha réamhshocraithe an lín iomláin lamháltas i gcúrsaíocht. Ar bhonn leibhéal an lín iomláin lamháltas, tarraingítear lamháltais siar ó cheantanna agus cuirtear sa Chúlchiste iad nó scaoiltear ón gCúlchiste agus cuirtear ar ceant iad. Ar an mbealach sin, cothaítear cothromaíocht agus athléimneacht ó shuaití a bhainfidh don soláthar agus don éileamh, rud a chuireann ar a chumas do mhargadh carbóin an Aontais feidhmiú go rianúil. Cuireadh tús le hoibriú an Chúlchiste in 2019 agus tá lamháltais tarraingthe siar ón gcúrsaíocht gach bliain ón uair sin aige.

Foilsíonn an Coimisiún an líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht gach bliain. Ríomhtar é le haghaidh na bliain roimhe sin, agus déantar coigeartuithe ar an soláthar thar an 12 mhí tar éis an fhoilsithe agus de réir eochair shonrach. An 28 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht in 2024 34 .

Bhí 1.15 billiún lamháltas i gceist le TNAC 2024 — méadú beag i gcomparáid le 2023. Dá thoradh sin, tá 276 milliún lamháltas (24 % de líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht) á dtarraingt siar ó cheantanna idir mí Mheán Fómhair 2025 agus mí Lúnasa 2026.

Ag tús gach bliana, déanann CCCM lamháltais ina shealúchais os cionn tairseach 400 milliún a neamhbhailíochtú. An 1 Eanáir 2025, chuir CCCM 271 mhilliún lamháltas ó bhail, rud a d’fhág 400 milliún sa Chúlchiste. Ó bhí 2023 ann, chuir CCCM 3,2 billiún lamháltas san iomlán ó bhail.

Léirítear i bhFíor 3 an treocht i mbarrachas lamháltas i margadh carbóin an Aontais ó bhí 2013 ann. Cuirtear ranníocaíochtaí náisiúnta le CCCM i láthair i Roinn 2 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

Fíor 3. Barrachas lamháltas in CTA AE (2013-2024).

Formhaoirseacht margaidh

Tá margadh carbóin an Aontais faoi réir rialacha diana formhaoirseachta margaidh a chumhdaítear i margaí airgeadais an Aontais. Is éard atá ann príomh-mhargadh, ina gcuirtear lamháltais astaíochtaí ar ceant do rannpháirtithe sa mhargadh agus margadh tánaisteach ina ndéantar spotchonarthaí agus conarthaí díorthach lamháltas astaíochtaí a thrádáil i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Aicmítear spotchonarthaí agus conarthaí díorthach i lamháltais astaíochtaí araon mar ionstraimí airgeadais faoi MIFID II – an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (Treoir 2014/65/AE) 35 . Léirítear an taicmiú sin sa reachtaíocht thánaisteach freisin, lena náirítear an Rialachán maidir le Ceantáil, lena ndéantar maoirseacht ar an bpríomh-mhargadh (ceantanna lamháltas).

Comhroinntear an mhaoirseacht ar mhargadh carbóin an Aontais idir údaráis airgeadais na mBallstát uile 36 , faoi chomhordú an rialtóra Eorpaigh, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Déanann ESMA faireachán ar iompraíocht rannpháirtithe na margaí trí cheanglais fhairsinge um thuairisciú agus trédhearcacht. Ina theannta sin, tá feidhm ag rialacha margaí airgeadais eile maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí amhail rialacha lena gcuirtear cosc ar dhrochúsáid mhargaidh agus ar dhéileáil chos istigh (Rialachán 596/2014) 37 lena gcuirtear oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh orduithe agus idirbhearta amhrasacha a thuairisciú láithreach. Ar a seal féin, tá sé de chumhacht ag údaráis náisiúnta freagairt a thabhairt le gníomhaíocht cheartaitheach nó le pionóis má shainaithníonn siad an drochúsáid mhargaidh.

In athbhreithniú 2023 ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, cuireadh roinnt leasuithe chun feidhme chun trédhearcacht mhargadh carbóin an Aontais a fheabhsú a thuilleadh. Cuireadh de chúram ar ESMA faireachán agus measúnú tráthrialta a dhéanamh ar fheidhmiú CTA AE lena gcumhdaítear an príomh-mhargadh ceantanna agus trádáil ar na margaí tánaisteacha. Sa chéad Tuarascáil bhliantúil uaidh maidir le faireachán a dhéanamh ar mhargaí carbóin an Aontais, a foilsíodh an 7 Deireadh Fómhair 2024 38 , agus bunaithe ar shonraí 2023, níor tháinig ESMA ar aon saincheist shuntasach maidir le feidhmiú an mhargaidh. Shainaithin ESMA dícharbónú na hearnála cumhachta agus na gníomhaíochta tionsclaíche mar phríomhspreagthaí d’fhorbairtí praghsanna i margaí carbóin an Aontais.

Sa tuarascáil is déanaí uaidh 39 , a foilsíodh an 22 Deireadh Fómhair 2025 agus atá bunaithe ar shonraí margaidh 2024, d’athdhearbhaigh ESMA gur tháinig forbairt ar mhargaí carbóin i gcomhréir le hionchais an mhargaidh. Athdhearbhaítear leis an anailís patrúin agus treochtaí a cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil roimhe seo. Léirítear i dtuarascáil 2025 laghdú tosaigh de réir a chéile ar phraghsanna CTA in 2024, agus cobhsú ina dhiaidh sin mar gheall ar éileamh lag ó earnáil na cumhachta, a lean de dhícharbónú, agus méideanna ceantála níos airde. D’athdhearbhaigh ESMA freisin marthanacht chomhchruinniú coibhneasta na gceantanna, rud atá amhlaidh mar gheall ar thosaíocht na noibreoirí lamháltais a fhoinsiú trí idirghabhálaithe airgeadais.

Thug ESMA faoi deara gur tháinig méadú 35 % ar ghníomhaíocht trádála in 2024, a shroich 13,7 billiún tona CO2eq san iomlán a malartaíodh thar 4,7 milliún idirbheart. Ba í an trádáil ar an ionad ba mhó ba chúis le fás an mhargaidh, agus d’fhan gníomhaíocht trádála lasmuigh den mhalartán (thar an gcuntar) cobhsaí. Tá ról tábhachtach fós ag gnólachtaí infheistíochta agus ag institiúidí creidmheasa sna margaí malairte agus lasmuigh díobh araon, agus is 63 % de na méideanna trádála iomlána anois iad.

Chuir ESMA in iúl gur conarthaí todhchaíochtaí iad margaí na ndíorthach atá lárnach, ar trí cheathrú de na méideanna a trádáladh in 2024. Ar an iomlán, rannchuidíonn an margadh tánaisteach le dea-fheidhmiú CTA AE trí na lamháltais astaíochtaí a fhaigheann eintitis chomhlíontachta ó idirghabhálaithe airgeadais a éascú.

D’athdhearbhaigh ESMA freisin a thábhachtaí atá sé aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh (LEInna) a bheith ar fáil d’eintitis i gClárlann an Aontais agus iarrann sé ar riarthóirí náisiúnta iarracht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an ceanglas maidir le clárú LEI chun feidhme go tráthúil. Beidh sé sin fós ábhartha go háirithe in 2025, ós rud é go dtiocfaidh méadú ar an líon sealbhóirí cuntais mar gheall ar leathnú CTA AE chuig an earnáil mhuirí agus ar sheoladh CTA2 i gcomhair earnálacha tógála, iompair de bhóthar agus earnálacha eile. Measann ESMA gur gá tuilleadh anailíse agus faireacháin a dhéanamh ar an margadh carbóin i ndáil leis sin.

Cé nach bhfuil sé éigeantach LEI a bheith ann chun cuntas a oscailt i gClárlann an Aontais, ceanglaítear ar eintitis a bhfuil LEI acu an fhaisnéis sin a thuairisciú i gClárlann an Aontais agus cuntas
á oscailt. Ina theannta sin, ceanglaítear le leasú 2023 ar an Rialachán maidir le Clárlann (Rialachán 2019/1122)
40 go ndéanfaidh riarthóirí náisiúnta athbhreithniú, faoi dheireadh 2024, ar na cuntais nach bhfuil faisnéis iontu faoi LEI nó faoi stádas an ionaid trádála nó an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear i dTábla III-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán. D’ainneoin na hoibleagáide athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le hinfhaighteacht LEInna, tá infhaighteacht LEInna fós faoi bhun na nionchas.

Ar an 28 Márta 2024, tháinig MIFID II athbhreithnithe 41 , MIFIR – an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (Rialachán 2024/791) 42 i bhfeidhm, rud a neartaíonn a thuilleadh na rialacha maidir le margaí airgeadais, trédhearcacht agus maoirseacht. Le hAirteagal 57 de MIFIR, leathnaítear rialuithe ar bhainistiú suímh chuig ionaid trádála, a thrádálann díorthaigh lamháltas astaíochtaí. Le hAirteagal 58 de MIFIR leasaítear raon feidhme thuairisciú suímh na nionad trádála agus na ngnólachtaí infheistíochta trí lamháltais astaíochtaí a eisiamh agus tugtar isteach oibleagáid nua tuarascálacha suímh a chur isteach dhá uair sa tseachtain 43 , rud a fheabhsaíonn an trédhearcacht maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí agus díorthach díobh.

Mar obair leantach ar na rialacha nua sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcreat rialála do mhargaí na ndíorthach tráchtearraí, lena náirítear lamháltais astaíochtaí. Tá an Coimisiún i mbun measúnaithe ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh teorainneacha suímh agus rialuithe bainistíochta rannchuidiú le drochúsáid mhargaidh a chosc agus coinníollacha praghsála agus socraíochta ordúla a chur chun cinn. Thairis sin, tá an Coimisiún i mbun meastóireachta ar na critéir chun gníomhaíochtaí coimhdeacha a shainiú ar leibhéal grúpa agus tá sé ag féachaint an bhféadfaí bailiú sonraí idirbheart a lárú agus a chomhchuibhiú ar fud MIFIR agus EMIR - an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (Rialachán 648/2012) 44 , agus tá measúnú á dhéanamh aige ar na sonraí ba cheart a bheith poiblí agus ar an mbealach is fearr chun iad a scaipeadh. Mar chuid den obair sin, rinne an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe 45 maidir leis an athbhreithniú ar fheidhmiú mhargaí na ndíorthach tráchtearraí agus ar ghnéithe áirithe a bhaineann le spotmhargaí fuinnimh, lena gcumhdaítear freisin rialacha an mhargaidh airgeadais is infheidhme maidir le lamháltais astaíochtaí.

Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin spriocdhírithe maidir le creat na ndíorthach tráchtearraí san áireamh in obair an Tascfhórsa um na Margaí Gáis (GMTF), a bunaíodh go luath in 2025 mar chuid den phlean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne 46 , chun grinnscrúdú a dhéanamh ar oibriú mhargaí gáis an Aontais agus chun idirghabháil a dhéanamh nuair is gá agus nuair is iomchuí. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le táirgí díorthacha fuinnimh go ginearálta freisin maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí agus táirgí díorthacha gaolmhara, d’fhéadfadh aon toradh de chuid an tascfhórsa, a bhfuil coinne leis go gcuirfidh sé a chuid oibre i gcrích faoi dheireadh 2025, a bheith ábhartha do mhargaí carbóin an Aontais.

7.Treochtaí astaíochta

In 2024, ba é 1 187 milliún tona na hastaíochtaí foriomlána in CTA AE agus (Mt)  47 . Tá an figiúr sin níos airde ná mar a bhí in 2023 (1 150,3 Mt CO2eq) mar gheall i bpáirt ar chuimsiú na hearnála muirí in CTA AE. I bhfianaise suiteálacha agus oibreoirí aerárthaí amháin, bhí astaíochtaí CTA in 2024 4,4 % faoi bhun leibhéal 2023.

B é 1 033,3 Mt CO2eq méid na n‑astaíochtaí ó shuiteálacha cumhachta agus tionscail, arbh é laghdú 5,8 % ó leibhéil 2023. Leis an dul chun cinn sin, tá astaíochtaí CTA ó shuiteálacha thart ar 50 % faoi bhun leibhéil 2005 anois agus tá siad ar an mbóthar ceart chun an sprioc laghdú 62 % a bhaint amach faoi 2030. Léirítear i dTábla 4 sonraí astaíochtaí bliantúla ó shuiteálacha. Pléitear astaíochtaí eitlíochta agus muirí i gCaibidlí 9 agus 10 faoi seach.

Ba iad na hearnálacha teasa agus cumhachta is mó is cúis leis an laghdú foriomlán ar astaíochtaí CTA AE. Tháinig laghdú 10,7 % ar astaíochtaí ó ghiniúint leictreachais agus teasa i gcomparáid le 2023 48 , go príomha mar gheall ar mhéadú suntasach ar sciar na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite agus na bhfoinsí núicléacha sa mheascán leictreachais, mar aon le spleáchas laghdaithe ar mhórbhreoslaí iontaise amhail gás nádúrtha agus gual (féach Caibidil 7.1). Tháinig an treocht sin chun cinn d’ainneoin meánphraghsanna carbóin níos ísle in 2024 (laistigh den raon EUR 60-75 den chuid is mó), agus méadú foriomlán ar tháirgeadh leictreachais.

In 2024, ba iad foinsí fuinnimh inathnuaite agus bithbhreoslaí an phríomhfhoinse leictreachais san Aontas, a raibh 47,2 % den sciar acu. Tháinig méadú 7,6 % ar aschur foriomlán leictreachais inathnuaite in 2024, agus tháinig méadú suntasach 19,3 % ar ghrianchumhacht agus tháinig fás 12 % ar hidreachumhacht, cé gur tháinig laghdú 5,2 % ar úsáid bithbhreoslaí 49 .

Chuir dóchán fuinnimh núicléach agus breoslaí iontaise 23,5 % agus 28,1 % le táirgeadh leictreachais, faoi seach. Áirítear leis sin titim 11,9 % ar leictreachas gualbhunaithe, laghdú 8,1 % ar úsáid gáis nádúrtha, méadú 5,2 % ar leictreachas olabhunaithe, agus méadú 5,1 % ar tháirgeadh fuinnimh núicléach.

In 2024, bhí bliain churiarrachta eile ag an Aontas le haghaidh suiteálacha acmhainneachta grianfhuinnimh, agus cuireadh 65,5 GW leis, rud a d’fhág go raibh 338 GW san iomlán ann, mar a thuairiscigh SolarPower Europe. Shroich toilleadh fuinnimh gaoithe 234 GW, agus suiteáladh 12,9 GW an bhliain chéanna, de réir WindEurope.

Tháinig laghdú beag ar astaíochtaí ó shuiteálacha tionsclaíocha in 2024, laghdú 0,8 % i gcomparáid le 2023. D’ainneoin an laghdaithe fhoriomláin ar aschur i dtáirgeadh tionsclaíoch 50 , tugadh téarnamh measartha faoi deara i roinnt earnálacha dianfhuinnimh amhail cruach, leasacháin agus ceimiceáin. Tugann sé sin le fios go bhfuil na hearnálacha sin ag cur dlús de réir a chéile leis an ngníomhaíocht tar éis na géarchéime fuinnimh arbh é an borradh faoi phraghsanna gáis nádúrtha in 2022 mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin ba chúis leis. Is féidir leis an aschur táirgeachta éagsúil in earnálacha éagsúla údar a thabhairt leis an treocht chothrom fhoriomlán in astaíochtaí, fiú má tugadh feabhsuithe beaga éifeachtúlachta fuinnimh faoi deara freisin in earnálacha áirithe in 2024.

Tábla 4. Astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha in CTA AE (2019-2024) [milliún tona CO2eq]. Sonraí a baineadh as Clárlann an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2025.

Bliain

2019

2020

2021

2022

2023

2024

Astaíochtaí fíoraithe – suiteálacha

1 530

1 356

(1 253 RA gan áireamh)

1 337

1 313

1 096

1 033

Athrú bliain ar bhliain

-9,1 %

-11,4 %

-1,4 %

(6,6 % RA gan áireamh)

-1,8 %

-16,5 %

-5,7 %

Astaíochtaí fíoraithe - giniúint leictreachais agus teasa

822

696

(653 RA gan áireamh)

708

725

552

493

Athrú bliain ar bhliain

-14,7 %

-15,3 %

1,6 %

(8,5 % RA gan áireamh)

2,4 %

-23,9 %

-10,7 %

Astaíochtaí fíoraithe - táirgeadh tionsclaíoch

708

660

(601 RA gan áireamh)

629

589

544

540

Athrú bliain ar bhliain

-1,6 %

-6,9 %

-4,7 %

(4,7 % RA gan áireamh)

-6,4 %

-7,5 %

-0,8 %

Astaíochtaí ó dhóchán breoslaí iontaise i suiteálacha

Figures 4 agus i bhFíor 5, léirítear treochtaí in astaíochtaí ó dhóchán breosla iontaise i suiteálacha a chumhdaítear le CTA AE – mar sciar d’astaíochtaí iomlána na suiteálacha agus de réir an chineáil breosla, faoi seach 51 . Ní thagann na hastaíochtaí uile faoi CTA ó dhóchán breoslaí iontaise. Tagann roinnt astaíochtaí go díreach ó phróisis thionsclaíocha. Léirítear i bhFíor 4 sciar na nastaíochtaí ó dhóchán breoslaí iontaise in astaíochtaí iomlána suiteálacha, agus léirítear i bhFíor 5 miondealú ar astaíochtaí dócháin de réir an chineáil breosla.

