An Bhruiséil,30.7.2024

COM(2024) 327 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta







1.Réamhrá

Le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ( 1 ) (‘an Rialachán’) bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le staidreamh Eorpach a tháirgeadh i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta san Aontas. Cumhdaítear leo sin, faoi Airteagal 3, staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta, lena náirítear sreabha imirce, stoic imirceach chomh maith le fáil saoránachta. Cumhdaítear leo freisin, faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7, staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe lena mbaineann an méid seo a leanas:

·iarratais ar thearmann, lena náirítear iarratais ó mhionaoisigh neamhthionlactha, cinntí céadchéime agus cinntí achomhairc lena ndeonaítear nó lena dtarraingítear siar cineálacha éagsúla cosanta idirnáisiúnta, agus daoine a athlonnaíodh san Aontas;

·staidreamh i ndáil leis na Ballstáit a chuireann Rialachán Bhaile Átha Cliath III i bhfeidhm( 2 );

·náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach sa Bhallstát dóibh ag an teorainn sheachtrach nó a fhaightear i láthair go neamhdhlíthiúil faoin dlí náisiúnta;

·ceadanna cónaithe a eisítear do náisiúnaigh tríú tír, fad bhailíocht an cheada agus an chúis ar eisíodh an cead; agus

·náisiúnaigh tríú tír a nordaítear dóibh críoch Ballstáit a fhágáil nó a dtaifeadtar go nimíonn siad tar éis ordú a eisiúint.

Is í seo an cúigiú tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 12 agus i ndiaidh tuarascálacha in 2012 ( 3 ), 2015 ( 4 ), 2018 ( 5 ) agus 2021 ( 6 ). Cuirtear faisnéis ar fáil inti maidir leis an dul chun cinn atá déanta chun an Rialachán a chur chun feidhme ó bhí 2021 ann agus cuirtear i láthair inti na chéad chéimeanna eile chun cáilíocht an staidrimh seo a fheabhsú a thuilleadh.

2.Príomhfhorbairtí ó bhí 2021 ann

Tar éis feabhsuithe leanúnacha suas go dtí tuarascáil 2018, tá infhaighteacht agus cáilíocht sonraí ginearálta cobhsaithe ar ardleibhéal, mar a taifeadadh i dtuarascáil 2021. Chuidigh roinnt feabhsuithe teicniúla breise ó 2021 le hardábharthacht na n‑aschur staidrimh a choinneáil, chomh maith le bailíochtú agus próiseáil sonraí a dhéanamh níos éifeachtúla. Le linn phaindéim COVID-19, d’áirithigh na Ballstáit agus Eurostat gur chloígh tarchuir sonraí agus foilseacháin lena bhféilire eisiúna.

An 4 Márta 2022, thug an Chomhairle cosaint shealadach isteach do dhaoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ( 7 ). Cé go ndearnadh foráil leis na forálacha dlíthiúla faoin Rialachán do bhailiú sonraí gach ráithe i ndáil le cosaint shealadach a dheonú, tugadh tús áite don ghá a bhí le staidreamh breise níos minice agus níos tráthúla sa réimse sin. Mar thoradh air sin, bailíodh staidreamh míosúil go deonach i ndáil le cosaint shealadach a dheonú agus le líon na dtairbhithe de stádas cosanta sealadaí ó thíortha uile an Aontais agus CSTE.

Mar sin féin, mar gheall ar an bhfeiniméan sóisialta agus déimeagrafach, lena n‑áirítear an imirce, a bheith ag athrú go tapa, tá riachtanais nua tagtha chun cinn maidir le staidreamh Eorpach níos tráthúla agus níos mionsonraithe.

In 2020, leasaíodh an Rialachán ( 8 ) chun staidreamh i ndáil le tearmann agus imirce bhainistithe faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7 a thabhairt cothrom le dáta i dtéarmaí athróga nua, miondealuithe níos mionsonraithe agus bailiúcháin sonraí níos minice le haghaidh tréimhsí tagartha ó 2021 ar aghaidh. Déanann Eurostat faireachán rialta ar an dul chun cinn maidir le hoiriúnuithe riachtanacha i gcórais tiomsaithe náisiúnta sna Ballstáit a ndéantar difear dóibh. I gcomhréir le hAirteagal 11a den Rialachán, dheonaigh an Coimisiún maoluithe sealadacha ( 9 ) do 16 Bhallstát, agus socraíodh an 31 Nollaig 2023 mar dháta éaga uasta. Faoi dheireadh 2023, thosaigh 11 thír ag cur na sonraí isteach i gcomhréir le hiarrataí sula ndeachaigh a maoluithe in éag. Sainaithníodh saincheisteanna poncúlachta maidir le neamhchomhlíonadh tar éis dheireadh thréimhse an mhaolaithe agus déantar obair leantach orthu go déthaobhach. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 9b den Rialachán, soláthraíonn an Coimisiún ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí riachtanacha forbartha nó cur chun feidhme sna Ballstáit. Is deontais arna soláthar ag Eurostat agus tacaíocht faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht ( 10 ) iad na hionstraimí ábhartha.

