Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1999

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

PE/55/2018/REV/1

OJ L 328, 21.12.2018, p. 1–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj

21.12.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1999 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Rialachán seo, leagtar amach an bonn reachtach is gá maidir le rialachas iontaofa, cuimsitheach, costéifeachtach, trédhearcach agus intuartha an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (sásra rialachais), lena n-áirithítear go ndéanfar cuspóirí agus spriocanna 2030 agus cuspóirí agus spriocanna fadteármacha an Aontais Fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras 2015 maidir le hathrú aeráide i ndiaidh an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), trí iarrachtaí comhlántacha, comhleanúnach agus uaillmhianacha ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus teorainn fós á cur le castacht riaracháin.

(2)

Ba cheart cúig ghné a chumhdach leis an Aontas Fuinnimh: slándáil fuinnimh; an margadh inmheánach fuinnimh; éifeachtúlacht fuinnimh; dícharbónú; agus taighde, nuálaíocht agus iomaíochas.

(3)

Is é is sprioc don Aontas Fuinnimh seasmhach a bhfuil beartas aeráide uaillmhianach mar chroílár aige, fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais, lena n-áirítear teaghlaigh agus gnólachtaí, agus taighde agus nuálaíocht a chothú trí infheistíocht a mhealladh, agus chuige sin teastaíonn athrú ón mbonn aníos ar chóras fuinnimh na hEorpa. Tá athrú den sórt sin nasctha go dlúth freisin leis an ngá atá le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a chur chun cinn agus trí chineálacha nua agus in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. Ní féidir an sprioc sin a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht chomhordaithe, ina ndéantar gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha i dteannta a chéile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

(4)

Le hAontas Fuinnimh atá lánfheidhmiúil agus seasmhach, dhéanfaí réigiún den Aontas ar réigiún é a bheadh chun tosaigh maidir le nuálaíocht, infheistíocht, fás agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus, sa chaoi sin, a bheadh mar dhea-eiseamláir maidir le conas atá dlúthbhaint idir uaillmhianta móra a shaothrú ó thaobh athrú aeráide a mhaolú agus bearta chun nuálaíocht, infheistíocht agus fás a chothú.

(5)

I gcomhthreo leis an Rialachán seo, tá sraith tionscnamh forbartha agus glactha ag an gCoimisiún maidir le beartas earnálach fuinnimh, go háirithe maidir le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus le dearadh margaidh. I dteannta a chéile is pacáiste iad na tionscnaimh seo faoin téama uileghabhálach “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh”, ceannaireacht dhomhanda an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite, agus margadh cóir do thomhaltóirí fuinnimh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn.

(6)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach Creat 2030 um Fhuinneamh agus Aeráid don Aontas bunaithe ar cheithre phríomhsprioc ar leibhéal an Aontais: laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ar fud an gheilleagair, sprioc tháscach maidir le feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh, sprioc 27 % ar a laghad, atá le hathbhreithniú faoi 2020 d'fhonn an leibhéal a mhéadú go dtí 30 %, sciar fuinnimh in-athnuaite 27 % ar a laghad den tomhaltas fuinnimh san Aontas, agus 15 % ar a laghad d'idirnasc leictreachais. Sonraíodh ann go bhfuil an sprioc maidir le fuinneamh in-athnuaite ceangailteach ar leibhéal an Aontais agus go gcomhlíonfar í trí rannchuidithe na mBallstát faoi threoir an ghá atá le cuspóir an Aontais a bhaint amach i gcomhar le chéile. Le hathmhúnlú ar Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugadh isteach sprioc nua, cheangailteach fuinnimh athnuaite 32 % ar a laghad don Aontas don bhliain 2030, lena n-áirítear foráil d'athbhreithniú a dhéanamh d'fhonn an sprioc ar leibhéal an Aontais a mhéadú faoin mbliain 2023. Le leasuithe ar Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar amach an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le feabhas 32.5 % ar a laghad ar éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach in 2030, lena n-áirítear foráil d'athbhreithniú a dhéanamh d'fhonn spriocanna ar leibhéal an Aontais a mhéadú.

(7)

Rinneadh an sprioc cheangailteach maidir le laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990 a fhormheas go foirmiúil ag cruinniú na Comhairle Comhshaoil an 6 Márta 2015 mar Rannchuidiú Beartaithe an Aontais agus a chuid Bhallstát a socraíodh go Náisiúnta i leith Chomhaontú Pháras. Rinne an tAontas Comhaontú Pháras a dhaingniú an 5 Deireadh Fómhair 2016 (6) agus tháinig sé i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. Tagann sé in ionad an chur chuige a glacadh in 1997 faoi Phrótacal Koyoto, a d'fhormheas an tAontas le Cinneadh 2002/358/CE ón gComhairle (7) agus nach leanfar leis tar éis 2020. Ba cheart córas an Aontais i ndáil le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí agus aistrithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(8)

Le Comhaontú Pháras, rinneadh méadú ar leibhéal na huaillmhéine domhanda maidir le hathrú aeráide a mhaolú agus leagtar amach ann sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir maidir leis an meánmhéadú domhanda ar an teocht a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú do 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(9)

Agus na spriocanna teochta i gComhaontú Pháras á saothrú aige, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas cothromaíocht a bhaint amach a luaithe is féidir idir astaíochtaí antrapaigineacha GCT ag foinsí agus aistriú linnte agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin.

(10)

Maidir leis an gcóras aeráide, tá iomlán carnach na n-astaíochtaí antrapaigineacha thar thréimhse ama ábhartha ó thaobh tiúchan iomlán GCTanna san atmaisféar. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar chásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais le gnóthú na gcuspóirí fadtéarmacha, inter alia cás astaíochtaí GCT glan-nialasacha san Aontas a bhaint amach faoi 2050, agus impleachtaí na gcásanna sin maidir leis an mbuiséad carbóin domhanda agus buiséad carbóin an Aontais atá fós ann. Ba cheart don Choimisiún anailís a ullmhú chun críocha straitéis fadtéarmach an Aontais i ndáil le rannchuidiú an Aontais le gealltanais Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear cásanna éagsúla, inter alia cás astaíochtaí GCT glan-nialasacha san Aontas a bhaint amach faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin agus a n-impleachtaí ar an mbúiséad carbóin domhanda agus ar bhúiséad carbóin an Aontais.

(11)

Cé gur gheall an tAontas go ndéanfadh sé laghduithe uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a shaothrú faoi 2030, is saincheist dhomhanda í bagairt an athraithe aeráide. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, dá bhrí sin, a bheith ag obair lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun ardleibhéil uaillmhéine ag na Comhpháirtithe uile a áirithiú i gcomhréir le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras.

(12)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach freisin gur cheart sásra rialachais iontaofa agus trédhearcach nach mbeadh aon ualach riaracháin nach gá ag gabháil leis agus a mbeadh solúbthacht leordhóthanach ann do riachtanais na mBallstát, a fhorbairt chun cuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuid spriocanna i leith beartas fuinnimh, agus saoirse na mBallstát fós á hurramú go hiomlán leis maidir lena meascán fuinnimh féin a chinneadh. Leag sí béim air gur cheart sásra rialachais den sórt sin tógáil ar chlocha tógála atá ann cheana, amhail cláir náisiúnta aeráide, pleananna náisiúnta fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mar aon leis an ngá atá le cuíchóiriú a dhéanamh ar shraitheanna pleanála agus tuairiscithe ar leithligh agus le hiad a thabhairt le chéile. Lena chois sin, d'aontaigh sí cur le ról agus cearta tomhaltóirí, le trédhearcacht agus intuartacht d'infheisteoirí, inter alia, trí fhaireachán córasach ar phríomhtháscairí ar mhaithe le córas fuinnimh inacmhainne, sábháilte, iomaíoch, slán agus inbhuanaithe, agus comhordú ar bheartais náisiúnta aeráide agus fuinnimh a éascú agus comhar réigiúnach idir na Ballstáit a chothú.

(13)

Ina theachtaireacht an 25 Feabhra 2015 maidir le Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide, déanann an Coimisiún tagairt don ghá atá le sásra rialachas comhtháite chun a áirithiú go gcuirfidh gníomhaíochtaí fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil le cuspóirí an Aontais Fuinnimh agus go leathnófar raon an rialachais ar an dóigh sin – thar Chreat 2030 um Aeráid agus Fuinneamh – chuig gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh.

(14)

Ina theachtaireacht an 18 Samhain 2015 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, shonraigh an Coimisiún tuilleadh gur uirlisí riachtanacha iad pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar pleananna iad lena dtugtar faoi na cúig ghné uile den Aontas Fuinnimh ar mhaithe le pleanáil níos straitéisí don bheartas don aeráid agus don fhuinneamh. Mar chuid den teachtaireacht sin, tugadh an bonn do na Ballstáit sa Treoir ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide tús a chur le pleananna náisiúnta a fhorbairt don tréimhse 2021 go 2030 agus príomhchrainn taca an sásra rialachais a leagadh amach. Lena chois sin, sonraíodh sa teachtaireacht gur cheart rialachas den chineál sin a bheith fréamhaithe sa dlí.

(15)

Ina conclúidí an 29 Samhain 2015 maidir le córas rialachais an Aontais Fuinnimh, d'aithin an Chomhairle go mbeidh rialachas an Aontais Fuinnimh ina uirlis bhunriachtanach chun an tAontas Fuinnimh a chur le chéile go héifeachtúil agus go héifeachtach agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Leag an Chomhairle béim iontu gur cheart an sásra rialachais a bheith bunaithe ar phrionsabail chomhtháthúna pleanála straitéisí agus tuairiscithe straitéisigh maidir le cur chun feidhme beartas don aeráid agus don fhuinneamh agus ar phrionsabal an chomhordaithe idir na gníomhaithe atá freagrach as an mbeartas don aeráid agus don fhuinneamh ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Leag sí béim freisin air gur cheart a áirithiú leis an sásra rialachas go ndéanfaí na spriocanna comhaontaithe do 2030 maidir leis an bhfuinneamh agus an aeráid a chomhlíonadh agus go ndéanfaí faireachán ar dhul chun cinn an Aontais san iomlán maidir le gnóthú na gcuspóirí beartais thar na cúig ghné den Aontas Fuinnimh.

(16)

Ina rún an 15 Nollaig 2015, dar teideal “Towards a European Energy Union (I dtreo Aontas Fuinnimh don Eoraip)”, d'iarr Parlaimint na hEorpa sásra rialachais an Aontais Fuinnimh, creat a bheadh uaillmhianach, iontaofa, trédhearcach, daonlathach agus lánchuimsitheach i dtaobh Pharlaimint na hEorpa agus d'iarr sí go n-áiritheofaí go ndéanfaí spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a ghnóthú.

(17)

Tá béim leagtha arís agus arís eile ag an gComhairle Eorpach ar an ngá atá le bearta práinneacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear amach sprioc íosta maidir le 10 % d'idirnaisc leictreachais a bhaint amach. Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, bheartaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfadh an Coimisiún bearta práinneacha chun a áirithiú go ngnóthófaí sprioc íosta maidir le 10 % d'idirnaisc leictreachais, mar ábhar práinne, agus tráth nach déanaí ná 2020 ar a laghad i gcás na mBallstát sin nach bhfuil íosleibhéal comhtháthaithe bainte amach fós acu sa mhargadh inmheánach fuinnimh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 maidir le líonraí fuinnimh na hEorpa a neartú, déantar measúnú ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na sprice 10 % maidir le hidirnascadh agus moltar bealaí ann chun an sprioc 15 % maidir le hidirnascadh don bhliain 2030 a oibríochtú.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an sásra rialachais gnóthú chuspóirí an Aontais Fuinnimh a chumasú agus go háirithe spriocanna Chreat 2030 um Aeráid agus Fuinneamh, sa réimse a bhaineann le laghdú ar astaíochtaí GCT, le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Eascraíonn na cuspóirí agus na spriocanna sin as beartas an Aontais maidir le fuinneamh agus as an ngá atá le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, mar a fhoráiltear i gConarthaí an Aontais. Ní féidir aon cheann de na cuspóirí sin, atá nasctha ar bhealach doscartha, a mheas mar chuspóir atá tánaisteach ar an gcuspóir eile.. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo nasctha leis an dlí earnálach lena ndéantar spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030 a chur chun feidhme. Cé go dteastaíonn solúbthacht ó na Ballstáit chun na beartais is fearr a oireann dá meascán fuinnimh agus dá roghanna tosaíochta fuinnimh a dhéanamh, ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith comhoiriúnach le tuilleadh comhtháthú margaidh, le hiomaíochas méadaithe, le baint amach na gcuspóirí aeráide agus fuinnimh agus leis an aistriú de réir a chéile i dtreo geilleagar ísealcharbóin inbhuanaithe.

(19)

Chun aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin inbhuanaithe a chur i gcrích ar bhealach atá inghlactha go sóisialta agus atá cothrom, tá gá le hathruithe ar an iompar infheistíochta, maidir le hinfheistíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach araon, agus tá gá le dreasachtaí a chur i bhfeidhm thar an speictream beartais ar fad, agus na saoránaigh, agus na réigiúin a d'fhéadfadh a bheith thíos leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin á gcur san áireamh. Chun laghdú ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ní mór borradh a chur faoin éifeachtúlacht agus nuálaíocht i ngeilleagar na hEorpa agus, go háirithe, ba cheart poist inbhuanaithe, lena n-áirítear poist sna hearnálacha ardteicneolaíochta, agus feabhsuithe ar cháilíocht an aeir agus ar shláinte phoiblí a bheith mar thoradh air.

(20)

I bhfianaise na ngealltanas idirnáisiúnta sa Chomhaontú Pháras, ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a ghlacann siad orthu féin chun fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe maidir le breoslaí iontaise. Agus tuarascáil á déanamh acu, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh iad féin a bhunú ar shainmhínithe atá ann cheana maidir le fóirdheontais bhreosla iontaise agus atá in úsáid go hidirnáisiúnta.

(21)

Ós rud é gur as foinsí coitianta a thagann an chuid is mó de GCTanna agus an chuid is mo de na truailleáin aeir, d'fhéadfadh comhthairbhí do shláinte phoiblí agus do cháilíocht an aeir a bheith ag baint le beartas a d'fhéadfadh GCTanna a laghdú, go háirithe i gceantair uirbeacha, ar comhthairbhí iad a d'fhéadadh na costais ghearrthéarmacha ar mhaolú GCT a fhritháireamh,. Ós rud é gur ionchur tábhachtach iad na sonraí a thuairiscítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) le haghaidh thiomsú an fhardail GCT agus le haghaidh na bpleananna náisiúnta, ba cheart a aithint a thábhachtaí atá sé sonraí comhsheasmhacha a thiomsú agus a thuairisciú idir Treoir (AE) 2016/2284 agus an fardal maidir le GCT.

(22)

Léirigh an taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) á chur chun feidhme go raibh gá le sineirgí agus comhleanúnachas maidir leis an tuairisciú faoi réir ionstraimí dlíthiúla eile, go háirithe maidir le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialachán (CE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Tá úsáid sonraí comhsheasmhacha chun astaíochtaí GCT a thuairisciú buntábhachtach maidir le hardcháilíocht an tuairiscithe ar astaíochtaí a áirithiú.

(23)

I gcomhréir le tiomantas láidir an Choimisiúin do rialáil níos fearr agus i gcomhréir le beartas lena ndéantar taighde, nuálaíocht agus infheistíocht a chur chun cinn, ba cheart laghdú suntasach ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí ábhartha, ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile de chuid an Aontais, agus laghdú suntasach ar an gcastacht, a bheith mar thoradh ar an sásra rialachais. Ba cheart freisin go gcuideodh sé le comhleanúnachas agus leordhóthanacht beartas agus beart a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis an athrú ón mbonn ar an gcóras fuinnimh i dtreo geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin..

(24)

Ba cheart gnóthú chuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a áirithiú trí mheascán de thionscnaimh de chuid an Aontais agus de bheartais náisiúnta chomhleanúnacha a leagtar amach i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. I ndlí earnálach an Aontais sna réimsí fuinnimh agus aeráide, leagtar amach ceanglais phleanála a bhí ina n-uirlisí úsáideacha roimhe seo chun athrú ar an leibhéal náisiúnta a bhrú ar aghaidh. De bharr gur tugadh isteach iad ag amanna difriúla tá forluí ann agus ní dhearnadh breithniú leordhóthanach ar shineirgí agus ar idirghníomhaíochtaí idir réimsí beartais, rud a bhí chun díobhála d'éifeachtúlacht costais. Ba cheart, dá bhrí sin, an phleanáil, an tuairisciú agus an faireachán a dhéantar ar leithligh sna réimsí aeráide agus fuinnimh faoi láthair a chuíchóiriú agus a chomhtháthú a oiread agus is féidir.

(25)

Leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart tréimhsí deich mbliana a chumhdach agus ba cheart forléargas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair ó thaobh an chórais fuinnimh agus beartais de. Ba cheart cuspóirí náisiúnta do gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a leagan amach iontu mar aon le beartais chomhfhreagracha agus bearta comhfhreagracha chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart bonn anailíseach a bheith acu. Sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chumhdaíonn an chéad tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar spriocanna do 2030 don laghdú ar astaíochtaí GCT, don fhuinneamh in-athnuaite, don éifeachtúlacht fuinnimh agus don idirnasc leictreachais. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus go rannchuidíonn siad le gnóthú na spriocanna sin. Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, d'fhéadfadh na Ballstáit cur le straitéisí nó pleananna náisiúnta atá ann cheana. Maidir leis an gcéad dréachtphlean agus an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheach, tugtar spriocdháta difriúil i gcomparáid le pleananna ina dhiaidh sin, chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit a gcéad phleananna a ullmhú tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. Mar sin féin, spreagtar na Ballstáit a gcuid dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thíolacadh chomh luath agus is féidir in 2018 chun go bhféadfar ullmhúchán cuí a dhéanamh, go háirithe don idirphlé éascaitheach atá le tionól in 2018 i gcomhréir le cinneadh 1/CP.21 de Chomhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC).

(26)

Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre a bhfuil gá leo chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha, lena n-áirítear scaipeadh geografach, ar táscairí iad atá bunaithe ar chur chuige coiteann maidir le bochtaineacht fuinnimh. I gcás ina bhfaigheann Ballstát amach go bhfuil líon suntasach teaghlach aige atá i mbochtaineacht fuinnimh, ba cheart dó cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean.

(27)

Ba cheart teimpléad éigeantach do na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú chun a áirithiú go bhfuil gach plean náisiúnta sách cuimsitheach agus chun comparáid agus comhiomlánú pleananna náisiúnta a éascú agus, ag an am céanna, a áirithiú go bhfuil go leor solúbthachta ag na Ballstáit chun mionsonraí na bpleananna náisiúnta a leagan amach d'fhonn roghanna tosaíochta agus sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú iontu.

(28)

Imríonn cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart sna réimsí fuinnimh agus aeráide tionchar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar deiseanna éifeachtachta, ag céim luath, don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus go dtéitear i gcomhairle leis an bpobal maidir le hullmhú na bpleananna sin i gcomhréir, más infheidhme, le forálacha Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) um Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i nGnóthaí Comhshaoil an 25 Meithimh 1998 (“coinbhinsiún Aarhus”). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach in ullmhú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit an chastacht riaracháin a theorannú agus a n-oibleagáidí maidir le comhairliúchán poiblí á gcomhlíonadh ag na comhpháirithe sóisialta.

(29)

Agus iad i mbun comhairliúchán poiblí, agus i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rannpháirtíocht chomhionann ann, go ndéantar an pobal a chur ar an eolas trí fhógraí poiblí nó ar bhealach iomchuí eile amhail na meáin leictreonacha, gur féidir leis an bpobal rochtain a dhéanamh ar gach doiciméad ábhartha, agus go ndéantar socruithe praiticiúla a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail a chur i bhfeidhm.

(30)

Ba cheart do gach Ballstát idirphlé buan il-leibhéil a bhunú maidir le fuinneamh, ar idirphlé é lena ndéanfar údarás áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an pobal gnó, infheisteoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar na roghanna atá beartaithe maidir le beartais don fhuinneamh agus don aeráid. Ba cheart plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit mar aon lena straitéis fhadtéarmach a bheith pléite faoi chuimsiú an idirphlé sin. D'fhéadfadh sé go mbeadh an t-idirphlé ar siúl trí aon struchtúir náisiúnta, amhail suíomh gréasáin, ardán comhairliúcháin phoiblí nó uirlis cumarsáide idirghníomhach eile.

(31)

Tá comhar réigiúnach ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh ar bhealach atá éifeachtach agus barrmhaith ó thaobh costais de. Ba cheart don Choimisiún comhar den sórt sin a éascú idir na Ballstáit. Ba cheart deis a thabhairt do na Ballstáit tuairimí a thabhairt ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide Ballstát eile sula gcuirtear i gcrích iad chun neamhréireachtaí agus tionchair dhiúltacha ar Bhallstáit eile a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus chun a áirithiú go mbainfear comhchuspóirí amach i dteannta a chéile. Ba cheart go mbeadh an comhar réigiúnach ríthábhachtach maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a mhionléiriú agus a chur i gcrích agus iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin i dtreo go bhfeabhsófar éifeachtacht agus éifeachtúlacht beart agus go gcothófar comhtháthú margaidh agus slándáil fuinnimh.

(32)

I gcás ina bhfuil siad ag obair i gcomhar faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit na fóraim chomhair réigiúnacha atá ann cheana a chur san áireamh, amhail an Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (BEMIP), an Nascacht Gháis do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC), Margadh Fuinnimh Réigiúnach an Láir agus an Iarthair (CWREM), Tionscnamh Thíortha na Mara Thuaidh um Eangach Amach ón gCósta (NSCOGI), an Fóram Cúigthaobhach um Fhuinneamh, Idirnaisc d'Oirdheisceart na hEorpa agus an Chomhpháirtíocht Eora-Mheánmhara. Spreagtar na Ballstáit le comhar a bheartú le sínithe an Chomhphobail Fuinnimh, le tríú tíortha ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha ábhartha eile. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn comhtháthú margaidh, beartais costéifeachtúla, comhar éifeachtach, comhpháirtíochtaí agus comhairliúcháin a chur chun cinn, deiseanna breise a shainaithint le haghaidh comhar réigiúnach lena gcumhdaítear ceann amháin nó níos mó de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh i gcomhréir leis an Rialacháin seo, le fís fhadtéarmach agus bunaithe ar dhálaí reatha an mhargaidh.

(33)

Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi phléití le tríú tíortha ábhartha chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cur i bhfeidhm na bhforálacha arna mbunú faoin Rialachán seo a shíniú ionsorthu, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le comhar réigiúnach.

(34)

Ba cheart pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith cobhsaí chun trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun cinnteacht infheistíochta a áirithiú. Ba cheart pleananna náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta uair amháin le linn na tréimhse deich mbliana, áfach, chun deis a thabhairt do na Ballstáit iad féin a chur in oiriúint d'athruithe suntasacha ar imthosca. Maidir leis na pleananna lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart do na Ballstáit a gcuid pleananna a thabhairt cothrom le dáta faoin 30 Meitheamh 2024. Níor cheart cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a athrú ach amháin chun méadú ar an aidhm fhoriomlán a léiriú, go háirithe i dtaobh spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030. Mar chuid den tabhairt cothrom le dáta sin, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh tionchair dhiúltacha ar bith ar an gcomhshaol a mhaolú a thagann chun solais mar chuid den tuairisciú comhtháite.

(35)

Tá straitéisí cobhsaí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú fíorthábhachtach chun rannchuidiú le hathrú eacnamaíoch ón mbonn aníos, le poist, le fás agus le baint amach spriocanna níos leithne um fhorbairt inbhuanaithe, agus chun gur féidir druidim i dtreo na sprice fadtéarmaí atá socraithe ag Comhaontú Pháras, ar shlí atá cóir agus éifeachtach ó thaobh costais de. Ina theannta, iarrtar ar na Páirtithe i gComhaontú Pháras a gcuid straitéisí forbartha fadtéarmacha i dtaobh astaíochtaí ísle GCT do lár an chéid, a chur in iúl faoi 2020. Sa chomhthéacs sin, an 22 Márta 2018, thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le laghduithe ar astaíochtaí GCT a thíolacadh faoin gcéad ráithe de 2019 i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh ann.

(36)

Ba cheart do na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt maidir le bheith ag rannchuidiú ar feadh 30 bliain ar a laghad le gealltanais na mBallstát faoin UNFCCC agus faoin gComhaontú Pháras, i gcomhthéacs chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur ar an méadú ar an teocht agus laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí GCT agus feabhsaithe ar aistrithe linnte a bhaint amach i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a straitéisí a fhorbairt ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbionn deiseanna éifeachtacha ann don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhúchán na straitéisí sin. Ba cheart go mbeadh a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na straitéisí fadtéarmacha i gcomhréir le chéile.

(37)

Tá an earnáil um thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF) go mór gan chosaint agus tá sí an-leochaileach i dtaobh athrú aeráide. Ag an am céanna, tá acmhainneacht ollmhór ag an earnáil tairbhe a dhéanamh don aeráid go fadtéarmach agus rannchuidiú go suntasach le baint amach spriocanna aeráide agus idirnáisiúnta fadtéarmacha de chuid an Aontais. Is féidir léi rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide ar roinnt bealaí, go háirithe trí astaíochtaí a laghdú, trí linnte agus stoic charbóin a chothabháil agus a fheabhsú, agus trí bhithábhar is féidir a chur in ionad ábhair iontaise nó ábhair a bhfuil lorg mór carbóin acu a sholáthar. Tá ríthábhacht ag baint le straitéisí fadtéarmacha atá ina mbonn taca ag infheistíocht inbhuanaithe lena ndírítear ar cheapadh éifeachtach carbóin, bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus cobhsaíocht fhadtéarmach agus inoiriúnaitheacht linnte carbóin a mhéadú.

(38)

Agus idirnasic bhreise á bhforbairt, tá sé tábhachtach measúnú iomlán a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí, lena n-áirítear na hiarmhairtí iomlána atá acu, idir iarmhairtí eacnamaíocha agus iarmhairtí socheacnamaíocha, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus tá sé tábhachtach freisin seachtrachtaí dearfacha na n-idirnasc, amhail comhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh, slándáil soláthair agus iomaíocht mhéadaithe sa mhargadh inmheánach, a chur san áireamh.

(39)

Faoi mar atá an cás ó thaobh pleanála de, leagtar amach ceanglais tuairiscithe i ndlí earnálach de chuid an Aontais sna réimsí fuinnimh agus aeráide, agus uirlisí úsáideacha ba ea mórán díobh chun athrú a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, mar chomhlánú ar athchóirithe sa mhargadh, ach tugadh na ceanglais sin isteach ag amanna difriúla agus dá dheasca sin tháinig ann d'fhorluí agus neamhéifeachtacht costais, agus níor tugadh go leor airde ar shineirgí agus ar idirghníomhaíochtaí idir réimsí beartais amhail maolú gás ceaptha teasa, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus comhtháthú margaidh. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá le hobair leantach chuí ar chur chun feidhme pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a áirithiú agus an gá atá ann an chastacht riaracháin a laghdú, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn a bhunú maidir le cur chun feidhme na bpleananna agus maidir le forbairtí eile ar an gcóras fuinnimh. Bheadh gá le roinnt tuairiscithe, áfach, ar bhonn bliantúil, go háirithe maidir leis na ceanglais tuairiscithe sa réimse aeráide a eascraíonn ó UNFCCC agus i ndlí an Aontais.