Ar an iomlán, tá astaíochtaí ag dul i laghad mar gheall ar dhícharbónú na hearnála cumhachta – úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, gás nádúrtha á chur in ionad guail agus úsáid bhreise á baint as bithmhais 52 . Mar a léirítear in Figure 5, d’aisiompaigh an treocht maidir le húsáid mhéadaithe guail chrua a tugadh faoi deara in 2022 (nasctha leis an méadú ar phraghsanna gáis nádúrtha mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin) go 2024 agus an sciar is ísle de ghual crua ann ó bhí 2013 ann.

Fíor 4. Treocht sna hastaíochtaí iomlána ó dhóchán breosla iontaise i suiteálacha a chumhdaítear le CTA AE (2013-2024). Léirítear ar na lipéid sciar % d’astaíochtaí iomlána na suiteálacha.

Fíor 5 . Treocht maidir le sciar na n‑astaíochtaí ó dhóchán breoslaí éagsúla i suiteálacha a chumhdaítear le CTA AE (2013-2024). Léirítear ar lipéid sciar % d’astaíochtaí dócháin iomlána na suiteálacha. Ní thaispeántar lipéid sa chás nach sáraíonn astaíochtaí ó dhóchán breosla ar leith sciar 3 % riamh. Tagraíonn breoslaí iontaise eile* do bhreoslaí nach bhfuil liostaithe cheana féin san eochair eolais. Tá astaíochtaí ó dhóchán bithmhaise nialas-rátaithe faoi CTA AE, agus dá bhrí sin taispeántar iad sa bhreis ar astaíochtaí dócháin iomlána na suiteálacha.

8.Ioncam ó CTA AE 

Le díol lamháltas i gceantanna CTA AE, cruinnítear ioncam substaintiúil do na Ballstáit chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an aistriú fuinnimh. In 2024, ba é an t‑ioncam ceantála iomlán EUR 38,8 billiún.

·Chuaigh EUR 24,4 billiún go díreach chuig na Ballstáit agus chuaigh EUR 0,3 billiún go dtí an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus Tuaisceart Éireann.

·Soláthraíodh EUR 6,3 billiún don Chiste don Nuachóiriú CTA, soláthraíodh EUR 2,3 billiún don Chiste don Nuálaíocht le haghaidh CTA agus soláthraíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta leis an EUR 5,6 billiún a bhí fágtha chun an Plean REPowerEU a chistiú, plean a úsáideann na Ballstáit chun an taistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn agus chun borradh a chur faoin tslándáil fuinnimh – trí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear i gcaibidlí REPowerEU dá bpleananna athléimneachta agus téarnaimh a chur chun feidhme.

Léirítear le Fíor 6 dáileadh ioncam ceantála 2024. Áirítear sonraí ioncaim mionsonraithe in aghaidh na tíre agus in aghaidh an chiste i Roinn 3 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

 

Fíor 6. Dáileadh ioncam ceantála CTA 2024 idir na buiséid náisiúnta, na Cistí Nuálaíochta agus Nuachóirithe agus an tSaoráid Athléimneachta agus Téarnaimh.

Faoi Airteagal 10(3) den Threoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit 100 % den ioncam a bhailítear (nó luach airgeadais coibhéiseach) a úsáid chun tacú le gníomhú ar son na haeráide agus le haistriú fuinnimh, cé is moite d’aon ioncam a chaitheann na Ballstáit ar chabhair le haghaidh tionscail dianfhuinnimh le haghaidh costais indíreacha carbóin (féach Caibidil 8.1). Liostaítear na cuspóirí sonracha in Airteagal 10(3) agus áirítear orthu dícharbónú tionsclaíoch, aistriú fuinnimh, teicneolaíochtaí na teicneolaíochta glaine, oiriúnú don athrú aeráide, dícharbónú na hearnála iompair agus gníomhaíochtaí le haghaidh aistriú cóir. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh na hoibleagáide nua sin chun a áirithiú gur chun na gcríoch sin a chaithfear ioncam uile CTA go fírinneach.

Cumhdaítear leis an oibleagáid an tioncam ó lamháltais bhreise a chur ar ceant i ngeall ar
mhuiriompar a áireamh in CTA AE, i gcás ina spreagtar na Ballstáit chun a rannchuidiú le cosaint, athbhunú agus bainistiú níos fearr na
néiceachóras muiríbhunaithe, go háirithe limistéir mhuirí faoi chosaint, a mhéadú. Chomh maith leis sin, na Ballstáit a fhaigheann méideanna níos airde lamháltas breise mar gheall ar a gcóimheas ard cuideachtaí loingseoireachta i gcomparáid leis an daonra, ba cheart dóibh an sciar comhfhreagrach a úsáid chun críoch muirí.

Tuairiscíonn na Ballstáit don Choimisiún gach bliain faoin Rialachán Rialachais (Rialachán 2018/1999) 53 maidir leis an gcaoi a núsáideann siad a nioncam CTA. Tá na tuarascálacha sin bunaithe ar theimpléid agus cuirtear isteach iad trí Reportnet 3 arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil 54 . Tá siad ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na gníomhaireachta. Ní mór an tuairisciú a bheith mionsonraithe go leor chun comhlíonadh na sprice caiteachais a mheas. Mura ndéanfar amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar Bhallstát an fhaisnéis a chur isteach arís agus aon bhearna a líonadh isteach.

As an EUR 24,4 billiún a bhailigh na Ballstáit in ioncam CTA in 2024, tá EUR 21,2 billiún faoi réir na hoibleagáide faoi Airteagal 10(3) 55 . Tá sé sin amhlaidh toisc gur tuairiscíodh gur mhaoinigh EUR 3,2 billiún d’ioncam 2024 (13 %) cabhair do thionscail atá dian ar leictreachas le haghaidh costais indíreacha charbóin. Cé nach mór d’ioncam ábhartha uile CTA dul chuig infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus le fuinneamh, ní gá an buiséad sin a chaitheamh ina iomláine sa bhliain chéanna ina ngintear an tioncam. As ioncam 2024 a bhí le húsáid chun críocha Airteagal 10(3), eisíocadh 77 % cheana féin in 2024 agus gealladh 3 % eile do ghníomhaíochtaí sonracha. Tabharfar tuairisc i dtuarascálacha amach anseo ar an gcaoi ar bhain na Ballstáit úsáid as an gcuid eile.

Ón EUR 21,2 billiún, thuairiscigh na Ballstáit 56 go raibh EUR 16,4 billiún eisíoctha acu cheana féin agus gheall siad EUR 0,5 billiún breise chun críocha Airteagal 10(3). Fágann sé sin go bhfuil thart ar EUR 4,3 billiún fós le leithdháileadh, le heisíoc agus le tuairisciú.

Tá deighilt i dTábla 5 idir an EUR 24,4 billiún a bhailigh na Ballstáit in ioncam CTA in 2024.

Tábla 5. Roinnt an ioncaim CTA dar luach EUR 24,4 bhilliún a bhailigh na Ballstáit in 2024

Ioncam
(EUR billiún)

Ioncam a tuairiscíodh mar ioncam a úsáideadh chun cabhair le haghaidh costais charbóin indíreacha a mhaoiniú

3,2

Ioncam atá faoi réir oibleagáid Airteagal 10(3) agus a eisíocadh in 2024

16,4

Ioncam a bhailigh na Ballstáit in 2024, faoi réir oibleagáid Airteagal 10(3) agus a gealladh

0,5

Ioncam a bhailigh na Ballstáit in 2024, atá fós le leithdháileadh, le heisíoc
agus a tuairiscíodh

4,3

Maidir leis an ioncam EUR 16,4 billiún a tuairiscíodh mar ioncam a gineadh agus a eisíocadh in 2024 chun críocha Airteagal 10(3), úsáideadh EUR 3,2 billiún le haghaidh tionscadail sa chatagóir ‘Soláthar fuinnnimh - foinsí fuinnmh in‑athnuaite, eangacha agus stóráil fuinnimh’, EUR 3,3 billiún le haghaidh ‘Éifeachtúlacht fuinnimh, téamh agus fuarú i bhfoirgnimh’ agus EUR 3,6 billiún le haghaidh ‘Iompar poiblí agus soghluaisteacht’. I measc na samplaí tá deontais le haghaidh uasghráduithe gaoithe agus bithgháis amach ón gcósta sa Danmhairg, tionscadail iarfheistithe dhomhain lena mbaineann laghdú 40 % ar a laghad ar thomhaltas teasa i bhfoirgnimh chónaithe sa Liotuáin agus infheistíochtaí in iompar iarnróid agus i gconairí rothaíochta sa tSlóivéin.

Ina theannta sin, thuairiscigh na Ballstáit gur úsáid siad EUR 0,8 billiún le haghaidh tionscadail in ‘Dícharbónú tionscail (teicneolaíochtaí ísealcharbóin, GÚSC agus éifeachtúlacht fuinnimh san earnáil thionsclaíoch gan an earnáil fuinnimh a áireamh)’, lena n‑áirítear cistiú le haghaidh tionscadail hidrigine chun an tionscal sa Ghearmáin a dhícharbónú.

Thuairiscigh na Ballstáit freisin gur úsáid siad EUR 1,4 billiún ar bheart agus ar thionscadail in ‘Tacaíocht shóisialta agus aistriú cóir’, lena n‑áirítear ‘Ciste Glas’ na Gréige lena gcistítear gníomhaíochtaí chun réigiúin a fhorbairt a bhfuil a ngeilleagair ag aistriú ó bhreoslaí iontaise chomh maith le tionscadail chun foraoisí a chosaint agus a bhainistiú.

Thuairiscigh na Ballstáit freisin gur úsáid siad EUR 0,5 billiún ar bhearta in ‘Iompar de bhóthar (gluaisteáin, trucailí)’, lena n‑áirítear tacaíocht airgeadais chun feithiclí leictreacha agus/nó hibrideacha a cheannach sa tSualainn, sa Laitvia, sa Rómáin agus i Málta.

I gcás EUR 2,8 billiún in eisíocaíochtaí 2024, thuairiscigh na Ballstáit gníomhaíochtaí, nach raibh oiriúnach d’aon chatagóir sna teimpléid nó a bhí oiriúnach do roinnt catagóirí (sna cásanna sin, thuairiscigh na Ballstáit ‘Eile’ i leith an chatagóra). I measc na samplaí tá an ciste bithéagsúlachta sa Spáinn lena mbítear in ann éiceachórais a athchóiriú, fuinneamh in‑athnuaite a úsáid i gceantair thuaithe, agus cleachtais inbhuanaithe talamhúsáide lena méadaítear an bhithéagsúlacht go comhpháirteach agus lena mbaintear amach laghduithe intomhaiste astaíochtaí ar leibhéal an tírdhreacha atá le huas-scálú.

Déantar achoimre i bhFíor 7 ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ioncam CTA sna catagóirí éagsúla.

Fíor 7. Roinnt an EUR 16,4 billiún d’ioncam ceantála CTA 2023 a thuairiscítear mar ioncam a eisíocadh, in aghaidh na catagóire. I measc na gcatagóirí comhcheangailte faoi bhun EUR 500 milliún tá (in EUR milliún): oiriúnú (105), críocha idirnáisiúnta agus maoiniú idirnáisiúnta don aeráid (94), LULUCF, talmhaíocht agus aistrithe talamhbhunaithe (349), costais riaracháin (50), bainistiú dramhaíola (28), muiriompar (29), eitlíocht (14), aistrithe buana (3).

Chuir ioncam ceantála CTA AE leis na tionscadail sin, rud a raibh géarghá leis agus le roinnt mhaith tionscadal eile a bhfuil tionchar acu ar an ngníomhú ar son na haeráide agus ar an gclaochlú fuinnimh sna Ballstáit. Ní hamháin gur chuidigh na tionscadail sin le hastaíochtaí a laghdú, ach chinntigh siad freisin go bhfuil an t‑aistriú glas cóir. Rud atá tábhachtach, ní mór do na Ballstáit iarracht a dhéanamh chun a áirithiú gur léir foinse an chistithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí nó na dtionscadal a chistítear ó ioncam CTA chun rannchuidiú CTA AE le dícharbónú forchéimnitheach agus leis an aistriú cóir a léiriú. I gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí a tuairiscíodh le haghaidh 2024, ní léir an léirítear agus an bpoiblítear CTA AE go sainráite mar fhoinse chistiúcháin, rud a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ina leith.

Tá forléargas ar an gcaoi ar úsáid gach Ballstát a ioncam CTA san áireamh i dtuarascáil 2025 ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide, sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi 57 .

Cabhair le haghaidh costais indíreacha

Faoi Airteagal 10a(6) den Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, moltar do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá i bhfíor-riosca sceite carbóin mar gheall ar chostais mhóra indíreacha charbóin. Tagraíonn sé sin don chostas carbóin a chuirtear ar aghaidh chuig tionscail leictridhian trína mbillí leictreachais, mar thoradh ar lamháltais CTA a bheith á gceannach ag cuideachtaí fuinnimh.

Ghlac an Coimisiún treoirlínte CTA AE maidir le Státchabhair chun na coinníollacha faoina soláthraíonn na Ballstáit an chabhair sin a chomhchuibhiú agus chun saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a íoslaghdú 58 . Bunaítear leis na treoirlínte sin na hearnálacha atá i bhfíor-bhaol sceite carbóin mar gheall ar chostais astaíochtaí indíreacha agus sonraítear iontu gur cheart do thairbhithe cuid den chabhair a athinfheistiú i dtionscadail a laghdaíonn a lorg carbóin díreach nó indíreach, agus leis sin a neamhchosaint ar riosca sceite carbóin.

Gach Ballstát a sholáthraíonn Státchabhair chun costais astaíochtaí indíreacha a chúiteamh, thug sé fógra don Choimisiún faoina scéim le haghaidh measúnú Státchabhrach agus fuair sé aitheantas ar chomhoiriúnacht na scéime leis an margadh inmheánach. Ceanglaítear ar na Ballstáit a sholáthraíonn cúiteamh den sórt sin méid iomlán an chúitimh a íocadh a fhoilsiú, lena n‑áirítear miondealú in aghaidh na hearnála nó na fo-earnála tairbhíche.

In 2024, sholáthair 15 Bhallstát cabhair le haghaidh costais indíreacha a tabhaíodh in 2023. Is ionann sin agus an bhliain seo caite. Mar sin féin, tá athrú tagtha ar an gcomhdhéanamh tar éis do scéim tacaíochta sealadaí dul in éag san Ostair agus tar éis don Ísiltír íocaíochtaí a thabhairt isteach an athuair.

Déantar achoimre i dTábla 6 ar na híocaíochtaí a rinne na Ballstáit agus cuirtear i gcomparáid iad le hioncam ceantála 2023. Thart ar EUR 5,52 billiún a bhí sna híocaíochtaí iomlána costais indírigh in 2024. Is méadú 40 % é sin i gcomparáid leis an EUR 3,95 billiún a eisíocadh in 2023, agus bhí an líon suiteálacha a fuair cabhair gan athrú den chuid is mó ag thart ar 1 850.

Tábla 6. Méideanna cabhrach arna n‑íoc in 2024 ó ioncam ceantála CTA le haghaidh costais indíreacha arna dtabhú in 2023

Ballstát

Cúiteamh a íocadh  
ar chostais indíreacha  
a tabhaíodh in 2023  
[EUR milliún]

An líon  
rannpháirtithe  
(suiteálacha)

Ioncam  
ceantála  
in 2023 [3]   
[EUR milliún]

Méid coibhneasta na cabhrach le haghaidh costais indíreacha i gcomparáid le hioncam ceantála

an Bheilg

249,9

56

739,9

33,8 %

an tSeicia

60,4

23

771,3

7,8 %

an Fhionlainn

143,2

55

571,5

25,1 %

an Fhrainc

908,8

293

2 060,1

44,1 %

an Ghearmáin

2 395,0

707

7 582,5

31,6 %

an Ghréig

287,0

57

1 441,8

19,9 %

an Iodáil

165,5

252

3 547,4

4,7 %

Lucsamburg

37,6

4

7,6

492,0 %

an Ísiltír

147,3

48

1 261,1

11,7 %

an Pholainn

614,6

97

5 406,7

11,4 %

an Phortaingéil

25,0

23

726,7

3,4 %

an Rómáin

116,7

31

571,8

20,4 %

an tSlóvaic

58,3

9

377,5

15,4 %

an tSlóivéin

25,4

16

186,5

13,6 %

an Spáinn

282,8

191

3 514,0

8,0 %

Is iad praghsanna lamháltais níos airde is cúis go príomha leis an méadú ar chabhair iomlán. Bunaítear an chabhair i mbliain ar leith ar réamhphraghas na lamháltas sa bhliain roimhe sin. Dá bhrí sin, is ar an meánréamhphraghas in 2022 a bunaíodh an chabhair a eisíocadh in 2024 le haghaidh na gcostas a tabhaíodh in 2023. Is EUR 83,59 a bhí sa phraghas sin, ar méadú thart ar 50 % é i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin 59 . Ní thagann méadú ar iomlán na níocaíochtaí cabhrach go huathoibríoch faoin gcion céanna leis an bpraghas lamháltais ós rud é gur minic a bhíonn buiséad uasta, arna ríomh don tréimhse iomlán iarratais (i bhformhór na gcásanna, 2021-2030), ag scéimeanna cúitimh na mBallstát.