Thairis sin, rinne an Coimisiún (Eurostat) staidéir phíolótacha, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9a den Rialachán, chun indéantacht bailiúcháin nua sonraí nó díchomhiomlánuithe a thástáil. Tá meastóireacht á déanamh aige ar na torthaí i ndlúthchomhar le tascfhórsa tiomnaithe maidir leis na staidéir phíolótacha le haghaidh Staidreamh nua i ndáil le Tearmann & Imirce Bhainistithe. Ag brath ar na torthaí sin, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú lena dtabharfar isteach oibleagáid dhlíthiúil staidreamh den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat). Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn na staidéar píolótach in 2022 ( 11 ).

Thairis sin, sheol an Coimisiún tionscnamh in 2021 chun ollchóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le staidreamh daonra agus tithíochta. Sa chomhthéacs sin, sainaithníodh roinnt bearnaí nach beag i meastóireacht ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair – lena náirítear staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta faoi Airteagal 3 den Rialachán. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún creat dlíthiúil comhtháite nua, a bhfuil an nós imeachta reachtach ar siúl ina leith (féach Roinn 4 ).

3.Cáilíocht an staidrimh a tháirgtear 

Chun an Rialachán a chur chun feidhme, leanann Eurostat de bheith ag obair go dlúth leis na húdaráis náisiúnta ábhartha uile. Is iad na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta na príomhsholáthraithe staidrimh i ndáil le sreabha imirce, fálacha saoránachta agus stoic daonra. Is iondúil go dtagann staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe go díreach ó aireachtaí inmheánacha, ó sheirbhísí inimirce nó ó údaráis phóilíneachta.

Chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí isteach, bailíonn Eurostat meiteashonraí fairsinge agus faisnéis cháilíochta ó na Ballstáit. Fónann na tuarascálacha ar mheiteashonraí náisiúnta a eascraíonn as sin le haghaidh seiceálacha cáilíochta, meastóireachta agus feabhsuithe breise ( 12 ). Cuidíonn siad le húsáideoirí an staidreamh a léirmhíniú agus a úsáid i gceart. Sna ranna seo a leanas, tugtar aghaidh ar ghnéithe cáilíochta éagsúla.

3.1.Ábharthacht

Úsáidtear staidreamh i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta le haghaidh bheartais an Aontais i ndáil le himirce, gnóthaí baile, fostaíocht, gnóthaí sóisialta, ceartas, caidreamh seachtrach agus cearta an duine. Tá an Coimisiún ag brath ar na sonraí chun tuarascálacha tráthrialta, tograí beartais agus tuarascálacha cur chun feidhme, a cheanglaítear faoi reachtaíocht an Aontais, a ullmhú agus chun anailís bheartais a dhéanamh.

I mí Mheán Fómhair 2020, mhol an Coimisiún an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann ( 13 ). Áirítear sa phacáiste a glacadh in 2024 Rialachán (AE) 2024/1351 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ( 14 ), lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce a fhoilsiú ina ndéantar measúnú ar staid an tearmainn, an ghlactha agus na himirce le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin. Ní mór an tuarascáil sin a bhunú ar shonraí agus ar fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit agus ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Eorpacha éagsúla, lena náirítear staidreamh faoin Rialachán.

Úsáidtear staidreamh faoin Rialachán freisin chun leithdháiltí buiséadacha ar na Ballstáit a chinneadh le haghaidh roinnt cistí de chuid an Aontais faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Tá leithdháiltí cistiúcháin náisiúnta faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí ( 15 ) ag brath ar an staidreamh bliantúil is déanaí faoin Rialachán. Cuireann an staidreamh sin freisin leis an bhfianaise is gá chun díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha sa ghné sheachtrach de bheartais imirce an Aontais, lena n‐áirítear nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháiltí cistiúcháin ( 16 ).