(40)

Ba cheart na gnéithe a leagtar amach sa teimpléad do na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith léirithe i dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát ar dhul chun cinn. Ba cheart teimpléad do na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a shonrú i ngníomhartha cur chun feidhme ina dhiaidh sin toisc gur de chineál teicniúil iad agus toisc go bhfuil na chéad tuarascálacha ar dhul chun cinn le soláthar in 2023. Ba cheart na tuarascálacha ar dhul chun cinn a dhéanamh chun trédhearcacht a áirithiú don Aontas, do Bhallstáit eile, d'údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do ghníomhaithe margaidh lena n-áirítear tomhaltóirí, d'aon gheallsealbhóirí ábhartha eile agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart dóibh a bheith cuimsitheach thar na cúig ghné den Aontas Fuinnimh agus, linn na chéad tréimhse, ba cheart dóibh béim a leagan ar réimsí arna chumhdach ag spriocanna Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 ag an am céanna.

(41)

Faoi UNFCCC, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit fardail náisiúnta d'astaíochtaí antrapaigineacha GCTanna uile ó fhoinsí agus a n-aistrithe trí linnte a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe ag baint úsáid as modheolaíochtaí inchomparáide arna gcomhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe. Tá na fardail GCT ríthábhachtach chun gur féidir rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn na gné dícharbónaithe agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngníomhartha reachtacha i réimse na haeráide, go háirithe Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialachán (AE) 2018/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(42)

Ceanglaítear leCinneadh 1/CP.16 de Chomhdháil na bPáirtithe i UNFCCC go mbunófaí socruithe náisiúnta chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha GCTanna ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte. Leis an Rialachán seo, ba cheart bunú na socruithe náisiúnta sin a chumasú.

(43)

Tá sé léirithe ag an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 an tábhacht atá le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, iomláine agus inchomparáideacht na faisnéise. Agus é ag cur leis an taithí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbainfidh na Ballstáit úsáid as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha sna cúig ghné ar fad agus go ndéanfaidh siad faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil don phobal maidir leis na toimhdí, na paraiméadair agus na modheolaíochtaí a mbainfidh siad úsáid astu le haghaidh na gcásanna críochnaitheacha agus na réamh-mheastachán críochnaitheach, agus aird á tabhairt acu ar shrianta staitistiúla, ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus comhlíonadh na rialacha cosaint sonraí, agus go ndéanfaidh siad tuairisciú ar a gcuid beartas, beart agus réamh-mheastachán mar chuid ríthábhachtach de na tuarascálacha ar dhul chun cinn. Ba cheart an fhaisnéis sna tuarascálacha sin a bheith bunriachtanach chun léiriú a thabhairt ar chur chun feidhme tráthúil na ngealltanas faoi Rialachán (AE) 2018/842. Feidhmiú agus feabhsú leanúnach na gcóras ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát móide treoir níos fearr maidir le tuairisciú, ba cheart don mhéid sin cur go suntasach le neartú leanúnach a dhéanamh ar an bhfaisnéis is gá chun an dul chun cinn i ngné an dícharbónaithe a rianú.

(44)

Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán sin go ndéanfaidh na Ballstáit tuairisciú maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le tacaíocht airgid, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní a thugtar do thíortha i mbéal forbartha, rud a éascóidh cur chun feidhme ghealltanais UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras. Lena chois sin, tá faisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thacaíocht i dtaca le hoiriúint náisiúnta tábhachtach freisin i gcomhthéacs na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, go háirithe maidir leis an oiriúnú d'éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a bhaineann le cinnteacht sholáthar fuinnimh an Aontais, amhail infhaighteacht uisce fuaraithe do stáisiúin chumhachta agus an fháil atá ar bhithmhais le haghaidh fuinnimh, agus faisnéis faoi thacaíocht is ábhartha maidir leis an ngné sheachtrach den Aontas Fuinnimh.

(45)

Athdhearbhaítear i gComhaontú Pháras gur cheart do na Páirtithe, agus iad i mbun gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, a gcuid oibleagáidí faoi seach, maidir le cearta an duine agus comhionannas inscne, a urramú, a chur chun cinn agus breithniú a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, gné chearta an duine agus an chomhionannais inscne a chomhtháthú go leordhóthanach ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina gcuid straitéisí fadtéarmacha. Trína gcuid tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ar fhaisnéis maidir leis an gcaoi a rannchuidítear, lena gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, le cearta an duine agus le comhionannas inscne a chur chun cinn.

(46)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, ba ceart don Choimisiún ardán ar líne (ríomhardán) a bhunú chun cumarsáid a éascú, comhar a chur chun cinn agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú. Leis sin, ba cheart go ndéanfaí tíolacadh tráthúil tuarascálacha mar aon le trédhearcacht fheabhsaithe maidir le tuairisciú náisiúnta a éascú. Leis an ríomhardán, ba cheart na próisis tuairiscithe, na bunachair sonraí agus na ríomhuirlisí atá ann cheana, amhail na cinn sin atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ag Eurostat agus ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, a chomhlánú, cur leo agus tairbhe a bhaint astu, mar aon leis an taithí a foghlaimíodh ó Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht.

(47)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide ar fáil go poiblí ar líne. Ba cheart go mbeadh an ríomhardán, a luaithe a bheidh sé ag feidhmiú, á úsáid ag an gCoimisiún chun na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide, na nuashonruithe orthu, na straitéisí fadtéarmacha agus faisnéis ábhartha eile maidir le tuairisciú arna soláthar ag na Ballstáit a chur ar fáil go poiblí. Sula mbeidh an ríomhardán ag feidhmiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as a chuid suíomhanna gréasáin féin chun rochtain phoiblí ar líne ar na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide a éascú.

(48)

A mhéid a bhaineann le sonraí atá le soláthar don Choimisiún trí phleanáil náisiúnta agus tuairisciú náisiúnta, níor cheart dúbláil a dhéanamh ar shonraí ná ar fhaisnéis ó na Ballstáit a cuireadh ar fáil cheana féin trí Eurostat i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) san fhoirm chéanna is atá faoi oibleagáidí pleanála agus tuairiscithe a leagtar amach sa Rialacháin seo agus atá le fáil ón gCoimisiún (Eurostat) fós agus na luachanna céanna ag baint leo. I gcás inarb ann dóibh agus inar cuí ó thaobh tráthúlachta de, leis na sonraí agus na réamh-mheastacháin a chuirtear ar fáil sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart cur le sonraí Eurostat agus leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an staidreamh Eorpach a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus ba cheart iad a bheith ag teacht leis na sonraí sin agus leis an modheolaíocht sin.

(49)

I gcomhthéacs cuspóirí Straitéis an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, go háirithe maidir le hAontas Fuinnimh atá lánfheidhmiúil agus athléimneach, beidh sé bunriachtanach go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus, ar bhonn tuarascálacha ar dhul chun cinn, ar chur chun feidhme na bpleananna sin. Don chéad tréimhse deich mbliana, baineann an méid sin go háirithe le gnóthú spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le rannchuidithe náisiúnta leis na spriocanna sin. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn débhliantúil, agus gan é a dhéanamh ar bhonn bliantúil ach amháin i gcás inar gá, agus ba cheart an measúnú a chomhdhlúthú i dtuarascálacha an Choimisiúin ar Staid an Aontais Fuinnimh.

(50)

Agus urraim chuí á tabhairt acu don cheart maidir le tionscnamh atá ag an gCoimisiún, don ghnáthnós imeachta reachtach agus do chothromaíocht na gcumhachtaí atá idir na hinstitiúidí, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aghaidh a thabhairt, ar bhonn bliantúil, ar an dul chun cinn atá bainte amach ag an Aontas Fuinnimh i dtaca le gach gné de na beartais Fuinnimh agus Aeráide.

(51)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán bheartais agus bhearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas agus i bhfianaise an mhéadaithe is gá a dhéanamh ar laghdú agus aistrithe GCT san Aontas i gcomhréir leis na gealltanais atá i gComhaontú Pháras.

(52)

Bíonn tionchair ag an eitlíocht ar an aeráid dhomhanda mar thoradh ar astú CO2 mar aon le hastaíochtaí eile, lena n-áirítear astaíochtaí ocsaídí nítrigine, agus meicníochtaí, amhail breisiú scamall ciorrais. I bhfianaise na mearfhorbartha atá ag teacht ar thuiscint na heolaíochta ar na tionchair sin, déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 cheana féin maidir le measúnú cothrom le dáta ar thionchair neamh-CO2 na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda. Ba cheart an samhlú a úsáidtear chuige sin a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch. Bunaithe ar a mheasúnaithe ar na tionchair sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 1 Eanáir 2020, anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta a thíolacadh, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an dóigh is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.

(53)

I gcomhréir leis na treoracha reatha ón UNFCCC maidir le GCT a thuairisciú, bunaítear ríomh agus tuairisciú na n-astaíochtaí meatáin ar na dóchúlachtaí go n-ardófar an teas domhanda (GWP) a bhaineann le meatán thar thréimhse ama 100 bliain. I gcomhthéacs ardleibhéil an GWP agus an tsaolré measartha gearr atá ag an meatán, rud is cúis le tionchar suntasach ar an aeráid sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí atá ann maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar thionchar gearrthéarmach agus meántéarmach na n-astaíochtaí meatáin ar astaíochtaí GCT san Aontas. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt go tapa ar astaíochtaí meatáin agus ba cheart dó plean straitéiseach de chuid an Aontais a chur ar aghaidh mar chuid lárnach de straitéis fhadtéarmach an Aontais.

(54)

Chun cuidiú le comhleanúnachas idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais agus cuspóirí an Aontais Fuinnimh a áirithiú, ba cheart comhphlé leanúnach a bheith ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit. De réir mar is iomchuí, ba cheart don Choimisiún moltaí a eisiúint do na Ballstáit, lena n-áirítear moltaí faoi leibhéal uaillmhéine na ndréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a fógraíodh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin, agus faoi bheartais agus bearta náisiúnta eile atá ábhartha ó thaobh chur chun feidhme an Aontais Fuinnimh. Cé nach bhfuil éifeacht cheangailteach ag moltaí, mar a leagtar amach in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iad, ba cheart do na Ballstáit, amhlaidh, aird chuí a thabhairt ar na moltaí sin agus míniú a thabhairt i dtuarascálacha ina dhiaidh sin ar an gcaoi a bhfuil an méid sin déanta acu. Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, bunaítear an measúnú ón gCoimisiún ar na critéir oibiachtúla.. Má eisíonn an Coimisiún moladh maidir le dréachtphlean náisiúnta Ballstáit, ba cheart dó é sin a dhéanamh a luaithe is féidir, ag féachaint, ar thaobh amháin, don ghá go ríomhfadh an Coimisiún rannchuidithe pleanáilte cainníochtaithe áirithe de chuid na mBallstát ar fad chun uaillmhian ar leibhéal an Aontais a mheas, agus ar an taobh eile, don ghá atá le ham leordhóthanach a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann aird chuí a thabhairt ar na moltaí ón gCoimisiún sula gcuirfidh sé bailchríoch ar a phlean náisiúnta, agus ar an ngá atá leis an mbaol go gcuirfí moill ar phlean náisiúnta an Bhallstáit a sheachaint.

(55)

Tá úsáid chostéifeachtach fuinnimh in-athnuaite ar cheann de na critéir oibiachtúla ríthábhachtacha chun rannchuidithe na mBallstát a mheasúnú. Tá struchtúr costais casta ann chun fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid agus tá éagsúlachtaí suntasacha idir na Ballstáit. Áirítear leis sin ní hamháin costais na gcóras tacaíochta, ach chomh maith leis sin, inter alia costais nascachta suiteálacha, cúltaca don chóras, slándáil an chórais a sholáthar agus costais nach mór a íoc agus srianta comhshaoil á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, nuair a chuirfear na Ballstáit i gcomparáid le chéile ar bhonn an chritéir sin, ba cheart na costais ar fad a bhaineann le húsáid, bíodh siad le híoc ag an mBallstát, ag na tomhaltóirí deiridh nó ag na forbróirí tionscadal, a chur san áireamh. Na moltaí ón gCoimisiún i ndáil le huaillmhianta na mBallstát maidir le cúrsaí in-athnuaite, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhoirmle a leagtar amach sa Rialachán seo agus atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Dá bhrí sin, ba cheart a léiriú sa mheasúnú ar uaillmhian fuinnimh in-athnuaite na mBallstát an iarracht atá déanta ag na Ballstáit i gcomparáid le chéile, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'fhorbairt an fhuinnimh in-athnuaite. Ba cheart sonraí a áireamh sa mheasúnú, ar sonraí iad a thagann ó fhoinsí sonraí neamhspleácha cainníochtúla nó ó fhoinsí sonraí cáilíochtúla.

(56)

I gcás nach bhfuil na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ná na nuashonruithe orthu, leordhóthanach chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach go comhchoiteann agus, don chéad tréimhse, go háirithe spriocanna do 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, ba cheart don Choimisiún bearta a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun gnóthú comhchoiteann na gcuspóirí agus na spriocanna sin a áirithiú (agus aon “bhearna uaillmhéine” a dhúnadh ar an gcaoi sin). I gcás nach leor dul chun cinn an Aontais chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a sheachadadh, mar aon le moltaí a eisiúint, ba cheart don Choimisiún bearta a mholadh agus úsáid a bhaint as a chumhachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais, nó ba cheart do na Ballstáit bearta breise a ghlacadh chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna sin (agus aon “bhearna seachadta” a dhúnadh ar an gcaoi sin). Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin sna bearta sin iarrachtaí luatha a dhéanann na Ballstáit maidir leis an sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach trí sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite os cionn a sprice ceangailtí náisiúnta a shroicheadh in 2020 nó roimhe sin, nó trí dhul chun cinn a dhéanamh go luath i dtreo a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020 a bhaint amach nó i dtreo chur chun feidhme a chuid rannchuidithe le sprioc cheangailteach an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh in 32 % ar a laghad den fhuinneamh in 2030. I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, is féidir a áireamh ar bhearta den sórt sin ranníocaíochtaí deonacha airgeadais na mBallstát le sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais do fhuinneamh in-athnuaite arna bhainistiú ag an gCoimisiún, a d'úsáidfí chun rannchuidiú leis na tionscadail fuinnimh in-athnuaite is costéifeachtaí ar fud an Aontais agus sa chaoi sin, thabharfaí an rogha don Bhallstát rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach ar an gcostas is ísle is féidir. Ba cheart spriocanna fuinnimh in-athnuaite náisiúnta na mBallstát do 2020 a bheith ag feidhmiú mar sciartha bonnlíne don fhuinneamh in-athnuaite don tréimhse ó 2021 ar aghaidh agus ba cheart iad a choinneáil ar feadh na tréimhse sin. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir bearta breise a dhíriú go háirithe chun éifeachtúlacht fuinnimh táirgí, foirgneamh agus iompair a fheabhsú.

(57)

Ba cheart go mbeadh spriocanna fuinnimh in-athnuaite náisiúnta na mBallstát do 2020 mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) ag fónamh mar an túsphointe dá gconair tháscach náisiúnta don tréimhse 2021 go 2030, ach amháin i gcás ina gcinneann Ballstát ar bhonn deonach túsphointe níos airde a shocrú. De bhreis air sin, ba cheart gurbh ionann iad don tréimhse sin agus sciar bonnlíne éigeantach atá mar chuid freisin de Threoir (AE) 2018/2001. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse sin, níor cheart go mbeadh sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh gach Ballstáit níos ísle ná a sciar bonnlíne.

(58)

Mura gcoinníonn Ballstát a sciar bonnlíne mar a thomhaistear thar thréimhse bliana é, ba cheart dó, laistigh de bhliain, bearta breise a dhéanamh chun an bhearna sin a chumhdach i dtaca lena chás bonnlíne. I gcás ina bhfuil bearta riachtanacha den sórt sin déanta go héifeachtach ag Ballstát, agus ina bhfuil a oibleagáid an bhearna a chumhdach comhlíonta aige, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais éigeantacha sa chás bonnlíne comhlíonta aige ón tráth a tháinig ann don bhearna lena mbaineann, faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) 2018/2001 araon.

(59)

Chun go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann faireachán leordhóthanach agus luathghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh, agus chun éifeacht an “tsaorthairbhí” a sheachaint, ba cheart go sroichfeadh conairí táscacha na mBallstát ar fad (agus conair tháscach an Aontais dá réir) in 2022, 2025 agus 2027 céatadáin íosta áirithe ar a laghad den mhéadú iomlán ar fhuinneamh in-athnuaite atá beartaithe do 2030, mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún baint amach na “bpointí tagartha” sin in 2022, 2025 agus 2027 a mheas, inter alia ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ba cheart do na Ballstáit a thíolacadh. Ba cheart do na Ballstáit atá faoi bhun a bpointí tagartha míniú a thabhairt, ina gcéad tuarascáil eile ar dhul chun cinn, ar cad é a dhéanfaidh siad chun a bhearna a chumhdach. Más rud é nach gcomhlíontar pointí tagartha táscacha an Aontais, ba cheart do na Ballstáit atá faoi bhun a bpointí tagartha aghaidh a thabhairt air sin trí bhearta breise a chur chun feidhme darb aidhm an bhearna a chumhdach.

(60)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an fhaisnéis is cothroime le dáta a chur ar fáil faoina n-astaíochtaí GCT agus faoina gcuid aistrithe. Ba cheart leis an Rialachán seo gur féidir measúnú dá leithéid a ullmhú laistigh de na hachair ama is giorra trí fhaisnéis staidrimh agus faisnéis eile a úsáid amhail, i gcás inarb iomchuí, sonraí spásbhunaithe a sholáthraítear tríd an gClár Copernicus a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus trí chórais satailíte eile.

(61)

Faoi Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart leanúint de chur chuige thimthriall bliantúil na ngealltanas a socraíodh i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Leis an gcur chuige sin, éilítear athbhreithniú cuimsitheach ar fhardail GCT na mBallstát chun gur féidir comhlíonadh a mheas agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás inar gá. Tá gá le próiseas athbhreithnithe a bhunú ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na fardail GCT a thíolacann na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/842 a mheas ar bhealach inchreidte, comhsheasmhach, trédhearcach agus tráthúil.

(62)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar ann maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, le dlúth-rannpháirtíocht ag Parlaimint na hEorpa i ndáil le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, cabhrú leis na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus an fothú acmhainní lena mbaineann, lena n-áirítear trí acmhainní inmheánacha a shlógadh ó acmhainn samhaltaithe inmheánach agus, i gcás inarb iomchuí, ó shaineolas seachtrach.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear san áireamh ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(64)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, ar prionsabail é lena mbreithnítear, sula ndéanfar cinntí maidir le pleanáil fuinnimh, beartas fuinnimh agus infheistíocht fuinnimh, an bhféadfaí bearta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá costéifeachtach agus fónta ó thaobh na teicneolaíochta, an chomhshaoil agus na heacnamaíochta de, a chur go hiomlán nó go páirteach in ionad na mbeart pleanála, beartais agus infheistíochta atá beartaithe, agus cuspóirí a gcinntí faoi seach á mbaint amach san am céanna. Áirítear leis sin, go háirithe, an éifeachtúlacht fuinnimh a láimhseáil mar ghné bhuntábhachtach agus mar shaincheist ríthábhachtach maidir le cinntí a dhéanfar amach anseo ar bhonneagar fuinnimh san Aontas. Ar na roghanna costéifeachtacha eile tá bearta a dhéanamh chun go mbeidh an t-éileamh ar fhuinneamh agus soláthar an fhuinnimh níos éifeachtúla, go háirithe trí choigealtas costéifeachtach úsáide deiridh fuinnimh, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú, a tharchur agus a dháileadh ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart do na Ballstáit freisin scaipeadh an phrionsabail sin a spreagadh sna rialtais réigiúnacha agus áitiúla, agus san earnáil phríobháideach.

(65)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil, maidir le measúnú, faireachán agus obair thuairiscithe.

(66)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an creat ginearálta maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (teimpléad) a leasú, chun an teimpléid a oiriúnú do leasuithe ar chreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais a bhaineann go díreach agus go sonrach le ranníocaíochtaí an Aontais faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras, chun na hathruithe ar phoitéinsil téimh dhomhanda (GWPanna) agus ar na treoirlínte fardal a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur san áireamh, agus chun ceanglais shubstainteacha a leagan síos maidir le córas fardail an Aontais agus na clárlanna a chur ar bun. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na Ballstát, agus rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a chur san áireamh ann, i gcás inar gá, cinntí a glacadh faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

(67)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn; tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha, ioncam ceantála; tuairisciú bliantúil maidir le neasfhardail GCT, fardail GCT agus astaíochtaí agus na haistrithe GCT ar a dtugtar i gcuntas, sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais do fhuinneamh in-athnuaite, córais fardail náisiúnta agus córais fardail Aontais, athbhreithniú ar an bhfardal; agus córais Aontais agus náisiúnta maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin; agus tuairisciú ar bheartais GCT, ar bhearta GCT agus ar réamh-mheastacháin GCT, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (23).

(68)

Chun na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún cúnamh ina chuid cúraimí faoin Rialachán seo ó Choiste um Athrú Aeráide lena n-athbhunaítear an Coiste um Athrú Aeráide atá ann cheana arna bhunú le hAirteagal 8 de Chinneadh 93/389/CEE, le hAirteagal 9 de Chinneadh 280/2004/CE agus le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus ó Choiste an Aontais Fuinnimh. Chun comhsheasmhacht beartas a áirithiú agus d'fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar shineirgí idir earnálacha, ba cheart cuireadh chuig cruinnithe an dá choiste a thabhairt do shaineolaithe aeráide agus do shaineolaithe fuinnimh, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

(69)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo in 2024 agus gach cúig bliana as sin amach agus ba cheart dó tograí leasaitheacha a dhéanamh de réir mar is iomchuí chun a chur i bhfeidhm cuí agus gnóthú a chuspóirí a áirithiú. Ba cheart forbairtí a chur san áireamh sna hathbhreithnithe sin agus ba cheart iad a dhéanamh i bhfianaise na dtorthaí ar an stocáireamh domhanda an Chomhaontaithe Pháras.

(70)

Leis an Rialachán seo, ba cheart comhtháthú, leasú, ionadú, agus aisghairm a dhéanamh ar oibleagáidí áirithe pleanála, tuairiscithe agus faireacháin atá ann faoi láthair i gníomhartha reachtacha earnálacha fuinnimh agus aeráide an Aontais chun cur chuige cuíchóirithe agus comhtháite a áirithiú i leith phríomhsnáitheanna na pleanála, an tuairiscithe agus an fhaireacháin. Ba cheart na gníomhartha reachtacha a leanas a leasú dá réir sin:

Treoir Uimh. 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

Treoir Uimh. 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

Treoir Uimh. 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28);

Treoir Uimh. 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

Treoir 2009/119/CE ón gComhairle (30);

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

Treoir 2012/27/AE;

Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (33).

(71)

Ar chúiseanna comhleanúnachais agus cinnteachta dlíthiúla, níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe de bhun dhlí earnálacha ábhartha an Aontais i réimse an leictreachais agus na hullmhachta i gcomhair riosca leictreachais.

(72)

Ba cheart forálacha Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a chomhtháthú ina n-iomláine sa Rialachán seo. Dá thoradh sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 525/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2021. Chun a áirithiú, áfach, go leanfar de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a chur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus go leanfaidh gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme Phrótacal Kyoto de bheith cumhdaithe sa dlí, is gá go leanfaidh forálacha áirithe de bheith infheidhme i ndiaidh an dáta sin.

(73)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréire, mar atá leagtha amach san airteagal sin ní théann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear sásra rialachais chun:

(a)

straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna ceapadh cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus gealltanais fhadtéarmacha astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a bhaint amach atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus na cuspóirí agus spriocanna don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid, a bhaint amach;

(b)

comhar idir na Ballstáit a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, ar comhar é atá ceaptha chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach;

(c)

tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine thuairisciú an Aontais agus na mBallstát chuig rúnaíocht UNFCCC agus chuig rúnaíocht Chomhaontú Pháras a áirithiú;

(d)

rannchuidiú le cinnteacht rialála níos fearr mar aon le rannchuidiú le cinnteacht níos fearr d'infheisteoirí agus cuidiú leis an leas iomlán a bhaint as deiseanna ar fhorbairt eacnamaíoch, spreagadh infheistíochta, cruthú post agus comhtháthú sóisialta.