Tháinig méadú freisin ar íocaíochtaí cabhrach le haghaidh cúiteamh ar chostais indíreacha in 2024 nuair a shloinntear iad mar sciar d’ioncam ceantála náisiúnta. Bhí an méid a íocadh coibhéiseach le 19 % d’ioncam ceantála 2023 a bhailigh na Ballstáit rannpháirteacha, i gcomparáid le 16 % in 2022. Dá bhrí sin, tá méadú tagtha ar an sciar sin, ach níos moille ná an praghas lamháltais agus an dearbhmhéid cúitimh a íocadh araon. Is amhlaidh atá go príomha toisc i) go gcuirtear in aghaidh éifeacht praghsanna lamháltais níos airde go páirteach leis an laghdú ar dhearbhmhéid na lamháltas a chuirtear ar ceant; agus ii) go bhféadfar an cúiteamh iomlán a theorannú leis na buiséid a leithdháiltear ar gach scéim náisiúnta.

Na Ballstáit a chaitheann níos mó ná 25 % dá n‑ioncam ceantála ar chostais indíreacha aon bhliain áirithe, ceanglaítear orthu tuarascáil a fhoilsiú ina mínítear an fáth gur sháraigh siad an tairseach sin. In 2023, d’fhan formhór na mBallstát i bhfad faoi bhun an leibhéil sin, ach chaith cúig Bhallstát níos mó. Tugtar achoimre thíos ar na húdair a chuir na Ballstáit sin ar fáil.

Sháraigh íocaíochtaí cabhrach ón mBeilg, ón bhFrainc agus ó Lucsamburg an tairseach sin le formhór na 5 bliana roimhe sin. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, cuireadh an cion ard d’ioncam ceantála a íocadh sa Bheilg agus sa Fhrainc síos do sciar ard giniúna leictreachais ísealcharbóin na tíre, rud a d’fhág go raibh ioncam ceantála réasúnta íseal ann i gcomparáid lena sciar de thionscail leictridhiana.

I gcás Lucsamburg, lean an caiteachas de bheith i bhfad níos mó ná a ioncam ceantála iomlán. Is é is cúis leis sin i bpáirt an úsáid a bhaineann sé as lamháltais CTA chun astaíochtaí a fhritháireamh sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill 60 . Tugtar solúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill ar an gcleachtas sin (féach Caibidil 4.2 ).

San Fhionlainn agus sa Ghearmáin, mhéadaigh sciar an ioncaim go dtí os cionn 25 % freisin. I ngach cás, chuir na húdaráis é sin i leith an mhéadaithe ar phraghsanna lamháltais a úsáidtear mar bhonn le haghaidh cúitimh. Léirigh anailís stairiúil a rinne údarás trádála astaíochtaí na Gearmáine gur sáraíodh an tairseach 25 % ceithre huaire ó bhí 2013 ann agus sainaithníodh praghsanna arda lamháltas mar an príomhspreagthóir sna cásanna sin 61 .

An Ciste don Nuálaíocht le haghaidh CTA

Tá an Ciste don Nuálaíocht ar cheann de na cláir chistiúcháin is mó ar domhan chun réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin agus saor ó charbón a chur i bhfeidhm in earnáil na tionsclaíochta, san fhuinnimh, agus i soghluaisteacht agus foirgnimh, arna gcistiú go hiomlán ag CTA AE. Soláthraíonn an Ciste deontais le haghaidh tionscadail a bhfuil sé d’aidhm acu teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a thráchtálú agus réitigh thionsclaíocha a chur ar an margadh chun an Eoraip a dhícharbónú agus chun tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Agus buiséad iomlán measta EUR 40 billiún ar fáil dó (bunaithe ar phraghas carbóin EUR 75/tCO2), tá 11 ghlao ar thograí seolta ag an gCiste don Nuálaíocht ó bhí 2020 ann, lena n‑áirítear dhá ghlao le haghaidh ceantanna faoin mBanc Eorpach Hidrigine.

Tugann an Coimisiún tuairisciú níos mionsonraithe ar leithligh ar chur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht. An tríú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht, tá coinne leis in R4-2025 62 .

I mbabhta glaonna 2023 a dúnadh i mí Feabhra 2024 (Ceant) agus i mí Aibreáin 2024 (Teicneolaíochtaí Glan‑Nialasacha), chuaigh 83 thionscadal isteach i bpunann an Chiste agus tugadh EUR 4,9 billiún lena n‑aghaidh mar thacaíocht don dícharbónú i dtionscail dianfhuinnimh, táirgeadh hidrigine, giniúint fuinnimh in‑athnuaite, earnáil na soghluaisteachta (lena n‑áirítear an earnáil mhuirí agus eitlíochta) agus monarú príomhtheicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Tá an tacaíocht scaipthe ar fud 18 dtír de chuid an Aontais agus LEE, lena n‑áirítear tionscadail a síníodh den chéad uair san Eastóin agus sa tSlóvaic. Meastar go laghdóidh na tionscadail sin 408 milliún tona CO2e le linn a gcéad 10 mbliana oibríochta.

Den chéad uair, reáchtáladh ceant chun hidrigin in‑athnuaite a tháirgeadh faoin mBanc Eorpach Hidrigine in 2023. Roghnaíodh sé thionscadal, le tacaíocht EUR 694 mhilliún chun 1,52 milliún tona hidrigine in‑athnuaite a tháirgeadh le linn a gcéad 10 mbliana oibríochta. Áirithíodh leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch sin tacaíocht chostéifeachtach chun hidrigin glas a sholáthar d’earnálacha na talmhaíochta, an mhuiriompair agus an iompair tromshaothair, agus do tháirgeadh meatáin leictreonaigh agus meatánóil leictreonaigh. Baineadh úsáid as an ngné ‘Ceant mar Sheirbhís’ agus chuir an Ghearmáin EUR 350 milliún le fuinneog chistiúcháin náisiúnta.

Sa ghlao ar dheontais a foilsíodh in 2023, tionóladh ábhar monaraíochta den chéad uair le 20 tionscadal ar tacaíodh leo le EUR 1,0 billiún chun príomhtheicneolaíochtaí a tháirgeadh san aistriú glan‑nialasach amhail leictrealóirí, painéil ghréine, ceallraí, teaschaidéil agus tuirbíní gaoithe. Ar an gcaoi chéanna, tionóladh an t‑ábhar píolótach, a dhírigh ar thionscadail an‑nuálach a bhfuil acmhainneacht dícharbónaithe dhomhain acu, den chéad uair le 19 dtionscadal ar tacaíodh leo le EUR 489 milliún ar fud raon earnálacha lena n‑áirítear hidreafhuinneamh pumpála, stóráil fuinnimh theirmigh, fuinneamh muirí, fuinneamh taoide agus tuilleadh.

Bhain na tionscadail eile leis an topaic mhórscála (23 thionscadal a raibh tacaíocht EUR 2,8 billiún ag gabháil leo), tionscadail mheánscála (14 thionscadal a raibh EUR 434 mhilliún ag gabháil leo) agus tionscadail mhionscála (7 dtionscadal a raibh EUR 30 milliún ag gabháil leo).

Faoi mhí Iúil 2025, áiríodh i bpunann an Chiste 194 thionscadal atá ar siúl faoi láthair a bhfuil sé beartaithe tacaíocht EUR 11,3 billiún a fháil ina leith 63 . Tá na tionscadail sin lonnaithe i 27 dtír AE/LEE agus tá coinne leis go mbainfidh siad amach thart ar 860 milliún i gcoigilteas ar astaíochtaí CO2e le linn a gcéad 10 mbliana oibríochta.

Tá an dreasacht arna soláthar ag praghas carbóin CTA AE le haghaidh na dtionscadal sin i bhfad níos airde ná méid an chistiúcháin arna fhoinsiú ag CTA AE. Mar shampla, is thart ar EUR 65 bhilliún an tairbhe don chostas carbóin a seachnaíodh do chásanna gnó cuideachtaí ó na tionscadail a fuair tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht go dtí seo (costais charbóin a seachnaíodh mar gheall ar astaíochtaí níos ísle ar mheánphraghas carbóin EUR 75/tCO2). Is é sin a léirítear le loighic CTA AE, inarb é an praghas carbóin an phríomhdhreasacht fhadtéarmach, agus an dreasacht sin á forlíonadh ag an gCiste don Nuálaíocht chun dlús a chur le hathruithe 64 .

Ag deireadh 2024, sheol an Coimisiún trí ghlao nua le buiséad iomlán EUR 4,6 billiún:

·Teicneolaíochtaí glannialasacha: Bhí buiséad EUR 2,4 billiún ag an nglao ar theicneolaíochtaí glannialasachta agus fuair sé 359 dtogra san iomlán ó 28 dtír nuair a dúnadh é i mí Aibreáin 2025. Le chéile, d’iarr na tionscadail sin EUR 21,7 billiún i dtacaíocht, níos mó ná naoi noiread an bhuiséid a bhí ar fáil. Léirítear sna réamhthorthaí gur cumhdaíodh sa ghlao príomhréimsí dícharbónaithe i roinnt catagóirí: tionscail dianfhuinnimh (169 dtogra), bainistiú carbóin tionsclaíoch (24), fuinneamh inathnuaite (67), agus stóráil fuinnimh (43). Tugadh isteach an chatagóir Soghluaisteachta in 2023, lena gcumhdaítear muiriompar, eitlíocht agus iompar de bhóthar, agus mheall sí 50 togra, agus fuair earnáil na bhfoirgneamh 6 thogra. Go háirithe, bhí spéis mhór ag earnálacha amhail ceimiceáin, stroighin agus aol, scaglanna, agus hidrigin ann. Foilseoidh an Coimisiún torthaí an ghlao sin sa dara leath de 2025. 

·Ceallraí: Den chéad uair, sheol an Coimisiún an tacaíocht chun cealla ceallraí feithiclí leictreacha a mhonarú. Bhí buiséad EUR 1 bhilliún ag an nglao agus fuarthas 14 thogra ó ocht dtír i mí Aibreáin 2025. I mí Iúil 2025, fógraíodh gur roghnaíodh sé thionscadal le haghaidh cistiú faoin nglao sin ón bhFrainc (dhá cheann), ón nGearmáin (dhá cheann), ón tSualainn agus ón bPolainn chun tacaíocht chomhcheangailte EUR 852 mhilliún a dhámhachtain orthu. Beidh toilleadh monaraíochta ceallraí comhcheangailte de thart ar 56 ghigeavatuair (GWh) de chealla ceallraí eV in aghaidh na bliana ag na tionscadail sin. 

·Ceant hidrigine: Ba é an tríú glao ar thograí an dara babhta de cheant an Bhainc Hidrigine Eorpaigh chun hidrigin inathnuaite a tháirgeadh. Osclaíodh an ceant le buiséad iomlán EUR 1,2 billiún, lena náirítear buiséad tiomnaithe nua EUR 200 milliún do thionscadail le ceannaitheoirí ón earnáil mhuirí. Dúnadh an ceant i mí Feabhra 2025 le 66 thairiscint ó 11 thír. Roghnaíodh 15 thionscadal i gcúig thír éagsúla chun an comhaontú deontais a ullmhú.Áiríodh sa scéim freisin imchlúdaigh náisiúnta faoin scéim ‘Ceantanna mar Sheirbhís’ leis an Ostair a sholáthair EUR 400 milliún, an Spáinn EUR 280–400 milliún agus an Liotuáin EUR 36 mhilliún. Ní mór do na 15 thionscadal roghnaithe ráthaíocht chríochnaithe a chur ar fáil sula síníonn siad an comhaontú deontais. D’fhéadfadh cuid acu a chinneadh gan déanamh amhlaidh, tarraingt siar ón bpróiseas roghnúcháin agus deiseanna a chruthú do thionscadail ón liosta ionadaithe a niarrfar orthu tús a chur le hullmhú an chomhaontaithe deontais. Foilseofar liosta deiridh na dtionscadal ar bronnadh deontas orthu faoi dheireadh 2025.

Chun aibíocht theicniúil, airgeadais agus oibríochtúil tionscadal nuálach a mhéadú, riartar cúnamh forbartha tionscadail (PDA) tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta. In 2024, shínigh BEI 23 chomhaontú PDA agus chuaigh sé ar aghaidh lena bhforghníomhú. Ó cuireadh tús leis an gclár, tá comhaontú tacaíochta sínithe ag 62 thionscadal agus cuireadh i gcrích iad. Tá tionchar PDA ag éirí níos feiceálaí, agus fuair naoi dtionscadal nár éirigh leo roimhe sin deontas faoi Ghlao 2023 ar an gCiste don Nuálaíocht. Tá PDA leathnaithe anois freisin chun go mbeidh sé oscailte d’fhorbróirí tionscadail nach ndearna iarratas ar an gCiste go fóill, a chuir iarratais go díreach chuig BEI 65 .

Ó 2023, tá Séala STEP (Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip) faighte ag gach tionscadal a chomhlíonann na híostairseacha le haghaidh na gcritéar dámhachtana uile sna gnáthghlaonna deontais (cibé acu a roghnaíodh nó nár roghnaíodh iad le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht) 66 . Is é an Séala lipéad cáilíochta an Aontais a bhronntar ar thionscadail ardcháilíochta a rannchuidíonn le cuspóirí STEP agus a chuidíonn le rochtain ar chistiú ó na Ballstáit nó ó infheisteoirí príobháideacha a éascú.

Ciste don Nuachóiriú CTA

Is clár dlúthpháirtíochta é an Ciste don Nuachóiriú, a mhaoinítear ó CTA AE. Ag tacú ar dtús le 10 mBallstát ísealioncaim 67 , ó 2024, tacaíonn an ciste le trí Bhallstát bhreise ar ioncam íseal 68 , chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach trí chabhrú leo tionscadail a chur i bhfeidhm lena ndéantar córais fuinnimh a nuachóiriú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Tagann buiséad an Chiste ó sciar de chaidhp CTA AE (a chomhfhreagraíonn do 438 milliún lamháltas) a chur ar ceant, arna leithdháileadh i measc na mBallstát is tairbhithe de réir eochair sheasta 69 . Ina theannta sin, d’aistrigh sé Bhallstát is tairbhithe 320 milliún lamháltas ó chéim 3 de CTA AE (2013-2020) chuig an gCiste don Nuachóiriú. Fágann sé sin go bhfuil níos mó ná 750 milliún lamháltas i gceist, nó EUR 56 bhilliún idir 2021 agus 2030 ag glacadh le meánphraghas EUR 75/tCO2 ar charbón. 

Cé go roghnaíonn na Ballstáit na hinfheistíochtaí ar mian leo tacú leo, ceanglaítear orthu an chuid is mó dá n‑acmhainní faoin gCiste a úsáid le haghaidh infheistíochtaí tosaíochta. Áirítear orthu sin leictreachas in‑athnuaite a ghiniúint agus a úsáid, téamh agus fuarú, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, tacaíocht do theaghlaigh ísealioncaim chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus gníomhaíochtaí le haghaidh aistriú cóir i réigiúin a bhraitheann ar bhreosla iontaise. Athbhreithníonn BEI na tograí infheistíochta. Déanann an Coimisiún cinneadh eisíocaíochta a luaithe a dheimhníonn BEI infheistíocht mar thosaíocht nó a luaithe a mholann sé go ndéanfadh Coiste Infheistíochta an Chiste í a mhaoiniú mar infheistíocht nach tosaíocht í. Eisítear cinntí maidir le heisíocaíochtaí in dhá thimthriall gach bliain, lena gcumhdaítear infheistíochtaí sna Ballstáit uile is tairbhithe.

Ó bhí mí Eanáir 2021 ann, deimhníodh 200 scéim agus tionscadal aonair le haghaidh méid iomlán EUR 19,1 billiún, méid a eisíocadh leis na Ballstáit is tairbhithe. Baineann na tionscnaimh sin den chuid is mó le fuinneamh in‑athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil fuinnimh agus nuachóiriú na líonraí fuinnimh.

I mí an Mheithimh 2025, ghlac an Coimisiún an ochtú cinneadh maidir le heisíocaíocht 70 faoin gCiste don Nuachóiriú, an ciste is mó ó bhí 2021 ann. Ar an mbonn sin, rinne BEI íocaíochtaí ar luach EUR 3,7 billiún san iomlán le 10 mBallstát 71 is tairbhithe chun 34 thogra infheistíochta a mhaoiniú. Áirítear ar na tionscadail tacú le clár aeir ghlain a fhorbairt lena dtacaítear le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus le foinsí teasa a athsholáthar i dtithe aonteaghlaigh sa Pholainn agus acmhainneacht na heangaí leictreachais sa Laitvia a mhéadú.

Cuireadh deireadh le glacadh na n‑aighneachtaí le haghaidh babhta eile tograí faoin gCiste don Nuachóiriú an 12 Lúnasa 2025 i gcás tionscadail nach tosaíocht iad agus an 09 Meán Fómhair 2025 i gcás tionscadal tosaíochta.

Ó 2025 ar aghaidh, ní mór d’infheistíochtaí na ceanglais ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chomhlíonadh freisin (seachas i gcás infheistíochtaí a chistítear trí úsáid a bhaint as na lamháltais aistrithe).