Úsáideann gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an imirce staidreamh i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta freisin, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, a n‑oibríonn Eurostat go dlúth leo maidir le bailiú sonraí agus modheolaíocht staidrimh.

Samplaí d’fhoilseacháin ábhartha is ea the 2023 Report on the impact of demographic change [Tuarascáil 2023 maidir le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh] ( 17 ), the 2024 Ageing Report [Tuarascáil 2024 maidir le hAosú] ( 18 ), chomh maith le foilseacháin ó Lárionad Eolais an Choimisiúin maidir le hImirce agus Déimeagrafaíocht ( 19 ) amhail the Atlas of Demography [Atlas na Déimeagrafaíochta] ( 20 ) agus the Atlas of Migration [Atlas na hImirce] ( 21 ), agus ó Ghréasán Imirce na hEorpa ( 22 ) amhail the Annual Report on Migration and Asylum 2022 [Tuarascáil Bhliantúil ar Imirce agus Tearmann 2022] ( 23 ). Tá Eurostat ar thús cadhnaíochta maidir le staidreamh a thabhairt d’fhoilseacháin den sórt sin.

Ina theannta sin, áirítear ar úsáideoirí rialta staidrimh riaracháin náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, taighdeoirí acadúla agus grúpaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag obair ar réimse leathan ábhar. Áirítear ar na hábhair sin imeascadh inimirceach, forbairt agus faireachán ar nósanna imeachta náisiúnta tearmainn agus inimirce, agus réamh-mheastacháin daonra agus lucht saothair.

3.2.Cruinneas

Bíonn cruinneas staidrimh á choinneáil ar bun nó á fheabhsú go leanúnach ag na Ballstáit ar ardleibhéal. Tá saincheisteanna sonracha cruinnis fós ann maidir le sonraí i ndáil le himirce idirnáisiúnta. Baineann siad sin le fochuimsiúchán (nuair nach gcláraíonn daoine a n‑áit chónaithe) agus róchuimsiúchán (nuair nach ndíchláraíonn daoine, mar is minic nach mbíonn aon oibleagáid ná dreasacht ann é sin a dhéanamh). Chun cruinneas sa réimse seo a fheabhsú a thuilleadh, malartaíonn roinnt Ballstát sonraí, agus úsáideann siad teicnící meastacháin agus foinsí breise sonraí riaracháin. Cuireann saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta srian ar thuilleadh feabhsuithe ar cháilíocht an staidrimh, go háirithe ar ghluaiseachtaí laistigh den Aontas.

3.3.Tráthúlacht agus Poncúlacht

Ag brath ar an gcineál sonraí, is idir 2 mhí agus 12 mhí tar éis an dáta tagartha nó tar éis dheireadh na tréimhse tagartha an spriocdháta chun sonraí a sholáthar do Eurostat. Is é is aidhm do nósanna imeachta asbhainte uathoibrithe ar an leibhéal náisiúnta agus faireachán rialta ag Eurostat soláthar poncúil sonraí a áirithiú. Baintear sprioc-amanna tarchuir amach go ginearálta, agus tá na treochtaí seasmhach nó ag feabhsú beagán ó 2021 i leith den chuid is mó. Is annamh a bhíonn saincheisteanna neamh-athfhillteacha eile ann, bristeacha aonaracha mar shampla mar nach mbeadh foirne ar fáil nó teipeanna ar an gcóras ríomhaireachta. Ní dhearna paindéim COVID-19 difear do chur chun feidhme na féilire eisiúna.

3.4.Inrochtaineacht

Tá na sonraí staidrimh agus na meiteashonraí ar fáil saor in aisce ar shuíomh gréasáin Eurostat faoin téama Migration and Asylum [Imirce agus Tearmann]( 24 ). Thairis sin, tá an staidreamh sin le fáil in ailt Statistics Explained [Staidreamh arna Mhíniú] ( 25 ) a nuashonraítear go rialta agus i bhfoilseachán coimre amhail Key Figures on Europe [Príomhfhigiúirí faoin Eoraip] ( 26 ).