Bunaítear an sásra rialachais ar straitéisí fadtéarmacha, ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chumhdaíonn tréimhsí deich mbliana ó 2021 go 2030, ar thuarascálacha comhfhreagracha na mBallstát ar dhul chun cinn náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh agus aeráide agus ar shocruithe comhtháite faireacháin ag an gCoimisiún. Áirítear leis an sásra rialachais go mbeidh deiseanna éifeachtacha ann don phobal chun a bheith rannpháirteach in ullmhú na bpleananna náisiúnta sin agus na straitéisí fadtéarmacha sin. Cuimsíonn sé próiseas struchtúrtha, trédhearcach agus atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun críocha pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt chun críche agus chun iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin, lena n-áirítear próiseas maidir le comhar réigiúnach, agus gníomhaíocht chomhfhreagrach an Choimisiúin.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a threisíonn a chéile:

(a)

slándáil fuinnimh;

(b)

an margadh inmheánach fuinnimh;

(c)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(d)

dícharbónú; agus

(e)

taighde, nuálaíocht agus iomaíochas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “beartais agus bearta” gach ionstraim a rannchuidíonn le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach agus/nó le gealltanais faoi phointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(2) de UNFCCC a chur chun feidhme, lena bhféadfar na hionstraimí sin a áireamh nach bhfuil srianadh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa mar phríomhchuspóir iontu;

(2)

ciallaíonn “beartais agus bearta atá ann cheana” beartais agus bearta atá curtha chun feidhme agus beartais agus bearta glactha;

(3)

ciallaíonn “beartais agus bearta atá curtha chun feidhme” beartais agus bearta a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas ina leith ar an dáta a gcuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn: tá dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i bhfeidhm, tá comhaontú deonach amháin nó níos mó bunaithe, tá acmhainní airgeadais leithdháilte, tá acmhainní daonna curtha ar fáil;

(4)

ciallaíonn “beartais agus bearta atá glactha” beartais agus bearta a bhfuil cinneadh oifigiúil rialtais déanta ina leith ag an dáta a cuireadh isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn agus go bhfuil gealltanas soiléir ann dul ar aghaidh lena gcur chun feidhme;

(5)

ciallaíonn “beartais agus bearta atá beartaithe” roghanna atá á bplé agus a bhfuil seans réalaíoch ann go nglacfar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndiaidh an dáta a chuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn;

(6)

ciallaíonn “córas do bheartais agus bearta agus réamh-mheastacháin” córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nósanna imeachta arna bhunú chun tuairisciú a dhéanamh ar bheartais, bearta agus réamh-mheastacháin a bhaineann le hastaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí, le haistrithe gás ceaptha teasa trí linnte agus leis an gcóras fuinnimh, mar a cheanglaítear inter alia le hAirteagal 39;

(7)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin” réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó trí fhorbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 4 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5 díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe;

(8)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin gan bhearta” réamh-mheastacháin gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, réamh-mheastacháin nach n-áiríonn éifeachtaí gach beartas agus gach beart atá beartaithe, glactha nó curtha chun feidhme i ndiaidh na bliana roghnaithe mar thúsphointe don réamh-mheastachán ábhartha;

(9)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta” réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte a chuimsíonn, ó thaobh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme;

(10)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta breise” réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó trí fhorbairtí ar an gcóras fuinnimh a chuimsíonn, maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun spriocanna fuinnimh a bhaint amach, mar aon le beartais agus bearta atá beartaithe chun na críche sin;

(11)

ciallaíonn “spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais” an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é 32 % ar a laghad don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d'fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030, agus an sprioc 15 % d'idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain 2030;

(12)

ciallaíonn “córas fardail náisiúnta” córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nós imeachta atá bunaithe laistigh de Bhallstát chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte, agus chun faisnéis fardail a thuairisciú agus a chartlannú;

(13)

ciallaíonn “táscaire” fachtóir cainníochtúil nó cáilíochtúil nó athróg a chuireann le tuiscint níos fearr ar dhul chun cinn an chur chun feidhme;

(14)

ciallaíonn “príomhtháscairí” na táscairí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh faoi mar a mhol an Coimisiún;

(15)

ciallaíonn “ceartúcháin theicniúla” coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa arna ndéanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 38 nuair a bhíonn sonraí an fhardail atá curtha isteach neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht leis na rialacha nó leis na treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur in ionad na meastachán a cuireadh isteach ar dtús;

(16)

ciallaíonn “dearbhú cáilíochta” córas beartaithe nósanna imeachta athbhreithnithe a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí maidir le cáilíocht sonraí agus go bhfuil na meastacháin agus an fhaisnéis is fearr is féidir á dtuairisciú chun tacú le héifeachtúlacht an chláir rialaithe cáilíochta agus chun cabhrú leis na Ballstáit;

(17)

ciallaíonn “rialú cáilíochta” córas gnáthghníomhaíochtaí teicniúla a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht na faisnéise agus na meastachán atá á dtiomsú a thomhas agus a rialú chun sláine, cruinneas agus iomláine na sonraí a áirithiú, earráidí agus easnaimh a aithint agus déileáil leo, sonraí agus ábhar eile a úsáidtear a dhoiciméadú agus a chartlannú, agus na gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta uile a thaifeadadh;

(18)

ciallaíonn “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” an-aird ar fad a thabhairt, agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha éifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla trí choigilteas úsáid dheiridh fuinnimh cost-éifeachtacha, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach;

(19)

ciallaíonn “Plean SET” an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh mar a leagtar amach é sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015, dar teideal, “I dTreo Plean Straitéiseach Comhtháite um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET): Dlús a chur leis an Athrú ar Chóras Fuinnimh na hEorpa”;

(20)

ciallaíonn “iarrachtaí luatha”:

(a)

i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an mbearna a d'fhéadfadh a bheith idir sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá bainte amach ag Ballstát agus atá os cionn a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 nó dul chun cinn luath atá déanta ag Ballstát i dtreo a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020;

(b)

i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún arna mbunú ar an measúnú de bhun phointe (b) d'Airteagal 29(1) maidir le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, cur chun feidhme luath atá déanta ag Ballstát maidir lena rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais 32 % ar a laghad den fhuinneamh in-athnuaite in 2030 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinnimh in-athnuaite;

(21)

ciallaíonn “comhar réigiúnach” comhar idir dhá Bhallstát nó níos mó atá i gcomhpháirtíocht lena gcumhdaítear gné amháin nó níos mó den Aontas Fuinnimh;

(22)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(23)

ciallaíonn “olltomhaltas deiridh fuinnimh” olltomhaltas deiridh fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(24)

ciallaíonn “scéim cúnaimh” scéim cúnaimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(25)

ciallaíonn “athchumhachtú” athchumhachtú mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(26)

ciallaíonn “pobal fuinnimh in-athnuaite” pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(27)

ciallaíonn “téamh ceantair” nó “fuarú ceantair” téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(28)

ciallaíonn “dramhail” dramhail mar a shainmhínítear i bpointe (23) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(29)

ciallaíonn “bithmhais” bithmhais mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(30)

ciallaíonn “bithmhais talmhaíochta” bithmhais talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (25) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(31)

ciallaíonn “bithmhais foraoise” bithmhais foraoise mar a shainmhínítear i bpointe (26) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(32)

ciallaíonn “breoslaí bithmhaise” breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear i bpointe (27) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(33)

ciallaíonn “bithghás” bithghás mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(34)

ciallaíonn “bithleachtanna” bithleachtanna mar a shainmhínítear i bpointe (32) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(35)

ciallaíonn “bithbhreoslaí” bithbhreoslaí mar a shainmhínítear i bpointe (33) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(36)

ciallaíonn “bithbhreoslaí ardfhorbartha” bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(37)

ciallaíonn “breoslaí carbóin athchúrsáilte” breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(38)

ciallaíonn “barra stáirse-shaibhir” barra stáirse-shaibhir mar a shainmhínítear i bpointe (39) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(39)

ciallaíonn “barra bia agus beatha” barra bia agus beatha mar a shainmhínítear i bpointe (40) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(40)

ciallaíonn “ábhar ligniceallalósach” ábhar ligniceallalósach mar a shainmhínítear i bpointe (41) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(41)

ciallaíonn “iarmhair” iarmhair mar a shainmhínítear i bpointe (43) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;

(42)

ciallaíonn “tomhaltas fuinnimh phríomhúil” tomhaltas fuinnimh phríomhúil mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(43)

ciallaíonn “tomhaltas fuinnimh deiridh” tomhaltas fuinnimh deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(44)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(45)

ciallaíonn “coigilteas fuinnimh” coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(46)

ciallaíonn “feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh” feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(47)

ciallaíonn “seirbhís fuinnimh” seirbhís fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(48)

ciallaíonn “achar urláir úsáidigh iomlán” achar urláir úsáidigh iomlán mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(49)

ciallaíonn “córas bainistiú fuinnimh” córas bainistiú fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(50)

ciallaíonn “páirtí faoi oibleagáid” páirtí faoi oibleagáid mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(51)

ciallaíonn “údarás poiblí cur chun feidhme” údarás poiblí cur chun feidhme mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(52)

ciallaíonn “gníomhaíocht aonair” gníomhaíocht aonair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(53)

ciallaíonn “dáileoir fuinnimh” dáileoir fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 2 de Threoi 2012/27/AE;

(54)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/CE agus i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(55)

ciallaíonn “comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola” comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(56)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse fuinnimh” soláthraí seirbhíse fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(57)

ciallaíonn “conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh” conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (27) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(58)

ciallaíonn “comhghiniúint” comhghiniúint mar a shainmhínítear i bpointe (30) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(59)

ciallaíonn “foirgneamh” foirgneamh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(60)

ciallaíonn “foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas” foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(61)

ciallaíonn “teaschaidéal” teaschaidéal mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(62)

ciallaíonn “breosla iontaise” foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar charbón, amhail bresolaí soladacha, gás nadúrtha agus ola.

CAIBIDIL 2

Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

Airteagal 3

Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.   Faoin 31 Nollaig 2019, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin, agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Áireofar sna pleananna na heilimintí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn I. Cumhdóidh an chéad phlean an tréimhse ó 2021 go 2030, agus an pheirspictíocht fhadtéarmach á cur san áireamh. Cumhdóidh na pleananna ina dhiaidh sin an tréimhse deich mbliana díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse lena mbaineann an plean roimhe.

2.   Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhdhéanta de na príomhchodanna seo a leanas:

(a)

forléargas ar an bpróiseas a leanadh chun an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú a bheidh comhdhéanta d'achoimre feidhmiúcháin, tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht agus ar na torthaí a bhí orthu, agus ar chomhar réigiúnach le Ballstáit eile in ullmhú an phlean, mar a bhunaítear in Airteagail 10, 11 agus 12 agus i bpointe 1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;

(b)

tuairisc ar chuspóirí, ar spriocanna agus ar rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na gnéithe den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I;

(c)

tuairisc ar na beartais agus ar na bearta a bheartaítear maidir leis na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a leagtar amach faoi phointe (b) mar aon le forléargas ginearálta ar an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a chomhlíonadh;

(d)

tuairisc ar staid reatha na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear maidir leis an gcóras fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa mar aon le réamh-mheastacháin maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) mar aon le beartais agus bearta atá ann cheana;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bacainní agus constaicí rialála agus neamh-rialála ar na cuspóirí, spriocanna, nó rannchuidithe a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a ghnóthú;

(f)

measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht leis na cuspóirí fadteármacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(g)

measúnú ginearálta ar thionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe maidir le hiomaíochas a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh;

(h)

iarscríbhinn, arna tarraingt suas i gcomhréir leis na ceanglais agus an struchtúr a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ina leagtar amach modheolaíochtaí agus bearta beartais an Bhallstáit chun an ceanglas maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi.

3.   Maidir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

teorainn a chur le castacht riaracháin agus costais do na geallsealbhóirí ábhartha uile;

(b)

na hidirnaisc idir na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a chur san áireamh, go háirithe bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;

(c)

úsáid a bhaint as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha ar fud na gcúig ghné i gcás inarb ábhartha;

(d)

líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh a mheas, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre is gá chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha maidir le bochtaineacht fuinnimh.

I gcás ina bhfaigheadh Ballstát amach, de bhun phointe (d) den chéad fhomhír, go bhfuil líon suntasach teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát sin, ar bhonn a mheasúnaithe bunaithe ar shonraí infhíoraithe, déanfaidh sé cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a léiriú ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, beartais agus bearta lena dtabharfar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh, más ann di, lena n-áirítear bearta maidir le beartais shóisialta agus cláir náisiúnta ábhartha eile.

4.   Déanfaidh gach Ballstát a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun pointí 2.1.1 agus 3.1.1 de Roinn A agus 4.1 agus 4.2.1 de Roinn B de Chuid 1, agus pointe 3 de Chuid 2 d'Iarscríbhinn I a leasú, chun críocha iad a oiriúnú do leasuithe ar chreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach le rannchuidithe an Aontais faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

Airteagal 4

Cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta le haghaidh na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh

Déanfaidh gach Ballstát a leagan amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na príomhchuspóirí, na príomhspriocanna agus na rannchuidithe príomha, mar atá sonraithe i bpointe 2 de roinn A d'Iarscríbhinn I:

(a)

maidir leis an ngné “Dícharbónú”:

(1)

maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus d'fhonn cuidiú le baint amach na sprice ó thaobh laghdú ar astaíocht gás ceaptha teasa an Aontais ar fud an gheilleagair:

(i)

sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na teorainneacha ceangailteacha bliantúla náisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2018/842;

(ii)

gealltanais an Bhallstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/841;

(iii)

i gcás inarb infheidhme chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus gealltanais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le Comhaontú Pháras, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, a bhaint amach.

(2)

maidir le fuinneamh in-athnuaite:

D'fhonn sprioc cheangailteach an Aontais 32 % ar a laghad den fhuinneamh in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 a ghnóthú, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach don rannchuidiú sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030. Faoi 2027, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina síleann Ballstát go sáróidh sé a sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020, féadfar tús a chur leis an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh in 32 % ar a laghad den fhuinneamh in 2030. Ar leithligh ón rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh sé de shaoirse ag Ballstát uaillmhian níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta;

(b)

maidir leis an ngné “Éifeachtúlacht Fuinnimh”:

(1)

an rannchuidiú táscach d'éifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta maidir le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais eadhon 32.5 % ar a laghad in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE, bunaithe ar thomhaltas fuinnimh príomhúil nó deiridh, nó coigilteas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó déine fuinnimh.

Cuirfidh na Ballstáit a rannchuidiú féin in iúl ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2020, agus ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, mar aon le conair tháscach maidir leis an rannchuidiú sin ó 2021 ar aghaidh. Déanfaidh siad a modheolaíocht bhunúsach agus na fachtóirí tiontaithe a úsáidtear a mhíniú;

(2)

méid carnach an choigiltis úsáid deiridh fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse 2021-2030 faoi phointe (b) d'Airteagal 7(1) maidir leis na hoibleagáidí coigiltis fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE;

(3)

garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, an treochlár lena bhfuil táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(4)

an t-achar urláir iomlán atá le hathchóiriú nó coigilteas fuinnimh bhliantúla coibhéiseacha atá le baint amach ó 2021 go 2030 faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE maidir le ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí;

(c)

maidir leis an ngné “Slándáil Fuinnimh”:

(1)

spriocanna náisiúnta i ndáil le:

méadú a dhéanamh ar éagsúlú foinsí fuinnimh agus ar sholáthar ó thríú tíortha, a d'fhéadfadh a bheith chun críche laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar allmhairiú fuinnimh;

méadú a dhéanamh ar sholúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh, agus

aghaidh a thabhairt ar sholáthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a fheabhsú, lena n-áirítear tráthchlár inar gá na cuspóirí a bhaint amach;

(d)

maidir leis an ngné “An Margadh Inmheánach Fuinnimh”:

(1)

an leibhéal idirnascthachta leictreachais a bhfuil sé mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs an sprice idirnascthachta 15 % ar a laghad do 2030, le straitéis lena ndéantar an leibhéal ó 2021 ar aghaidh a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar sprioc idirnascachta 10 % agus ar na táscairí maidir le práinn na gníomhaíochta bunaithe ar dhifreálach praghsanna sa mhargadh mórdhíola, ar chumas tarchuradóireachta ainmniúil na n-idirnascairí i gcomparáid lena mbuaiclód agus le toilleadh giniúint in-athnuaite atá suiteáilte mar a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I. Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní chuirfear iad chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais;

(2)

tionscadail ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;

(3)

cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh amhail: solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe trí bheartais agus bearta a bhaineann le praghasmhúnlú margadhbhunaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; comhthathú margaidh agus cúpláil mhargaidh, arb é is aidhm leo acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach, agus cuspóirí náisiúnta eile a bhaineann leis an margadh inmheánach fuinnimh mar a leagtar amach i bpointe 2.4.3 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;

(e)

maidir leis an ngné “Taighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas”:

(1)

cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair gur cheart na cuspóirí a bhaint amach; ag léiriú thosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh agus, i gcás inarb ábhartha, ag léiriú thosaíochtaí Phlean-SET. Agus a chuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe á leagan amach aige, féadfaidh an Ballstát cur leis na straitéisí nó pleananna náisiúnta atá ann cheana agus atá comhoiriúnach le dlí an Aontais;

(2)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí glana fuinnimh a chur chun cinn.

Airteagal 5

Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

1.   Agus a rannchuidiú á shocrú aige maidir lena sciar d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030 agus sa bhliain dheiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin, de bhun phointe (a)(2) d'Airteagal 4, cuirfidh gach Ballstát na nithe seo uile a leanas san áireamh:

(a)

na bearta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001;

(b)

na bearta a glacadh chun an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach a glacadh de bhun Threoir 2012/27/AE;

(c)

aon bhearta eile atá ann cheana chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn laistigh den Bhallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar leibhéal an Aontais;

(d)

an sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite ina olltomhaltas deiridh fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(e)

aon imthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite, amhail:

(i)

dáileadh cothrom na húsáide ar fud an Aontais;

(ii)

dálaí eacnamaíocha agus acmhainneacht eacnamaíoch, lena n-áirítear OTI per capita;

(iii)

acmhainneacht maidir le húsáid chostéifeachtach fuinnimh in-athnuaite;

(iv)

srianta geografacha, comhshaoil agus nádúrtha, lena n-áirítear srianta na limistéar agus na réigiún nach bhfuil idirnasctha;

(v)

an leibhéal idirnaisc cumhachta atá idir na Ballstáit;

(vi)

imthosca ábhartha eile, go háirithe iarrachtaí luatha.

Maidir le pointe (e) den chéad fhomhír, déanfaidh gach Ballstát a léiriú ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cad iad na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite atá curtha san áireamh aige.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit le chéile, faoi 2030, gurb ionann iomlán a rannchuidithe agus 32 % ar a laghad den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6

Próiseas chun rannchuidiú na mBallstát a shocrú i réimse na héifeachtulachta fuinnimh

1.   Ina rannchuidiú táscach náisiúnta féin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030 agus don bhliain dheiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin de bhun phointe (b)(1) d'Airteagal 4, déanfaidh gach Ballstát a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2020 le bheith os cionn 1 483 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil ná a bheith os cionn 1 086 Mtoe d'fhuinneamh deiridh agus nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 le bheith os cionn 1 273 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/ná a bheith os cionn 956 Mtoe d'fhuinneamh deiridh

Ina theannta sin, cuirfidh gach Ballstát na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na bearta dá bhforáiltear i dTreoir 2012/27/AE;

(b)

bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Bhallstát agus ar leibhéal an Aontais.

2.   Ina rannchuidiú dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh gach Ballstát a chur san áireamh dálaí náisiúnta a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, amhail:

(a)

an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;

(b)

forbairt agus réamh-mheastachán na holltáirgeachta intíre;

(c)

athruithe ar allmhairí agus ar onnmhairí fuinnimh;

(d)

athruithe ar an meascán fuinnimh agus forbairt gabhála agus stórála carbóin; agus

(e)

gníomhaíochtaí luatha.

Maidir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh gach Ballstát a léiriú ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cé na himthosca a dhéanann difear don tomhaltas príomhúil agus deiridh atá curtha san áireamh aige, mas ann dóibh.

Airteagal 7

Beartais agus bearta náisiúnta maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe go háirithe chun na cuspóirí a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na bearta lena bhforáiltear do chomhar réigiúnach agus maoiniú cuí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cláir agus ionstraimí an Aontais.

Déanfaidh na Ballstáit forléargas ginearálta a sholáthar maidir leis an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, mar aon le measúnú ginearálta ar fhoinsí na hinfheistíochta sin.

Airteagal 8

Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir leis an struchtúr agus san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ar an staid reatha maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear an córas fuinnimh agus na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa tráth a gcuirfear an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide isteach nó ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit freisin réamh-mheastacháin a leagan amach agus tabharfaidh siad tuairisc orthu maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, ar feadh ré an phlean sin ar a laghad, a bhfuiltear ag súil leo mar thoradh ar na beartais agus na bearta atá ann cheana. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall tuairisc a thabhairt ar na peirspictíochtaí breise níos fadtéarmaí do na cúig ghné, níos faide anonn ná ré an phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcás inarb ábhartha agus i gcás inar féidir.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar na measúnuithe atá déanta acu, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb infheidhme, maidir le:

(a)

na tionchair ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa do ré an phlean agus ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis na bliana is déanaí a chumhdaítear leis an bplean, faoi na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin atá bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1;

(b)

tionchar maicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchar sláinte, comhshaoil, scileanna agus sóisialta na mbeartas agus na mbeart nó na grúpaí beart atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, don chéad tréimhse deich mbliana go dtí 2030, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na tionchair sin a mheas a chur ar fáil don phobal;

(c)

idirghníomhaíochtaí idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus beartais agus bearta nó grúpaí beart atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe agus a bhaineann le gnéithe éagsúla don chéad tréimhse deich mbliana ar a laghad go dtí an bhliain 2030. Déanfar réamh-mheastacháin maidir le cinnteacht soláthair, bonneagar agus comhtháthú an mhargaidh a nascadh le cásanna láidre éifeachtúlachta fuinnimh;

(d)

an dóigh a meallfaidh na beartais agus na bearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe an infheistíocht is gá chun iad a chur chun feidhme.

3   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil don phobal maidir leis na toimhdí, na paraiméadair agus na modheolaíochtaí a úsáidtear do na cásanna deiridh agus do na réamh-mheastacháin, agus aird á tabhairt ar na srianta staitistiúla, ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

Airteagal 9

Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.   Faoin 31 Nollaig 2018, agus faoin 1 Eanáir 2028 ina dhiaidh sin agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát dréacht den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus le hIarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus féadfaidh sé moltaí tír-shonracha a eisiúint chuig na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh an spriocdháta chun na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a thíolacadh. Tabharfar aghaidh go háirithe sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas:

(a)

leibhéal uaillmhéine na gcuspóirí, na spriocanna agus an rannchuidithe d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith leis an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(d), agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite agus tomhaltas fuinnimh arna gcur in iúl ag an mBallstát lena mbaineann sa dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar tháscairí maidir lena phráinní is atá gníomhaíocht idirnascachta a shuitear i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;

(b)

beartais agus bearta a bhaineann le cuspóirí ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais agus beartais agus bearta eile a d'fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;

(c)

beartais agus bearta breise ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(d)

idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe a chuimsítear sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide laistigh d'aon ghné amháin agus i measc gnéithe éagsúla den Aontas Fuinnimh.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholtaí ón gCoimisiún agus ina phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é.

4.   I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 10, cuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fáil don phobal.

Airteagal 10

Comhairliúchán poiblí

Gan dochar d'aon cheanglais dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú an dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide – maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhú an dréachtphlean i bhfad sula nglacfar é – chomh maith le hullmhú na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15. Ceanglóidh gach Ballstát achoimre ar thuairimí an phobail nó ar thuairimí sealadacha an phobail le tíolacadh na ndoiciméad sin don Choimisiún. A mhéid is atá Treoir 2001/42/CE infheidhme, measfar i gcás comhairliúcháin a dhéanfar ar an dréacht i gcomhréir leis an Treoir sin, go sásaíonn siad na hoibleagáidí maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal faoin Rialachán seo.

Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an pobal a chur ar an eolas. Leagfaidh gach Ballstát tréimhsí ama réasúnta amach sa chaoi go mbeidh am leordhóthanach ann an pobal a chur ar an eolas agus sa chaoi go mbeidh a dhóthain ama ag an bpobal a bheith rannpháirteach agus a chuid tuairimí a chur in iúl.

Cuirfidh gach Ballstát teorainn le castacht riaracháin agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme aige.

Airteagal 11

Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh

Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta a bhunú ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile agus an pobal i gcoitinne in ann dul i ngleic go gníomhach leis na cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus iad a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. D'fhéadfadh pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a phlé faoi chuimsiú an idirphlé sin.

Airteagal 12

Comhar réigiúnach

1.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus aird á tabhairt acu ar chineálacha éagsúla an chomhair réigiúnaigh atá ann cheana agus a d'fhéadfadh a bheith ann, chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe a leagtar amach ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach go héifeachtach.

2.   Sula gcuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 9(1) – maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhúchán an phlean críochnaitheach i bhfad roimh a nglactha – aithneoidh siad deiseanna le haghaidh comhar réigiúnach agus rachaidh siad i gcomhairle le Ballstáit chomharsanachta, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má mheasann an Ballstát is údar don phlean gurb iomchuí sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile nó le tríú tíortha a léirigh spéis. Rachaidh Ballstát oileánach nach bhfuil idirnaisc fuinnimh acu le Ballstáit eile i mbun comhairliúcháin le Ballstáit chomharsanachta a bhfuil teorainneacha muirí acu. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt do na Ballstáit a dtéitear i gcomhairle leo freagairt. Leagfaidh gach Ballstát amach ina dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide – maidir leis na pleananna don tréimhse 2021-2030, ina phlean náisiúnta críochnaitheach don fhuinneamh agus don aeráid – torthaí sealadacha na gcomhairliúchán réigiúnach sin ar a laghad, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme an chaoi ar cuireadh tuairimí na mBallstát nó na dtríú tíortha san áireamh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh i ndréachtú deonach comhpháirteach codanna dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má dhéanann siad amhlaidh, cuirfear an toradh in ionad na gcodanna comhionanna dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha maidir le dul chun cinn. Arna iarraidh sin do dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh an Coimisiún an cleachtadh sin a éascú.

4.   Chun comhtháthú margaidh agus beartais agus bearta costéifeachtúla a éascú, déanfaidh na Ballstáit, sa tréimhse idir an sprioc-am do thíolacadh a ndréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus an sprioc-am do thíolacadh a bpleananna deiridh, na codanna ábhartha dá ndréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur i láthair i bhfóraim ábhartha um chomhar réigiúnach ag féachaint dá dtabhairt chun críche. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún comhar agus comhairliúchán den sórt sin i measc na mBallstát a éascú, agus má shainaithníonn sé deiseanna ar chomhar réigiúnach breise, féadfaidh sé treoir tháscach a thabhairt do na Ballstáit chun an próiseas comhair agus comhairliúcháin éifeachtúil a éascú agus a áirithiú.

5.   Breithneoidh na Ballstáit na tuairimí a fuair siad ó Bhallstáit eile de bhun mhíreanna 2 agus 3 ina bplean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide, agus míneoidh siad sna pleananna sin an chaoi a ndearnadh na tuairimí sin a bhreithniú.

6.   Chun na críocha dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh na Ballstáit orthu ag obair i gcomhar le chéile ar an leibhéal réigiúnach, agus i bhfóraim um chomhar réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus beartais agus bearta ábhartha a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur chun feidhme acu.

7.   Féadfaidh na Ballstáit comhar a bheartú freisin le sínithe an Chomhphobail Fuinnimh agus tríú tíortha ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad.

8.   A mhéid atá forálacha Threoir 2001/42/CE infheidhme, aon chomhairliúchán trasteorann a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin, measfar go sásaíonn sé sin na hoibleagáidí maidir le comhar réigiúnach de bhun an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an Airteagail seo.

Airteagal 13

Measúnú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

Ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus ar na nuashonruithe orthu, arna bhfógairt de bhun Airteagail 3 agus 14, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar an méid seo a leanas:

(a)

an leor iad na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe chun cuspóirí comhchoiteanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus, sa chéad tréimhse deich mbliana go háirithe, spriocanna Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 an Aontais;

(b)

an gcomhlíonann na pleananna na ceanglais ó Airteagail 3 go 12 agus ar thug na Ballstáit aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún arna n-eisiúint de bhun Airteagal 34.

Airteagal 14

An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta

1.   Faoin 30 Meitheamh 2023, agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2033 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin dréacht cothrom le dáta den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi nó tabharfaidh siad údar cuí don Choimisiún maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le tabhairt cothrom le dáta an phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi, ach amháin má bhíonn údar cuí tugtha acu maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta de bhun mhír 1.

3.   Sa tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh gach Ballstát modhnú ar a chuspóir, sprioc nó rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de cuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach i bpointe (a)(1) d'Airteagal 4 chun uaillmhian mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi. Sa tabhairt cothrom le dáta sin dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh gach Ballstát modhnú ar a cuspóir, sprioc nó rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de chuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach in bpointe (a)(2) agus (b) d'Airteagal 4, ach amháin chun uaillmhian chomhionann nó mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi.