Ciste Dícharbónaithe CTA don Ghréig

Le hAirteagal 10a(9) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tugtar an ceart don Ghréig, faoi choinníollacha áirithe, suas le 25 mhilliún lamháltas a éileamh chun soláthar leictreachais a cuid oileán a dhícharbónú 72 . Trí na lamháltais sin a chur ar ceant, maoineofar an Ciste, a meastar gur fiú thart ar EUR 2 bhilliún é. Tá an Ghréig, an Coimisiún Eorpach agus BEI ag obair chun an fhoráil sin a oibríochtú. I mí na Samhna 2024, shínigh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um an gComhaontú Glas don Eoraip, Maroš Šefčovič, in éineacht le hAire Comhshaoil agus Fuinnimh na Gréige, Theodoros Skylakakis, agus Leas-Uachtarán BEI, Ioannis Tsakiris, comhaontú tríthaobhach in Naxos na Gréige, chun Ciste náisiúnta Dícharbónaithe CTA a chur ar bun d’oileáin na Gréige 73 .

Beidh BEI freagrach as measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht airgeadais agus ar shochair shocheacnamaíocha thogra tionscadail na Gréige chun soláthar leictreachais a cuid oileán a dhícharbónú. Má chomhlíontar na coinníollacha uile, chuirfí na lamháltais ar ceant agus chuirfí na hioncaim ar fáil chun suas le 60 % de chomhpháirteanna formheasta an tionscadail a chómhaoiniú. I dtéarmaí nithiúla, ba cheart don chistiú tacú le tionscadail soláthair fuinnimh in‑athnuaite ar na hoileáin, amhail córais fhótavoltacha, feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus córais stórála neamhspleácha, chomh maith le tionscnaimh chun oileáin a nascadh le heangach leictreachais na mórthíre. Rannchuideoidh an Ciste freisin le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus feabhsóidh sé athléimneacht in aghaidh teagmhais adhaimsire.

9.Eitlíocht

Is le CTA AE atá astaíochtaí ón earnáil eitlíochta á rialáil ó bhí 2012 ann. Ó thaobh an dlí de, cumhdaíonn an córas gach eitilt a imíonn ó LEE, agus eitiltí a thagann isteach mura bhfuil díolúine acu.

In 2013, áfach, theorannaigh an tAontas oibleagáidí CTA d’earnáil na heitlíochta d’eitiltí laistigh den LEE, chun tacú le beart domhanda margadhbhunaithe a fhorbairt chun astaíochtaí eitlíochta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) a laghdú 74 . Cuireadh síneadh le teorannú chumhdach na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí trí huaire ó shin agus cuirtear i dtábhacht in athbhreithniú 2023 ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí gur cheart gurb é sin an maolú deireanach faoi cheangal ama ar CTA AE 75 . Tá eitiltí chuig agus ar ais as thart ar 75 thír is lú forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha díolmhaithe ar bhonn leanúnach.

Ón 1 Eanáir 2020, cumhdaíonn CTA AE astaíochtaí ó eitiltí amach chun na hEilvéise, agus tá feidhm ag CTA na hEilvéise maidir le heitiltí a imíonn chuig aerfoirt LEE. Áirithítear leis sin dreasacht dícharbónaithe agus cothrom iomaíochta á coinneáil ar bun sa dá threo an tráth céanna. Ón 1 Eanáir 2021, tá feidhm fós ag CTA AE freisin maidir le heitiltí amach chuig an Ríocht Aontaithe, agus beidh feidhm ag CTA na Ríochta Aontaithe maidir le heitiltí ag imeacht chuig aerfoirt in LEE. Coinnítear cumhdach na praghsála carbóin ar astaíochtaí eitlíochta leis sin, d’ainneoin imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

Ón 1 Eanáir 2024, cumhdaítear le CTA AE astaíochtaí ó fhormhór na neitiltí 76 chuig na naoi réigiún is forimeallaí san Aontas agus uathu chomh maith le hastaíochtaí ó eitiltí a imíonn ó na réigiúin is forimeallaí chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe. Agus iad uile in éineacht le chéile, fágfaidh sé sin go ndéanfar leathnú thart faoi 7 % ar chumhdach phraghsáil carbóin CTA. Chuir an Eilvéis astaíochtaí san áireamh freisin ó eitiltí a imíonn chuig na réigiúin is forimeallaí ina CTA ó bhí 2024 ann 77 .

I gcomhthreo, chun dul chun cinn a éascú ag an EESI, cuireadh síneadh le raon feidhme teoranta CTA AE laistigh den Aontas Eorpach le haghaidh na heitlíochta go dtí deireadh 2026 toisc gur cheart an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) a bheith á cur i bhfeidhm ag gach tríú tír mhór ó 2027 ar aghaidh. Mar chuid d’athbhreithniú CTA i lár 2026, ceanglaítear ar an gCoimisiún a mheas an mó nó an lú ná 70% nó níos lú d’astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta iad na stáit nach Ballstáit den Aontas iad a mheastar a bheith rannpháirteach in CORSIA, ar bhonn na bhfigiúirí astaíochtaí is déanaí (Airteagal 28b 3(b) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí). Is é is aidhm don chur chuige sin gach tír ar cheart dóibh a bheith rannpháirteach in CORSIA a dhreasú nuair a bheidh sé ‘éigeantach’ an scéim a chur chun feidhme 78 . Ar an iomlán, molann an tAontas do gach tír a bheith rannpháirteach.

Leagtar amach sa mheasúnú a shainordaítear leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí paraiméadair shoiléire chun an tairseach 70 % a ríomh. Comhaireann an tuimhreoir astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta arna léiriú ag ‘stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3)’, rud a chiallaíonn stáit seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, áirítear san uimhreoir astaíochtaí ó bhealaí idir na stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme, chomh maith le bealaí idir Ballstát LEE nó an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus na stáit sin. Cloíonn an measúnú leis an bprionsabal bealachbhunaithe, i.e. ag glacadh leis go bhfuil aon eitilt ar na bealaí sin faoi réir fhritháireamh CORSIA, fiú más iompróir a thugann fógra ó stát neamh-rannpháirteach a oibríonn í 79 . Cuireann sé sin cosc ar ghannmheastachán. Is é ainmneoir an ríomha sin na ‘hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta’ uile, rud a chiallaíonn na hastaíochtaí uile ar bhealaí idir dhá thír ICAO. Úsáidfear figiúirí arna bhfoilsiú 80 ag Rúnaíocht ICAO don ríomh sin, a thuairiscíonn tíortha go díreach, nó líonfaidh Rúnaíocht ICAO bearnaí de réir modheolaíocht chomhaontaithe. Is mar a leanas atá an ríomh:

In 2024, eisíodh thart ar 27,6 milliún lamháltas eitlíochta i gcomhréir le raon feidhme CTA AE is infheidhme. Bhí 17,5 milliún lamháltas sa leithdháileadh saor in aisce. Fuair oibreoirí aerárthaigh arna riar ag riarthóirí náisiúnta in LEE beagán níos mó ná 0,3 milliún lamháltas eitlíochta Eilvéiseach saor in aisce faoi CTA na hEilvéise. Cuireadh tuairim is 6,7 milliún lamháltas eitlíochta ar ceant in 2024.

Lean astaíochtaí ó oibreoirí aerárthaigh de bheith ag méadú in 2024 i gcomparáid le 2023. In 2024, ba é 62,6 Mt CO2eq na hastaíochtaí (lena n‑áirítear 1,1 Mt d’oibreoirí arna riar ag an Eilvéis), suas ó 54,3 Mt in 2023. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, leathnú an raoin feidhme gheografaigh do na réigiúin is forimeallaí. Leagtar amach le Tábla 7 astaíochtaí fíoraithe ó oibreoirí aerárthaigh, in éineacht leis na méideanna lamháltas arna leithdháileadh saor in aisce agus a cuireadh ar ceant san earnáil eitlíochta ó bhí 2019 ann. Ó bhí 2021 ann, áfach, ní chumhdaítear eitiltí a thagann isteach ón Ríocht Aontaithe le CTA AE a thuilleadh.

Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, glacadh dhá athchóiriú a bhain le CTA AE le haghaidh na heitlíochta in 2023 – chun laghduithe astaíochtaí san earnáil 81 a chur chun cinn agus chun CORSIA a chur chun feidhme i ndlí an Aontais le haghaidh eitiltí lasmuigh den Eoraip de chuid aerlínte atá bunaithe san Aontas 82 . Tá siad á gcur chun feidhme faoi láthair.

Chun CORSIA a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ghlac an Coimisiún i mí Iúil 2025 an liosta de na stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu maidir le hastaíochtaí in 2025 83 . Déantar an liosta sin a nuashonrú gach bliain. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún na rialacha maidir le ceanglais fritháirithe faoi CORSIA a ríomh 84 . Úsáidfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit na rialacha sin le haghaidh astaíochtaí go dtí deireadh 2026.

Mar chéim mhór chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, tá an Coimisiún ag foilsiú tuilleadh sonraí maidir le hastaíochtaí eitlíochta, agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de á gcosaint aige an tráth céanna. I mí an Mheithimh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún sonraí comhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí bliantúla ó phéirí aeradróm laistigh de LEE in 2023 85 . Ba é sin an chéad chéim chun na sonraí uile le haghaidh 2023 a fhoilsiú.

Tábla 7. Eitlíocht in CTA AE (2019-2024) – astaíochtaí fíoraithe [milliún tona CO2eq], leithdháileadh saor in aisce agus lamháltais arna gcur ar ceant [milliún lamháltas] Sonraí a baineadh as Clárlann an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2025.

Bliain

2019

2020

2021

2022

2023

2024

Astaíochtaí fíoraithe - eitlíocht

68,2

25,2

27,9

49,5

54,3

62,6

Athrú bliain ar bhliain 86

+1 %

-63 %

+30 %

+77 %

+9,7 %

+15,3 %

Leithdháileadh saor in aisce (AE27 + an Íoslainn, Lichtinstéin,  
agus an Iorua  
agus an Iorua) 87

31.3 88

32.5

24,0

23,1

22,5

17,5

Lamháltais arna leithdháileadh chun tacú le breosla eitlíochta inbhuanaithe a chur ar bord (FEETS)

/

/

/

/

/

1,3

Leithdháileadh saor in aisce ón gcúlchiste speisialta le haghaidh iontrálaithe nua agus oibreoirí atá ag fás go tapa

1,0

0,8

0,3

0,25

0,23

/

Méideanna lamháltas a cuireadh ar ceant

5,5

9,2

3,8

3,7

5,7

6,7

Le hathbhreithniú 2023 ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, rinneadh cur chun feidhme an phrionsabail gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chur ar aghaidh san earnáil eitlíochta. Cuirfear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce i gcás oibreoirí aerárthaigh faoi dheireadh 2025. In 2025, leithdháiltear 50 % níos lú lamháltas saor in aisce ar oibreoirí aerárthaigh.

Tá géarghá le dícharbónú eitlíochta. Soláthraíonn praghas carbóin CTA dreasacht cheana féin, dreasacht de thart ar EUR 200 in aghaidh an tona de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a úsáidtear, i gcomparáid le ceirisín iontaise. In 2025, chuir an Coimisiún sásra tacaíochta breise chun feidhme faoi CTA AE le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. I gcás gach tona breosla incháilithe a úsáidtear ar bhealach CTA, is féidir le haerlínte tacaíocht thart ar EUR 500 suas le EUR 7 000 89 in aghaidh an tona breosla a éileamh. Tá an dreasacht sin ar fáil le haghaidh breoslaí incháilithe a cuireadh ar bord ar bhealaí CTA ón 1 Eanáir 2024 i leith. Le haghaidh 2024, b’fhiú thart ar EUR 25 mhilliún an dreasacht ó CTA AE (ós rud é nach gceanglaítear ar na hoibreoirí lamháltais a thabhairt suas). Forlíonadh é sin le tacaíocht CTA de thart ar 1,3 milliún lamháltas ar fiú thart ar EUR 100 milliún iad 90 .

Ag aithint dó nach féidir neamhaird a dhéanamh a thuilleadh d’éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 91 , is é an tAontas Eorpach an chéad dlínse chun creat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a thabhairt isteach le haghaidh na néifeachtaí sin (féach Caibidil 11.1.2 ).

10. Iompar muirí

Is astaíre mór gás ceaptha teasa é an muiriompar. Áirítear astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair in CTA AE mar chuid de straitéis fhoriomlán an Aontais chun loingseoireacht a dhícharbónú. Ón 1 Eanáir 2024, áirítear i raon feidhme CTA AE astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair le haghaidh 50 % d’astaíochtaí ó mhuiraistir a thosaíonn nó a chríochnaíonn lasmuigh de LEE agus 100 % d’astaíochtaí a tharlaíonn idir dhá chalafort LEE agus nuair atá longa laistigh de chalafort LEE.

Cuireann an leathnú sin ar CTA AE leis na forálacha atá i bhfeidhm d’earnálacha eile a chumhdaítear le córas CTA AE chomh maith leis an Rialachán maidir le Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú Muirí (MRV) 92 . Le haghaidh 2024 agus 2025, ní chumhdaítear le CTA AE muirí ach astaíochtaí CO2, ach leathnófar é chuig CH4 agus N2O ó 2026 ar aghaidh. Thuairiscigh cuideachtaí loingseoireachta 89,8 milliún tona CO₂ d’astaíochtaí fíoraithe le haghaidh 2024 93 .

Tugtar isteach de réir a chéile an oibleagáid atá ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais a thabhairt suas, trí thréimhse céimnithe isteach a mhairfidh go dtí 2026. Le linn na tréimhse sin, ceanglaítear ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais a thabhairt suas in 2025, le haghaidh 40 % de na hastaíochtaí a tuairiscíodh in 2024, agus in 2026 le haghaidh 70 % de na hastaíochtaí a tuairiscíodh in 2025. Déantar laghdú breise i gcás soithí d’aicme oighir.

Ceanglaíodh ar chuideachtaí loingseoireachta a n‑astaíochtaí le haghaidh 2024 a thuairisciú faoin 31 Márta 2025 agus líon comhfhreagrach na lamháltas astaíochtaí a thabhairt suas faoin 30 Meán Fómhair 2025.

Na ceanglais maidir le tabhairt suas, tar éis asbhaintí agus an chomhéifeacht céimnithe isteach a chur i bhfeidhm le haghaidh 2024, chomhfhreagair siad do 35,6 milliún lamháltas de chuid an Aontais. Chun an bhearna idir astaíochtaí fíoraithe agus lamháltais a tugadh suas ó mhuiriompar a dhúnadh, tá 54 243 768 lamháltas á gcur ar ceal le haghaidh 2024.

Áirítear sa Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí clásal tuairiscithe agus athbhreithnithe chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CTA AE le haghaidh muiriompair, go háirithe chun aon iompraíocht imghabhála a bhrath agus chun aghaidh a thabhairt uirthi ag céim luath. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar CTA AE le haghaidh muiriompair in 2026, lena n‑áirítear trí fhéachaint an bhféadfaí a raon feidhme a leathnú chuig longa atá faoi bhun olltonnáiste 5 000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). I mí Aibreáin 2025, d’fhormheas IMO an Creat Glan‑nialasachta (CSN IMO), lena n‑áirítear caighdeán domhanda chun déine GCT breoslaí muirí a laghdú de réir a chéile agus gné phraghsála le haghaidh astaíochtaí GCT ón loingseoireacht idirnáisiúnta, rud ar dhíol sásaimh don Aontas é. Is céim fhiúntach é an comhaontú, go dtí go nglacfar é, i dtreo na sprice maidir le glanastaíochtaí nialasacha ó mhuiriompar faoi 2050 nó thart air, i.e. gar do 2050, mar a leagtar amach i straitéis GCT IMO 2023. Cuireadh an plé maidir le glacadh an chomhaontaithe siar go dtí mí Dheireadh Fómhair 2026.

11. Creat cur chun feidhme CTA AE 

CTA AE a fheidhmíonn go rianúil agus atá inchreidte ó thaobh an chomhshaoil de, tá sé ag brath ar chreat láidir de cheanglais faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus chreidiúnaithe. Comhchuibhítear na ceanglais sin sa Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú agus sa Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú (Rialachán 2018/2067) 94 . Ceanglaítear ar thíortha tuairisc a thabhairt gach bliain ar chur chun feidhme na Rialachán sin agus na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí.

Sa chaibidil seo, déantar achoimre ar na príomhshonraí maidir le cur chun feidhme CTA AE a thuairiscigh tíortha faoi Airteagal 21 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí le haghaidh 2024. Sonraítear gnéithe an chreata cur chun feidhme maidir le cúrsaí muirí i gCaibidil 11.6.

Faoin 27 Deireadh Fómhair 2025, an lá a tugadh an tuarascáil seo chun críche, ní raibh a tuarascáil le haghaidh 2024 curtha isteach fós ag an gCipir. In éagmais na sonraí is déanaí le haghaidh na Cipire, úsáidtear sa chaibidil seo na sonraí arna dtuairisciú ag an Chipir le haghaidh 2023 mar ionadú chun gur féidir comparáid ó bhliain go bliain a dhéanamh. I gcás gach tíre eile, úsáidtear sonraí 2024.

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí

Is ar chóras na mbloc tógála a bhraitheann an córas monatóireachta ar astaíochtaí in CTA AE. Tugann sé leibhéal ard solúbthachta d’oibreoirí, lena n‑áirithítear dá bhrí sin an chostéifeachtúlacht agus iontaofacht na sonraí astaíochtaí araon. Féadann oibreoirí roinnt cur chuige faireacháin a úsáid (‘bunaithe ar ríomh’ nó ‘bunaithe ar thomhas’ agus an ‘cur chuige cúltaca’ trí eisceacht), lena n‑áirítear meascán de mhodhanna le haghaidh codanna aonair de shuiteáil. I gcás oibreoirí aerárthaigh, ní cheadaítear ach amháin cuir chuige atá bunaithe ar ríomh amháin, agus an t‑ídiú breosla mar an paraiméadar lárnach eitilte.