Tá an staidreamh a thiomsaítear faoin Rialachán fós ar cheann den staidreamh Eorpach is mó a dtéitear i gcomhairle leis. Ó 2021 i leith, tá ranna de réir téamaí i ndáil le staidreamh imirce agus tearmainn ( 27 ) ar na ranna is mó a bhfuil tóir orthu ar shuíomh gréasáin Eurostat, rud a léiríonn spéis mhór ó úsáideoirí. Tá an talt Statistics Explained [Staidreamh arna Mhíniú] maidir le staidreamh imirce agus daonra imirceach ( 28 ) ar cheann de na hailt is mó a dtugtar cuairt air. Tá foilseacháin i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe curtha ar fáil go rialta ag Eurostat, lena náirítear alt móréilimh i ndáil le staidreamh tearmainn bliantúil, ar tugadh aird nach beag air ( 29 ). Tá an staidreamh seo infheicthe freisin ar chainéil meán sóisialta Eurostat. Eisíodh sraith táscairí nua maidir leis an imirce idirnáisiúnta agus maidir le tearmann agus imirce bhainistithe in 2023. Foilsíodh foilseachán idirghníomhach nua Migration and Asylum in Europe [Imirce agus Tearmann san Eoraip]( 30 ) agus Migration and inclusion dashboard [Deais maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú imirceach] ( 31 ) nua in 2024.

3.5.Comhleanúnachas agus inchomparáideacht

Tá treoirlínte modheolaíochta agus tiomsaithe i bhfeidhm le fada an lá agus cuirtear feabhas orthu go tráthrialta i gcás an staidrimh uile faoin Rialachán. Cuidíonn siad leis na Ballstáit inchomparáideacht a áirithiú, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le moltaí idirnáisiúnta.

Leanann staidreamh idirnáisiúnta maidir le himirce de bheith an-chomhsheasmhach leis an staidreamh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013( 32 ). Chun inchomparáideacht a áirithiú, fíoraíonn Eurostat an bhfuil na sonraí a fhaightear comhsheasmhach go hinmheánach agus le himeacht ama, agus an féidir iad a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir réigiúin agus tíortha. Maidir le hinchomparáideacht idir tíortha, bunaítear leis an Rialachán sainmhínithe comhchuibhithe maidir le sonraí faoi shreabha imirce. Is iad na fadhbanna a bhaineann le sainmhínithe sonracha a chur i bhfeidhm maidir le staidreamh i ndáil le sreabha imirce agus le fáil saoránachta na fadhbanna is deacra aghaidh a thabhairt orthu. Ón bhí tuarascáil 2021 ann, tá na sonraí a tharchuirtear maidir le staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta agus le fáil saoránachta fós i gcomhréir go mór leis an Rialachán.

Go ginearálta, tá leibhéal maith comhlíontachta ag staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe leis na sainmhínithe sa Rialachán. Tá roinnt saincheisteanna sonracha fós ann i roinnt Ballstát, ach ar leibhéal na bhfochatagóirí miondealaithe den chuid is mó.

Maidir leis an sainmhíniú ar an mbonn daonra ginearálta, ceadaítear leis an Rialachán do Bhallstáit an líon imirceach a shainmhíniú mar ghnáthchónaitheoir nó, mar réamhshocrú, mar chónaitheoir dlíthiúil nó cláraithe. Le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí stoic daonra faoi Airteagal 3 comhsheasmhach leis na sonraí stoic a cheanglaítear faoi Airteagal 3(1)(c) den Rialachán, ós rud é go núsáideann staitisteoirí agus déimeagrafaithe na sonraí stoic sin le chéile go córasach. Áirithítear leis sin tacar sonraí stoic atá go hiomlán comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta chun dochair d’inchomparáideacht laghdaithe idir tíortha. Thairis sin, tá sreabha imirce idirnáisiúnta bunaithe ar choincheap comhchuibhithe cónaithe a mhaireann 12 mhí ar a laghad. Mar thoradh air sin, ní bhíonn na sreabha sin comhleanúnach i gcónaí leis na hathruithe ar na stoic thuasluaite. Tá na saincheisteanna sin ríthábhachtach nuair a thugtar aghaidh ar chomhchuibhiú níos leithne i staidreamh daonra ina iomláine – lena gcumhdaítear daonáireamh, déimeagrafaíocht agus imirce idirnáisiúnta – ar bhealach níos cuimsithí ar leibhéal an Aontais (féach Roinn 4 ).