4.   Déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta aon drochthionchar comhshaoil a bhí le feiceáil mar chuid den tuairisciú comhtháite de bhun Airteagail 17 go 25 a mhaolú.

5.   Ina nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit na moltaí is déanaí a chur san áireamh a bhaineann le tíortha faoi leith agus a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon le hoibleagáidí a eascraíonn as Comhaontú Pháras.

6.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus in Airteagail 10 agus 12 maidir le hullmhú agus measúnú ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta.

7.   Ní dochar an tAirteagal seo do cheart na mBallstát athruithe agus oiriúnuithe a dhéanamh, tráth ar bith, ar na beartais náisiúnta a leagtar amach nó dá dtagraítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar choinníoll go mbeidh na hathruithe agus na hoiriúnuithe sin ar áireamh sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

CAIBIDIL 3

Straitéisí fadtéarmacha

Airteagal 15

Straitéisí fadtéarmacha

1.   Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a mbeidh peirspictíocht 30 bliain ar a laghad aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.

2.   Agus é mar aidhm aige na cuspóirí comhshaoil foriomlána dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach, faoin 1 Aibreán 2019, glacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh aige. Beidh anailís ar áireamh sa straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear sa mhír seo, lena gcumhdófar ar a laghad na nithe seo a leanas:

(a)

cásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach i mír 3 inter alia cás ina mbainfí amach astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha laistigh den Aontas faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin;

(b)

tionchair na gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) ar an mbuiséad carbóin domhanda agus Aontais a bheidh fágtha chun faisnéis a chur ar fáil do phlé maidir leis an éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cothromaíocht costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

3.   Rannchuideoidh straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais leis na nithe seo a leanas:

(a)

comhlíonadh ghealltanais an Aontais agus na mBallstát faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa a laghdú agus aistrithe trí linnte a fheabhsú agus ceapadh carbóin mhéadaithe a chur chun cinn;

(b)

comhlíonadh chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

(c)

laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus feabhsú ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais, i gcomhthéacs na laghduithe atá riachtanach, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de agus chun feabhsú ar aistrithe trí linnte d'fhonn spriocanna teochta i gComhaontú Pháras a ghnóthú chun go mbainfear cothromaíocht amach idir astaíochtaí antrapaigineacha trí fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas a luaithe agus is féidir agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;

(d)

córas fuinnimh laistigh den Aontas atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

4.   I straitéisí fadtéarmacha na mBallstát, ba cheart go mbeadh na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Ina theannta sin, le straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais cumhdófar na nithe seo a leanas:

(a)

iomlán na laghduithe ar astaíocht antrapaigineach gás ceaptha teasa agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte;

(b)

laghduithe ar astaíochtaí agus feabhsuithe ar aistrithe in earnálacha aonair lena n-áirítear leictreachas, tionsclaíocht, iompar, an earnáil téimh agus fuaraithe agus foirgníochta (idir chónaithe agus threasach), talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF);

(c)

an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar;

(d)

a mhéid is indéanta, tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta dícharbónaithe lena n-áirítear inter alia gnéithe a bhaineann le forbairt mhaicreacnamaíoch agus shóisialta, rioscaí agus tairbhí sláinte agus cosaint an chomhshaoil;

(e)

naisc le cuspóirí náisiúnta fadtéarmacha eile, pleanáil agus beartais agus bearta eile, agus infheistíocht.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun críocha a oiriúnaithe d'fhorbairtí i straitéis fhadtéarmach an Aontais nó i gcreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach leis na cinntí ábhartha arna nglacadh faoi UNFCCC agus, go háirithe, faoi Chomhaontú Pháras.

6.   Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear san Airteagal seo.

7.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an pobal a chur ar an eolas láithreach maidir lena straitéisí fadtéarmacha agus aon nuashonruithe ar na straitéisí sin agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad, lena n-áirítear trí bhíthin an ríomh-ardáin dá dtagraítear in Airteagal 28. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí ábhartha na dtorthaí críochnaitheacha a chur ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

8.   Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus a gcuid straitéisí fadtéarmacha á n-ullmhú acu trí fhaisnéis a sholáthar maidir le staid an eolais eolaíoch fholuitigh agus deiseanna a chur ar fáil chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, treoir do na Ballstáit ag céim forbartha agus chur chun feidhme a gcuid straitéisí.

9.   Déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na straitéisí fadtéarmacha leordhóthanach chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le haon bhearna chomhchoiteann atá fágtha.

Airteagal 16

Plean straitéiseach maidir le meatán

I bhfianaise an phoitéinsil mhóir maidir le téamh domhanda agus an tsaolré measartha gearr atá ag an meatán, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na himpleachtaí atá ann maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun críocha laghdú a dhéanamh ar thionchar gearrthéarmach agus meántéarmach na n-astaíochtaí meatáin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt go pras ar astaíochtaí meatáin agus déanfaidh sé plean straitéiseach Aontais a chur ar aghaidh mar chuid lárnach de straitéis fhadtéarmach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL 4

Tuairisciú

Roinn 1

Tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn agus obair leantach orthu

Airteagal 17

Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn

1.   Gan dochar d'Airteagal 26, faoin 15 Márta 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún maidir le stádas chur chun feidhme a phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide trí thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn lena gcumhdófar gach ceann de chúig ghné an Aontais Fuinnimh.

2.   Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn cumhdófar na gnéithe seo a leanas:

(a)

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbearta is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;

(b)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn i dtaca leis an idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur ar bun;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20 go hAirteagal 25 agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonruithe ar bheartais agus ar bhearta, i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(d)

faisnéis maidir le hoiriúnú i gcomhréir le pointe (a)(1) d'Airteagal 4;

(e)

a mhéid is féidir, cainníochtú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart sin a bhí sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar an gcaighdeán aeir agus ar astaíochtaí truailleán aeir.

Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla i gcomhréir le Cinneadh 2/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, agus teachtaireachtaí náisiúnta faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC de réir Airteagal 12 de UNFCC.

3.   Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, cumhdófar an fhaisnéis atá sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus an fhaisnéis maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte atá sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

5.   Déanfar cothromaíocht a aimsiú idir minicíocht agus scála na faisnéise agus na nuashonruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, ar thaobh amháin, agus an gá a áirithiú go mbeidh go leor cinnteachta ag infheisteoirí, ar an taobh eile.

6.   I gcás ina bhfuil moltaí eisithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 32(1) nó (2), áireoidh an Ballstát lena mbaineann ina thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis faoi na beartais agus na bearta atá glactha, nó atá beartaithe lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin amchlár mionsonraithe maidir le cur chun feidhme.

I gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh sé a réasúnú.

7.   Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

Airteagal 18

Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa

1.   Faoin 15 Márta 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún:

(a)

a mbeartais agus a mbearta nó a ngrúpa beart náisiúnta chun na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bhaint amach; agus

(b)

a réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte, iad eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (Hidreafluaracarbóin agus Sárfhluaracarbóin) a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V. Cuirfear san áireamh sna réamh-mheastacháin náisiúnta aon bheartais agus aon bhearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais agus áireofar iontu an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

2.   Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar na réamh-mheastacháin is cothroime le dáta a bheidh ar fáil. I gcás nach gcuirfidh Ballstát na réamh-mheastacháin iomlána ar fáil faoin 15 Márta gach dara bliain, agus ina ndeimhneoidh an Coimisiún nach bhféadfaidh an Ballstát sin na bearnaí sna réamh-mheastacháin a líonadh tráth a shainaithneofar iad trí nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta nó rialú cáilíochta an Choimisiúin, féadfaidh an Coimisiún réamh-mheastacháin a bheidh ag teastáil chun réamh-mheastacháin an Aontais a thiomsú a ullmhú, i gcomhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann.

3.   Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún aon athrú suntasach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh de bhun mhír 1 sa chéad bhliain den tréimhse tuairiscithe, faoin 15 Márta an bhliain i ndiaidh na tuarascála roimhe sin.

4.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach, a réamh-mheastacháin náisiúnta de bhun mhír 1 agus aon mheasúnú ábhartha ar chostais agus ar éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart náisiúnta maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú mar aon le haon tuarascálacha teicniúla ábhartha a bheadh mar bhonn agus mar thaca acu. Ba cheart a áireamh leis na réamh-mheastacháin agus na measúnuithe sin tuairisc ar na samhlacha agus ar na cineálacha cur chuige modheolaíochta, chomh maith leis na sainmhínithe agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh.

Airteagal 19

Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála

1.   Faoin 15 Márta 2021, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún maidir lena bpleanáil agus a straitéisí oiriúnaithe náisiúnta don athrú aeráide, agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí atá curtha chun feidhme agus beartaithe acu chun oiriúnú don athrú aeráide a éascú lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe arna gcomhaontú faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

2.   Faoin 31 Iúil 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoin leas a baineadh as ioncam arna ghiniúint ag an mBallstát as lamháltais a cheantáil de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VIII.

3.   Faoin 30 Meán Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoi thacaíocht a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha tuairiscithe arna comhaontú faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal, cé is moite den fhaisnéis a shonraítear i bpointe (b) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn VIII.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próisis an churtha isteach a leagan amach do na Ballstáit atá ag tuairisciú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 20

Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí agus na gcuspóirí seo a leanas:

(1)

conair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán d'fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030;

(2)

conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair;

(3)

conairí measta de réir teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le húsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach idir 2021 agus 2030 lena n-áirítear an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh a bhfuil súil leis de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán na hacmhainne suiteáilte in MW atá beartaithe de réir teicneolaíochta agus earnála;

(4)

conairí maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise, de réir an bhunábhair agus an tionscnaimh (maille le dealú idir táirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF;

(5)

i gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear iad siúd atá fadtéarmach agus earnálach (amhail sciar bithmhaise leictreachais a tháirgtear gan úsáid teasa, sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite), fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fhuíolluisce;

(b)

faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1)

beartais agus bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a léirítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta a bhaineann go sonrach le hearnálacha agus le teicneolaíochtaí ar leith, mar aon le hathbhreithniú ar leith ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar síos in Airteagail 23 go 28 de Threoir (AE) 2018/2001;

(2)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, bearta sonracha le haghaidh comhar réigiúnach;

(3)

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal CFAE, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar;

(4)

i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(5)

bearta ar leith chun ceanglais Airteagal 15 go 18 de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh;

(6)

i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha chun an gá atá le hacmhainn atá bunriachtanach don oibriú seasmhach as a dtagann ciorrú ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a mheas, a dhéanamh trédhearcach agus a laghdú;

(7)

achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin a chuirfidh na Ballstáit ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/2001 chun forbairt ar fhéintomhaltas in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú;

(8)

bearta a chuireann úsáid fuinnimh ó bhithmhais chun cinn, go háirithe le haghaidh úsáid nua bithmhaise ag cur infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais in-athnuaite san áireamh chomh maith le bearta chun inbhuanaitheacht na bithmhaise a tháirgtear agus a úsáidtear a áirithiú;

(9)

bearta atá ar bun chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus san earnáil iompair a mhéadú;

(10)

beartais agus bearta lena n-éascaítear ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta;

(c)

de réir mar a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 21

Tuairisciú comhtháite ar éifeachtúlacht fuinnimh

Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn an mhéid seo a leanas:

(a)

faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí, na gcuspóirí agus na spriocanna náisiúnta seo a leanas:

(1)

an chonair tháscach maidir le tomhaltas bliantúil fuinnimh príomhúil agus criochnaitheach ó 2021 go 2030 mar an rannchuidiú náisiúnta coigiltis fuinnimh le gnóthú sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá mar bhonn léi;

(2)

garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh athchóiriú stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(3)

i gcás inarb infheidhme, nuashonrú ar chuspóirí náisiúnta eile a leagtar amach sa phlean náisiúnta;

(b)

faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1)

beartais, bearta agus cláir arna gcur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú táscach náisiúnta a bhaint amach do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le cuspóirí eile dá dtagraítear in Airteagal 6, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí arna mbeartú (de chineál airgeadais freisin) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, bearta chun leas a bhaint as acmhainneacht éifeachtúlacht fuinnimh an bhonneagair gáis agus leictreachais agus bearta eile chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(2)

i gcás inarb infheidhme, ionstraimí margadhbhunaithe a spreagann feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cánacha, tobhaigh agus lamháltais fuinnimh ach gan a bheith teoranta dóibh siúd;

(3)

scéim oibleagáide náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha de bhun Airteagal 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III den Rialachán seo;

(4)

straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(5)

beartais agus bearta chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus bearta chun bacainní rialála agus neamhrialála a bhaint a chuireann bac ar ghlacadh na conraitheoireachta feidhmíochta fuinnimh agus múnlaí seirbhíse eile don éifeachtúlacht fuinnimh;

(6)

comhar réigiúnach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb infheidhme;

(7)

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;

(c)

de réir mar a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 22

Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi chur chun feidhme an méid seo a leanas:

(a)

cuspóirí náisiúnta i ndáil le héagsúlú i dtaca le foinsí agus soláthar an fhuinnimh;

(b)

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú;

(c)

cuspóirí náisiúnta i ndáil le hullmhacht chun dul i ngleic le soláthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, lena n-áirítear gás agus leictreachas;

(d)

cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí bhíthin foinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe;

(e)

na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) a bhaint amach;

(f)

comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d);

(g)

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 23

Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh

1.   Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a)

an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs na sprice idirnascachta leictreachais do 2030 de 15 % ar a laghad agus na dtáscairí a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I, chomh maith le bearta chun an straitéis um an leibhéal sin a bhaint amach a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le húdaruithe a dheonú;

(b)

tionscadail ríthábhachtacha bhonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;

(c)

i gcás inarb infheidhme, príomhthionscadail bhonneagair arna mbeartú seachas Tionscadail Leasa Choitinn, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair a bhfuil baint ag tríú tíortha leo, agus, a mhéid is féidir, measúnú ginearálta ar a chomhoiriúnacht agus a rannchuidiú le haidhmeanna agus spriocanna an Aontais Fuinnimh;

(d)

cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh a mhéadú, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú;

(e)

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh;

(f)

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d'fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

(g)

bearta i ndáil le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú;

(h)

na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) a bhaint amach;

(i)

comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h);

(j)

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena n-áirítear don sprioc idirnascachta leictreachais, i gcás inarb infheidhme;

(k)

bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann.

2.   Beidh an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit faoi mhír 1 i gcomhréir le agus, de réir mar is cuí, bunaithe ar an tuarascáil ó na rialálaithe náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe (e) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE.

Airteagal 24

Tuairisciú Comhtháite ar an mBochtaineacht Fuinnimh

I gcás ina mbeidh feidhm ag an dara fomhír de phointe (d) d'Airteagal 3(3), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na nithe seo a leanas san áireamh ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn:

(a)

faisnéis maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh; agus

(b)

faisnéis chainníochtúil maidir le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus i gcás ina bhfuil fáil uirthi, faisnéis maidir le beartais agus bearta a théann i ngleic le bochtaineacht fuinnimh.

Déanfaidh an Coimisiún sonraí arna gcur in iúl ag na Ballstáit de bhun an Airteagail seo a roinnt leis an bhFaireachlann Eorpach um Bochtaineacht Fuinnimh.

Airteagal 25

Tuairisciú comhtháite ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas

Áireoidh na Ballstáit ina gcuid tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta agus beartais náisiúnta trína n-aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig comhthéacs náisiúnta;

(b)

cuspóirí náisiúnta le haghaidh caiteachas iomlán poiblí agus, i gcás ina bhfuil fáil air, caiteachas iomlán príobháideach, i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus le haghaidh costais teicneolaíochta agus forbairt feidhmíochta;

(c)

i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha do 2050 chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha tionsclaíocha a ídíonn mórchuid fuinnimh agus a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagar gaolmhar um iompar, úsáid agus stóráil carbóin;

(d)

cuspóirí náisiúnta maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;

(e)

beartais agus bearta atá curtha cur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a bhaint amach;

(f)

comhar le Ballstáit eile maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (b) go phointe (d), lena n-áirítear comhordú ar bheartais agus ar bhearta i gcomhthéacs Phlean SET, amhail ailíniú a dhéanamh ar chláir thaighde agus ar chláir chomónta;

(g)

bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

Roinn 2

Tuairisciú bliantúil

Airteagal 26

Tuairisciú bliantúil

1.   Faoin 15 Márta 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Threoir 2009/119/CE;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IX de Threoir 2013/30/AE, i gcomhréir le hAirteagal 25 den Treoir sin.

2.   Faoin 31 Iúil 2021, agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún a neasfhardail gás ceaptha teasa don bhliain X-1.

Chun críocha na míre seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn neasfhardail gás ceaptha teasa na mBallstát nó, más rud é nár chuir Ballstát in iúl a neasfhardail faoin dáta sin, ar bhonn a mheastachán féin, neasfhardal gás ceaptha teasa de chuid an Aontais a thiomsú gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil don phobal gach bliain faoin 30 Meán Fómhair.

3.   Ó 2023, déanfaidh na Ballstáit cinneadh agus déanfaidh siad tuairisciú chuig an gCoimisiún ar na sonraí deiridh maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Márta gach bliain (bliain X) agus réamhshonraí faoin 15 Eanáir gach bliain lena n-áirítear na gáis cheaptha teasa agus faisnéis an fhardail a liostaítear in Iarscríbhinn V. Áireofar freisin sa tuarascáil ar shonraí an fhardail gás ceaptha teasa deiridh tuarascáil iomlán cothrom le dáta faoin bhfardal náisiúnta. Laistigh de thrí mhí ón uair a fhaightear na tuarascálacha, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (n) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn V a chur ar fáil don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1).

4.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC fardail náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sonraí deiridh an fhardail gás ceaptha teasa i gcomhréir le mír 3 faoin 15 Aibreán gach bliain. Tiomsóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, fardail gás ceaptha teasa gach bliain don Aontas agus ullmhóidh sé tuarascáil ar fhardal gás ceaptha teasa don Aontas agus tíolacfar na tuarascálacha sin do Rúnaíocht UNFCCC faoin 15 Aibreán gach bliain.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi réamhshonraí agus sonraí deiridh an fhardail náisiúnta deiridh, faoin 15 Eanáir agus faoin 15 Márta faoi seach sna blianta 2027 agus 2032, arna n-ullmhú dá gcuntais LULUCF chun críche na dtuarascálacha comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuid 2 d'Iarscríbhinn V a leasú trí shubstaintí a chur le liosta na ngás ceaptha teasa nó a scriosadh ón liosta, i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras;

(b)

forlíonadh a dhéanamh ar an Rialachán seo trí luachanna féideartha maidir le téamh domhanda a ghlacadh agus trí threoirlínte infheidhme an fhardail a shonrú i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, mionsonraí teicniúla, formáid agus próisis a cheapadh maidir le neasfhardail gás ceaptha teasa atá le cur isteach ag na Ballstáit de bhun mhír 2 den Airteagal seo, fardail gás ceaptha teasa de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ar a dtugtar i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh amchláir UNFCCC nó Chomhaontú Pháras maidir le faireachán agus tuairisciú na faisnéise agus na gcinntí ábhartha arna nglacadh ag UNFCCC nó ag comhlachtaí Comhaontú Pháras lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí tuairiscithe mar Pháirtí in UNFCCC agus i gComhaontú Pháras. Sonrófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin amscála an chomhair agus an chomhordaithe freisin idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le tuarascáil an Aontais a ullmhú i ndáil le fardal na ngás ceaptha teasa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 27

Tuairisciú ar spriocanna 2020

Faoin 30 Aibreán 2022, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gnóthú a sprioc náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh do 2020 arna mbunú de bhun Airteagal 3(1) de Threoir 2012/27/AE, tríd an bhfaisnéis arna leagan amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn IX den Rialachán seo a chur ar fáil, agus i ndáil leis na spriocanna náisiúnta le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020 mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/28/CE sa leagan a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:

(a)

sciar na hearnála (leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar) agus sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020;

(b)

na bearta a glacadh chun spriocanna 2020 i ndáil le fuinneamh in-athnuaite náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear bearta a bhaineann le scéimeanna tacaíochta, ráthaíochtaí tionscnaimh agus simpliú nósanna imeachta riaracháin;

(c)

an sciar den fhuinneamh ó bhithbhreoslaí agus bithleachtanna arna dtáirgeadh as gránaigh agus as barra eile ar mhórán stáirse, as siúcraí agus barra ola i ndáil le hídiú fuinnimh in earnáil an iompair;

(d)

an sciar den fhuinneamh ó bhithbhreoslaí agus bithghás le haghaidh iompair a tháirgtear le bunábhair agus breoslaí eile atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir 2009/28/CE sa leagan a bheidh i bhfeidhm ar an 31 Nollaig 2020 i ndáil le hídiú fuinnimh in earnáil an iompair.

Roinn 3

Ardán tuairiscithe

Airteagal 28

Ríomh-ardán

1.   Bunóidh an Coimisiún ardán ar líne (ríomhardán) chun cumarsáid idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú, chun comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn agus chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú.

2.   Úsáidfidh na Ballstáit an ríomh-ardán chun na tuarascálacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo a thíolacadh don Choimisiún nuair a bheidh sé ag feidhmiú.

3.   Beidh an ríomh-ardán oibríochtúil faoin 1 Eanáir 2020. Úsáidfidh an Coimisiún an ríomh-ardán chun éascaíocht a dhéanamh ar rochtain phoiblí ar líne ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo, ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheacha, ar nuashonruithe ar na pleananna sin, agus ar na straitéisí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle dá dtagraítear in Airteagal 15, agus aird á tabhairt ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

CAIBIDIL 5

Measúnú comhlán ar dhul chun cinn agus ar an bhfreagairt beartais chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna an Aontais — faireachán an Choimisiúin

Airteagal 29

Measúnú ar dhul chun cinn

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, go háirithe ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, ar bhonn faisnéise eile a tuairiscíodh faoin Rialachán seo, ar bhonn na dtáscairí agus ar bhonn staitisticí agus sonraí Eorpacha nuair is ann dóibh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn a rinneadh ar leibhéal an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear, don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, go háirithe chun críocha aon bhearnaí a sheachaint maidir le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, a spriocanna agus a rannchuiduithe a bhaint amach agus chun na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;

(c)

tionchar foriomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí nó éifeachtaí neamh-CO2 bunaithe ar shonraí astaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 26, agus feabhas a chur ar an measúnú sin trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is iomchuí;

(d)

tionchar foriomlán bheartais agus bearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais;

(e)

tionchar foriomlán na mbeartas agus na mbeart arna n-áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir le feidhmiú chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) agus maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh na liúntas i margadh carbóin an Aontais.

2.   I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh an Aontais ar bhonn conair tháscach Aontais a thosaíonn ag 20 % in 2020, a shroicheann pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroicheann sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite dar luach 32 % ar a laghad in 2030.

3.   I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta a bhaint amach go comhchoiteann ar leibhéal an Aontais mar atá 1 273 Meigeathonna d'fhuinneamh príomhúil agus 956 Meigeathonna d'fhuinneamh deiridh in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2014/23/AE.

Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a chuid measúnaithe, glacfaidh sé na céimeanna seo a leanas:

(a)

a mheas an bhfuil garsprioc an Aontais gan níos mó ná 1483 meigeathonna d'fhuinneamh príomha agus gan níos mó ná 1 086 meigeathonna d'fhuinneamh deiridh in 2020, bainte amach;

(b)

a mheas an léiríonn dul chun cinn na mBallstát go bhfuil an tAontas ina iomláine ar an mbóthar ceart i dtreo an leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus measúnú na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, á chur san áireamh;

(c)

torthaí ó bhearta samhaltaithe a úsáid maidir le treochtaí sa todhchaí maidir le tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus feidhm a bhaint as anailís chomhlántach eile;

(d)

aird chuí a thabhairt ar imthosca ábhartha, a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, a léiríonn na Ballstáit ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

4.   I réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo leibhéal na hidirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát a bhaint amach in 2030.

5.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe ar bhonn na faisnéise a tuairiscíodh de bhun an Rialacháin seo, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát i dtreo na ceanglais seo a leanas a shásamh:

(a)

gealltanais faoi Airteagal 4 de UNFCCC agus faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Pháras mar atá leagtha amach i gcinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, nó ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú dóibh mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras;

(b)

oibleagáidí arna leagan amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842 agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841;

(c)

na cuspóirí atá leagtha amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus don chéad tréimhse deich mbliana d'fhonn spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 a chomhlíonadh.

6.   Ba cheart don Choimisiún na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a chur san áireamh ina mheasúnú.

7.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar a mheasúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo mar chuid den tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35.

Airteagal 30

Neamhréireachtaí le cuspóirí agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais Fuinnimh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/842

1.   Bunaithe ar an measúnú de bhun Airteagal 29, déanfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint do Bhallstát de bhun Airteagal 34 má léiríonn forbairtí beartais sa Bhallstát sin neamhréireachtaí le cuspóirí uileghabhálacha an Aontais Fuinnimh.

2.   Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an tsolúbthacht de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842, déanfaidh sé, de réir mar a bhíonn an fhaisnéis sin ar fáil, a áireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide leibhéal na húsáide atá beartaithe agus na beartais agus na bearta atá beartaithe chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841 a chomhlíonadh don tréimhse ó 2021 go 2030.

Airteagal 31

Freagairt d'uaillmhian neamhleor i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 nó ar bhonn a mheasúnaithe ar dhréachtuasdátú na bpleananna deiridh de bhun Airteagal 14, agus mar chuid den phróiseas atriallach, nach leor cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na mBallstát chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe, don chéad tréimhse deich mbliana, chun sprioc cheangailteach an Aontais 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus sprioc an Aontais 2030 don éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, déanfaidh sé – a mhéid a bhaineann le sprioc an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite – agus féadfaidh sé –a mhéid a bhaineann le cuspóirí eile an Aontais Fuinnimh – moltaí a eisiúint do na Ballstáit sin nach leor a rannchuidithe, dar leis, chun a n-uaillmhian a mhéadú chun go n-áiritheofar leibhéal leordhóthanach uaillmhéine comhchoitinne.

2.   I gcás ina dtarlaíonn bearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá bunaithe ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointe (e)(i) go (v) den chéad fhomhír d'Airteagal 5(1), agus aird chuí á tabhairt aige ar imthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1).

I gcás ina mbíonn bearna ann idir sprioc 2030 an Aontais agus suim na rannchuidithe náisiúnta i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar na himthosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 6(2), ar fhaisnéis arna sholáthar ag na Ballstáit ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar thorthaí ó chleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus ar anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí.

Gan dochar d'fhorálacha eile an Airteagail seo, agus chun críche measúnú a dhéanamh ar cibé an ann do bhearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, agus chun na críche sin amháin, glacfaidh an Coimisiún leis, ina mheasúnú, gurb ann do rannchuidiú náisiúnta ó na Ballstáit nár thíolaic a ndréacht-pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

Agus é ag glacadh leis sin, i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, torthaí ó chleachtaí samhaltaithe maidir le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite agus na torthaí ón bhfoirmle arna leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh sé san áireamh cleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí.