Leis an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú cuirtear de cheangal ar shuiteálacha agus ar oibreoirí aerárthaigh araon plean faireacháin a bheith acu atá formheasta ag an údarás náisiúnta inniúil. Cuirtear cosc orthu leis sin roghnú treallach a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí faireacháin agus ar athruithe ama. In 2024, lean ceithre thír 95 (cúig in 2023) de chead a thabhairt do shuiteálacha pleananna faireacháin simplithe a úsáid i gcásanna ísealriosca 96 . Maidir le heitlíocht, níl an fhoráil seo in úsáid ach amháin d’astaírí beaga sa Bheilg.

Lean suiteálacha de cheanglais dhlíthiúla maidir le faireachán ar astaíochtaí a leanúint. D’úsáid an chuid is mó an mhodheolaíocht ríomh-bhunaithe 97 chun a nastaíochtaí a ríomh. Níor thuairiscigh ach 274 shuiteáil (3,2 %) i 23 thír gur úsáid siad córais tomhais astaíochtaí leanúnacha. Astu sin, d’úsáid 221 shuiteáil CEMS chun astaíochtaí CO2 a thomhas, 40 chun N2O a thomhas agus 13 chun an dá ghás a thomhas. Is sa Fhrainc is minice a úsáidtear córas tomhais astaíochtaí leanúnacha. I 163 shuiteáil, bhí carbón bithghineach le fáil sna hastaíochtaí tomhaiste freisin. Amach as na suiteálacha a úsáideann córas tomhais astaíochtaí leanúnach, d’úsáid 189 díobh an mhodheolaíocht le haghaidh níos mó ná 95 % dá nastaíochtaí, d’úsáid na 85 shuiteáil eile meascán de chóras tomhais astaíochtaí leanúnach agus de mhodheolaíocht ríomh-bhunaithe.

Níor thuairiscigh ach 12 thír gur úsáid siad an cur chuige cúltaca. Baineadh úsáid as an gcur chuige sin le haghaidh 31 shuiteáil lena gcumhdaítear thart ar 2,0 Mt CO2eq (sé shuiteáil níos mó ná mar a bhí in 2023 ach 0,6 Mt CO2eq níos ísle i dtéarmaí astaíochtaí). Tá suiteáil amháin san Ísiltír freagrach as 52 % de na hastaíochtaí foriomlána a tuairiscíodh agus an mhodheolaíocht chúltaca in úsáid aici mar gheall ar a chasta atá a leagan amach.

Chomhlíon formhór na suiteálacha na híoscheanglais 98 leibhéil le haghaidh an Rialacháin maidir le Faireachán agus Tuairisciú in 2024. Tuairiscíodh nach raibh ach 97 suiteáil chatagóir C (98 in 2023) tar éis imeacht, i gcás paraiméadar amháin ar a laghad, ar diall ón gceanglas na leibhéil is airde a chur i bhfeidhm i gcás mórfhloscanna bunaidh. Bhí siad suite in 18 dtír dhifriúla (17 in 2023) agus ba iad 17,1 % de shuiteálacha chatagóir C iad. Ní údaraítear na diallais sin ach amháin nuair a léiríonn an toibreoir nach indéanta an leibhéal is airde a chomhlíonadh go teicniúil nó nuair a thabhaíonn sé costais neamhréasúnta. Nuair nach mbeidh feidhm ag na coinníollacha sin a thuilleadh, ní mór don oibreoir feabhas a chur ar an gcóras faireacháin dá réir.

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó loscadh dramhaíola cathrach

Faoin 31 Iúil 2026, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé astaíochtaí ó loscadh dramhaíola cathrach (agus, b’fhéidir, ó phróisis bainistithe dramhaíola eile) a áireamh in CTA AE. Tá an measúnú sin mar chuid d’athbhreithniú níos leithne ar CTA AE, a bhfuil coinne leis an togra ina leith in 2026.

Ó 1 Eanáir 2024, ceanglaítear ar shuiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh (os cionn na tairsí 20 MW d’ionchur teirmeach rátaithe) faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a nastaíochtaí faoi CTA AE. Ní cheanglaítear orthu faoi láthair, áfach, lamháltais le haghaidh a nastaíochtaí a thabhairt suas. Thuairiscigh 18 dtír (17 mBallstát agus an Iorua) astaíochtaí ó dhóchán breoslaí i suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh le haghaidh 2024 99 .

Faireachán agus tuairisciú ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2

Ón 1 Eanáir 2025, ní mór d’oibreoirí aerárthaí faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Cumhdaítear leis an oibleagáid ábhar cáithníneach sulfáite agus súiche, gal uisce, ocsaídí nítriúla agus dé-ocsaíd sulfair, a astaíonn eitleáin le linn na heitilte. Chun an tús a éascú, go dtí 2026, níl feidhm ag an oibleagáid éigeantach faireacháin agus tuairiscithe maidir le héifeachtaí neamh-CO2 ach amháin maidir le heitiltí laistigh de LEE (lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí), chomh maith le heitiltí ó LEE chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe. Moltar tuairisciú deonach a dhéanamh ar gach bealach. Ó 2027 ar aghaidh, beidh feidhm uathoibríoch ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le gach eitilt.

Is féidir le hoibreoirí aerárthaí ceann amháin de dhá mhodh a roghnú chun faireachán a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Is é Modh C an modh caighdeánach lena gcuirtear faisnéis aimsire agus eitilte san áireamh, mar aon le hairíonna aerárthaí agus breosla, ach úsáideann Modh D modheolaíocht faireacháin níos simplithe chun astaíochtaí ó oibreoirí aerárthaí astaíochtaí ísle a ríomh, toisc go n‑éilítear faisnéis eitilte agus ruthaig leis go príomha. Is féidir sonraí aimsire agus sonraí maidir leis na hairíonna breosla a fhágáil ar lár.

Chun an próiseas faireacháin agus tuairiscithe a éascú, tá uirlis faireacháin NEATS á forbairt ag an gCoimisiún. Tá na chéad tuarascálacha le foilsiú in 2026.

Faoin 31 Nollaig 2027, bunaithe ar thorthaí chur i bhfeidhm an chreata faireacháin ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun éifeachtaí neamh-CO2 a mhaolú.

Fíorú agus creidiúnú

Ní mór d’fhíoraitheoirí tuarascálacha astaíochtaí faoi CTA AE a bheith creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú94, ISO 17029 agus ISO 14065 (caighdeáin idirnáisiúnta ISO a úsáidtear chun fíoraitheoirí a chreidiúnú). Is féidir le fíoraitheoirí creidiúnaithe feidhmiú le haitheantas frithpháirteach ar fud thíortha uile CTA AE, agus leas iomlán a bhaint as an margadh aonair. Áirithítear leis sin freisin go mbeidh seirbhísí go leor ar fáil ar fud an Aontais. Gheofar forléargas mionsonraithe ar ghnéithe creidiúnaithe agus fíoraithe in 2024 i Roinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

In 2024, bhí 94 fhíoraitheoir creidiúnaithe ann le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus bhí 17 acu ann le haghaidh oibreoirí aerárthaigh. Ina theannta sin, thuairiscigh 26 thír go raibh fíoraitheoir eachtrach amháin ar a laghad gníomhach ar a gcríoch in 2024, agus thuairiscigh sé thír nach raibh ach fíoraitheoirí eachtracha acu. Léirítear leis sin go leanann aitheantas frithpháirteach ar fhíoraitheoirí i measc tíortha ar aghaidh ag feidhmiú go rathúil.

Suíodh go bhfuil leibhéal ard comhlíontachta i measc na bhfíoraitheoirí leis an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Tuairisciú. Le haghaidh 2024, níor tuairiscíodh ach fionraíocht fíoraitheora amháin (an Rómáin). An tráth céanna, níor tuairiscíodh go raibh aon fhíoraitheoir ann ar tarraingíodh siar a chreidiúnú. In dhá chás, laghdaíodh raon feidhme creidiúnaithe na bhfíoraitheoirí (an Danmhairg agus an Fhrainc). I gcomparáid leis sin, níor tuairiscíodh aon fhionraíocht, ná aon tarraingt siar creidiúnaithe agus tuairiscíodh dhá laghdú raoin feidhme le haghaidh 2023.

Glacadh an dara hathbhreithniú ar an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú an 18 Meitheamh 2025 100 . Ba é cuspóir an athbhreithnithe: 

·ailíniú leis na hathbhreithnithe a ionchorpraíodh sa Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú in 2024:

oceanglais a chur san áireamh maidir le fíorú tuarascálacha ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, seiceálacha an fhíoraitheora a bhaineann le hiompar CO2 agus GÚC, seiceálacha an fhíoraitheora a bhaineann le bithmhais, breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte, breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin, agus seiceálacha an fhíoraitheora a bhaineann le breoslaí eitlíochta malartacha agus breoslaí atá incháilithe do thacaíocht CTA;

oról an fhíoraitheora in CTA2 a shonrú le haghaidh cásanna faireacháin simplí sonracha agus fíorú a shimpliú tuilleadh i gcásanna den sórt sin.

·Ailíniú leis an Rialachán maidir le Leithdháileadh Saor in Aisce chun fíorú tuarascálacha aeráidneodrachta a chur san áireamh.

Doiciméid threoracha

D’fhorbair an Coimisiún treoirdhoiciméid 101 chun faireachán, tuairisciú, fíorú agus creidiúnú a dhéanamh. Is é an aidhm atá ann treoracha mionsonraithe, teicnící agus dea-chleachtas a sholáthar d’údaráis inniúla, d’oibreoirí, d’fhíoraitheoirí agus do gheallsealbhóirí eile maidir le cén chaoi CTA AE a chur chun feidhme. Tá ról ríthábhachtach ag an treoraíocht sin chun sláine, trédhearcacht, comhchuibhiú agus cruinneas na sonraí astaíochtaí laistigh de CTA AE a áirithiú. De réir mar a thagann forbairt ar mhodheolaíochtaí agus ar theicneolaíochtaí, trí dhea-chleachtais agus teicnící nua a chur i bhfeidhm, cuidítear chun earráidí a laghdú agus tacaítear le héifeachtacht fhoriomlán an chórais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Tabharfar na doiciméid sin cothrom le dáta chun na hathbhreithnithe ar an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú agus ar an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú a léiriú. Tugadh tosaíocht don treoirdhoiciméad ginearálta le haghaidh suiteálacha (a foilsíodh go luath in 2025), agus ina dhiaidh sin do na treoirdhoiciméid le haghaidh oibreoirí aerárthaí, maidir le ‘breoslaí bithmhaise agus nialas-rátú eile’, treoraíocht maidir le fíorú, etc., a bhfuil coinne leis go bhfoilseofar iad uile sa dara leath de 2025.

An tráth céanna, tugadh gach teimpléad tuairiscithe MRV cothrom le dáta go luath in 2025 chun freastal ar fhorálacha nua an dá rialachán. Mar phointe deiridh, tá treoraíocht faireacháin agus tuairiscithe CTA2 á tabhairt cothrom le dáta. Foilsíodh treoraíocht chreidiúnaithe agus fíorúcháin CTA2 i mí an Mheithimh 2025 102 . Tá sé beartaithe na treoirdhoiciméid thánaisteacha uile a thabhairt cothrom le dáta le linn 2025.

Údaráis inniúla náisiúnta

Bíonn difríochtaí idir tíortha maidir leis an gcaoi a n‑eagraíonn údaráis inniúla náisiúnta iad féin chun CTA AE a chur chun feidhme. I roinnt tíortha, bíonn údaráis áitiúla éagsúla rannpháirteach, agus i dtíortha eile is cur chun feidhme níos láraithe atá i gceist. Roghnaíonn na tíortha na cuir chuige sin bunaithe ar éifeachtacht costais agus ama. Cuirtear forléargas i láthair i Roinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo ar an gcomhordú idir na húdaráis inniúla a chuireann CTA AE chun feidhme.

Thuairiscigh na tíortha uile go raibh baint ag aon údarás inniúil amháin ar a laghad dá gcuid i gcur chun feidhme CTA AE in 2024. I sé thír, is aon údarás inniúil lárnach amháin a bhí freagrach as gníomhaíochtaí uile CTA AE 103 . I gcás gníomhaíochtaí CTA AE a bheith á mbainistiú ag údaráis inniúla iomadúla, thuairiscigh tíortha gur úsáid siad réiteach agus uirlis éagsúil amháin nó níos mó chun an obair a chomhordú idir na húdaráis sin. Áirítear ar na réitigh agus na huirlisí sin údarás inniúil lárnach atá freagrach as an obair faireacháin, tuairiscithe, chreidiúnaithe agus fíoraithe (11 thír), a bhfuil ról comhordúcháin aige 104 (10 dtír), údarás inniúil lárnach a eisíonn treoracha ceangailteacha agus treoraíocht d’údaráis áitiúla (cúig thír), a sholáthraíonn comhoiliúint d’údaráis inniúla (ocht dtír) agus a thionólann meithleacha nó cruinnithe rialta idir údaráis (14 thír).

In 2024, bhí 16 thír nár ghearr táillí riaracháin ar oibreoirí suiteála as pleananna faireacháin a cheadú agus a fhormheas (amhail in 2023). Níorbh éigean d’oibreoirí aerárthaigh in 18 dtír aon táille a íoc ach oiread (17 dtír i bhí i gceist in 2023). Bhí difríochtaí móra sna muirir de réir tíre agus cineál seirbhísí – ó thart ar EUR 19 go EUR 9 300 ar chead agus chun plean faireacháin a fhormheas le haghaidh suiteálacha, agus ó thart ar EUR 2 go EUR 4 700 le haghaidh oibreoirí aerárthaigh. Chomh maith leis an bhformheas tosaigh, thuairiscigh 13 thír freisin gur ghearr siad táillí riaracháin de mhéideanna éagsúla as athruithe suntasacha ar cheadanna nó ar phleananna faireacháin. Cuirtear forléargas ar mhuirir riaracháin in CTA AE i láthair i Roinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

Comhlíontacht le CTA AE

Seiceáiltear comhlíontacht le CTA AE i dtimthriallacha bliantúla. Le haghaidh gach bliana oibríochta, ní mór do shuiteáil nó d’oibreoir aerárthaigh tuarascáil bhliantúil ar astaíochtaí a chur isteach faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn. A luaithe a sheiceálann údarás inniúil tuarascáil fhíoraithe, ní mór d’oibreoir an líon lamháltas atá coibhéiseach lena astaíochtaí fíoraithe a thabhairt suas faoin 30 Meán Fómhair an bhliain chéanna.

Le haghaidh gach tona CO2 a astaítear nach raibh aon lamháltas tugtha suas ina leith in am, forchuireann an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí pionós EUR 100 105 . Ní mór é sin a íoc anuas ar na lamháltais tugtha suas atá dlite. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag pionóis eile freisin maidir le sáruithe ar reachtaíocht CTA AE.

Cuirtear forbhreathnú mionsonraithe ar bhearta comhlíontachta agus ar phionóis astaíochtaí iomarcacha laistigh de CTA AE i láthair i Roinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

I dtimthriall chomhlíontachta 2024, d’fhan an leibhéal comhlíontachta le CTA AE an‑ard. Mar a tharla le blianta beaga anuas, chomhlíon oibreoirí atá freagrach as os cionn 99 % d’astaíochtaí ó ghiniúint cumhachta, ó mhonarú tionsclaíoch agus ón eitlíocht a n‑oibleagáidí dlíthiúla in am.

Tháinig feabhas ar éifeachtúlacht an chórais chomhlíontachta freisin le glacadh níos leithne ar thuairisciú leictreonach. In 2024, d’úsáid 17 dtír córas uathoibrithe le haghaidh malartú sonraí leictreonacha idir oibreoirí nó oibreoirí aerárthaigh. D’úsáid 10 dtír córais TF uathoibrithe freisin chun an sreabhadh oibre a bhainistiú le haghaidh na bpleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha um leibhéal gníomhaíochta bliantúil agus malartuithe faisnéise eile maidir le sonraí leithdháilte.

Mar gheall ar imthosca eisceachtúla, cheadaigh 12 dtír (naoi gcinn in 2023) d’fhíoraitheoirí cuairteanna fíorúla ar an láthair a dhéanamh 106 . I gcás 27 suiteáil agus 46 oibreoir aerárthaigh, ceadaíodh cuairteanna fíorúla ar an láthair ón údarás inniúil is infheidhme. In 2024, leasaíodh an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú chun na féidearthachtaí maidir le cuairteanna fíorúla ar an láithreán le haghaidh na nearnálacha eitlíochta a leathnú. Ceadaítear d’fhíoraitheoirí anois cuairteanna fíorúla a dhéanamh ar an láithreán thar imthosca force majeure ar choinníoll gur comhlíonadh coinníollacha áirithe.