I gcás inar féidir comparáidí a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta, is iondúil go mbíonn ardleibhéal comhsheasmhachta ann leis na sonraí a bhailíonn agus a fhoilsíonn eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta in áiteanna eile. Oibríonn Eurostat i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus le Frontex chun comhleanúnachas na modheolaíochta agus an staidrimh a áirithiú leis na modheolaíochtaí a chuireann na gníomhaireachtaí sin i bhfeidhm agus leis na sonraí a bhailíonn siad.

Oibríonn Eurostat i gcomhar ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin chun comhleanúnachas staidrimh a chur chun cinn. Glacann sé páirt i nGrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le Staidreamh i ndáil le Dídeanaithe agus Daoine Easáitithe ina dTír féin ( 33 ) agus tá sé ina chomhalta dá Choiste Stiúrtha. Rannchuidíonn Eurostat le hobair an ghrúpa trí rannchuidiú modheolaíochta agus i scríbhinn leis na haschuir éagsúla, ach ó thaobh riaracháin agus airgeadais de freisin. Mar thoradh ar obair an ghrúpa, d’fhormheas na Náisiúin Aontaithe na International Recommendations on Statelessness Statistics ( 34 ) in 2023. Leis an moladh sin, mar aon le moltaí a rinneadh roimhe seo maidir le staidreamh i ndáil le dídeanaithe agus le daoine easáitithe ina dtír féin, leagtar síos an caighdeán domhanda maidir le staidreamh a tháirgeadh i ndáil le heasáitiú éigeantach. Mar shampla, éilíonn siad go ndúnfaí bearnaí agus go náiritheofaí caighdeáin chuí i staidreamh i ndáil le leanaí a easáitíodh go héigeantach, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine faoi mhíchumas.

Ó 2020 i leith, tá Eurostat ina chomhalta den Bhord Comhairleach den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta Sonraí i ndáil le Leanaí atá ag Gluaiseacht ( 35 ), tionscnamh domhanda trasearnála arna chómhaoiniú ag an Aontas arb é is aidhm dó sonraí agus staidreamh a fheabhsú agus tacú le ceapadh beartais fianaisebhunaithe i ndáil le leanaí imirceacha agus easáitithe. Rannchuidíonn Eurostat le hobair an ghrúpa i réimsí amhail córais agus acmhainneachtaí sonraí náisiúnta a neartú chun leanaí imirceacha agus leanaí atá easáitithe go héigeantach a chosaint, modhanna le haghaidh sonraí a bhaineann go sonrach le leanaí a chur chun cinn agus a bhunú agus infheictheacht, infhaighteacht, inrochtaineacht agus inúsáidteacht sonraí a fheabhsú. Tá Eurostat ina chomhalta freisin de Thascfhórsa nua Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le hEisimirce a Thomhas ( 36 ) ó 2023 i leith.

4.Obair leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bheartais atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn

4.1.Staidreamh nua i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe a phíolótú

Ceanglaítear le hAirteagal 9a den Rialachán ar an gCoimisiún (Eurostat) staidéir phíolótacha a bhunú. Déanfaidh na Ballstáit iad seo ar bhonn deonach chun indéantacht bailiúchán nua sonraí nó dí-chomhiomlánuithe nua a thástáil lena n‑áirítear infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí agus teicnící táirgthe iomchuí, an cháilíocht agus an inchomparáideacht staidrimh agus na costais agus na hualaí a bheadh i gceist.

In 2021, bhunaigh Eurostat tascfhórsa maidir le staidéir phíolótacha. Go dtí 2023, rinne an tascfhórsa sin treoirlínte agus teimpléid a mhol Eurostat le haghaidh bailiúcháin phíolótacha ábhartha sonraí a phlé agus a fhormheas.

Tar éis dhá bhabhta de bhailiúcháin sonraí suas go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023, as 31 thír (27 mBallstát agus 4 thír CSTE) ar tugadh cuireadh dóibh, níor chuir ach idir 2 agus 9 dtír sonraí isteach, ag brath ar an bhfearann agus ar an tacar sonraí. Dá bhrí sin, tá an rannpháirtíocht an-íseal go dtí seo agus ní dhearbhaítear ionadaíocht ar leibhéal an Aontais léi, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9a le haghaidh aon ghníomhaíocht rialála.