Ina mheasúnú ar na rannchuidithe fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh aon iarmhairtí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht na n-eangach i gcórais fuinnimh bheaga nó scoite nó i gcórais na mBallstát ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh.

Ina mheasúnú ar rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an iarmhairt a d'fhéadfadh a bheith ann d'oibríocht córais leictreachais agus cobhsaíocht na n-eangach i mBallstáit ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh.

3.   I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus a gcuid nuashonrúchán de bhun Airteagal 14, ina measann an Coimisiún nach bhfuil cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó na nuashonruithe orthu leordhóthanach chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, i gcás spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, molfaidh sé bearta agus bainfidh sé úsáid as a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna sin. Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, cuirfear san áireamh sna bearta sin leibhéal uaillmhéine rannchuidiú na mBallstát le sprioc 2030 an Aontais a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus sna nuashonruithe orthu.

Airteagal 32

Freagairt do dhul chun cinn neamhleor i dtreo cuspóirí agus spriocanna an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid

1.   I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe de bhun phointe (b) d'Airteagal 29(1), ina measann an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag Ballstát i dtreo a gcuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach, a gcuid pointí tagartha don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, nó i dtaca leis na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme, eiseoidh sé moltaí don Bhallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 34.

Ina mholtaí i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na himthosca ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin tionscadail fuinnimh in-athnuaite, a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith, ar choinníoll go gcuirfear na tionscadail sin i bhfeidhm sa tréimhse 2021 go 2030 agus go mbeidh tionchar suntasach acu ar rannchuidiú náisiúnta Ballstáit.

Ina mholtaí i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 6(1) agus ar na himthosca náisiúnta ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

2.   I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe chomhiomláin ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn na mBallstát de bhun phointe (a) d'Airteagal 29(1) agus tacaíocht aige ó fhoinsí eile faisnéise, de réir mar is iomchuí, ina measann an Coimisiún go bhfuil an baol ann nach mbainfidh an tAontas amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh, agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna Chreat 2030 um Aeráid agus um Fhuinneamh an Aontais, féadfaidh sé moltaí a eisiúint do gach Ballstát de bhun Airteagal 34 chun riosca den chineál sin a mhaolú.

I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún measúnú an leor na bearta náisiúnta dá bhforáiltear i mír 3 chun spriocanna an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. I gcás nach leor na bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, d'fhéadfadh bearta breise den sórt sin éifeachtúlacht fuinnimh na nithe seo a leanas a fheabhsú go háirithe:

(a)

táirgí, de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);

(b)

foirgnimh, de bhun Threoir 2010/31/AE agus Threoir 2012/27/AE; agus

(c)

an t-iompar.

3.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, i réimse an fhuinnimh in-athnuait, ar bhonn an mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (2), nach ndearnadh ceann amháin nó níos mó de phointí tagartha chonair tháscach an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit sin atá tite faoi bhun a gcuid pointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin i ndiaidh an dáta a fhaightear measúnú an Choimisiúin chun an bhearna a chumhdach i gcomparáid lena bpointe tagartha náisiúnta, amhail:

(a)

bearta náisiúnta chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú;

(b)

coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téamh agus fuarú a leagtar amach in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)

coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil iompair a leagtar amach in Airteagal 25(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(d)

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ar leibhéal an Aontais, lena rannchuideofar le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus a bheidh á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 33;

(e)

úsáid a bhaint as sásraí comhair a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001.;

Cuirfear san áireamh i mbearta den chineál sin breithnithe an Choimisiúin de réir mar a leagtar amach iad sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta sin a chur san áireamh mar chuid den tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

4.   Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh gach Ballstáit maidir lena n-ídiú fuinnimh níos ísle ná sciar bonnlíne is ionann agus sprioc fhoriomlán náisiúnta éigeantach an Bhallstáit le haghaidh an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020 a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Mura gcoimeádann Ballstát a sciar bonnlíne arna mheas le linn tréimhse bliana, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de bhliain amháin, bearta breise ar nós na mbeart a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo ar leor iad chun an bhearna a chumhdach laistigh de bhliain amháin.

Maidir leis na Ballstáit a chomhlíonann an oibleagáid maidir leis an mbearna sa bhonnlíne a chumhdach, measfar go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa chéad abairt den chéad fhomhír den mhír seo agus in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001 le linn na tréimhse inar tharla an bhearna.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a gcuid ioncaim ó lamháltais astaíochta bliantúla a úsáid faoi Threoir 2003/87/CE.

5.   I gcás ina dtiteann sciar Ballstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite faoi cheann amháin nó níos mó dá phointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, áireoidh sé sa chéad tuarascáil chomhtháite eile arna cur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 17 míniú ar conas a chumhdóidh sé an bhearna i gcomparáid lena phointí tagartha náisiúnta.

6.   Más rud é, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, gan dochar do bhearta eile ar leibhéal an Aontais de bhun an triú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, go measann an Coimisiún, bunaithe ar a mheasúnú de bhun Airteagal 29(1) agus (3), arna dhéanamh faoi na blianta 2022, 2025 agus 2027, nach leor an dul chun cinn i dtaca le sprioc an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal (29)(3) a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, molfaidh sé bearta agus feidhmeoidh sé a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais sa bhreis orthu siúd a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE agus i dTreoir 2012/27/AE chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

7.   Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo mionsonraí a thabhairt maidir leis na bearta breise atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin, dá dtagraítear in Airteagal 17.

8.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún sa bhliain 2025 ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 29(1) agus (4) nach leor a ndearnadh de dhul chun cinn i réimse na n-idirnasc, oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann faoin mbliain 2026 agus é mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na himthosca a bhí i gceist.

Airteagal 33

Sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite

1.   Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh an Coimisiún sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 32(3) chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail nua fuinnimh in-athnuaite san Aontas agus é mar aidhm leis bearna i gconair tháscach an Aontais a chumhdach. Féadfar tacaíocht a thabhairt, inter alia mar phréimh a bheidh de bhreis ar phraghsanna an mhargaidh, agus leithdháilfear í ar thionscadail a iarrann an costas nó an phréimh is ísle.

2.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, leis an sásra maoiniúcháin, rannchuideofar leis an gcreat cumasúcháin de bhun Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/2001 agus é mar aidhm leis tacú le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite ar fud an Aontais gan beann ar bhearna i gconair tháscach an Aontais. Chuige sin:

(a)

féadfar íocaíochtaí ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 32 a chomhlánú le foinsí breise, amhail cistí an Aontais, ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach nó íocaíochtaí breise ó Bhallstáit chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach;

(b)

leis an sásra maoiniúcháin, inter alia féadfar tacaíocht a thabhairt i bhfoirm iasachtaí ar ús íseal, deontas, nó meascán den dá rud agus féadfaidh sé tacú, inter alia le comhthionscadail idir Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2018/2001 agus rannchuidiú Ballstát i gcomhthionscadail le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin.

3.   Coimeádfaidh na Ballstáit an ceart a chinneadh cibé acu an gceadófar nó nach gceadófar do shuiteálacha atá lonnaithe ar a gcríoch tacaíocht a fháil ón sásra maoiniúcháin, agus i gcás ina gceadaítear, na coinníollacha faoina gceadófar é sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na forálacha is gá a leagan amach i ndáil le bunú agus feidhmiú an tsásra maoiniúcháin, go háirithe:

(a)

an mhodheolaíocht le haghaidh leibhéal uasta na préimhe do gach tairiscint a ríomh;

(b)

leagan amach na tairisceana a bheidh le cur i bhfeidhm, lena n-áirítear coinníollacha maidir le seachadadh agus pionóis a bhaineann leo;

(c)

an mhodheolaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh agus na sochair staitistiúla a eascraíonn astu do na Ballstáit a thugann an ranníocaíocht;

(d)

ceanglais íosta le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát, ag féachaint don ghá go mbeadh leanúnachas sa dá rud, is iad sin an sásra trí bhíthin tréimhse leordhóthanach do ranníocaíocht an Bhallstáit, chomh maith leis an méid solúbthachta uasta maidir le rannpháirtíocht na mBallstát;

(e)

forálacha lena n-áirithítear rannpháirtíocht agus/nó formheas na mBallstát óstach, agus, i gcás inar gá, forálacha a bhaineann le muirir i leith costais bhreise chórais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

5.   Gach bliain, déanfar an fuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag suiteálacha a mhaoinítear as an sásra maoiniúcháin a leithdháileadh ar bhonn staitistiúil ar na Ballstáit rannpháirteacha de réir a ranníocaíochta ábhartha. Tionscadail lena dtacaítear leis an sásra maoiniúcháin sin, a mhaoinítear le foinsí eile seachas íocaíochtaí na mBallstáit, ní chuirfear i gcuntas iad maidir le rannchuidithe náisiúnta na mBallstát ach ina n-ionad sin, cuirfear i gcuntas iad i dtreo sprioc cheangailteach an Aontais de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 34

Moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit

1.   Eiseoidh an Coimisiún mar is iomchuí moltaí chuig na Ballstáit lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar fáil go poiblí láithreach.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo don Airteagal seo, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aird chuí ar an moladh de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir Ballstáit;

(b)

leagfaidh an Ballstát amach, ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, a dhéanfar sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh an moladh, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú;

(c)

ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Airteagal 35

Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh:

(a)

an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 29;

(b)

i gcás inarb iomchuí, moltaí de bhun Airteagal 34;

(c)

an tuarascáil i ndáil le feidhmiú an mhargaidh carbóin dá dtagraítear in Airteagal (10)(5) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de;

(d)

go débhliantúil, ón mbliain 2023 ar aghaidh, tuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinneamh an Aontais, ina bhfuil an fhaisnéis atá sonraithe in Iarscríbhinn X;

(e)

go débhliantúil, tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001, ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialachán seo;

(f)

tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/72/CE;

(g)

tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 52 den Treoir sin;

(h)

tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir leis na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta beartais roghnacha amhail dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE;

(i)

ar bhonn débhliantúil, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn an athchóirithe fhadtéarmaigh le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir leis na treochláir arna leagan amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a bhunóidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(j)

gach ceithre bliana, tuarascáil fhoriomlán ar mhéadú na mBallstát ar líon na bhfoirgneamh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Threoir 2010/31/AE;

(k)

tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le dul chun cinn na mBallstát maidir le margadh fuinnimh iomlán agus oibríochtúil a chruthú;

(l)

cáilíocht iarbhír an bhreosla sna Ballstáit éagsúla agus cumhdach geografach breoslaí a bhfuil cion sulfair 10 mg/kg ar a mhéad iontu, arb é is aidhm dóibh forbhreathnú a sholáthar ar na sonraí maidir le cáilíocht bhreosla sna Ballstáit éagsúla mar atá tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE;

(m)

tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas;

(n)

dul chun cinn na mBallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;

(o)

saincheisteanna eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí agus phríobháideach;

(p)

faoin 31 Deireadh Fómhair 2019 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar chur chun feidhme Threoir 2009/31/CE.

Airteagal 36

Faireachán ar an sásra rialachais

I gcomhthéacs Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le cur chun feidhme na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ar bhonn bliantúil, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn arna bhaint amach ag an Aontas Fuinnimh maidir le gnéithe uile na mbeartas Fuinnimh agus Aeráide.

CAIBIDIL 6

Córais Aontais agus córais náisiúnta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistriú linnte

Airteagal 37

Córais fardail Aontais agus córais fardail náisiúnta

1.   Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh agus oibreoidh Ballstáit córais fardail náisiúnta agus déanfaidh siad iarracht na córais sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach, chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte arna liostú i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V agus d'fhonn tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine a bhfardal gás ceaptha teasa a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag a n-údaráis inniúla fardail ar an bhfaisnéis in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, go mbainfidh siad úsáid as córais tuairiscithe a bhunaítear de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chun meastachán ar gháis fhluairínithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus go mbeidh ar a gcumas na seiceálacha bliantúla comhsheasmhachta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (j) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a dhéanamh.

3.   Bunaítear leis seo córas fardail an Aontais chun tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na bhfardal náisiúnta a áirithiú i dtaca le fardal gás ceaptha teasa an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an córas sin a bhainistiú, a chothabháil agus déanfaidh sé iarracht an córas sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach lena n-áirítear clár dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a shocrú, cuspóirí cáilíochta a shocrú agus plean fardail dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a dhréachtú, nósanna imeachta chun meastacháin astaíochtaí a chomhlánú chun fardal an Aontais a thiomsú de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seiceáil tosaigh ar chruinneas na réamhshonraí maidir leis an bhfardal gás ceaptha teasa atá le tíolacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 26(3). Seolfaidh an Coimisiún torthaí na seiceála sin chuig na Ballstáit laistigh de shé seachtaine ón spriocdháta. Freagróidh na Ballstáit d'aon cheisteanna ábhartha arna n-ardú i ndiaidh na seiceála tosaigh faoin 15 Márta, mar aon leis an bhfardal deiridh do bhliain X-2 a sholáthar.

5.   I gcás nach gcuireann Ballstát na sonraí fardail ar fáil a theastaíonn chun fardal an Aontais a thiomsú faoin 15 Márta, féadfaidh an Coimisiún meastacháin a ullmhú leis na sonraí a chuireann an Ballstát isteach a chomhlánú, i gcomhairliúchán agus i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Úsáidfidh an Coimisiún, chun na críche seo, na treoirlínte infheidhme chun na fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a ullmhú.

6.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme d'fhonn rialacha a leagan amach maidir le struchtúr, formáid agus próiseas tíolactha na faisnéise a bhaineann le córais fardail náisiúnta agus le ceanglais maidir le córais fardail náisiúnta a bhunú, a oibriú agus a fheidhmiú.

Agus gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan amach maidir leis na ceanglais i ndáil le bunú, oibriú agus feidhmiú córas fardail an Aontais. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras.

Airteagal 38

Athbhreithniú ar an bhfardal

1.   D'fhonn faireachán a dhéanamh ar laghduithe nó srianta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát de bhun Airteagail 4, 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/842 agus an laghdú atá déanta acu ar astaíochtaí agus an feabhsú atá déanta acu ar aistriú linnte de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/841 agus aon spriocanna laghdaithe nó srianta gás ceaptha teasa eile atá leagtha amach i ndlí de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, in 2027 agus 2032, athbhreithniú cuimsitheach ar shonraí an fhardail náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo. Beidh na Ballstáit iomlán rannpháirteach sa phróiseas sin.

2.   Áireofar ar an athbhreithniú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

seiceálacha chun trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh a fhíorú;

(b)

seiceálacha chun cásanna a aithint inar ullmhaíodh na sonraí fardail ar bhonn nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC nó le rialacha de chuid an Aontais;

(c)

seiceálacha chun cásanna a aithint ina ndéantar cuntasaíocht LULUCF ar bhealach nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC ná le rialacha an Aontais, agus

(d)

más iomchuí, na ceartúcháin theicniúla a thagann chun cinn a áireamh, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun an tráthúlacht agus an nós imeachta i dtaca leis an athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh a áirithiú lena n-áirítear na tascanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus cinnteoidh sé comhairliúchán iomchuí na mBallstát maidir le conclúidí na n-athbhreithnithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(6).

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh maidir le suim iomlán na n-astaíochtaí do na blianta ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát i ndiaidh an athbhreithnithe a thabhairt chun críche agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus chun suim iomlán na n-astaíochtaí agus aistrithe a chinneadh is ábhartha d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.

5.   Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/841 ceithre mhí tar éis an dáta nuair a fhoilsítear gníomh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh Airteagail 4 den Rialachán (AE) 2018/841 lena n-áirítear athruithe a dhéanfar ar na sonraí sin a thiocfaidh chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as na solúbthachtaí de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/841.

6.   Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/842 dhá mhí tar éis an dáta don tseiceáil ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2018/841 dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2021 agus 2026. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2022 go 2025 agus 2027 go 2030 ar dháta mí amháin tar éis dháta na seiceála ar chomhlíonadh don bhliain roimhe. Áireofar na hathruithe a dhéantar ar shonraí den sórt sin a thagann chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as solúbthachtaí de bhun Airteagal 5, 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/842 sa tseiceáil seo.

Airteagal 39

Córais Aontais agus córais náisiúnta i ndáil le beartais agus bearta agus réamhmheastacháin

1.   Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún córais náisiúnta agus córais Aontais tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta faoi seach a oibriú agus déanfaidh siad iarracht iad a fheabhsú ar bhonn leanúnach; úsáidfear na córais seo d'fhonn réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a ullmhú agus a thuairisciú chomh maith. Áireofar sna córais sin na socruithe ábhartha institiúideacha, dlí agus nós imeachta ar fad arna mbunú laistigh de Bhallstát agus den Aontas chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus réamh-mheastacháin a dhéanamh faoi gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte.

2.   Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a áirithiú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear úsáid agus cur i bhfeidhm sonraí, modhanna agus samhlacha, agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí rialaithe cáilíochta agus dearbhaithe cáilíochta agus anailís íogaireachta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próiseas curtha isteach na faisnéise ar chórais náisiúnta agus ar chórais an Aontais a leagan amach i gcomhair beartas agus beart agus réamh-mheastachán de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo agus d'Airteagal 18.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe a aontaíodh go hidirnáisiúnta chomh maith le hamchláir chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 40

Cláir a bhunú agus a oibriú

1.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit clárlanna a bhunú agus a chothabháil chun cuntas cruinn a choinneáil don rannchuidiú a cinneadh go náisiúnta de bhun Airteagail 4(13) de Chomhaontú Pháras agus do thorthaí maolaithe a aistríodh go hidirnáisiúnta de bhun Airteagal 6 den Chomhaontú sin.

2.   Féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gclárlanna i gcóras comhdhlúite a choimeád, i gcomhar le Ballstát amháin eile nó níos mó.

3.   Cuirfear na sonraí sna clárlanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil do riarthóir lárnach ainmnithe de bhun Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na clárlanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar bun agus chun éifeacht a thabhairt, trí bhíthin chlárlanna an Aontais agus na mBallstát, do chur chun feidhme riachtanach teicniúil na gcinntí cuí de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Chomhaontú Pháras, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 7

Comhar agus tacaíocht

Airteagal 41

Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas

1.   Comhoibreoidh agus comhordóidh na Ballstáit le chéile go hiomlán agus leis an Aontas i ndáil le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

an próiseas maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 13 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúthu;

(b)

an próiseas maidir leis an tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ó thaobh cúrsaí fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 agus an tuairisciú bliantúil de bhun Airteagal 26 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúithi;

(c)

an próiseas maidir le moltaí an Choimisiúin agus aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin de bhun Airteagal 9(2) agus (3), Airteagal 17(6), Airteagal 30(1), Airteagal 31(1) agus Airteagal 32(1) agus (2);

(d)

fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus an tuarascáil maidir le fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú, de bhun Airteagal 26(4);

(e)

teachtaireacht náisiúnta an Aontais a ullmhú de bhun Airteagal 12 de UNFCCC agus tuarascáil dhébhliantúil an Aontais de bhun Chinneadh 2/CP.17 nó de bhun cinntí ábhartha eile arna nglacadh ina dhiaidh sin ag comhlachtaí UNFCCC;

(f)

nósanna imeachta athbhreithnithe agus comhlíonta faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras i gcomhréir le haon chinneadh is infheidhme faoi UNFCCC mar aon le nós imeachta an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail gás ceaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 38;

(g)

aon choigeartuithe i ndiaidh an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38 nó aon athruithe eile ar fhardail agus ar thuarascálacha fardail arna gcur faoi bhráid, nó atá le cur faoi bhráid, Rúnaíocht UNFCCC;

(h)

neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 26(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Bhallstáit maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo arna iarraidh sin don Bhallstát.

Airteagal 42

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

Cabhróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil leis an gCoimisiún ina chuid oibre maidir le dícharbónú agus toisí éifeachtúlachta fuinnimh chun Airteagail 15 go 21, 26, 28, 29, 35, 37, 38, 39 agus 41 a chomhlíonadh i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil. Áireoidh sé sin cabhair, de réir mar, is gá:

(a)

leis an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag na Ballstáit maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin a thiomsú;

(b)

le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích ar an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag Ballstáit faoi réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta;

(c)

le meastacháin a ullmhú nó na meastacháin atá ar fáil don Choimisiún i gcomhair sonraí maidir le réamh-mheastacháin nach bhfuil tuairiscithe ag na Ballstáit a chomhlánú;

(d)

le sonraí a thiomsú, aon áit a bhfuil siad ar fáil, a thógtar as staitisticí Eorpacha agus atá oiriúnach ó thaobh tráthúlachta, de réir mar a éilítear don tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle arna hullmhú ag an gCoimisiún;

(e)

faisnéis a bailíodh faoin Rialachán seo a scaipeadh, lena n-áirítear bunachar sonraí a chothabháil agus a nuashonrú le haghaidh beartais agus bearta na mBallstát maidir le maolú agus an tArdán Eorpach um Oiriúnú Aeráide córas malartaithe faisnéise ar impleachtaí, leochaileachtaí agus oiriúnú d'athrú aeráide;

(f)

nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích chun fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(g)

fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(h)

meastacháin a ullmhú do shonraí nach bhfuil tuairiscithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa;

(i)

an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 38 a sheoladh;

(j)

neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú.

CAIBIDIL 8

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 43

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(5), Airteagal 15(5), Airteagal 26(6), Airteagal 37(7) agus Airteagal 40(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 24 Nollaig 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5), Airteagal 15(5), Airteagal 26(6), Airteagal 37(7) agus Airteagal 40(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(5), Airteagal 15(5), Airteagal 26(6), Airteagal 37(7), agus Airteagal 40(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 44

Coistí

1.   Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:

(a)

Coiste um Athrú Aeráide i ndáil le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagail 19(5), Airteagal 26(7), Airteagal 37(6), Airteagal 38(3) agus Airteagal 39(3); agus

(b)

Coiste Aontais Fuinnimh i ndáil le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 17(4) agus Airteagal 33(4).

2.   Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Rachaidh an Coiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo in ionad an choiste a bunaíodh in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

4.   I gcás ina ndéanfaidh ceachtar den dá choiste dá dtagraítear i mír 1 breithniú ar shaincheisteanna cothrománacha agus comhghníomhaíochtaí, déanfaidh sé an coiste eile dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas dá réir sin, chun comhsheasmhacht beartas a áirithiú agus chun sineirgí a uasmhéadú idir earnálacha.

5.   Déanfaidh gach Ballstát a ionadaí nó ionadaithe a cheapadh sa Choiste um Athrú Aeráide agus sa Choiste Aontais Fuinnimh. Tabharfar cuireadh d'ionadaithe gach coiste freastal ar chruinnithe an choiste eile.

6.   I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 45

Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, laistigh de thréimhse sé mhí ó gach stocáireamh domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna 2030 don aeráid agus don fhuinneamh a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith i gcomhréir le dlí eile an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.

Airteagal 46

Leasuithe ar Threoir 94/22/CE

Leasaítear Treoir 94/22/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, scriostar mír 2;

(2)

scriostar Airteagal 9.

Airteagal 47

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 7a mar a leanas:

(a)

sa tríú fomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

toirt iomlán gach cineáil breosla nó fuinnimh a sholáthraítear; agus”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

“2.   Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla agus ó fhuinneamh arna soláthar a laghdú ar an mbonn is céimsí is féidir suas le 10 % faoin 31 Nollaig 2020, i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne don bhreosla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Is é a bheidh sa laghdú sin ná:”;

(2)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh de bhun mhír 3 a chur ar fáil go pras ar bhealach iomchuí.”.

Airteagal 48

Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE

Leasaítear Treoir 2009/31/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“Gach ceithre bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an clár dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 25(1). Déanfar an chéad tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2011. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn ceistneoir nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin. Déanfar an ceistneoir nó an achoimre a sheoladh chuig na Ballstáit sé mhí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an tuarascáil a thíolacadh.”;

(2)

in Airteagal 38, scriostar mír 1.

Airteagal 49

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 27, scriostar míreanna 1 agus 3;

(2)

Scriostar Airteagal 28.

Airteagal 50

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

I Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, scriostar Airteagal 29.

Airteagal 51

Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE

Leasaítear Treoir 2009/73/CE mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 5;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:

“Airteagal 52

Tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch.1.).”;"

Airteagal 52

Leasú ar Threoir 2009/119/CE ón gComhairle

In Airteagal 6 de Threoir 2009/119/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Faoin 15 Márta gach bliain, seolfaidh gach Ballstát cóip achomair den chlár stoic dá dtagraítear i mír 1 a léireoidh ar a laghad cainníochtaí agus cineál na stoc éigeandála a áirítear sa chlár ar an lá deiridh den bhliain féilire roimhe sin.”.

Airteagal 53

Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE

Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

“1.   Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d'fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Cuimseoidh gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach:”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“8.   Déanfar straitéis athchóirithe fhadtéarmach gach Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). De mhaolú ar Airteagal 3(1) den Rialachán sin, déanfar an chéad straitéis athchóirithe fhadtéarmach faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Márta 2020.

(*2)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch.1).”;"

(2)

sa dara fomhír d'Airteagal 5(2), scriostar an abairt “Féadfar an tuarascáil a chur san áireamh sna Pleananna Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2006/32/CE”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Mar chuid dá thuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle gach ceithre bliana faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le méadú a dhéanamh ar líon na bhfoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Ar bhonn na fianaise tuairiscithe sin, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt agus déanfaidh sé moltaí agus molfaidh sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 chun líon na bhfoirgneamh sin a mhéadú agus dea-chleachtais a spreagadh maidir le claochlú cost-éifeachtach na bhfoirgneamh atá ann cheana ina bhfoirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh.”;

(4)

in Airteagal 10, scriostar mír 2 agus mír 3;

(5)

in Airteagal 14(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”;

(6)

in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”.

Airteagal 54

Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 4;

(2)

in Airteagal 18(1), scriostar pointe (e);

(3)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 1, 3, 4 agus 11;

(b)

scriostar mír 2;

(4)

Scriostar Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 55

Leasú ar Threoir 2013/30/AE

In Airteagal 25 de Threoir 2013/30/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go bliantúil, mar chuid den tuairisciú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) an fhaisnéis a shonraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 56

Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/652

Leasaítear Treoir (AE) 2015/652 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gach bliain, faoin 31 Nollaig, soláthróidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún don bhliain féilire roimhe sin maidir le comhlíonadh hAirteagal 7a de Threoir 98/70/CE, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.”;

(2)

in Iarscríbhinn I, Cuid 2, scriostar pointí 1(h), 2, 3, 4 agus 7.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Ní mór do na Ballstáit na sonraí atá liostaithe i bpointe 3 a thuairisciú. Ní mór na sonraí sin a thuairisciú i dtaca leis an mbreosla agus fuinneamh ar fad a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát. Nuair a dhéantar bithbhreoslaí iomadúla a chumasc le breoslaí iontaise, ní mór na sonraí a sholáthar i leith gach bithbhreosla.”;

(b)

i bpointe 3, scriostar pointe (e) agus pointe (f);

(4)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

scriostar na teimpléid seo a leanas chun faisnéis a thuairisciú i leith chomhsheasmhacht na sonraí a tuairiscíodh:

Foinse – Soláthróirí Aonair

Foinse – Comhsholáthróirí

Áit Cheannaigh

(b)

sna nótaí formáide, scriostar pointe 8 agus pointe 9.