Déanann gach tír a riarann aon oibreoir seiceálacha comhlíontachta ar thuarascálacha astaíochtaí bliantúla, rud nach amhlaidh i gcás suiteálacha i Lichtinstéin agus oibreoirí aerárthaí i Lichtinstéin agus i dTuaisceart Éireann. Maidir le cineálacha éagsúla seiceálacha, tuairiscítear céatadán na dtuarascálacha astaíochtaí a seiceáladh, féach Roinn 4 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo. In 2024, níor thuairiscigh an Iodáil ar na cineálacha seiceálacha a rinneadh, sheiceáil gach údarás inniúil ábhartha eile iomláine na dtuarascálacha ó shuiteálacha, agus rinne formhór na n‑údarás inniúil ábhartha eile amhlaidh le haghaidh tuarascálacha ó oibreoirí aerárthaí, lena n‑áirítear an Iodáil. Ba iad na heisceachtaí ná gur thuairiscigh na húdaráis inniúla sa Fhrainc, sa Ghréig, sa Laitvia agus san Iorua, sa Liotuáin go raibh astaíochtaí á seiceáil acu in aghaidh foinsí eile.

Rinne údaráis inniúla in 12 thír meastacháin choimeádacha le haghaidh 62 shuiteáil (timpeall 0,6 % de na suiteálacha uile, an leibhéal céanna a bhí ann in 2023). I gcás roinnt suiteálacha, measadh na hastaíochtaí le haghaidh roinnt blianta, rinneadh 87 meastachán san iomlán, ar bhain 33 díobh le 2024, meastacháin choimeádacha na mblianta roimhe sin a bhí sa chuid eile. Rinneadh meastachán coimeádach ar astaíochtaí de réir Airteagal 70 den Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú nuair nár cuireadh na tuarascálacha astaíochtaí bliantúla isteach in am, nuair a eisíodh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach mar gheall ar raon feidhme teoranta, míráiteas ábhartha nó neamhchomhlíonadh, ní sholáthraíonn sé soiléireacht leordhóthanach chun a chur in iúl le dearbhú réasúnach go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha. Déanfar meastachán den sórt sin freisin má fhaightear amach nach bhfuil an tuarascáil astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú.

Thuairiscigh trí thír meastacháin choimeádacha le haghaidh na heitlíochta (trí thír in 2023 freisin) a bhain le 17 n‑oibreoir aerárthaí (22 in 2023).

Tá seiceálacha a dhéanann údaráis inniúla tábhachtach i gcónaí chun obair na bhfíoraitheoirí a fhorlíonadh. Anuas ar na tuarascálacha astaíochtaí a sheiceáil, thuairiscigh 18 dtír go raibh iniúchtaí ar an láthair déanta acu ag suiteálacha (19 in 2023). Thuairiscigh cúig thír 107 cigireachtaí ar an láthair le haghaidh eitlíochta (trí cinn in 2023).

In 2024, gearradh fíneáil ar 31 suiteáil i naoi dtír mar gheall nár thug siad lamháltais astaíochtaí leordhóthanacha suas chun a nastaíochtaí arna dtuairisciú a chumhdach (astaíochtaí iomarcacha). I gcás na heitlíochta, thuairiscigh sé thír pionóis as astaíochtaí iomarcacha i gcás 11 oibreoir aerárthaigh. Maidir le hoibleagáidí astaíochtaí le haghaidh suiteála, tuairiscíodh 47 sárú san iomlán ar fud 12 thír 108 , rud a d’fhág go raibh 36 phionós ann agus EUR 476,5 milliún ar an iomlán, rabhaidh fhoirmiúla nó fógraí foirmiúla. I gcás suiteálacha a rinne iarratas ar lamháltais astaíochtaí saor in aisce a leithdháileadh, tuairiscíodh ceithre shárú ar fud trí thír 109 , a raibh fíneálacha mar thoradh ar dhá cheann díobh, arbh fhiú EUR 0,07 milliún san iomlán iad.

I gcás na heitlíochta, tuairiscíodh 19 sárú ar fud sé thír 110 , a raibh fíneálacha airgeadaíochta mar thoradh ar 13 díobh, arbh fhiú EUR 4,1 milliún san iomlán iad. Ba iad na príomhchúiseanna nár comhlíonadh sprioc-amanna tuairiscithe astaíochtaí agus nár tugadh suas na lamháltais a iarradh.

Creat cur chun feidhme don mhuiriompar

Tá an creat ceanglas faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus creidiúnaithe is infheidhme maidir le muiriompar bunaithe ar an gcreat a bunaíodh d’earnálacha eile faoi CTA AE, leis na hoiriúnuithe is gá. Rinneadh athbhreithniú ar Rialachán MRV Muirí in 2023 chun go bhféadfaí CTA AE a leathnú chuig muiriompar, go háirithe chun raon feidhme an chórais MRV a leathnú chuig CH4 agus N2O (ó 2026) agus chun rialacha a leagan amach chun astaíochtaí ó longa a thagann faoi raon feidhme CTA AE a chinneadh agus iad a chomhiomlánú ar leibhéal na cuideachta loingseoireachta. Glacadh na gníomhartha tarmligthe ábhartha chun an córas a chur chun feidhme in 2023, agus ina dhiaidh sin d’fhorbair an Coimisiún sraith treoirdhoiciméad chun cabhrú le páirtithe leasmhara a noibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh 111 . 

Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí

Ceanglaítear ar chuideachtaí loingseoireachta ó 2018 faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán maidir le MRV Muirí, faoina gcaithfidh cuideachtaí pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus tuarascálacha fíorúcháin a sholáthar, le haghaidh gach ceann de na longa atá faoina bhfreagracht. Ó 2024, ní mór dóibh sonraí a sholáthar freisin in aghaidh na cuideachta, le sonraí breise tuairiscithe le haghaidh CTA AE, lena soláthrófar tuarascáil chomhiomlánaithe ar a longa uile.

Chun na críche sin, níl gá ach le haon phróiseas faireacháin agus tuairiscithe amháin, cé go bhféadfadh na sonraí atá le tuairisciú laistigh de CTA AE imeacht, go pointe áirithe, ó na sonraí atá le tuairisciú faoin Rialachán maidir le MRV Muirí, e.g. maidir leis an raon feidhme (gáis GCT, cumhdach muiraistear), agus na maoluithe éagsúla is infheidhme mar a bhunaítear leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. Ina theannta sin, ní mór do chuideachtaí atá gníomhach faoi raon feidhme CTA AE ceanglais bhreise a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n‑oibleagáidí faoin Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (e.g. a bplean faireacháin a bheith formheasta ag an údarás riaracháin ábhartha, Cuntas Oibreora Gabháltais Mhuirí a oscailt i gClárlann an Aontais, etc.) i gcomparáid leis na cuideachtaí sin nach bhfuil gníomhach ach faoi raon feidhme MRV Muirí. 

In 2024, chuir 3 313 chuideachta loingseoireachta tuarascáil astaíochtaí ar leibhéal cuideachta isteach, lena gcumhdaítear 13 627 long. Thuairiscigh na cuideachtaí sin 138,3 Mt CO2 faoi raon feidhme MRV níos leithne 112 , rud a d’eascair as úsáid 44,7 milliún tona breosla, as ar tháinig 99,4 % den tomhaltas tuairiscithe 113 ó bhreoslaí iontaise 114 muirí agus as ar thairbhigh 0,6 % den nialas-rátú.

Laghdaíodh na hastaíochtaí fíoraithe tuairiscithe ar leibhéal cuideachta faoi raon feidhme MRV, mar a taifeadadh in THETIS-MRV, chun astaíochtaí faoi raon feidhme CTA AE a chinneadh tar éis na rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm: nialas-rátú i gcás breoslaí incháilithe (0,7 Mt), raon feidhme geografach CTA teoranta do 50 % de mhuiraistir lasmuigh de LEE (48,6 Mt), stóráil gabhála carbóin agus úsáid gabhála carbóin (56 thona), agus maoluithe d’oileáin bheaga, do chonarthaí seirbhíse poiblí agus d’oibleagáidí seirbhíse poiblí, agus do na réigiúin is forimeallaí (3,9 Mt) 115 .

Fíorú agus creidiúnú

Maidir le hearnálacha CTA eile, ní mór don fhíoraitheoir atá gníomhach in CTA muirí a bheith creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú agus ISO 14065 (caighdeán idirnáisiúnta ISO). Déanann an fíoraitheoir na gníomhaíochtaí éagsúla a cheanglaítear le Rialachán MRV chun cur chun feidhme an phlean faireacháin agus na sonraí i dtuarascálacha na cuideachta loingseoireachta a sheiceáil, ar leibhéal na loinge agus ar leibhéal na cuideachta araon.

In 2024, bhí 22 fhíoraitheoir chreidiúnaithe gníomhach le haghaidh MRV muirí. Fuarthas amach go bhfuil comhlíontacht na bhfíoraitheoirí leis na rialacha creidiúnaithe agus tuairiscithe maidir le cúrsaí muirí ard. Le haghaidh 2024, níor tuairiscíodh gur cuireadh aon fhíoraitheoir ar fionraí ná gur tarraingíodh siar creidiúnú fíoraitheora.

Údaráis riaracháin

Ar mhaithe le hoibriú rianúil agus éifeachtach CTA AE, sanntar gach cuideachta loingseoireachta d’údarás riaracháin amháin i mBallstát amháin. Is é sin an Ballstát a gcuireann an chuideachta loingseoireachta an plean faireacháin faoina bhráid lena fhormheas, an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil fhíoraithe (ER) agus tuarascáil astaíochtaí cuideachta (CER), agus a riarann an chuideachta loingseoireachta maidir lena cuntas Clárlainne. Sanntar gach cuideachta loingseoireachta dá Ballstát riaracháin trí na rialacha a leagtar síos sa Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí a chur i bhfeidhm 116 .

Comhlíontacht le CTA AE le haghaidh muiriompair

Ba é 2025 an chéad bhliain inar tugadh suas lamháltais le haghaidh astaíochtaí ó mhuiriompar in CTA AE, ar bhonn an mhéid a tuairiscíodh le haghaidh ghníomhaíochtaí 2024. Thug cuideachtaí loingseoireachta lamháltais suas le haghaidh níos mó ná 99 % de na ceanglais tabhairt suas 117 faoin sprioc-am dlíthiúil.

CTA2 a chur chun feidhme

Áirítear freisin sa Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú agus sa Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú ceanglais MRVA chun CTA2 a chur chun feidhme. Chun cur chun feidhme an chórais nua a éascú, d’ullmhaigh an Coimisiún treoirdhoiciméid agus teimpléid d’údaráis inniúla náisiúnta, d’eintitis rialáilte agus d’fhíoraitheoirí 118 .

-treoraíocht ghinearálta maidir leis an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú le haghaidh eintitis rialáilte CTA2;

-teimpléad an phlean faireacháin le haghaidh eintitis rialáilte;

-teimpléad na tuarascála astaíochtaí bliantúla le haghaidh eintitis rialáilte;

-treoraíocht maidir le creidiúnú agus fíorú le haghaidh CTA2

-Teimpléad do thuarascáil fíorúcháin CTA2

12. CTA AE i gcomhthéacs rialachas aeráide agus fuinnimh an Aontais 

Feidhmíonn CTA AE laistigh de chomhthéacs níos leithne rialachas aeráide agus fuinnimh an Aontais, lena náirítear an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (Treoir 2023/1791) 119 , a athmhúnlaíodh mar chuid den phacáiste athchóirithe ‘Oiriúnach do 55’. Is é is aidhm don Treoir sin caomhnú fuinnimh a bhaint amach trí spriocanna agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na mBallstát agus cuideachtaí. Cuirtear comhartha faoi phraghas an charbóin de chuid CTA AE san áireamh agus bearta beartais agus gníomhaíochtaí á roghnú chun na críche sin. Ceanglaítear le hAirteagal 35(1) den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh go gcuirfear cur chun feidhme na Treorach sin san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le feidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa (an tuarascáil seo).

Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, tugtar isteach rialacha nua chun an tomhaltas deiridh fuinnimh ar leibhéal an Aontais a laghdú 11,7 % faoi 2030, i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin i gcás tagartha an Aontais le haghaidh 2020. Ceanglaítear ar na Ballstáit uile rannchuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach. Chuige sin, leagann siad amach rannchuidithe agus conairí náisiúnta táscacha ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) nuashonraithe faoin Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Bhí ar na Ballstáit a PNFAnna nuashonraithe críochnaitheacha a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024.

I mí na Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún a mheasúnú uile-Aontais ar na PNFAnna, tar éis iad a thabhairt cothrom le dáta chun spriocanna 2030 a chur san áireamh 120 . Bhí doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an measúnú inar soláthraíodh measúnú aonair ar na chéad 23 phlean a cuireadh isteach 121 . Ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún a mheasúnú ar na PNFAnna críochnaitheacha ón Eastóin agus ón tSlóvaic i mí Dheireadh Fómhair 2025 122 . Chuir an Bheilg a PNFA críochnaitheach isteach i mí Dheireadh Fómhair 2025. Is í an Pholainn an taon Bhallstát atá fós lena PNFA nuashonraithe críochnaitheach a chur isteach. Pléitear torthaí na hanailíse ar na PNFAnna nuashonraithe freisin i dTuarascáil 2025 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 123 .

Cuireann comhartha faoi phraghas an charbóin de chuid CTA an Aontais le breithmheas infheistíochtaí agus bearta a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh sna hearnálacha cumhdaithe. Úsáideann Ballstáit ioncam ó cheant ó CTA AE chun feabhsúcháin le héifeachtúlacht fuinnimh a chistiú (féach Caibidil 8). As ioncam CTA 2024, thuairiscigh 15 Bhallstát caiteachas EUR 3,3 billiún chun 63 thionscadal a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a chistiú. Áiríodh leo sin infheistíochtaí i nuachóiriú teirmeach foirgneamh poiblí agus príobháideach, comhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, soilsiú poiblí éifeachtúil, córais éifeachtúla téimh agus fuaraithe lena n‑áirítear téamh ceantair, chomh maith le taighde agus forbairt, agus é mar chuspóir acu uile an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

13. Nasc idir CTA AE agus ETS na hEilvéise

Ó bhí 2020 ann, tá CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise nasctha trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise. Ciallaíonn sé sin gur féidir lamháltais arna neisiúint i gcóras amháin a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí arna nginiúint i gceachtar den dá chóras. Agus rochtain ar mhargadh níos mó acu, is féidir le hoibreoirí leas a bhaint as gnóthachain chostéifeachtúla agus tá níos mó roghanna acu chun astaíochtaí a mhaolú. Leagtar amach sa Chomhaontú Nasctha 124 na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhfuil an dá chóras nasctha. Bunaítear leis freisin sásra chun a áirithiú go nurramaítear coinníollacha nasctha Airteagal 25 den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí.

Ceanglas fíor-riachtanach don Aontas a bhí ann chun eitlíocht a áireamh sa Chomhaontú Nasctha. Faoi Airteagal 6 den Chomhaontú, cuireann an Eilvéis i bhfeidhm an cur chuige céanna maidir le cumhdach geografach, caidhp agus leithdháileadh is a chuirtear i bhfeidhm maidir le CTA AE. I gcomhréir le hAirteagal 7 den Chomhaontú Nasctha, leanann sé sin ar aghaidh faoin Treoir Eorpach maidir le Córas Trádala Astaíochtaí athbhreithnithe.

Tá eitiltí intíre na hEilvéise agus eitiltí a fhágann aerfoirt LEE cumhdaithe ag CTA na hEilvéise, cé go dtagann na heitiltí a fhágann chuig an Eilvéis faoi CTA AE. Coinnítear leis an socrú sin sláine comhshaoil an dá chóras ar bun. Cumhdaítear le CTA AE agus CTA na hEilvéise araon eitiltí a imíonn chuig an Ríocht Aontaithe agus eitiltí chuig na réigiúin is forimeallaí san Aontas nó uathu.

Taispeántar príomhfhigiúirí don dá chóras in 2024 i dTábla 16 agus i dTábla 17 i Roinn 5 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo – lamháltais a cuireadh ar ceant, leithdháileadh saor in aisce agus astaíochtaí fíoraithe le haghaidh suiteálacha agus oibreoirí aerárthaigh. Nuair a chuirtear iad i gcomparáid, léiríonn siad nach le méid a bhaineann comhoiriúnacht an dá chórais ach le ceanglais cháilíochtúla, coinníollacha cothroime iomaíochta agus bearta chun sláine an mhargaidh a choimirciú.

I gcomhréir leis an gComhaontú Nasctha, cruthaíodh nasc díreach idir clárlanna an dá chóras chun aistrithe lamháltas idir an dá chóras a cheadú. Ó 2024, tháinig méadú suntasach ar líon na n‑aistrithe idir an dá chóras, i.e. forghníomhú laethúil idirbheart, ó 156 in 2023 go beagnach 800 in 2024, rud a chuir ar a gcumas do rannpháirtithe sa mhargadh ón Eilvéis agus ón Aontas araon gníomhú amhail is dá mbeidís in aon mhargadh amháin agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar leachtacht sa mhargadh nasctha. Déantar aistrithe idir córais (clárlanna) go laethúil, Luan go hAoine, ach amháin i gcás dátaí sonracha a bhaineann le laethanta saoire bainc.

Léirítear i dTábla 8 agus Tábla 9 an éifeachta a bhaineann leis an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise in 2024. Léirítear leo a mhéid a d’úsáid cuideachtaí i gceachtar den dá chóras lamháltais a eisíodh sa chóras eile le haghaidh comhlíontachta.

San iomlán, d’úsáid eintitis rialáilte in CTA AE (suiteálacha agus oibreoirí aerárthaigh araon) 1 578 101 lamháltas arna n‑eisiúint faoi CTA na hEilvéise le haghaidh na comhlíontachta in 2024. Sin beagnach 440 000 lamháltas is mó ná in 2023 agus beagnach 605 000 lamháltas is mó ná in 2022, rud a léiríonn úsáid mhéadaithe na solúbthachta a sholáthraítear leis an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise chomh maith le feasacht agus glacadh atá ag fás go comhsheasmhach maidir leis an nasc.