Mar thoradh air sin, mhol Eurostat modh tosaíochta arb é is aidhm dó rannpháirtíocht a mhéadú trí dhíriú ar na tacair sonraí is mó a bhfuil gealladh fúthu ó thaobh indéantachta agus ábharthacht beartais de. De réir an chur chuige choigeartaithe sin, sheol Eurostat babhta nua de bhailiúcháin phíolótacha sonraí i mí Aibreáin 2024, agus spriocdháta tarchuir an 31 Lúnasa 2024 ag gabháil leis. Má bhaintear ionadaíochas staidéir phíolótaigh amach, déanfar measúnú an bhféadfaí tabhairt faoi bhailiúcháin sonraí rialta.

4.2.Meastóireacht ar an gcreat staidrimh atá ann faoi láthair lena náirítear imirce idirnáisiúnta

In 2021, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar an gcreat atá ann faoi láthair le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus le tithíocht ( 37 ). Áiríodh ann staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta faoi Airteagal 3 den Rialachán agus an staidreamh uile faoi Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ( 38 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013. Bhí raon feidhme na meastóireachta i bhfad níos leithne ná an faireachán tráthrialta a dtugtar tuairisc air i Roinn 3 toisc gur bailíodh tuairimí ó na grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha uile i gcomhairliúchán córasach leis na páirtithe leasmhara ( 39 ). Ba é an sprioc a bhí ann a mheas ar baineadh amach cuspóirí bunaidh an chreata reatha agus bearnaí nach beag a shainaithint.

Fuarthas amach sa mheastóireacht go ndearnadh feabhsuithe nach beag tríd is tríd a bhuí leis an gcreat atá ann faoi láthair, i gcomparáid leis na fadhbanna agus na riachtanais tosaigh a bhí ag an bpobal staidrimh sular tháinig sé i bhfeidhm. Go háirithe, tá méadú nach beag tagtha ar bhreisluach an Aontais leis an gcreat atá ann faoi láthair trí fheabhas a chur – i gcás na dtacar sonraí a tháinig chun bheith éigeantach – ar roinnt gnéithe cáilíochta staidrimh ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear iomláine, comhsheasmhacht agus tráthúlacht. Thairis sin, chomhlíon an reachtaíocht atá ann faoi láthair na riachtanais ábhartha uile le haghaidh ceapadh beartas agus institiúidí ar leibhéal an Aontais a bhí ar eolas nuair a forbraíodh í (2005-2013). Chuir sé sin feabhas ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chomhleanúnachas an táirgthe staidrimh i gcomparáid leis an staid roimhe seo, a bhí ag brath ar bhailiúcháin sonraí dheonacha amháin. Deimhníodh na feabhsuithe sin sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, sainaithníodh 4 bhearna nach beag sa chreat atá ann faoi láthair sa mheastóireacht freisin.

Bearna 1: Comhleanúnachas, inchomparáideacht, iomláine

Cé go leagtar síos sa Rialachán sainmhínithe coiteanna ar phríomhchoincheapa staidrimh, tá solúbthacht fós sa sainmhíniú daonra. Cuireann na Ballstáit 3 choincheap éagsúla i bhfeidhm faoi láthair (gnáthchónaí, cónaí cláraithe, cónaí dlíthiúil) a cheadaítear leis an Rialachán, agus coincheapa éagsúla á núsáid acu uaireanta le haghaidh tacair sonraí éagsúla (féach Roinn 3.5 ). Mar thoradh ar an tsaincheist lárnach sin, tá easpa inchomparáideachta agus comhleanúnachais sna sonraí ó Bhallstáit éagsúla, rud a laghdaíonn breisluach an Aontais. Ina theannta sin, is minic a bhíonn staidreamh atá fós deonach neamhiomlán ar leibhéal an Aontais mar gheall ar shonraí a bheith in easnamh ó roinnt Ballstát. Laghdaíonn sé sin an chost-éifeachtúlacht fhoriomlán go mór, ós rud é go gcaitheann formhór na mBallstát acmhainní ar iad a thiomsú, ach ní thugtar léargas iomlán ar an Aontas leo.