Airteagal 57

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 58 den Rialachán seo, seachas Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a aisghairfear le héifeacht ón 24 Nollaig 2018. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 58

Forálacha idirthréimhseacha

De mhaolú ar Airteagal 57 den Rialachán seo, beidh feidhm fós ag Airteagal 7 agus ag pointí (a) agus (d) d'Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na tuarascálacha ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin do na blianta 2018, 2019 agus 2020.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na hathbhreithnithe ar shonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2018, 2019 agus 2020.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 22 de Rialachán (AE) 525/2013 maidir le cur isteach na tuarascála a cheanglaítear faoin airteagal sin.

Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil, ní chuireann aon ní sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe de bhun dhlí earnálach ábhartha an Aontais i réimse an leictreachais agus na hullmhachta i gcomhair riosca leictreachais.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 40, Airteagal 53(2), (3) agus (4), pointe (a) d'Airteagal 54(3) Airteagal 54(4) agus Airteagal 55 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 246, 28.7.2017, lch. 34.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 111.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2018.

(4)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE ón gComhairle(IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(5)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(6)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2002/358/CE an 25 Aibreán 2002 ón gComhairle maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus an comhlíonadh comhpháirteach faoi sin (IO L 130, 15.5.2002, lch. 1.).

(8)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(10)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(14)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(16)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018. lch. 26).

(17)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, Ich 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(19)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (féach leathanach 82 den Iris Oifigiúil seo).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).

(21)  Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha do dheonú agus úsáid údaruithe chun hidreacarbóin a chuardach, a thaiscéaladh agus a tháirgeadh (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).

(25)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 13 Deireadh Fómhair 1998 a bhaineann le cáilíocht na mbreoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(26)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(27)  Rialachán Uimh. 663/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú do thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 31).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(29)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(30)  Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).

(31)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(32)  Treoir 2013/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).

(33)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 ag leagan síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(34)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(35)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CREAT GINEARÁLTA LE hAGHAIDH PLEANANNA COMHTHÁITE NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE

Cuid 1

Creat ginearálta

ROINN A: PLEAN NÁISIÚNTA

1.   FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN

1.1.   Achoimre feidhmiúcháin

i.

Comhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta an phlean

ii.

Straitéis a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii.

Tábla forléargais le príomhchuspóirí, beartais agus bearta an phlean

1.2.   Forléargas ar staid reatha an bheartais

i.

Córas fuinnimh náisiúnta agus córas fuinnimh an Aontais agus comhthéacs beartais an phlean náisiúnta

ii.

Na beartais agus na bearta fuinnimh reatha a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii.

Príomhcheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo

iv.

An struchtúr riaracháin a bhaineann le beartais náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a chur chun feidhme

1.3.   Comhairliúcháin agus rannpháirtíocht eintiteas náisiúnta agus eintitis an Aontais agus an toradh a bhí orthu

i.

Rannpháirtíocht na parlaiminte náisiúnta

ii.

Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach

iii.

Comhairliúcháin le geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus an phobail i gcoitinne

iv.

Comhairliúchán le Ballstáit eile

v.

Próiseas atriallach leis an gCoimisiún

1.4.   Comhar réigiúnach in ullmhú an phlean

i.

Gnéithe atá faoi réir comhphleanála nó faoi réir pleanáil chomhordaithe le Ballstáit eile

ii.

Míniúchán ar an gcaoi a ndéantar comhar réigiúnach a mheas sa phlean

2.   CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA NÁISIÚNTA

2.1.   An ghné “dícharbónú”

2.1.1.   Astaíochtaí agus aistrithe GCT (1)

i.

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(1) d'Airteagal 4

ii.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus spriocanna náisiúnta eile i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus na straitéisí fadtéarmacha tá ann cheana. I gcás inarb infheidhme chun rannchuidiú le gealltanas foriomlán an Aontais maidir leis na hastaíochtaí GCT a laghdú, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, má tá siad ar fáil

2.1.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i.

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4

ii.

Na conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair

iii.

Na conairí measta de réir teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát í a úsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach ó 2021 go 2030 lena n-áirítear olltomhaltas fuinnimh iomlán measta deiridh de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán an chumais a bhfuil sé beartaithe é a shuiteáil (roinnte ar chumas nua agus ar athchumhachtú) de réir teicneolaíochta agus earnála in MW

iv.

Na conairí measta maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise trí bhunábhair, agus trí thionscnamh (idirdhealú a dhéanamh idir tháirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF

v.

I gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear cinn fhadtéarmacha agus earnálacha (e.g. sciar fuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite, fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fuíolluisce)

2.2.   An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh”

i.

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 4

ii.

Na garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050, na táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaise bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil agus a mhéid a rannchuidíonn siad le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a áirítear sna treochláir a leagtar amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta eile, lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha nó straitéisí agus spriocanna earnálacha, agus cuspóirí náisiúnta i réimsí mar éifeachtúlacht fuinnimh in earnáil an iompair agus i dtaca le téamh agus fuarú

2.3.   An ghné “slándáil fuinnimh”

i.

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 4

ii.

Cuspóirí náisiúnta i ndáil le méadú a dhéanamh ar: éagsúlú foinsí agus soláthair fuinnimh ó thríú tíortha chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iii.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iv.

Cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí fhoinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe

2.4.   An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

2.4.1.   Idirnascacht leictreachais

i.

An leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach in 2030 i bhfianaise na sprice idirnascachta leictreachais dar luach 15 % ar a laghad faoi 2030, trí bhíthin straitéis lena ndéanfar an leibhéal don tréimhse ó 2021 amach a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit dá ndéanfar difear, agus sprioc idirnascachta 10 % do 2020 agus na táscairí seo a leanas maidir le práinn na gníomhaíochta á gcur san áireamh:

(1)

Difreálach praghsanna ar an margadh mórdhíola is mó ná tairseach táscach dar luach EUR 2/MWh idir na Ballstáit, na réigiúin, nó na limistéir thairisceana;

(2)

Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % den bhuaiclód;

(3)

Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % de ghiniúint in-athnuaite atá suiteáilte.

Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní ceart iad a chur chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais.

2.4.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.

Tionscadail ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné de Straitéis an Aontais Fuinnimh a bhaint amach

ii.

I gcás inarb infheidhme, príomhthionscadal bonneagair atá beartaithe seachas Tionscadail Leasa Choitinn (2)

2.4.3.   Comhtháthú margaidh

i.

Cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe maidir le praghsanna leictreachais a chinntear go hiomaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

ii.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

iii.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d'fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

iv.

Cuspóirí náisiúnta maidir le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le solúbthacht an chórais fuinnimh i dtaca le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

v.

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta chun tomhaltóirí fuinnimh a chosaint, agus iomaíochas na hearnála fuinnimh miondíola a fheabhsú

2.4.4.   Bochtaineacht fuinnimh

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le bochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach

2.5.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.

Cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

ii.

I gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha (2050) chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha fuinnimh agus tionsclaíocha a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagair ghaolmhair um iompar, úsáid agus stóráil carbóin

iii.

I gcás inarb infheidhme, spriocanna náisiúnta i ndáil le hiomaíochas

3.   BEARTAIS AGUS BEARTA

3.1.   An ghné “dícharbónú”

3.1.1.   Astaíochtaí agus aistrithe GCT

i.

Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint don fhís fhadtéarmach geilleagar ísealastaíochtaí a bheith ann agus cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras

ii.

I gcás inarb ábhartha, comhar réigiúnach sa réimse seo

iii.

Gan dochar d'infheidhmeacht na rialacha maidir le státchabhair, bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme

3.1.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i.

Beartais agus bearta chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 a bhaint amach, sprioc a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus conairí dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, agus, i gcás inarb infheidhme nó i gcás ina bhfuil siad ar fáil, na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 2.1.2 den Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear bearta atá sonrach don earnáil agus don teicneolaíocht (3)

ii.

I gcás inarb ábhartha, bearta sonracha maidir le comhar réigiúnach, agus, mar rogha, an rótháirgeadh fuinnimh measta a thagann ó fhoinsí in-athnuaite, fuinneamh a d'fhéadfaí a aistriú go dtí Ballstáit eile chun an rannchuidiú náisiúnta agus conairí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe 2.1.2, a bhaint amach

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i gcomhair táirgeadh agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar

iv.

I gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/2001

v.

Bearta sonracha chun pointe teagmhála amháin nó níos mó a thabhairt isteach, nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú chun éifeachta, faisnéis agus oiliúint a sholáthar, agus ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta a éascú

Achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin nach mór do na Ballstáit a chur ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/2001 chun forbairt an fhéintomhaltais agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú

vi.

Measúnú ar an riachtanas le bonneagar nua a thógáil do théamh agus fuarú ceantair a tháirgtear as foinsí in-athnuaite

vii.

I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le húsáid fuinnimh a thagann as bithmhais, go háirithe do shlógadh nua bithmhaise, a chur chun cinn, agus na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais inbhuanaithe: idir acmhainneacht intíre agus allmhairí ó thríú tíortha

úsáidí eile bithmhaise in earnálacha eile (earnálacha talmhaíochta agus foraoisbhunaithe); mar aon le bearta maidir le hinbhuanaitheacht táirgeadh agus úsáid bhithmhaise

3.1.3.   Eilimintí eile den ghné

i.

I gcás inarb infheidhme, beartais agus bearta náisiúnta a dhéanann difear d'earnáil EU ETS agus measúnú ar chomhlántacht agus ar thionchair ar EU ETS

ii.

Beartais agus bearta chun cuspóirí náisiúnta eile a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme

iii.

Beartais agus bearta chun soghluaisteacht ísealastaíochtaí a bhaint amach (lena n-áirítear leictriú iompair)

iv.

I gcás inarb infheidhme, beartais, amlínte agus bearta náisiúnta atá beartaithe chun fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe maidir le breoslaí iontaise

3.2.   An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh”

Beartais, bearta agus cláir atá beartaithe chun na rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh do 2030 a bhaint amach, mar aon le cuspóirí eile dá dtagraítear i bpointe 2.2, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí atá beartaithe (bearta de chineál airgeadais chomh maith) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, go háirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

i.

Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE agus atá le hullmhú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo

ii.

Straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach (4), lena n-áirítear beartais, bearta agus gníomhartha chun athchóiriú domhain atá éifeachtúil ó thaobh costais a spreagadh mar aon le beartais agus gníomhartha chun díriú ar na codanna is neamhfheidhmiúla de stoc náisiúnta na bhfoirgneamh, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii.

Tuairisc ar bheartais agus ar bhearta lena gcuirtear chun cinn seirbhísí fuinnimh san earnáil phoiblí agus ar bhearta lena mbaintear bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar ghlacadh múnlaí conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus ar ghlacadh múnlaí seirbhíse eile um éifeachtúlacht fuinnimh (5)

iv.

Beartais, bearta agus cláir eile lena mbainfear amach na rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030, mar aon le cuspóirí eile a leagtar amach i bpointe 2.2 (mar shampla bearta lena gcuirtear chun cinn feidhm eiseamláireach na bhfoirgneamh poiblí agus soláthar poiblí atá tíosach ar fhuinneamh, bearta lena gcuirtear chun cinn iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistithe fuinnimh (6), bearta i ndáil le faisnéis do thomhaltóirí agus bearta oiliúna (7), agus bearta eile lena gcuirtear chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh (8))

v.

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar bheartais agus bearta chun ról na bpobal fuinnimh áitiúil maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a luaitear i bpointí i, ii, iii agus iv a chur chun cinn

vi.

Tuairisc ar bhearta lena bhforbraítear bearta chun úsáid a bhaint as poitéinseal éifeachtúlacht fuinnimh bhonneagar an gáis agus an leictreachais (9)

vii.

Comhar réigiúnach sa réimse seo, i gcás inarb infheidhme

viii.

Bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta

3.3.   An ghné “Slándáil Fuinnimh” (10)

i.

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.3 (11)

ii.

Comhar réigiúnach sa réimse seo

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.   An ghné “Margadh Inmheánach Fuinnimh” (12)

3.4.1.   Bonneagar leictreachais

i.

Beartais agus bearta chun an spriocleibhéal idirnascachta mar a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 4 a bhaint amach

ii.

Comhar réigiúnach sa réimse seo (13)

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.2, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha lena n-éascaítear seachadadh Tionscadal Leasa Choitinn agus príomhthionscadail bhonneagair eile

ii.

Comhar réigiúnach sa réimse seo (14)

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.3.   Comhtháthú margaidh

i.

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.3

ii.

Bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, amhail eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta chun rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh inathnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh

iv.

Beartais agus bearta chun tomhaltóirí a chosaint, go háirithe iad siúd atá fíorleochaileach agus, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá bocht i bhfuinneamh, agus chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar iniomaíocht an mhargaidh fuinnimh miondíola

v.

Tuairisc ar bhearta chun an fhreagairt don éileamh a chumasú agus a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd atá ag dul i ngleic le taraifí chun tacú le praghsáil dhinimiciúil (15)

3.4.4.   Bochtaineacht fuinnimh

i.

I gcás inarb fheidhme, beartais agus bearta chun na cuspóirí a leagtar amach i bpointe 2.4.4 a bhaint amach

3.5.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.5

ii.

I gcás inarb fheidhme, comhar le Ballstáit eile sa réimse seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir leis an mbealach a aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig an gcomhthéacs náisiúnta

iii.

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

ROINN B: BUNÚS ANAILÍSEACH (16)

4.   AN STAID REATHA AGUS RÉAMH-MHEASTACHÁIN DE RÉIR NA mBEARTAS AGUS NA mBEART ATÁ ANN CHEANA (17) (18)

4.1.   Éabhlóid réamh-mheasta na bpríomhthosca eisginiúla a bhfuil tionchar acu ar fhorbairtí córais fuinnimh agus ar fhorbairtí astaíochtaí gás ceaptha teasa

i.

Réamhaisnéisí maicreacnamaíocha (OTI agus fás daonra)

ii.

Athruithe earnála a mbeidh tionchar acu ar an gcóras fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

iii.

Treochtaí fuinnimh domhanda, praghsanna breoslaí iontaise, praghas carbóin EU ETS

iv.

Forbairtí ar chostas na teicneolaíochta

4.2.   An ghné Dícharbónú

4.2.1.   Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa

i.

Treochtaí in astaíochtaí agus aistrithe GCT sna hearnálacha a bhaineann le EU ETS, comhroinnt díchill agus earnálacha LULUCF, agus in earnálacha difriúla fuinnimh

ii.

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí earnála i dtaca le beartais agus bearta náisiúnta agus de chuid an Aontais atá ann cheana ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear don bhliain 2030)

4.2.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i.

Sciar reatha d'fhuinneamh in-athnuaite ó thaobh olltomhaltas deiridh fuinnimh agus ó thaobh earnálacha difriúla (téamh agus fuarú, leictreachas agus iompar) agus de réir teicneolaíochta i ngach ceann de na hearnálacha seo

ii.

Réamh-mheastacháin tháscacha ar fhorbairt leis na beartais atá ann cheana don bhliain 2030 (ag féachaint don bhliain 2040)

4.3.   An ghné “Éifeachtúlacht Fuinnimh”

i.

Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh atá ann faoi láthair sa gheilleagar agus de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaithe, seirbhís agus iompar)

ii.

Acmhainneacht reatha do chur i bhfeidhm chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú éifeachtúil ceantair (19)

iii.

Réamh-mheastacháin lena bpléitear beartais, bearta agus cláir um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana féin de réir mar a thuairiscítear i bpointe 1.2.(ii) maidir le tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh i dtaca le gach earnáil go dtí 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030) (20)

iv.

Na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh de thoradh áireamh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE

4.4.   An ghné “slándáil fuinnimh”

i.

An meascán fuinnimh reatha, foinsí fuinnimh intíre, spleáchas ar allmhairí, lena n-áirítear rioscaí ábhartha

ii.

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.5.   An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

4.5.1.   Idirnascacht leictreachais

i.

An leibhéal idirnaisc reatha agus na príomh-idirnascairí (21)

ii.

Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe idirnascaire (lena n-áirítear don bhliain 2030) (22)

4.5.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.

Príomhghnéithe an bhonneagair tarchurtha atá ann cheana le haghaidh leictreachais agus gáis (23)

ii.

Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe líonra go dtí an bhliain 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030) (24)

4.5.3.   Margaí leictreachais agus gáis, praghsanna fuinnimh

i.

Staid reatha na margaí leictreachais agus gáis, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh

ii.

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.6.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.

Staid reatha earnála na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus, a mhéid is féidir, a stádas ar an margadh domhanda (tá an anailís sin le déanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda)

ii.

Leibhéal reatha de thaighde poiblí agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, príobháideach agus caiteachas nuálaíochta ar theicneolaíochtaí ísealcharbóin, líon reatha na bpaitinní, agus líon reatha na dtaighdeoirí

iii.

Miondealú ar ghnéithe praghsanna reatha a chuimsíonn na trí príomh-chomhpháirteanna praghais (fuinneamh, gréasán, cánacha/tobhaigh)

iv.

Tuairisc ar fhóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear maidir le breoslaí iontaise

5.   MEASÚNÚ TIONCHAIR AR BHEARTAIS AGUS BEARTA ATÁ BEARTAITHE (25)

5.1.   Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le córas fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana (mar a thuairiscítear i roinn 4).

i.

Réamh-mheastacháin ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, hastaíochtaí na dtruailleán aeir i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 faoi na beartais agus na bearta atá beartaithe go ceann deich mbliana ar a laghad i ndiaidh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (lena n-áirítear an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean), lena n-áirítear beartais agus bearta ábhartha de chuid an Aontais.

ii.

Measúnú ar idirghníomhaíochtaí beartais (idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe a thagann faoi ghnéithe éagsúla) ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, go háirithe chun tuiscint láidir ar an tionchar a bhíonn ag beartais éifeachtúlachta fuinnimh / coigilteas fuinnimh ar mhéid riachtanach an chórais fuinnimh agus chun an riosca a bhaineann le hinfheistíocht thréigthe sa soláthar fuinnimh a laghdú

iii.

Measúnú ar idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus bearta atá beartaithe, agus idir na bearta agus beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais sin

5.2.   Tionchair mhaicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchair shláinte, chomhshaoil, fostaíochta agus oideachais, scileanna agus shóisialta lena n-áirítear gnéithe aistrithe amháin (ó thaobh costas agus tairbhí chomh maith le héifeachtúlacht costais) na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe agus a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 ar a laghad go dtí an bhliain deiridh den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

5.3.   Forléargas ar riachtanais infheistíochta

i.

sreafaí infheistíochta atá ann cheana agus toimhdí infheistíochta tosaigh i dtaca leis na beartais agus na bearta atá beartaithe

ii.

tosca riosca earnála nó margaidh nó bacainní sa chomhthéacs náisiúnta nó réigiúnach

iii.

anailís ar thacaíocht airgeadais phoiblí bhreise nó acmhainní breise chun bearnaí a shainaithnítear faoi phointe ii a líonadh

5.4.   Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le Ballstáit eile agus comhar réigiúnach ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

i.

Tionchair ar an gcóras fuinnimh i mBallstáit chomharsanachta agus i mBallstáit eile sa réigiún a mhéid is féidir

ii.

Tionchair ar phraghsanna fuinnimh, ar fhóntais agus ar chomhtháthú margaidh fuinnimh

iii.

I gcás inarb ábhartha, tionchair ar an gcomhar réigiúnach

Cuid 2

Liosta paraiméadar agus athróg atá le tuairisciú i Roinn B de na Pleananna Náisiúnta (26) (27) (28) (29)

Tá na paraiméadair, na hathróga, na comharduithe fuinnimh agus na táscairí seo a leanas le tuairisciú i Roinn B “Bunús Anailíseach” de na Pleananna Náisiúnta, má úsáidtear iad:

1.   Paraiméadair agus athróga ginearálta

(1)

Daonra (milliún)

(2)

OTI [euro milliún]

(3)

Breisluach comhlán earnála (lena n-áirítear príomhearnálacha tionscail, tógála, seirbhíse agus talmhaíochta [euro milliún]

(4)

Líon na dteaghlach [mílte]

(5)

Méid an teaghlaigh [áitritheoirí/líonta tí]

(6)

Ioncam indiúscartha na dteaghlach [euro]

(7)

Líon na bpaisinéirchiliméadar: gach modh, i.e. scartha idir bóthar (carranna agus busanna scartha más féidir), iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (nuair is ábhartha) [milliún paisinéirchiliméadar]

(8)

Iompar lasta, tonachiliméadar: gach modh seachas muirí idirnáisiúnta i.e. scartha idir bóthar, iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (uiscebhealaí intíre agus muirí náisiúnta [milliún tonachiliméadar]

(9)

Praghsanna idirnáisiúnta allmhairiúcháin breosla ola, gáis agus guail [EUR/GJ nó euro/toe] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(10)

Praghas carbóin EU-ETS [EUR/EUA] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(11)

Toimhdí i leith rátaí malairte go EUR agus go USD (i gcás inarb infheidhme) [euro/airgeadra agus USD/airgeadra]

(12)

Líon Laethanta Céime Téimh (HDD)

(13)

Líon Laethanta Céime Fuaraithe (CDD)

(14)

Toimhdí um chostas teicneolaíochta i samhaltú le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí ábhartha

2.   Comhardú fuinnimh agus táscairí

2.1.   Soláthar fuinnimh

(1)

Táirgeadh dúchais de réir cineál breosla (na táirgí fuinnimh go léir a tháirgtear i gcainníochtaí suntasacha) [ktoe]

(2)

Glanallmhairí de réir cineál breosla (lena n-áirítear leictreachas agus scartha idir ion-ghlanallmhairí agus eachtar-ghlanallmhairí an Aontais Eorpaigh) [ktoe]

(3)

Spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha [%]

(4)

Príomhfhoinsí allmhairiúcháin (tíortha) le haghaidh príomhiompróirí fuinnimh (lena n-áirítear gás agus leictreachas)

(5)

Olltomhaltas Intíre de réir foinse an chineáil breosla (lena n-áirítear solaid, na táirgí fuinnimh go léir: gual, amhola agus táirgí peitriliam, gás nádúrtha, fuinneamh núicléach, leictreachas, teas díorthaithe, athnuaiteáin, dramhaíl) [ktoe]

2.2.   Leictreachas agus teas

(1)

Ollghiniúint leictreachais [GWh]

(2)

Ollghiniúint leictreachais de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [GWh]

(3)

Sciar de chomhghiniúint cumhachta agus teasa in éineacht i nginiúint iomlán leictreachais agus teasa [%]

(4)

Giniúint leictreachais acmhainne de réir foinse lena n-áirítear scor agus infheistíocht nua [MW]

(5)

Giniúint teasa ó ghiniúint fuinnimh theirmigh

(6)

Giniúint teasa ó stáisiún cumhachta is teasa in éineacht, lena n-áirítear teas dramhaíola tionscail

(7)

Acmhainní idirnaisc trasteorann le haghaidh gáis agus leictreachais [Sainmhíniú ar leictreachas i gcomhréir le toradh ar an bplé atá fós ar siúl maidir leis an mbonn do sprioc idirnaisc de 15 % ] agus a rátaí úsáide réamh-mheasta

2.3.   Earnáil trasfhoirmithe

(1)

Ionchur breosla i nginiúint fuinnimh theirmigh (lena n-áirítear solaid, ola, gás) [ktoe]

(2)

Ionchur breosla chuig próisis tiontaithe eile [ktoe]

2.4.   Tomhaltas fuinnimh

(1)

Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh [ktoe]

(2)

Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach, talmhaíocht agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó)) [ktoe]

(3)

Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [ktoe]

(4)

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh [ktoe]

(5)

Déine fuinnimh phríomhúil an gheilleagair fhoriomláin (tomhaltas príomhúil fuinnimh in aghaidh an OTI [toe/euro]

(6)

Déine dheiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó))

2.5.   Praghsanna

(1)

Praghsanna leictreachais de réir cineál earnála a úsáideann é (cónaithe, tionsclaíocht, treasach)

(2)

Praghsanna breosla miondíola náisiúnta (lena n-áirítear cánacha, in aghaidh na foinse agus na hearnála) [euro/ktoe]

2.6.   Infheistíocht

Costais infheistíochta sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, soláthar, tarchur agus dáileadh fuinnimh

2.7.   Foinsí in-athnuaite fuinnimh

(1)

Olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus sciar d'fhuinneamh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh agus de réir earnála (leictreachas, téamh agus fuarú, iompar) agus de réir teicneolaíochta

(2)

Giniúint leictreachais agus teasa ó fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh; Áireofar leis seo, má tá siad ar fáil, sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuinneamh a tháirgtear, a thomhailtear agus a instealltar sa ghreille le córais fhótavoltacha ghréine, córais theirmeacha ghréine, bithmhais, teaschaidéil, córais gheoiteirmeacha, chomh maith leis na córais in-athnuaite dhíláraithe eile go léir

(3)

I gcás inarb infheidhme, conairí náisiúnta eile, lena n-áirítear iad sin fadtéarmach agus earnálach - sciar na mbithbhreoslaí bunaithe ar bhia, sciar na n-ard-bhithbhreoslaí, an sciar d'fhuinneamh in athnuaite i dtéamh ceantair, chomh maith leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha agus ag pobail fuinnimh in-athnuaite.

3.   Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí agus le haistrithe GCT

(1)

Astaíochtaí GCT de réir earnáil bheartais (EU ETS, comhroinnt díchill agus LULUCF)

(2)

Astaíochtaí GCT de réir earnáil IPCC agus de réir gáis (arna ndealú idir earnálacha EU ETS agus comhroinnte díchill i gcás inarb ábhartha) [tCO2eq]

(3)

Déine charbóin an gheilleagar fhoriomláin [tCO2eq/GDP]

(4)

Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí CO2

(a)

Déine astaíochtaí GCT na giniúna cumhachta agus teasa intíre [tCO2eq/MWh]

(b)

Déine astaíochtaí GCT an tomhaltais deiridh fuinnimh de réir earnála [tCO2eq/toe]

(5)

Paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí neamh-CO2

(a)

Beostoc: eallach déiríochta [1 000 cloigeann], eallach neamhdhéiríochta [1 000 cloigeann], caoirigh [1 000 cloigeann], muca [1 000 cloigeann], éanlaith chlóis [1 000 cloigeann]

(b)

Ionchur nítrigine ó leasacháin shintéiseacha a chur amach [kt nítrigin]

(c)

Ionchur nítrigine as aoileach a chur amach [kt nítrigin]

(d)

Nítrigin fosaithe ag barra n-fhosaithe [kt nítrigin]

(e)

Nítrigin i bhfuíoll bairr curtha ar ais san ithir [kt nítrigin]

(f)

Achar na n-ithreacha orgánacha saothraithe [heicteáir]

(g)

Giniúint ó dhramhaíl sholadach chathrach (MSW)

(h)

Dramhaíl sholadach chathrach (MSW) ag dul chuig líonadh talún

(i)

Sciar d'aisghabháil CH4 sa ghiniúint CH4 iomlán ó líonadh talún [ %]


(1)  Comsheasmhacht le háirithiú i gcomhréir le straitéisí fadthéarmacha de bhun Airteagal 15.