D’úsáid suiteálacha in CTA AE i bhfad níos mó lamháltas eitlíochta a eisíodh faoi CTA na hEilvéise ná mar a d’úsáid siad sa bhliain roimhe sin (thart ar 355 000 in 2024 i gcomparáid le 100 000 in 2023). Mhéadaigh siad úsáid lamháltais ghinearálta CTA na hEilvéise freisin (thart ar 700 000 in 2024 i gcomparáid le 425 000 in 2023).

D’fhan an líon lámháltais ghinearálta CTA na hEilvéise a bhí in úsáid ag oibreoirí aerárthaigh an Aontais le haghaidh comhlíontachta in 2024 ag thart ar 49 000 (i gcomparáid le 50 000 in 2023). Tháinig laghdú ar líon lamháltais eitlíochta CTA na hEilvéise a bhí in úsáid ag oibreoirí aerárthaigh le haghaidh comhlíontachta in CTA AE ó thart ar 560 000 in 2023 go dtí thart ar 470 000 in 2024.

I dtéarmaí coibhneasta, thart ar 0,14 % d’iomlán na lámháltas a tugadh suas in CTA AE in 2024 a bhí i lamháltais arna n‑eisiúint faoi CTA na hEilvéise. Mar sin féin, ba mhó an sciar de 31,5 % de CTA uile na hEilvéise iad an bhliain sin.

In CTA na hEilvéise, mhéadaigh oibreoirí eitlíochta go mór an úsáid a bhaineann siad as lamháltais CTA an Aontais in 2024 (79,6 %) i gcomparáid le 2023 (51,08 %). Ar an lámh eile, d’úsáid suiteálacha sciar ní b’ísle de lamháltais CTA AE ar mhaithe leis an gcomhlíontacht in 2024 (5,19 %) i gcomparáid le 2023 (11,6 %). Sa dá bhliain, níor úsáid suiteálacha in CTA na hEilvéise lamháltais eitlíochta CTA AE le haghaidh na comhlíontachta. I dtéarmaí coibhneasta, ba iad lamháltais CTA AE 31,37 % de na lamháltais uile a tugadh suas in CTA na hEilvéise.

Le Tábla 10, comhiomlánaítear méid na lamháltas (lamháltais ghinearálta agus eitlíochta araon) arna n‑aistriú thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh idir CTA AE agus CTA na hEilvéise ó bhí 2020 ann. Léiríonn an iarmhéid stairiúil glan‑eis-sreabhadh 1 284 657 lamháltas ó CTA AE chuig CTA na hEilvéise. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhféadfaí athaistrithe na lamháltas sin a áireamh.

Tábla 8. Aonaid arna n‑úsáid le haghaidh comhlíontachta i gClárlann an Aontais in 2024. Sonraí a baineadh as Clárlann an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2025.

Suiteálacha

Leithdháileadh saor in aisce
agus ceantáil

Astaíochtaí fíoraithe

Aonaid tugtha suas

Lamháltais CTA an Aontais

Lamháltais CTA na hEilvéise

Ginearálta

Eitlíocht

Ginearálta

Eitlíocht

1 089 612 748

1 033 244 671

1 029 808 309

1 025 571 370

3 428 201

701 150

357 341

% den iomlán

99,59

0,31

0,07

0,03

oibreoirí aerárthaigh

Leithdháileadh saor in aisce (lena náirítear CTA na hEilvéise)
agus ceantáil

Astaíochtaí fíoraithe (lena náirítear
faoi CTA na hEilvéise)

Aonaid tugtha suas

Lamháltais CTA an Aontais

Lamháltais CTA na hEilvéise

Ginearálta

Eitlíocht

Ginearálta

Eitlíocht

24 270 111

62 247 419

61 645 450

43 299 227

17 826 613

49 077

470 533

% den iomlán

70,24

28,92

0,08

0,76

Tábla 9. Aonaid arna n‑úsáid le haghaidh comhlíontachta i gClár na hEilvéise in 2024. Tagraíonn oibreoirí aerárthaigh dóibh siúd atá á riar ag an Eilvéis.

Suiteálacha

Leithdháileadh saor in aisce
agus ceantáil

Astaíochtaí fíoraithe

Aonaid tugtha suas

Lamháltais CTA an Aontais

Lamháltais CTA na hEilvéise

Ginearálta

Eitlíocht

Ginearálta

Eitlíocht

3 891 680

3 694 355

3 677 899

191 006

0

3 433 205

53 688

% den iomlán

5,19

-

93,35

1,46

oibreoirí aerárthaigh

Leithdháileadh saor in aisce (lena n‑áirítear CTA AE) agus ceant

Astaíochtaí fíoraithe (lena náirítear
faoi CTA AE)

Aonaid tugtha suas

Lamháltais CTA an Aontais

Lamháltais CTA na hEilvéise

Ginearálta

Eitlíocht

Ginearálta

Eitlíocht

1 118 087

1 990 349

1 990 349

1 301 096

283 515

3 372

402 366

% den iomlán

65,3

14,24

0,17

20,22

Tábla 10. Aistrithe lamháltas idir CTA AE agus CTA na hEilvéise (2020-2024).

Bliain

2020

2021

2022

2023

2024

Iomlán

Aistriú ó CTA AE chuig CTA na hEilvéise

475 679

1 051 360

1 714 499

2 603 612

1 591 527

7 436 677

Aistriú ó CTA na hEilvéise chuig CTA AE

0

1 523 770

1 215 662

1 837 292

1 575 296

6 152 020

Iarmhéid

1 284 657

14. Achoimre 

Tugtar achoimre chuimsitheach sa tuarascáil ar fheidhmiú CTA AE in 2024 agus sa chéad leath de 2025. Léiríonn sé go bhfuil an córas fós ag feidhmiú go maith, agus creat cuimsitheach a cuireadh chun feidhme go héifeachtach mar bhonn taca leis. Mínítear ann freisin aon athrú ar an gcreat sin a tháinig i bhfeidhm nó a thiocfaidh i bhfeidhm go luath, go príomha an coigeartú ar an gcaidhp le haghaidh 2026.

Tá laghdú leanúnach ag teacht ar astaíochtaí ó shuiteálacha, arna spreagadh ag méadú ar sciar na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite agus núicléacha sa mheascán leictreachais agus spleáchas laghdaithe ar bhreoslaí iontaise. A bhuí leis an bhforbairt sin, tá astaíochtaí CTA ó shuiteálacha thart ar 50 % faoi bhun leibhéil 2005 agus tá siad ar cúrsa chun sprioc CTA 2030 a bhaint amach.

Éascaíodh tuilleadh laghduithe astaíochtaí a bhaint amach in CTA AE in 2024 le comhartha láidir leanúnach faoi
phraghas an charbóin. I measúnú ESMA, d’fhan margadh carbóin an Aontais cobhsaí in 2024 agus lean sé de bheith ag feidhmiú i gcomhréir le bunphrionsabail an mhargaidh.

Tá ioncaim CTA fós ina bhfoinse shuntasach chun gníomhú ar son na haeráide agus claochlú fuinnimh a chistiú, agus cruinníodh EUR 38,8 billiún in 2024, arna dháileadh go príomha ar bhuiséid náisiúnta, in éineacht leis an gCiste don Nuálaíocht le haghaidh CTA agus an Ciste don Nuachóiriú le haghaidh CTA, chomh maith leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh phlean REPowerEU. Is mó ná EUR 230 billiún an t‑ioncam iomlán a cruinníodh le CTA AE go dtí seo.

Ar an iomlán, déantar doiciméadú sa tuarascáil ar CTA AE a bheith ag feidhmiú mar cheann de na príomhdhreasachtaí beartais le haghaidh infheistíocht in aistriú tionsclaíoch glan, sa nuálaíocht agus sa nuachóiriú.

(1)

Astaíochtaí CTA ó shuiteálacha sna hearnálacha cumhachta agus tionscail in 2024, gan an Ríocht Aontaithe, gan ach an earnáil chumhachta i dTuaisceart Éireann, i gcomparáid le luach coigeartaithe astaíochtaí CTA ó 2005 agus an raon feidhme céanna á bhreithniú. Bunaithe ar bhreathnóir sonraí CTA , na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, arna mbaint an 31 Lúnasa 2025.

(2)

Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin The Recovery and Resilience Facility [An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus REPowerEU] agus REPowerEU - Affordable, secure and sustainable energy for Europe [REPowerEU - Fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe don Eoraip] chun tuilleadh eolais a fháil.

(3)

  Treoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003, IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(4)

Faoin bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann den Chomhaontú Brexit um Tharraingt Siar.

(5)

Ba iad an Iodáil, an Ísiltír, an Iorua agus an tSualainn na tíortha sin.

(6)

  Rialachán (AE) 2018/842  an 30 Bealtaine 2018, IO L 156, 19.6.2018.

(7)

  Le staidéar nua, cuirtear bosca uirlisí ar fáil chun dícharbónú luath a dhéanamh in earnálacha CTA2 , an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 9.9.2025.

(8)

  Treoraíocht maidir le cur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta , an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, 9.10.2025.

(9)

In 2024 agus 2025, ba é 87 924 231 lamháltas agus 1 330 226 lamháltas an fachtóir laghdaithe línigh le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, táirgeadh tionsclaíoch agus muiriompar.

(10)

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Cinneadh (AE) 2023/1575 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2023, IO L 192, 31.7.2023, lch. 30.

(11)

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Cinneadh (AE) 2024/1797 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2440, IO L, 2024/1797, 28.6.2024. ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1797/oj

(12)

Sonraí astaíochtaí arna dtuairisciú faoi Rialachán (AE) 2015/757 don tréimhse tuairiscithe 2024 an 1 Deireadh Fómhair 2025.

(13)

In 2026, ba é 87 913 405 lamháltas agus 1 330 226 lamháltas an fachtóir laghdaithe línigh le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, táirgeadh tionsclaíoch agus muiriompar.

(14)

Sa chleachtas, athraíonn an sciar beacht de réir mar a laghdaíodh an líon lamháltas a cuireadh ar ceant chun cur le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, cé nach bhfuil aon athrú ar an líon lamháltas atá curtha in áirithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce.

(15)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair, IO L, 2023/2830, 20.12.2023. ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj

(16)

  Rialachán (AE) 2023/435 an 27 Feabhra 2023, IO L 63, 28.2.2023.

(17)

  Ceantanna CTA AE , EEX.

(18)

  Tuarascálacha ar cheantanna , An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide.

(19)

Is iad seo a leanas na naoi mBallstát: An Bheilg, an Danmhairg, Éire, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn. Baineann an fhoráil solúbthachta leis na Ballstáit a bhfuil spriocanna acu faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill atá go mór os cionn mheán an Aontais agus os cionn a gcumais laghdaithe chostéifeachtacha, chomh maith leis na Ballstáit nár leithdháil aon lamháltas CTA AE saor in aisce ar shuiteálacha tionsclaíocha in 2013.

(20)

Níor bhain an Ísiltír ná an tSualainn úsáid as an tsolúbthacht.

(21)

  Fógra ón nGearmáin maidir le cealú deonach i gcás gléasraí a dúnadh in 2022 , an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 2.5.2024

(22)

  Fógra ón nGearmáin maidir le cealú deonach lamháltas in CTA AE le haghaidh gléasraí a dúnadh in 2023 , an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 5.5.2024

(23)

Dá mbeadh TNAC 2024 os cionn 1 096 mhilliún, chuirfí 514 000 lamháltas ar ceal. Dá mbeadh TNAC 2024 idir 833 mhilliún agus 1 096 mhilliún, ní chuirfí aon lamháltas ar ceal.

(24)

 D’fhéadfadh sceitheadh carbóin tarlú dá mbogfaí gníomhaíochtaí arna rialáil ag CTA chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ag a bhfuil beartais aeráide nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna agus méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána mar thoradh ar sin.

(25)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2021, IO L 87, 15.3.2021.

(26)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019, IO L 282, 4.11.2019.

(27)

Ghlac Údarás Faireachais Chomhaontú Saorthrádála na hEorpa Cinntí ar son na hÍoslainne, na hIorua agus Lichtinstéin freisin.

(28)

 Ghlac Údarás Faireachais Chomhaontú Saorthrádála na hEorpa Cinntí ar son na hÍoslainne, na hIorua agus Lichtinstéin freisin.

(29)

  Rialachán (AE) 2023/956 an 10 Bealtaine 2023, IO L 130, 16.5.2023.

(30)

  Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú polaitiúil chun an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a shimpliú agus a neartú , An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 18.6.2025.

(31)

I gcás ina bhféadfadh costais charbóin le haghaidh bunábhair SCCT spreagadh a thabhairt do mhonaróirí earraí iartheachtacha táirgeadh a bhogadh thar lear lasmuigh de raon feidhme CTA AE.

(32)

Sainmhínítear imchéimniú i Rialachán SCCT mar chleachtais nach bhfuil cúis ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo, seachas chun na dliteanais airgeadais a eascraíonn as SCCT a sheachaint go héifeachtach, go hiomlán nó go páirteach.

(33)

Féach COM(2025) 378 final , An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach, 2.7.2025, lch. 4.

(34)

  Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais chun méid ceantála a laghdú 276 mhilliún lamháltas idir mí Mheán Fómhair 2025 agus mí Lúnasa 2026 , AS CLIMA, Alt nuachta, 28.5.2025. Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: Teachtaireacht ón gCoimisiún - An líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht a fhoilsiú in 2024 chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ( IO C, C/2024/3180 , 4.6.2024)

(35)

  Treoir 2014/65/AE an 15 Bealtaine 2014, IO L 173 , 12.6.2014. Féach an leagan comhdhlúite .

(36)

Féach an liosta de na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach faoin Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh ar shuíomh gréasáin ESMA .

(37)

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsaid margaidh, ( IO L 173 , 12.6.2014). Féach an leagan comhdhlúite .

(38)

Tuarascáil Mhargaidh ESMA ar Mhargaí Carbóin an Aontais - 2024 ( ESMA50-43599798-10379 , 7.10.2024)

(39)

 Tuarascáil Mhargaidh ESMA maidir le Margaí Carbóin an Aontais — 202 5 ( ESMA50-481369926-30552 , 22.10.2025)

(40)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE, IO L 177, 2.7.2019. Féach an leagan comhdhlúite .

(41)

  Treoir (AE) 2024/790 an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE, IO L, 2024/790, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/790/oj . Féach an leagan comhdhlúite .

(42)

  Rialachán (AE) 2024/791 an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj . Féach an leagan comhdhlúite .

(43)

Ní bhaineann an oibleagáid dhá thuarascáil a fhoilsiú ach le hionaid trádála a thairgeann todhchaíochtaí agus roghanna araon. Ionaid trádála nach dtairgeann ach todhchaíochtaí amháin, ní bheidh ach aon tuarascáil amháin á foilsiú acu i gcónaí.

(44)

  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 an 4 Iúil 2012, IO L 201, 27.7.2012. Féach an leagan comhdhlúite .

(45)

  Doiciméad Comhairliúcháin Spriocdhírithe — Athbhreithniú ar fheidhmiú mhargaí na ndíorthach tráchtearraí agus gnéithe áirithe a bhaineann le spotmhargaí fuinnimh . An 26 Feabhra 2025

(46)

  Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh inacmhainne, éifeachtúil agus glan a áirithiú do gach Eorpach , a foilsíodh an 26 Feabhra 2025.

(47)

Astaíochtaí fíoraithe CTA in 2024, Clárlann an Aontais, sonraí a asbhaineadh an 1 Deireadh Fómhair 2025.

(48)

Tá údar le 2 % den laghdú sin freisin mar gheall ar neamhréireachtaí sonraí a dhéanann difear don deighilt idir na hastaíochtaí cumhachta agus na hastaíochtaí tionsclaíocha, ní mar gheall ar threochtaí sa mhargadh.

(49)

  Glanghiniúint leictreachais de réir an chineáil breosla - sonraí míosúla , Eurostat.

(50)

  Tháinig laghdú 1,1 % ar an táirgeadh tionsclaíoch sa limistéar euro agus laghdú 0,8 % san Aontas , Eurostat, 13.2.2025.

(51)

Braitheann an anailís sin ar shonraí maidir le cur chun feidhme CTA AE arna dtuairisciú ag tíortha gach bliain faoi Airteagal 21
den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (spriocdháta an 30 Meitheamh).

(52)

Astaíochtaí nialas‐rátaithe ó bhithmhais inbhuanaithe is ea 22 % den ardú a tháinig ar astaíochtaí shuiteálacha CTA in 2024.

(53)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1999 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2018, IO L 328, 21.12.2018.

(54)

  Use of ETS auctioning revenues - Reporting year 2025 – GovReg [Úsáid ioncam ceantála CTA – Bliain tuairiscithe 2025 – GovReg] , Reportnet3, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

(55)

Suas go dtí an 4 Meitheamh 2023, moladh do na Ballstáit 50 % ar a laghad den ioncam a bailíodh a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí dícharbónaithe agus claochlaithe fuinnimh. Maidir leis an ioncam a bhailítear ón 5 Meitheamh 2023 ar aghaidh, tá feidhm ag an oibleagáid 100 % (nó luach airgeadais coibhéiseach) a úsáid chun tacú le dícharbónú agus aistriú fuinnimh in earnálacha CTA.