(2)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(3)  Agus na bearta sin á bpleanáil acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh deireadh ré suiteálacha atá ann faoi láthair agus an acmhainneacht maidir le hathchumhachtú.

(4)  I gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE.

(5)  I gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2012/27/AE.

(6)  I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE.

(7)  I gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 17 de Threoir 2012/27/AE

(8)  I gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2012/27/AE.

(9)  I gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Threoir 2012/27/AE.

(10)  Beidh beartais agus bearta ag teacht leis an bprionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh”.

(11)  Cinnteofar comhsheasmhacht leis an mbeart coisctheach agus le pleananna éigeandála faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gháis a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1), chomh maith leis na pleananna ullmhachta i gcomhair rioscaí faoi Rialachán (AE) 2018/2001 [mar a moladh le COM(2016) 862 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE].

(12)  Beidh beartais agus bearta ag teacht leis an bprionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh”.

(13)  Seachas na Grúpaí Réigiúnacha na dTionscadal Leasa Choitinn a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

(14)  Seachas na Grúpaí Réigiúnacha na dTionscadal Leasa Choitinn a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

(15)  I gcomhréir le hAirteagal 15(8) de Threoir 2012/27/AE.

(16)  Féach Cuid 2 le haghaidh liosta mionsonraithe de na paraiméadair agus na hathróga atá le tuairisciú i Roinn B den Phlean.

(17)  Léireofar leis an staid reatha an dáta a ndéanfar an plean náisiúnta a thíolacadh (nó an dáta is deireanaí atá ar fáil). Cuimsíonn beartais agus bearta atá ann cheana, na beartais agus na bearta a cuireadh chun feidhme agus a glacadh. Is iad na beartais agus na bearta a glacadh na beartais agus na bearta sin a bhfuil Cinneadh oifigiúil an rialtais déanta ina leith faoin dáta a cuireadh isteach an plean náisiúnta agus go bhfuil tiomantas soiléir ann dul ar aghaidh agus é a chur chun feidhme. Is iad na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme na beartais agus na bearta sin a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas ina leith ar an dáta a chuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn: tá reachtaíocht Eorpach infheidhme go díreach nó an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm, tá comhaontú deonach amháin nó níos mó curtha ar bun, tá acmhainní airgeadais leithdháilte, tá acmhainní daonna eagraithe.

(18)  Féadfaidh roghnú na dtosca eisginiúla a bheith bunaithe ar na toimhdí a rinneadh i gCás Tagartha 2016 AE nó i gcásanna beartais eile ina dhiaidh sin maidir leis na hathróga céanna. Sa bhreis air sin, féadfaidh torthaí sonracha na mBallstát maidir le Cás Tagartha 2016 AE chomh maith le torthaí ó chásanna beartais ina dhiaidh sin a bheith mar fhoinse úsáideach faisnéise chun réamh-mheastacháin náisiúnta a fhorbairt i dtaca le beartais agus bearta agus measúnuithe tionchair atá ann cheana.

(19)  I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.

(20)  Beidh an réamh-mheastachán tagartha “gnó mar is gnách” mar bhunús don sprioc um thomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh do 2030 a thuairiscítear in 2.3 agus do thosca tiontaithe.

(21)  I ndáil le forléargas ar an mbonneagar tarchurtha atá ann cheana féin ó Oibreoirí Córais Tarchurtha (OTCanna).

(22)  I ndáil le pleananna forbartha gréasáin náisiúnta agus pleananna infheistíochta réigiúnaí OTCanna.

(23)  I ndáil le forléargas ar an mbonneagar tarchurtha atá ann cheana féin ó OTCanna.

(24)  I ndáil le pleananna forbartha gréasáin náisiúnta agus pleananna infheistíochta réigiúnaí OTCanna.

(25)  Is éard atá i mbeartais agus bearta atá beartaithe ná roghanna atá á bplé agus a bhfuil seans réalaíoch ann go nglacfar leo agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndiaidh an dáta a seoltar isteach an plean náisiúnta. Dá bhrí sin, áireofar sna réamh-mheastacháin faoi roinn 5.1.i, ní hamháin na beartais agus na bearta a glacadh agus a cuireadh chun feidhme (réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana) ach beartais agus bearta atá beartaithe chomh maith.

(26)  Don phlean lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030: Le haghaidh gach paraiméadair/athróige sa liosta, tuairisceofar treochtaí le linn na mblianta 2005-2040 (20052050 de réir mar is cuí) lena náirítear don bhliain 2030 in eatraimh cúig bliana i roinn 4 agus roinn 5 araon. Cuirfear in iúl paraiméadar bunaithe ar bhonn toimhdí eisginiúla in aghaidh aschur samhaltaithe.

(27)  A mhéid is féidir, ba cheart go mbeadh na sonraí agus na réamh-mheastacháin a tuairiscíodh tógtha ar, agus ag teacht le sonraí EUROSTAT agus leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an staidreamh Eorpach a thuairisciú sa dlí earnálach ábhartha, ós rud é gurb é an staidreamh Eorpach an phríomhfhoinse do shonraí staidrimh a úsáidtear le haghaidh tuairiscithe agus faireacháin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 223/2009 maidir le staitisticí Eorpacha.

(28)  Tabhair ar aird: tá na réamh-mheastacháin go léir le déanamh ar bhonn praghsanna seasmhacha (praghas 2016 le húsáid mar an bhonnbhliain)

(29)  Cuirfidh an Coimisiún moltaí ar fáil le haghaidh príomhpharaiméadar i dtaca le réamh-mheastacháin, lena gcumhdaítear praghsanna allmhairiúcháin ola, gáis agus guail ar a laghad, chomh maith le praghsanna carbóin EU ETS.


IARSCRÍBHINN II

RANNCHUIDITHE NÁISIÚNTA DO SCIAR AN FHUINNIMH Ó FHOINSÍ IN-ATHNUAITE SAN OLLTOMHALTAS DEIRIDH FUINNIMH IN 2030

1.

Léiríonn an fhoirmle tháscach seo a leanas na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (e)(i) go (v) d'Airteagal 5(1), agus gach ceann á shloinneadh i bpointí céatadáin:

(a)

sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 a leagtar amach sa tríú colún den tábla i gcuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(b)

ranníocaíocht ar ráta comhréidh (CFlat);

(c)

ranníocaíocht bunaithe ar OTI per capita (CGDP);

(d)

ranníocaíocht bunaithe ar phoitéinseal (CPotential);

(e)

ranníocaíocht a léiríonn leibhéal idirnaisc an Bhallstáit (CInterco).

2.

Beidh CFlat mar a chéile do gach Ballstát. Beidh méid CFlat na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

3.

Leithdháilfear CGDP i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs OTI per capita Eurostat go dtí meán an Aontais thar an tréimhse 2013 go 2017, arna shloinneadh i gcaighdeán cumhachta ceannaigh, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag an innéacs i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CGDP na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

4.

Leithdháilfear CPotential i measc na mBallstát bunaithe ar an difríocht idir sciar fuinnimh in-athnuaite Ballstáit in 2030 mar a thaispeántar i gcás tagartha PRIMES agus a sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020. Beidh méid CPotential na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

5.

Leithdháilfear CInterco i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs sciar an idirnasctha leictreachais le hais mheán an Aontais in 2017, arna thomhas le glanacmhainn an aistrithe le hais acmhainn na giniúna suiteáilte iomláine, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag innéacs sciar an idirnasctha i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CInterco na mBallstát ar fad le chéile ionann le 10 % den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

IARSCRÍBHINN III

FÓGRAÍ FAOI BHEARTA AGUS MODHEOLAÍOCHTAÍ NA MBALLSTÁT CHUN AIRTEAGAL 7 DE THREOIR 2012/27/AE A CHUR CHUN FEIDHME

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá beartaithe acu de bhun phointe 5 d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE maidir le feidhmiú na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus in Airteagal 20(6) den Treoir chéanna.

1.   Ríomh leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, lena dtaispeántar an bealach a dtugtar aird ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

tomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh, meánaithe thar an tréimhse trí bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019 [in ktoe];

(b)

méid carnach an choigiltis úsáid deiridh fuinnimh atá le baint amach [in ktoe] i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE;

(c)

sonraí a úsáidtear i ríomh an tomhaltais fuinnimh úsáid deiridh agus foinsí na sonraí sin, lena n-áirítear bonn cirt d'úsáid sonraí staidrimh malartacha agus d'aon difríochtaí i dtaca leis na méideanna atá ann dá bharr (má úsáidtear foinsí eile seachas Eurostat);

2.   Maidir leis na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as aon cheann de na féidearthachtaí faoi Airteagal 7(2) de Threoir 2012/27/AE, tabharfaidh siad fógra freisin faoin ríomh atá déanta acu ar leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus taispeánfaidh siad an chaoi a gcuirtear na gnéithe seo a leanas san áireamh:

(a)

a ráta coigiltis bliantúil féin;

(b)

a mbonnlíne ríomha féin agus an fuinneamh a úsáidtear san iompar, go hiomlán nó go páirteach, atá eisiata ón ríomh [in ktoe];

(c)

méid carnach an choigiltis fuinnimh arna ríomh sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollag 2030 (roimh chur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE) [in ktoe];

(d)

cur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE:

(i)

an tomhaltas fuinnimh deiridh i ngníomhaíochtaí tionsclaíochta [in ktoe] a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus atá eisiata ón ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(ii)

an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, dáileadh agus tarchur fuinnimh, lena n-áirítear bonneagair téimh agus fuaraithe éifeachtúil ceantair, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(iii)

an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] mar thoradh ar ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh chun feidhme le déanaí ó 31 Nollaig 2008 a mbeidh tionchar acu fós in 2020 agus ina dhiaidh sin agus i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(iv)

an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a eascraíonn as bearta beartais, ar choinníoll gur féidir a léiriú go dtiocfaidh gníomhartha aonair arna ndéanamh tar éis an 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 as na bearta beartais sin, lena mbainfidh coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(v)

méid an fharasbairr coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 7(3) de Threoir 2012/27/AE;

(vi)

méid an choigiltis fuinnimh [in ktoe] a sháraíonn an méid coigiltis charnaigh fuinnimh is gá sa tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(e)

méid carnach iomlán an choigiltis fuinnimh (tar éis na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE a chur san áireamh).

3.   Bearta beartais i bhfianaise baint amach an cheanglais coigiltis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE:

3.1.   Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 7a de Threoir 2012/27/AE:

(a)

tuairisc ar an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

méid iomlán bliantúil agus carnach maidir le coigilteas atá tuartha agus fad thréimhse(í) na hoibleagáide;

(c)

páirtithe faoi oibleagáid agus a gcuid freagrachtaí;

(d)

sprioc-earnálacha;

(e)

gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;

(f)

faisnéis faoi chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas de Threoir 2012/27/AE:

(i)

i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí sonracha, sciar coigiltis atá le baint amach i dteaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 7 (11);

(ii)

coigilteas atá le baint amach ag soláthraithe seirbhísí fuinnimh nó ag tríú páirtithe eile i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7a(6);

(iii)

“baincéireacht agus iasachtaíocht” i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7a (6);

(g)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar thrádáil coigiltis fuinnimh.

3.2   Bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7b agus in Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas cánachas):

(a)

cineál birt beartais;

(b)

tuairisc ghearr ar an mbeart beartais lena n-áirítear na gnéithe deartha do gach beart beartais ar tugadh fógra faoi;

(c)

an méid iomlán de choigilt charnach agus bhliantúil atá tuartha do gach beart agus/nó an méid fuinnimh a sábháladh maidir le haon tréimhse idirmheánach;

(d)

údaráis phoiblí cur chun feidhme, páirtithe rannpháirteacha nó iontaofa agus a gcuid freagrachtaí maidir leis an mbeart/na bearta beartais a chur chun feidhme;

(e)

sprioc-earnálacha;

(f)

gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;

(g)

i gcás inarb infheidhme, bearta beartais sonracha nó gníomhaíochtaí aonair arna ndíriú ar bhochtaineacht fuinnimh.

3.3.   Faisnéis maidir le bearta cánachais:

(a)

tuairisc ghearr ar an mbeart cánachais;

(b)

fad an bhirt cánachais;

(c)

an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(d)

méid carnach agus bliantúil atáthar a thuar do gach beart;

(e)

Sprioc-earnálacha agus deighleog na gcáiníocóirí;

(f)

an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear cé na praghasleaisteachais a úsáidtear agus conas a bunaíodh iad, i gcomhréir le pointe (4) d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE.

4   Modheolaíocht ríofa do bhearta a dtugtar fógra ina leith faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas bearta cánachais):

(a)

modhanna tomhais dá dtagraítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

(b)

modh chun coigilteas fuinnimh a shloinneadh (coigilteas phríomhúil fuinnimh nó coigilteas deiridh fuinnimh);

(c)

saolréanna na mbeart, an ráta ag a dtagann laghdú ar choigilt le himeacht ama agus an cur chuige a úsáidtear chun saolré an choigiltis a chur san áireamh;

(d)

tuairisc ghearr ar an modheolaíocht ríofa lena n-áirítear an modh lena n-áirithítear breisíocht agus ábharthacht choigilte agus na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigiltis mheasta agus scálaithe;

(e)

faisnéis faoin gcaoi a ndírítear ar aon fhorluí féideartha idir na bearta agus na gníomhaíochtaí aonair d'fhonn áireamh dúbailte ar choigilt fuinnimh a sheachaint;

(f)

i gcás inar ábhartha, éagsúlachtaí aeráide agus an cur chuige a úsáidtear.

5.   Faireachán agus fíorú

(a)

tuairisc ghearr ar an gcóras faireacháin agus fíoraithe agus ar phróiseas an fhíoraithe;

(b)

an t-údarás poiblí cur chun feidhme agus a phríomhfhreagrachtaí i mbun an chórais faireacháin agus fíoraithe maidir leis an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh nó bearta malartacha;

(c)

neamhspleáchas faireacháin agus fíoraithe ó na páirtithe faoi oibleagáid agus na páirtithe rannpháirteacha nó iontaoibhe;

(d)

cion atá suntasach ó thaobh an staidrimh de maidir le bearta feabhsúcháin um éifeachtúlacht fuinnimh agus cion agus critéir a úsáidtear chun sampla ionadaíoch a shainmhíniú agus a roghnú;

(e)

oibleagáidí tuairiscithe ar pháirtithe faoi oibleagáid (coigilteas a bhaineann gach páirtí faoi oibleagáid amach, nó a bhaineann gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid amach, agus an choigilt iomlán faoin scéim).

(f)

foilsiú an choigiltis fuinnimh a bhaintear amach (gach bliain) faoin scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus faoi bhearta malartacha;

(g)

faisnéis faoi dhlí na mBallstát maidir leis na pionóis a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonta;

(h)

Faisnéis faoi bhearta beartais dá bhforáiltear i gcás nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta sásúil.


IARSCRÍBHINN IV

CREAT GINEARÁLTA MAIDIR LE STRAITÉISÍ FADTÉARMACHA

1.   FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA bhFORBRAÍTEAR NA STRAITÉISÍ

1.1.   Achoimre Feidhmiúcháin

1.2.   Comhthéacs dlíthiúil agus beartais

1.3.   Comhairliúchán poiblí

2.   ÁBHAR

2.1.   IOMLÁN NA LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GCT AGUS NA bhFEABHSUITHE AR AISTRITHE TRÍ LINNTE

2.1.1.   Na laghduithe réamh-mheasta ar astaíochtaí agus an feabhsú ar aistrithe faoi 2050

2.1.2.   Na spriocanna náisiúnta do 2030 agus ina dhiaidh, má tá siad ar fáil, agus na garspriocanna táscacha do 2040 agus 2050

2.1.3.   Beartais agus bearta oiriúnaithe

2.2.   FUINNEAMH IN-ATHNUAITE

2.2.1   A mhéid is féidir, an sciar dóchúil measta d'fhuinneamh in-athnuaite sa tomhaltas fuinnimh deiridh faoi 2050

2.3.   ÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH

2.3.1.   A mhéid is féidir, an tomhaltas fuinnimh dóchúil measta faoi 2050

2.4.   ÁBHAR EARNÁILSONRACH

2.4.1.   Córas fuinnimh

2.4.1.1.   An chonair nó raon astaíochtaí atá beartaithe nó is dócha a bheidh ann amach anseo

2.4.1.2.   Tuairisc ghinearálta ar na príomhspreagthóirí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, solúbthacht don éileamh agus tomhaltas fuinnimh agus an fhorbairt a thiocfaidh orthu ó 2021 agus ina dhiaidh

2.4.2.   Tionscal

2.4.2.1.   Na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo de réir earnála agus éilimh fuinnimh

2.4.2.2.   Forléargas ginearálta ar na beartais, na pleananna atá ann cheana agus na bearta i gcomhair dícharbónú a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I

2.4.3.   Iompar

2.4.3.1.   Na hastaíochtaí agus na foinsí fuinnimh a bhfuiltear ag súil leo de réir chineál an iompair (e.g. carranna agus veaineanna, iompar tromshaothair de bhóthar, loingseoireacht, eitlíocht, iarnród)

2.4.3.2.   Roghanna dícharbónaithe

2.4.4.   Talmhaíocht agus talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF)

2.4.4.1.   A mhéid is féidir, na hastaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo de réir na bhfoinsí agus GCTanna aonair

2.4.4.2.   Na roghanna laghdaithe astaíochtaí atá beartaithe

2.4.4.3.   Naisc le beartais talmhaíochta agus forbartha tuaithe

3.   MAOINIÚ

3.1.   Meastacháin ar an infheistíocht is gá

3.2.   Beartais agus bearta maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht atá gaolmhar

4.   MEASÚNÚ TIONCHAIR NA nGNÉITHE SOCHEACNAMAÍOCHA

5.   IARSCRÍBHINNÍ (de réir mar is gá)

5.1.   Mionsonraí maidir le samhaltú (lena n-áirítear toimhdí) agus/nó anailís, táscairí etc.


IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS FAOI FHARDAIL GÁS CEAPTHA TEASA

Cuid 1

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 26(3):

(a)

a n-astaíochtaí antrapaigineacha GCT liostaithe i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo agus na hastaíochtaí antrapaigineacha GCT dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/842 don bhliain X-2;

(b)

sonraí maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha aonocsaíde charbóin (CO), dé-ocsaíde sulfair (SO2), ocsaídí de nítrigin (NOx) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, atá ag teacht leis na sonraí a tuairiscíodh cheana de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/2284 don bhliain X-2;

(c)

a n-astaíochtaí antrapaigineacha GCT ó fhoinsí agus aistrithe CO2 trí linnte de thoradh LULUCF, don bhliain X-2 i gcomhréir le modheolaíochtaí a shonraítear i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Beidh na sonraí seo ábhartha freisin don tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/841;

(d)

aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) do na blianta idir an bhonnbhliain ábhartha nó an bhonntréimhse ábhartha agus bliain X-3, ag léiriú na gcúiseanna a bhí leis na hathruithe sin;

(e)

faisnéis maidir le táscairí, arna leagan amach i gCuid 4 den Iarscríbhinn seo, don bhliain X-2;

(f)

faisnéis achomair ar aistrithe curtha i gcrích de bhun Airteagail 5 de Rialachán [ ] [ESR] agus Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/841 don bhliain X-1;

(g)

faisnéis ar na céimeanna chun réamh-mheastacháin fardail a fheabhsú, go háirithe sna réimsí den fhardal a bhí faoi réir coigeartuithe agus moltaí i ndiaidh athbhreithnithe saineolacha;

(h)

leithdháileadh iarbhír nó measta na n-astaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú ag oibreoirí suiteála faoi Threoir 2003/87/CE chuig catagóirí foinse an fhardail náisiúnta do ghás ceaptha teasa, agus cóimheas na n-astaíochtaí fíoraithe leis na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa a tuairiscíodh sna catagóirí foinse sin, don bhliain X-2;

(i)

i gcás inarb ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na n-astaíochtaí tuairiscithe sna fardail ghás ceaptha teasa, don bhliain X-2, mar aon leis na hastaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE;

(j)

i gcás inarb ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na sonraí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus fardail GCT a ullmhú, don bhliain X-2, mar aon le:

(i)

na sonraí a úsáidtear i ndáil le hullmhú na bhfardal um thruailleáin aeir de bhun Threoir (AE) 2016/2284;

(ii)

na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 19(1) agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014;

(iii)

na sonraí fuinnimh arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(k)

tuairisc ar athruithe ar an gcóras fardail náisiúnta atá acu, más ann dóibh;

(l)

tuairisc ar athruithe ar an gclár náisiúnta, más ann dóibh;

(m)

faisnéis faoina bplean dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, measúnú ginearálta ar neamhchinnteacht, agus measúnú ginearálta ar iomláine, agus, aon ghnéithe eile den tuarascáil ar fhardail náisiúnta GCT a theastaíonn chun tuarascáil ar fhardal GCT an Aontais a ullmhú;

(n)

faisnéis ar rún na mBallstát maidir le leas a bhaint as an tsolúbthacht atá in Airteagal 5(4) agus (5) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 agus maidir le leas a bhaint as ioncam faoi Airteagal 5(6) den Rialachán sin.

Féadfaidh Ballstát maolú ó phointe (c) den chéad mhír a iarraidh chun modheolaíocht eile seachas an ceann a shonraítear i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm más rud é nach féidir an feabhas ar an modheolaíocht atá de dhíth a bhaint amach in am chun an feabhsú a chur san áireamh sna fardail ar gháis cheaptha teasa don tréimhse ó 2021 go 2030, nó más rud é go mbeadh costas díréireach ard ag baint leis an bhfeabhsú ar an modheolaíocht i gcomparáid le modheolaíocht den sórt sin a chur i bhfeidhm chun an cuntas a thugtar ar astaíochtaí agus ar aistrithe a fheabhsú i ngeall ar an tábhacht íseal atá ag na hastaíochtaí agus aistrithe ó na linnte carbóin lena mbaineann. Na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an maolú sin, cuirfidh siad iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020, ina gcuirfear in iúl an tráth faoina gcuirfear chun feidhme an feabhsúchán modheolaíochta nó na modheolaíochta malartaí atá beartaithe, agus measúnú ar na tionchair fhéideartha ar chruinneas na cuntasaíochta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse ama réasúnta a bheidh sonraithe. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, deonóidh sé maolú. I gcás nach ngéillfidh an Coimisiún don iarraidh, tabharfaidh sé fáthanna leis a chinneadh.

Cuid 2

Is iad seo a leanas na GCTanna atá le cuimsiú:

 

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

 

Meatán (CH4)

 

Ocsaíd Nítriúil (N2O)

 

Heicseafluairíd sulfair (SF6)

 

Trífhluairíd nítrigine (NF3)

Hidreafluaracarbóin (HFCanna):

HFC-23 CHF3

HFC-32 CH2F2

HFC-41 CH3F

HFC-125 CHF2CF3

HFC-134 CHF2CHF2

HFC-134a CH2FCF3

HFC-143 CH2FCHF2

HFC-143a CH3CF3

HFC-152 CH2FCH2F

HFC-152a CH3CHF2

HFC-161 CH3CH2F

HFC-227ea CF3CHFCF3

HFC-236cb CF3CF2CH2F

HFC-236ea CF3CHFCHF2

HFC-236fa CF3CH2CF3

HFC-245fa CHF2CH2CF3

HFC-245ca CH2FCF2CHF2

HFC-365mfc CH3CF2CH2CF3

HFC-43-10mee CF3CHFCHFCF2CF3 nó (C5H2F10)

Sárfhluaracarbóin (PFCanna):

PFC-14, Sárfhluarameatán, CF4

PFC-116, Sárfhluaraeatán, C2F6

PFC-218, Sárfhluaraprópán, C3F8

PFC-318, Sárfhluaracioglabhútán, c-C4F8

Sárfhluaraicioglaprópán c-C3F6

PFC-3-1-10, Sárfhluarabútán, C4F10

PFC-4-1-12, Sárfhluarapeantán, C5F12

PFC-5-1-14, Sárfhluaraiheacsán, C6F14

PFC-9-1-18, C10F18

Cuid 3

Modheolaíochtaí maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh san earnáil LULUCF

Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d'fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa.

Modheolaíochtaí Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d'fhardail náisiúnta GCT.

I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25 – 30 % ar a laghad d'astaíochtaí nó d'aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d'fhardail náisiúnta GCT.

Moltar do na Ballstáit modheolaíochtaí Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d'fhardail náisiúnta GCT.

Cuid 4

Táscairí fardail

Teideal an táscaire

Táscaire

TRASFHOIRMIÚ B0

Astaíochtaí CO2 sonracha ó stáisiúin chumhachta phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta uatáirgeora, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin chumhachta theirmeacha phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeora, kt roinnte ar na táirgí go léir – aschur ó stáisiúin chumhachta theirmeacha phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeora, PJ

CLAOCHLÚ E0

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin uatáirgeora t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó uatáirgeoirí, kt roinnte ar na táirgí go léir— aschur ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeoirí, PJ

TIONSCLAÍOCHT A1.1

An déine iomlán CO2 — an tionscal iarainn agus cruach, t/Mio Euro

Astaíochtaí iomlána CO2 ó iarann agus cruach, kt roinnte ar ollbhreisluach — tionscal iarainn agus cruach

TIONSCLAÍOCHT A1.2

Déine CO2 a bhaineann le fuinneamh — tionscal na gceimiceán, t/milliún euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh thionscal na gceimiceán, kt roinnte ar ollbhreisluach — tionscal na gceimiceán

TIONSCLAÍOCHT A1.3

An déine CO2 maidir le fuinneamh – tionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála, t/milliún Euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh, gloine, potaireacht agus ábhair thógála, kt roinnte ar ollbhreisluach – tionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála

TIONSCLAÍOCHT A1.4

An déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal an bhia, na ndeochanna agus an tobac, t/milliún Euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh ó thionscal an bhia, na dí agus an tobac, kt roinnte ar ollbhreisluach, tionscal an bhia, na dí agus an tobac milliún euro (EC95)

TIONSCLAÍOCHT A1.5

Déine CO2 a bhaineann le fuinneamh – tionscal an pháipéir agus na clódóireachta, t/milliún euro

Astaíochtaí CO2 thionscal an pháipéir agus na clódóireachta, kt roinnte ar ollbhreisluach, tionscal an pháipéir agus na clódóireachta, milliún euro (EC95)

TEAGHLAIGH A0

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid teaghlach don téamh spáis, t/m2

Astaíochtaí CO2 ó theaghlaigh le haghaidh téamh spáis, roinnte ar achar dromchla na n-áitreabh atá áitithe go buan, milliún m2

SEIRBHÍSÍ B0

Astaíochtaí sonracha CO2 sonracha ón earnáil tráchtála agus institiúideach don téamh spáis, kg/m2

Astaíochtaí CO2 ó théamh spáis san earnáil tráchtála agus institiúideach, roinnte ar achar dromchla na bhfoirgneamh seirbhíse, milliún m2

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le díosal iad, ó ghluaisteáin paisinéirí, g/100km

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le peitreal iad, ó ghluaisteáin paisinéirí, g/100km


IARSCRÍBHINN VI

FAISNÉIS MAIDIR LE BEARTAIS AGUS BEARTA I RÉIMSE NA nASTAÍOCHTAÍ GCT

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)

tuairisc ar a gcóras náisiúnta chun beartais agus bearta, nó grúpaí beart, a thuairisciú, agus chun réamh-mheastacháin ar astaíochtaí GCT antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú trí linnte a thuairisciú de bhun Airteagal 38(1), nó faisnéis faoi aon athruithe arna ndéanamh ar an gcóras sin i gcás ina bhfuil tuairisc den chineál sin curtha ar fáil cheana féin;

(b)

faisnéis chothrom le dáta atá ábhartha dá straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus an dul chun cinn maidir leis na straitéisí sin a chur chun feidhme;

(c)

faisnéis faoi bheartais agus bearta náisiúnta, nó faoi ghrúpaí beart, agus faoi chur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais, nó cur chun feidhme grúpaí beart, a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí GCT ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte, arna gcur i láthair ar bhonn earnála agus eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (HFCanna agus PFCanna) a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V. Áireofar san fhaisnéis sin tagairtí do bheartais infheidhme agus ábhartha náisiúnta nó Aontais cuimseoidh sí:

(i)

cuspóir an bheartais nó an bhirt agus tuairisc ghearr ar an mbeartas nó ar an mbeart;

(ii)

an cineál ionstraime beartais;

(iii)

stádas cur chun feidhme an bheartais nó an bhirt nó an ghrúpa beart;

(iv)

táscairí arna n-úsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn thar am;

(v)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, meastacháin chainníochtúla ar na héifeachtaí ar astaíochtaí ag foinsí agus aistriú linnte GCT arna roinnt de réir an méid seo a leanas:

torthaí an mheasúnaithe ex-ante ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí ghrúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Cuirfear meastacháin ar fáil le haghaidh gach tréimhse ceithre bliana tar éis bliain dar críoch 0 nó 5 go díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe, le hidirdhealú idir astaíochtaí GCT arna gcumhdach ag Treoir 2003/87/CE, Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841 a idirdhealú;

torthaí na measúnuithe ex post ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí grúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú, le hidirdhealú idir na hastaíochtaí GCT arna gcumhdach ag Treoir 2003/87/CE, Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841;

(vi)

na meastacháin atá ar fáil ar chostais agus ar thairbhí réamh-mheasta beartas agus beart, mar aon le meastacháin ar chostais agus ar thairbhí réadaithe na mbeartas agus na mbeart;

(vii)

gach tagairt atá ann cheana do mheasúnú na gcostas agus éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart náisiúnta, d'fhaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais a laghdaíonn nó a chuireann srian ar astaíochtaí GCT ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistrithe trí linnte agus do thuarascálacha teicniúla atá ag tacú leo;

(viii)

measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt maidir leis an straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaint amach;

(d)

faisnéis faoi bheartais agus bearta, nó grúpaí beart, náisiúnta breise atá beartaithe, a bhfuil sé mar chuspóir acu astaíochtaí GCT a theorannú thar a ngealltanais faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841;

(e)

faisnéis maidir leis an nasc idir na beartais agus na bearta difriúla, nó grúpaí beart difriúil, a thuairiscítear de bhun phointe (c) agus maidir leis an mbealach a rannchuidíonn beartais agus beart, nó grúpaí beart, dá leithéid le cásanna réamh-mheasta difriúla.


IARSCRÍBHINN VII

FAISNÉIS I dTACA LE RÉAMH-MHEASTACHÁIN I RÉIMSE NA nASTAÍOCHTAÍ GCT

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)

réamh-mheastacháin gan bhearta i gcás ina mbeidh fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta breise;

(b)

réamh-mheastacháin iomlána GCT agus réamh-mheastacháin ar leith d'astaíochtaí réamh-mheasta GCT do na foinsí astaíochtaí arna gcumhdach faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus na hastaíochtaí réamh-mheasta ó fhoinsí agus na haistrithe réamh-mheasta trí linnte faoi Rialachán (AE) 2018/841;

(c)

tionchar na mbeartas agus na mbeart a shainaithnítear de bhun phointe (a) d'Airteagal 18(1). Sa chás nach bhfuil a leithéid sin de bheartais agus de bhearta san áireamh, tabharfar sonrú agus míniú soiléir;

(d)

torthaí na hanailíse íogaireachta a rinneadh i ndáil leis na réamh-mheastacháin agus faisnéis ar na samhlacha agus na paraiméadair a úsáidtear;

(e)

gach tagairt ábhartha don mheasúnú agus na tuarascálacha teicniúla a thacaíonn leis na réamh-mheastacháin dá dtagraítear in Airteagal 18(4).


IARSCRÍBHINN VIII

FAISNÉIS AR GHNÍOMHARTHA OIRIÚNAITHE NÁISIÚNTA, TACAÍOCHT AIRGEADAIS AGUS TEICNEOLAÍOCHTA ARNA SOLÁTHAR DO THÍORTHA I mBÉAL FORBARTHA AGUS IONCAIM CHEANTÁLA

Cuid 1

Tuairisciú ar ghníomhartha oiriúnaithe

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1):

(a)

na príomhspriocanna, cuspóirí agus creat institiúideach um oiriúnú;

(b)

réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide lena n-áirítear adhaimsir, tionchar an athraithe aeráide, measúnú ar leochaileacht aeráide agus ar rioscaí agus príomhghuaiseacha aeráide;

(c)

acmhainneacht oiriúnaitheachta;

(d)

pleananna agus straitéisí oiriúnaithe;

(e)

creat faireacháin agus meastóireachta;

(f)

an dul chun cinn atá déanta sa chur chun feidhme, lena n-áirítear dea-chleachtais agus athruithe rialachais.

Cuid 2

Tuairisciú ar thacaíocht arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3):

(a)

faisnéis ar thacaíocht airgeadais arna soláthar agus arna gealladh do thíortha i mbéal forbartha don bhliain X-1, lena n-áirítear:

(i)

faisnéis chainníochtúil ar acmhainní airgeadais phoiblí atá á úsáid ag an mBallstát. Beidh faisnéis faoi shreabhadh airgeadais á chur ar fáil bunaithe ar 'mharcóirí Rio' don tacaíocht i leith maolaithe ar an athrú aeráide agus tacaíocht i leith oiriúnaithe don athrú aeráide agus ar chórais rianaithe eile atá tugtha isteach ag Coiste Cúnaimh Forbartha OECD;

(ii)

faisnéis mhodheolaíochta chainníochtúil lena mínítear an modh a úsáidtear chun an fhaisnéis chainníochtúil a ríomh, lena n-áirítear míniú ar an modheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a chainníochtú, agus i gcás inarb ábhartha, faisnéis eile ar na sainmhínithe agus modheolaíochtaí a úsáideadh chun aon fhigiúir a dheimhniú, go háirithe d'fhaisnéis a thuairiscítear maidir le sreafaí airgeadais atá in úsáid;

(iii)

faisnéis atá ar fáil maidir le gníomhaíochtaí an Bhallstáit a bhaineann le tionscadail aistrithe teicneolaíochta agus tionscadail forbartha acmhainní arna maoiniú leis an gciste poiblí do thíortha i mbéal forbartha faoi UNFCCC, lena n-áirítear ar úsáideadh an tionscadal aistrithe teicneolaíochta nó an tionscadal forbartha acmhainní do mhaolú nó d'oiriúnú ar éifeachtaí an athraithe aeráide, an tír fála agus, i gcás inar féidir, an méid tacaíochta a cuireadh ar fáil agus cineál na teicneolaíochta a aistríodh nó an tionscadal forbartha acmhainní;

(b)

an fhaisnéis atá ar fáil don bhliain X agus do na blianta ina dhiaidh sin maidir leis an soláthar tacaíochta atá beartaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá beartaithe a bhaineann le tionscadail aistrithe teicneolaíochta agus tionscadail forbartha acmhainní arna maoiniú leis an gciste poiblí do thíortha i mbéal forbartha faoi UNFCCC, lena n-áirítear ar úsáideadh an tionscadal aistrithe teicneolaíochta nó an tionscadal forbartha acmhainní do mhaolú d'oiriúnú ar éifeachtaí an athraithe aeráide, an tír fála agus, i gcás inar féidir, an méid tacaíochta a cuirfear ar fáil agus cineál na teicneolaíochta a aistríodh nó an tionscadal forbartha acmhainní.

Cuid 3

Tuairisciú ar ioncaim cheantála

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(2):

(a)

faisnéis maidir le húsáid ioncaim i rith bhliain X-1, arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála de bhun Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áireofar faisnéis faoin ioncam sin a úsáideadh ar mhaithe le ceann amháin nó níos mó de na críocha a shonraítear in Airteagal 10(3) den Treoir sin, nó a choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, agus na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Airteagail sin;

(b)

faisnéis maidir leis an úsáid, mar a chinnfidh an Ballstát, a bhaintear as ioncam arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála eitlíochta de bhun Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3d(4) den Treoir sin.

Beidh ioncam ceantála nach bhfuil íoctha amach nuair a chuireann Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(2) cainníochtaithe agus tuairiscithe i dtuarascálacha sna blianta ina dhiaidh sin.


IARSCRÍBHINN IX

OIBLEAGÁIDÍ BREISE TUAIRISCITHE

Cuid 1

Oibleagáidí breise tuairiscithe sa réimse fuinnimh in-athnuaite

Áireofar an fhaisnéis bhreise seo a leanas, mura sonrófar a mhalairt, de bhun phointe (c) d'Airteagal 20:

(a)

feidhmiú an chórais maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh do leictreachas, gás agus téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, leibhéil eisiúna agus cealaithe na ráthaíochtaí tionscnaimh agus an tomhaltas náisiúnta bliantúil ar fhuinneamh in-athnuaite a eascraíonn as, chomh maith leis na bearta a tógadh d'fhonn iontaofacht an chórais a áirithiú agus cosaint i gcoinne na calaoise;

(b)

méideanna na mbithbhreoslaí, bithgháis breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus leictreachas in-athnuaite a thomhailtear san earnáil iompair agus, i gcás inarb ábhartha, a bhfeidhmíocht maidir le gáis cheaptha teasa a laghdú, ag déanamh idirdhealú idir breoslaí arna dtáirgeadh ó chineálacha difriúla barr bia agus beatha agus gach cineál bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(c)

forbairtí i dtaca le hinfhaighteacht, bunús agus úsáid acmhainní bithmhaise chun críocha fuinnimh;

(d)

athruithe ar phraghsanna tráchtearraí agus ar úsáid talún laistigh den Bhallstát a bhfuil baint acu lena úsáid mhéadaithe ar bhithmhais agus cineálacha eile fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

(e)

an rótháirgeadh fuinnimh measta a thagann ó fhoinsí in-athnuaite, fuinneamh a d'fhéadfaí a aistriú chuig Ballstáit eile ionas go gcomhlíonfaí Airteagal 3(3) de Threoir (AE) 2018/2001 agus chun an rannchuidiú náisiúnta agus conairí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an téileamh measta ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite atá le sásamh trí mheáin eile seachas trí tháirgeadh intíre go dtí 2030, lena náirítear amhábhair bhithmhaise allmhairithe;

(g)

forbairt theicneolaíoch agus úsáid bithbhreoslaí a dhéantar as bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(h)

i gcás ina mbeidh sé ar fáil, an tionchar measta atá ag táirgeadh nó úsáid na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise ar an mbithéagsúlacht, foinsí uisce, infhaighteacht uisce, cáilíocht uisce, ithreacha agus cáilíocht aeir laistigh de Bhallstát;

(i)

cásanna calaoise a tugadh faoi deara i slabhra coimeádta na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise;

(j)

faisnéis ar an mbealach ar measadh an sciar dramhaíola in-bhithmhillte sa dramhaíl a úsáideadh chun fuinnimh a tháirgeadh, agus na céimeanna a glacadh chun feabhas a chur ar na meastacháin dá leithéid agus chun iad a fhíorú;

(k)

giniúint leictreachais agus teasa ó fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, lena n-áirítear sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuinneamh a tháirgtear, a thomhailtear agus a instealltar sa ghreille le córais fhótavoltacha ghréine, córais theirmeacha ghréine, bithmhais, teaschaidéil, córais gheoiteirmeacha, chomh maith leis na córais in-athnuaite dhíláraithe eile go léir;

(l)

i gcás inarb infheidhme, sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, chomh maith leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha agus ag pobail fuinnimh in-athnuaite;

(m)

soláthar príomhúil bithmhaise soladaí (in 1 000 m3, seachas maidir le pointe (1)(b)(iii), rud a bheidh ar fáil i dtonaí)

(1)

Bithmhais foraoise a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre agus allmhairiú)

(a)

Bithmhais phríomhúil ó fhoraoisí a úsáidtear go díreach le haghaidh táirgthe fuinnimh

(i)

I gcás ina bhfuil siad ar fáil, géaga agus barra na gcrann (is ar bhonn deonach a dhéantar tuairisciú)

(ii)

I gcás inarb infheidhme, stumpaí (is ar bhonn deonach a dhéantar tuairisciú)

(iii)

Lomáin chruinne (roinnte ina lomáin chruinne thionsclaíocha agus connadh)

(b)

I gcás inarb infheidhme, comhtháirgí ó thionscal na foraoise a úsáidtear go díreach le haghaidh fuinnimh

(i)

I gcás inarb infheidhme, coirt

(ii)

Sliseoga, min sáibh agus cáithníní adhmaid eile

(iii)

I gcás inarb infheidhme, licéar dubh agus roisín leachtaigh amh

(c)

I gcás ina bhfuil sé ar fáil, adhmad iarthomhaltais a úsáidtear díreach le haghaidh táirgthe fuinnimh

(d)

Breosla admhadbhunaithe próiseáilte, a tháirgtear le hamhábhar nach gcuirtear san áireamh faoi phointe (1)(a), (b) nó (c):

(i)

I gcás inarb infheidhme, fioghual

(ii)

Millíní adhmaid agus brícíní adhmaid

(2)

I gcás ina bhfuil sí ar fáil, bithmhais talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre, allmhairiú agus onnmhairiú)

(a)

Barra fuinnimh le haghaidh leictreachais nó teasa (lena n-áirítear roschoill ghearruainíochta)

(b)

Fuíoll bairr talmhaíochta le haghaidh leictreachais nó teasa

(3)

I gcás ina bhfuil sí ar fáil, bithmhais dramhaíola orgánaí a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre, allmhairiú agus onnmhairiú)

(a)

An cion orgánach de dhramhaíl thionsclaíoch

(b)

An cion orgánach de dhramhaíl chathrach

(c)

Slodaí dramhaíola

(n)

Tomhaltas deiridh fuinnimh de bhithmhais sholadach (an méid bithmhaise soladaí a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh sna hearnálacha seo a leanas):

(1)

An Earnáil Fuinnimh

(a)

Leictreachas

(b)

Comhghiniúint cumhachta agus teasa in éineacht

(c)

Teas

(2)

Úsáid inmheánach san earnáil tionsclaíochta (leictreachas ídithe agus uatáirgeora, CHP agus teas)

(3)

Tomhaltas deiridh díreach cónaithe

(4)

Eile

Cuid 2

Oibleagáidí tuairiscithe breise sa réimse éifeachtúlachta fuinnimh

Sa réimse éifeachtúlachta fuinnimh, áireofar an fhaisnéis bhreise seo a leanas de bhun phointe (c) d'Airteagal 21:

(a)

mórbheartais, mórbhearta, mórbhearta maoiniúcháin agus mórchláir reachtacha agus neamhreachtacha a cuireadh i bhfeidhm i mbliain X-2 agus X-1 (is í an X an bhliain ina gcaithfear an tuarascáil a thíolacadh), chun a gcuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4 a bhaint amach i dtaca le margaí seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, bearta chun leas a bhaint as acmhainn éifeachtúlachta fuinnimh an bhonneagair gáis agus leictreachais agus téamh agus fuarú, faisnéis agus cáilíocht a fheabhsú agus bearta eile chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(b)

méid carnach an choigiltis fuinnimh arna bhaint amach trí Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE sna blianta X-3 agus X-2;

(c)

an méid coigiltis arna bhaint amach le bearta beartais atá dírithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 7(11) de Threoir 2012/27/AE;

(d)

i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis arna bhaint amach i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(e)

dul chun cinn i ngach earnáil agus na cúiseanna ar fhan tomhaltas fuinnimh cobhsaí nó cúiseanna ar tháinig méadú air sna blianta X-3 agus X-2 sna hearnálacha um thomhaltas deiridh fuinnimh;

(f)

achar urláir iomlán na bhfoirgneamh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán iontu os cionn 250 m2 atá faoi úinéireacht agus ar áitiú rialtas láir na mBallstát nár chomhlíon, an 1 Eanáir sa bhliain X-2 agus sa bhliain X-1, na ceanglais um fheidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2012/27/AE;

(g)

achar urláir iomlán d'fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht agus ar áitiú rialtas láir na mBallstát a ndearnadh athchóiriú orthu sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2 dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2012/27/AE, nó méid an choigiltis fuinnimh i bhfoirgnimh incháilithe atá faoi úinéireacht agus ar áitiú a rialtais láir dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Threoir 2012/27/AE;

(h)

líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2. Sa bhreis air sin, líon measta iomlán na gcuideachtaí móra ina gcríoch i gcás gurb infheidhme Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE dóibh agus líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sna fiontair sin sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2;

(i)

an príomhfhachtóir fuinnimh náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm don leictreachas agus bonn cirt má tá sé sin éagsúil leis an gcomhéifeacht réamhshocraithe dá dtagraítear i bhfonóta (3) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

(j)

líon agus achar urláir na bhfoirgneamh nua agus athchóirithe atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de sa bhliain X-2 agus sa bhliain X-1, mar a fhoráiltear in Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE, bunaithe ar shampláil staidrimh i gcás inar gá;

(k)

nasc idirlín an tsuímh gréasáin inar féidir teacht ar an liosta nó ar an gcomhéadan de sholáthraithe seirbhísí fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 18(1) de Threoir 2012/27/AE.


IARSCRÍBHINN X

TUARASCÁIL AR INBHUANAITHEACHT BHITHFHUINNEAMH AN AONTAIS

I dtuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinnimh an Aontais maidir le fuinneamh ó bhithmhais atá le glacadh go débhliantúil ag an gCoimisiún mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun phointe (d) d'Airteagal 35(2), ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas ann ar a laghad:

(a)

na tairbhí agus na costais chomhshaoil choibhneasta a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise éagsúla, tionchair bheartais allmhairiúcháin an Aontais orthu, impleachtaí slándála an tsoláthair agus na bealaí le cur chuige cothrom a bhaint amach idir táirgeadh intíre agus allmhairí;

(b)

an tionchar atá ag táirgeadh agus úsáid bhithmhaise ar inbhuanaitheacht san Aontas agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear tionchair ar bhithéagsúlacht;

(c)

sonraí agus anailís ar an infhaighteacht agus ar an éileamh inbhuanaithe ar bhithmhais, i láthair na huaire agus de réir na réamh-mheastachán, lena n-áirítear an tionchar ar mhéadú ar an éileamh ar bhithmhais ar na hearnálacha ina n-úsáidtear bithmhais;

(d)

forbairt theicneolaíoch agus úsáid bithbhreoslaí a dhéantar as bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 agus measúnú ar infhaighteacht an bhunábhair agus iomaíocht i leith acmhainní, agus aird á tabhairt ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE;

(e)

faisnéis ar thorthaí taighde eolaíocha atá ar fáil, agus anailís orthu, maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid i dtaca leis na conairí táirgthe go léir, chomh maith lena fháil amach an féidir raon na héiginnteachta a shainaithnítear san anailís atá mar bhun leis na meastacháin ar astaíochtaí a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid, a chaolú agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag beartais an Aontais a chur san áireamh, amhail beartais chomhshaoil, aeráide agus talmhaíochta;

(f)

maidir leis na tríú tíortha agus na Ballstáit araon, atá mar fhoinse shuntasach bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a ídítear laistigh den Aontas, maidir le bearta náisiúnta a ghlactar chun na critéir um inbhuanaitheacht agus um choigilt GCT a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001, do chosaint ithreach, uisce agus aeir; agus

(g)

faisnéis chomhiomlánaithe ón mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Threoir (AE) 2018/2001.

I dtaca le tuairisciú ar choigilt astaíochtaí GCT ó úsáid bhithmhaise, úsáidfidh an Coimisiún na méideanna arna dtuairisciú ag an mBallstát i gcomhréir le pointe (b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear meánluachanna sealadacha na n-astaíochtaí measta ón athrú indíreach ar úsáid talún agus an raon gaolmhar a eascraíonn ón anailís íogaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Cuirfidh an Coimisiún sonraí ar fáil don phobal maidir le meánluachanna sealadacha na n-astaíochtaí measta ón athrú indíreach ar an talamhúsáid agus an raon gaolmhar a eascraíonn ón anailís íogaireachta. Sa bhreis air sin, measfaidh an Coimisiún pé acu an athródh nó nach n-athródh an meastachán do choigilt dhíreach astaíochtaí dá gcuirfí comhtháirgí san áireamh agus an cur chuige ionadaíochta in úsáid, agus dá n-athródh, an chaoi a n-athródh sé


IARSCRÍBHINN XI

SCÉIMEANNA DEONACHA AR GHLAC AN COIMISIÚN CINNEADH INA LEITH DE BHUN AIRTEAGAL 30(4) DE THREOIR (AE) 2018/2001

An tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001, atá le glacadh go débhliantúil ag an gCoimisiún mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun phointe (e) d'Airteagal 35(2) den Rialachán seo, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith inti:

(a)

neamhspleáchas, módúlacht agus minicíocht na n-iniúchtaí, maidir le céard a luaitear maidir leis na gnéithe sin sna doiciméid scéime, tráth ar cheadaigh an Coimisiún an scéim lena mbaineann, agus maidir le dea-chleachtais an tionscail;

(b)

infhaighteacht, agus taithí agus trédhearcacht maidir le cur i bhfeidhm na modhanna lena n-aithnítear agus lena ndéileáiltear le neamh-chomhlíonadh, agus aird áirithe ar dhéileáil le staideanna nó líomhaintí maidir le drochiompar tromchúiseach arna ndéanamh ag comhaltaí na scéime;

(c)

trédhearcacht, go háirithe maidir le hinrochtaineacht na scéime, infhaighteacht na n-aistriúchán i dteangacha infheidhme na dtíortha agus na réigiún óna dtionscnaíonn na hamhábhair, inrochtaineacht liosta oibreoirí deimhnithe agus teastais ábhartha, agus inrochtaineacht tuarascálacha na n-iniúchóirí;

(d)

rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, go háirithe maidir le comhairliúchán le pobail áitiúla agus dúchais sula ndéantar cinneadh le linn na scéime a dhréachtú agus a athbhreithniú agus le linn na n-iniúchtaí chomh maith agus maidir leis an bhfreagairt dá gcuid tuairimí;

(e)

stóinseacht fhoriomlán na scéime, go háirithe i bhfianaise rialacha maidir le creidiúnú, cáilíocht agus neamhspleáchas na n-iniúchóirí agus comhlachtaí scéime ábhartha;

(f)

i gcás ina mbeidh fáil orthu, nuashonruithe margaidh na scéime, méid na n-amhábhar agus na mbithbhreoslaí deimhnithe, de réir tíre tionscnaimh agus cineáil, líon na rannpháirtithe;

(g)

éascaíocht agus éifeachtúlacht i dtaca le córas a chur chun feidhme lena rianaítear cruthúnas comhréireachta le critéir inbhuanaitheachta a thugann an scéim dá comhalta/comhaltaí, córas dá leithéid atá beartaithe chun gníomhaíocht chalaoiseach a chosc go háirithe chun calaois amhrasta agus neamhrialtachtaí eile a bhrath agus dul i ngleic leo agus leanúint á bhfiosrú agus más iomchuí, líon na gcásanna calaoise nó neamhrialtachtaí braite;

(h)

roghanna do na heintitis chun údarú a fháil chun comhlachtaí deimhniúcháin a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu;

(i)

critéir maidir le comhlachtaí deimhniúcháin a aithint nó a chreidiúnú;

(j)

rialacha maidir leis an mbealach ar cheart faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí deimhniúcháin;

(k)

bealaí chun cur chun cinn na ndea-chleachtas a éascú nó a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN XII

CÓRAIS NÁISIÚNTA FARDAIL

Áirítear san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37 an méid seo a leanas:

(a)

sonraí agus modhanna tuairiscithe do ghníomhaíochtaí agus do shuiteálacha faoi Threoir 2003/87/CE chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú chun comhsheasmhacht a áirithiú sna hastaíochtaí GCT tuairiscithe faoi EU ETS agus sna fardail náisiúnta GCT;

(b)

sonraí arna mbailiú trí na córais tuairiscithe maidir le gáis fhluairínithe sna hearnálacha ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú;

(c)

astaíochtaí, sonraí bunúsacha agus modheolaíochtaí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú;

(d)

sonraí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(e)

sonraí a bhailítear trí rianú geografach d'achair talún i gcomhthéacs clár agus suirbhéanna atá ann cheana de chuid an Aontais nó na mBallstát lena n-áirítear LUCAS (Suirbhé Staidrimh fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún) agus an Clár Copernicus.


IARSCRÍBHINN XIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 15

Airteagal 5

Airteagal 37(1), 37(2) agus 37(6); Iarscríbhinn XII

Airteagal 6

Airteagal 37(3) agus 37(7)

Airteagal 7

Airteagal 26(3), 26(4), 26(6) agus 26(7); Iarscríbhinn V

Airteagal 8

Airteagal 26(2) agus 26(7)

Airteagal 9

Airteagal 37(4) agus 37(5)

Airteagal 10

Airteagal 40

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 39

Airteagal 13

Airteagal 18(1)(a) agus Airteagal 18(3) agus 18(4); Iarscríbhínn VI

Airteagal 14

Airteagal 18(1)(b) agus Airteagal 18(2), 18(3) agus 18(4); Iarscríbhínn VII

Airteagal 15

Airteagal 19(1); Iarscríbhinn VIII, Cuid 1

Airteagal 16

Airteagal 19(3) agus Iarscríbhinn VIII, Cuid 2

Airteagal 17

Airteagal 19(2), 19(4) agus 19(5); Iarscríbhinn VIII, Cuid 3

Airteagal 18

an dara fomhír d'Airteagal 17(2)

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 29(1)(c) agus Airteagal 29(5) agus 29(7)

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 41(1)(d), (e), (f), (g), agus (h)

Airteagal 24

Airteagal 42

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 44(1)(a) agus Airteagal 44(2), (3) agus (6)

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 57

Airteagal 29


Top