(56)

Tuairiscíonn roinnt tíortha a chomhchistíonn gníomhaíochtaí lena n-ioncam CTA luach iomlán na gníomhaíochta comhchistithe; dá bhrí sin,
tá suim a ngníomhaíochtaí níos airde ná a n-ioncam. Coigeartaíodh na luachanna sa chaibidil seo ina leith sin, e.g., más dhá oiread an ioncaim a gineadh a bhí i suim na ngníomhaíochtaí, glacadh leis gur íocadh leath gach gníomhaíochta agus cúiteamh costais carbóin indírigh ón ioncam ceantála.

(57)

Tuarascáil 2025 ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide atá ar na bacáin agus an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi

(58)

 Guidelines on certain State aid measures in the context of the system for greenhouse gas emission allowance trading post2021 [Treoirlínte i ndáil le bearta áirithe Státchabhrach i gcomhthéacs an chórais maidir le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021], (2020/C 317/04). Tá nuashonrú teicniúil ar na treoirlínte seo á ullmhú.

(59)

De réir na dtreoirlínte maidir le Státchabhair, ní mór cúiteamh na mBallstát a bheith bunaithe ar na meán-réamhphraghsanna bliana mar a fheictear i malartú carbóin ar leith de chuid an Aontais. D’fhéadfadh an praghas a úsáidtear a bheith beagán éagsúil idir gach Ballstát ag brath ar mhalartú carbóin an Aontais a úsáidtear.

(60)

Leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, ceadaítear do Lucsamburg 0,4 milliún EUAnna a chur ar ceal in aghaidh na bliana ar an meán idir 2021 agus 2030, méid atá coibhéiseach le EUR 33,5 milliún má chuirtear ar ceant iad ar an bpraghas margaidh a bhreithnítear sa chaibidil seo.

(61)

Beihilfen für indirekte CO2-Kosten des Emissionshandels (Strompreiskompensation) in Deutschland für das Jahr 2023 (nasc).

(62)

An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, Innovation Fund progress report 2023 — Report from the Commission to the European Parliament and the Council on the implementation of the Innovation Fund in 2023 [Tuarascáil 2023 ar dhul chun cinn an Chiste don Nuálaíocht — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Chiste don Nuálaíocht in 2023], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025 (nasc).

(63)

  Deais phunainne an Chiste don Nuálaíocht

(64)

Aithris 20 de Threoir 2009/29/CE, a athdhearbhaíodh in aithris 14 de Threoir (AE) 2018/410.

(65)

  An Ciste don Nuálaíocht — Cúnamh Forbartha Tionscadail , BEI.

(66)

  Rialachán (AE) 2024/795 an 29 Feabhra 2024, IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj .

(67)

Na chéad Bhallstáit is tairbhithe, ba iad an Bhulgáir, an Chróit, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic agus an Ungáir.

(68)

Cuireadh an Ghréig, an Phortaingéil agus an tSlóivéin leis na 10 mBallstát bunaidh in athbhreithniú 2023 ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí.

(69)

Iarscríbhinn IIb a ghabhann leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí – Eochair leithdháilte an Chiste don Nuachóiriú.

(70)

  C(2024) 4190 final - Cinneadh ón gCoimisiún an 12.06.2024 maidir le heisíocaíocht ioncam ón gCiste don Nuachóiriú faoi Threoir 2003/87/CE - An chéad timthriall eisíocaíochta débhliantúil in 2024

(71)

Leis an gcúigiú cinneadh maidir le heisíocaíocht faoin gCiste don Nuachóiriú údaraíodh íocaíochtaí leis an Rómáin (EUR 1,1 billiún), leis an tSeicia (EUR 835 mhilliún), leis an bPolainn (EUR 698 milliún), leis an Ungáir (EUR 77 milliún), leis an mBulgáir (EUR 65 mhilliún), leis an Liotuáin (EUR 59 milliún), leis an gCróit (EUR 52 mhilliún), leis an tSlóvaic (EUR 35 mhilliún), leis an Laitvia (EUR 27 milliún) agus leis an Eastóin (EUR 24 mhilliún).

(72)

Cuireadh 25 mhilliún lamháltas i leataobh le haghaidh úsáid fhéideartha faoi Airteagal 10a(9) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí (Teachtaireacht ón gCoimisiún Líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2021 a fhoilsiú chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais arna bhunú le Treoir 2003/87/CE agus líon na lamháltas neamh-leithdháilte le linn na tréimhse 2013-2020 2022/C 195/02, C/2022/2780 ( IO C 195 , 13.5.2022).

(73)

  Síníonn an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Šefčovič comhaontú idir an Ghréig, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Coimisiún maidir le Ciste Dícharbónaithe d’oileáin na Gréige — an Coimisiún Eorpach .

(74)

  Cinneadh Uimh. 377/2013/AE an 24 Aibreán 2013 lena maolaítear go sealadach ar Threoir 2003/87/CE, IO L 113, 25.4.2013.

(75)

Aithris 30 de Threoir 958/2024/AE lena ndéantar athbhreithniú ar an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí

(76)

Cuirtear maolú sealadach ó CTA AE ar fáil go dtí 2030 le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm i gceann de na réigiúin is forimeallaí i mBallstát amháin agus aeradróm sa Bhallstát céanna .

(77)

  Leithdháileadh breise saor in aisce le haghaidh eitiltí chuig na réigiúin is forimeallaí , Córas trádála astaíochtaí le haghaidh oibreoirí aerárthaigh, an Oifig Chónaidhme um an gComhshaol, 31.8.2024

(78)

Bhí an sciar is mó de ghníomhaíocht eitlíochta idirnáisiúnta ag tíortha in 2018 arna thomhas i ‘ciliméadair tonna ioncaim’, rud a chiallaíonn an méid lasta nó paisinéirí a d’aistrigh aerlíne a bhí á n-íoc acu, agus cé chomh fada agus a d’aistrigh sí. Tá na 34 Stát sin liostaithe ag International-RTK-rankings_2018_SIDS_LDC_LLDC.pdf .

(79)

Ciallaíonn cur chuige CORSIA atá bunaithe ar bhealaí, cibé áit a bhfuil an aerlíne bunaithe, gur cheart é a bheith faoi réir ceanglas fritháirimh i gcónaí ar bhealaí idir dhá stát rannpháirteacha. Is í ‘tír bhaile’ na haerlíne an t‑aon tír atá freagrach as comhlíonadh CORSIA na haerlíne. Mar shampla: Ba cheart d’aerlíne A ó thír A atá díolmhaithe ó CORSIA páirt a ghlacadh fós i bhfritháireamh nuair a eitlíonn sí bealaí cumhdaithe idir tíortha rannpháirteacha B agus C. Tá Tír A ceaptha a bheith freagrach as comhlíonadh aerlíne A ar na heitiltí sin a áirithiú, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann.

(80)

Foilsíonn Rúnaíocht ICAO an doiciméad seo ar bhonn bliantúil, i gcás 2024 foilsíodh é i mí Dheireadh Fómhair, dar teideal ‘Astaíochtaí agus Faisnéis Bhliantúil Iomlán CO2 d'oibreoirí Eitleán’, atá inrochtana faoi Chuid III den suíomh gréasáin seo: https://www.icao.int/environmental-protection/CORSIA/Pages/CCR.aspx  

(81)

  Treoir (AE) 2023/958 an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, IO L 130, 16.5.2023.

(82)

  Cinneadh (AE) 2023/136 an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, IO L 19, 20.1.2023.

(83)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1500 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2025, IO L, 2025/1500, 24.7.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1500/oj .

(84)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1879 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2024, IO L, 2024/1879, 10.7.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1879/oj .

(85)

  Foilsiú sonraí maidir le hastaíochtaí 2023 ó phéirí aeradróm — An Coimisiún Eorpach , An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 19.6.2025

(86)

 Agus raon feidhme nuashonraithe na heitlíochta in CTA an Aontais á mheas (gan eitiltí a thagann isteach ón Ríocht Aontaithe). Ní áirítear sonraí ó oibreoirí aerárthaigh arna riar ag an Eilvéis ach in iontrálacha 2020-2023.

(87)

 Ní chuirtear san áireamh sna huimhreacha sin gach dúnadh oibreoirí aerárthaigh agus lamháltais saor in aisce ón gcúlchiste speisialta le haghaidh iontrálaithe nua agus oibreoirí atá ag fás go mear, ná tuairisceáin in 2012 de bharr an athraithe sa raon feidhme. Foinsí: Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh, An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide.

(88)

Dá gcuirfí san áireamh na huimhreacha a coinníodh siar mar gheall ar dhúnadh na n‑oibreoirí aerárthaigh, bheadh an fíor‑leithdháileadh le haghaidh 2019 4 mhilliún faoi bhun an fhigiúir a tugadh (féach fonóta 8 i bhFógra C/2020/8643, IO C 428, 11.12.2020). Cuireadh an leithdháileadhle haghaidh na  
Ríochta Aontaithe (4,31 milliún lamháltas den iomlán le haghaidh 2019) ar fionraí in 2019 de bharr na mbeart coimirce a ghlac an  
Coimisiún chun sláine comhshaoil CTA AE a chosaint i gcásanna ina scoireann feidhm ag dlí an Aontais maidir le Ballstát a tharraingíonn siar ón Aontas Eorpach. Cuireadh tús leis an leithdháileadh an athuair in 2020.

(89)

Cumhdaítear leis an gcóras tacaíochta sin an difríocht praghais iomlán nó cuid den difríocht praghais atá fágtha idir ceirisín iontaise agus na breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáideann oibreoirí aerárthaí tráchtála aonair ar a n-eitiltí a chumhdaítear le praghsáil éifeachtach carbóin trí CTA AE, rud a spreagann na hoibreoirí aerárthaí sin i dtreo roghanna breosla níos glaine.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/723 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2025, IO L, 2025/723, 16.4.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/723/oj .

Fógra C/2025/3186 ón gCoimisiún C/2025/3186 , IO C, C/2025/2934, 27.5.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/C/2025/2934/oj .

(90)

  Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025, IO C, C/2025/5004, 16.9.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/C/2025/5004/oj .

(91)

Is mó i bhfad tionchar foriomlán na heitlíochta domhanda ar an aeráid ná an chomhchuid CO2 amháin. Meastar tionchar foriomlán na heitlíochta a bheith dhá go ceithre huaire níos mó ná tionchar na n-astaíochtaí CO2 nuair a thugtar éifeachtaí neamh-CO2 san áireamh. Is beart ábhartha é aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí sin toisc go bhfuil an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) tar éis díriú ar an eitlíocht idirnáisiúnta (agus ar an loingeas idirnáisiúnta), ina Séú Tuarascáil Measúnaithe um maolú an athraithe aeráide, mar earnálacha ag a bhfuil spriocanna aeráide ar lú iad ná a mbeadh gá leis chun srian a chur leis an méadú domhanda ar theochtaí i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

(92)

 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreáin 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ( IO L 123 , 19.5.2015)

(93)

 Astaíochtaí fíoraithe le haghaidh muirí i gClárlann an Aontais an 15 Deireadh Fómhair 2025. 

(94)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018, IO L 334, 31.12.2018. Leasaíodh an rialachán in 2020 le Rialachán (AE) 2020/2084 ón gCoimisiún, in 2024 le Rialachán (AE) 2024/1321, agus in 2025 le Rialachán (AE) 2025/1192. Féach an téacs comhdhlúite .

(95)

Ba iad an Danmhairg, an Fhionlainn, an Liotuáin, agus an Ísiltír na Ballstáit sin. Ní thuairiscíonn an Ungáir a thuilleadh go mbaintear úsáid as an tuairisciú simplithe sa tír.

(96)

Airteagal 13 den Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú

(97)

Is é an príomhfháth leis sin go mbaineann acmhainní agus saineolas nach beag leis an modheolaíocht tomhas‑bhunaithe, rud atá in easnamh ar roinnt mhaith oibreoirí níos lú.

(98)

Leis an Rialachán maidir le Faireachán agus Tuairisciú, cuirtear de cheangal ar na hoibreoirí uile leibhéil íosta áirithe a chomhlíonadh. Ceanglaítear ar shuiteálacha a astaíonn níos mó ná 50 kt CO2 an leibhéal is airde a chomhlíonadh i gcás mórfhloscanna bunaidh (is é sin, sonraí ar cháilíocht níos iontaofa, cé nach bhfuil ceanglais chomh dian céanna i bhfeidhm, ar chúiseanna costéifeachtúlachta, maidir le floscanna níos lú.

(99)

Níl acmhainneacht ná suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach ag gach tír in CTA AE a thagann faoi raon feidhme oibleagáid faireacháin CTA AE.

(100)

  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1192 ón gCoimisiún IO L, 2025/1192, 19.6.2025 ELI:   http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1192/oj .

(101)

  Faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí CTA AE , An Ard‐Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, 31.8.2024

(102)

Treoirdhoiciméad, An Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú - Treoraíocht CTA2 maidir le Fíorú , Meitheamh 2025.

(103)

Ba iad an tSeicia, an Danmhairg, Éire, an Íoslainn, an Iodáil agus Lichtinstéin na tíortha sin.

(104)

I gcás ina bhfuil údaráis réigiúnacha/áitiúla freagrach as obair MRV, déanann an t‑údarás inniúil lárnach athbhreithniú ar dhoiciméid ábhartha freisin (amhail pleananna faireacháin) chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht phróisis MRV.

(105)

Tá an pionós innéacsaithe le haghaidh boilscithe.

(106)

Ceadaítear le hAirteagal 34a den Rialachán maidir le Creidiúnú agus Fíorú don fhíoraitheoir cuairt suímh fhíorúil a dhéanamh má choisceann imthosca urghnácha agus neamh-intuartha ar an bhfíoraitheoir dul chomh fada leis an suíomh. Ní cheadaítear é sin ach faoi réir fhormheas an údaráis inniúil agus má shásaítear coinníollacha áirithe.

(107)

Ní riarann dhá thír eile (Lichtinstéin agus Tuaisceart Éireann) aon oibreoir aerárthaigh.

(108)

Is iad an 12 thír an Chróit (5), an tSeicia (5), an Fhionlainn (1), an Fhrainc (4), an Ungáir (6), an Iodáil (3), an Laitvia (1), an Liotuáin (2), an Ísiltír (1), an Pholainn (18), an Spáinn (1), agus an tSualainn (1).

(109)

 Is iad an Ungáir (1), an Laitvia (1), agus an tSualainn (2) na trí thír sin.

(110)

 Is iad an Danmhairg (2), an Chróit (2), an Iodáil (6), an Laitvia (2), an Spáinn (6), agus an tSualainn (1) na sé thír.

(111)

Agus trí phríomhdhoiciméad treorach á scríobh, tugadh chun críche iad le linn 2024/2025 agus tá siad ar fáil go poiblí faoi láthair: treoraíocht ghinearálta MRV/CTA do chuideachtaí loingseoireachta (Treoirdhoiciméad Uimh. 1), an treoir ghinearálta maidir leis an bpróiseas chun pleananna faireacháin arna bhformheas ag údaráis riaracháin (Treoirdhoiciméad Uimh. 2), agus an treoir ghinearálta maidir le creidiúnú agus fíorú (Treoirdhoiciméad Uimh. 3).

(112)

 Cumhdaítear leis an bhfigiúr sin na hastaíochtaí ó na longa atá faoi fhreagracht cuideachtaí loingseoireachta atá gníomhach faoi raon feidhme CTA AE, cé is moite de na longa agus na gníomhaíochtaí sin nach dtagann ach faoi raon feidhme MRV (e.g. mar gheall ar olltonnáiste, cineál loinge) agus eisiatar meatán agus astaíochtaí ocsaíde nítriúla. Baineadh na sonraí a luaitear faoin roinn seo ó THETIS-MRV mar a tuairiscíodh sna tuarascálacha ar leibhéal cuideachta a chuir cuideachtaí loingseoireachta isteach an 15 Deireadh Fómhair 2025.

(113)

 Breoslaí a thagann faoin aicme bhreosla ‘breoslaí iontaise’, i gcomhréir leis an aicmiú faoi Iarscríbhinn I, Cuid A de Rialachán (AE) 2015/757. 

(114)

 Mar a tharla i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo faoin gcóras muirí MRV sular leathnaíodh CTA AE chuig an earnáil mhuirí, bhí cuideachtaí loingseoireachta ag brath go heisiach ar an gcur chuige ríofa chun astaíochtaí a chinneadh.

(115)

 Baineadh amach 0,5 Mt eile tar éis chur i bhfeidhm deonach na hasbhainte le haghaidh longa d’aicme oighir.

(116)

 Airteagal 3gf den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. 

(117)

Cinntear méid na lamháltas dlite tuairiscithe ar fhigiúirí arna dtuairisciú ag cuideachtaí i gClárlann an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2025.

(118)

  ETS2: foirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise , An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide.

(119)

  Treoir (AE) 2023/1791 an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú), IO L 231 , 20.9.2023.

(120)

  COM(2025) 274 final — Measúnú uile-Aontais ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha — Cuspóirí fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach, 27.5.2025. Féach an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo .

(121)

Féach fonóta 121.

(122)

Measúnú ón gCoimisiún ar PNFAnna nuashonraithe críochnaitheacha na hEastóine agus na Slóvaice (SWD/2025/282).

(123)

  https://climate.ec.europa.eu/eu-action/climate-strategies-targets/progress-climate-action/eu-climate-action-progress-report‑2025_en  

(124)

 An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh ( IO L 322 , 7.12.2017).