Bearna 2: Tráthúlacht agus minicíocht

Ní chumhdaítear le hAirteagal 3 den Rialachán ach staidreamh bliantúil i ndáil le himirce idirnáisiúnta, agus soláthrófar tacair sonraí 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar thráthúlacht fhoriomlán faoin Rialachán i gcomparáid le bailiúcháin sonraí a bhí go hiomlán deonach roimhe seo, go príomha toisc gur réitíodh moilleanna iomarcacha i líon beag Ballstát, tá sé fós faoi bhun ionchais na n‑úsáideoirí. Níl na sonraí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán chomh tráthúil céanna le foilseacháin náisiúnta chomhchosúla ar fud fhormhór na mBallstát. Faoin Rialachán, ní féidir spriocdhátaí dlíthiúla agus tréimhsiúlachtaí an staidrimh a fheabhsú, e.g. chun staidreamh fobhliantúil i ndáil le himirce idirnáisiúnta a chumhdach. Dá bhrí sin, bheadh gá le gnáthnós imeachta reachtach eile chun spriocdhátaí nó tréimhsiúlachtaí a fheabhsú, cosúil le leasú 2020 lenar tugadh isteach staidreamh i ndáil le tuairisceáin ráithiúla in Airteagal 7.

Bearna 3: Mionsonraí faoi thopaicí agus faoi ghrúpaí atá ábhartha ó thaobh na sochaí de

Dírítear sa Rialachán ar riachtanais sonraí le haghaidh tosaíochtaí beartais tráth a forbraíodh é. Le himeacht ama, tá athrú tagtha ar thosaíochtaí agus ní chumhdaíonn an staidreamh atá ar fáil i ndáil le himirce idirnáisiúnta saintréithe na dtopaicí a bhaineann le beartas go leordhóthanach a thuilleadh. Baineann na bearnaí a deimhníodh sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara le saintréithe na n‑inimirceach. Tá easpa gráinneacht sonraí geografacha ann freisin, lena n‑áirítear sreabha imirce ar an leibhéal réigiúnach.

Bearna 4: Easpa solúbthachta an chreata dhlíthiúil

Ag cur leis na laigí thuasluaite, níl an tsolúbthacht sa reachtaíocht atá ann faoi láthair chun dul in oiriúint do riachtanais nua agus do riachtanais atá ag teacht chun cinn i ndáil le staidreamh. Le foinsí nua sonraí sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais (go háirithe sonraí riaracháin, lena n‑áirítear córais idir-inoibritheachta agus sonraí arna sealbhú go príobháideach) d’fhéadfaí feabhsuithe a dhéanamh maidir le costais agus le tráthúlacht, ach ní féidir glacadh leis na forbairtí seo mar gheall ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ní raibh an creat dlíthiúil in ann dul in oiriúint d’aon athrú atá ábhartha ó thaobh beartais de ó glacadh é, agus dá bhrí sin tá ábharthacht á cailleadh go tapa aige.

4.3.Nuachóiriú an staidrimh i ndáil le himirce idirnáisiúnta mar chuid d’athfhorbairt an staidrimh Eorpaigh i ndáil le daonra

Sainaithníodh sa mheastóireacht roinnt spreagthaí reachtacha do na bearnaí nach beag a leagtar amach i Roinn 4.2 agus tarraingíodh aird ar iomarcaíochtaí riaracháin i gcomhlíonadh, i bhforfheidhmiú agus i bhfaireachán toisc go bhfuil an reachtaíocht atá ann faoi láthair scaipthe ar fud 3 ghníomh dlí. Bunaithe ar mheasúnú tionchair ina dhiaidh sin ( 40 ), mhol an Coimisiún, dá bhrí sin, creatrialachán nua maidir le staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus le tithíocht lena dtugtar aghaidh ar spreagthaí reachtacha do na bearnaí thuas, agus é d’aidhm aige na gníomhartha ar leithligh a chomhdhlúthú in aon rialachán amháin san am céanna( 41 ).

Tá gnéithe uaillmhianacha ag baint leis an togra chun comhsheasmhacht ghinearálta agus na naisc idir staidreamh sóisialta uile an Aontais atá bunaithe ar dhaoine agus ar theaghlaigh a neartú, lena náirítear faoi Rialachán (AE) 2019/1700 ( 42 ). Tacaíonn sé le sainmhíniú comhchuibhithe daonra a chur chun feidhme bunaithe ar choincheapa fónta meastacháin staidrimh, agus cumasaíonn sé rochtain ar fhoinsí sonraí atá ar fáil a chuirfidh feabhas ar phróisis tiomsaithe agus ar cháilíocht ghinearálta an staidrimh shóisialta. Leis an togra, déantar staidreamh daonra agus imirce idirnáisiúnta a ailíniú níos mó le staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce bhainistithe faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7 den Rialachán ( 43 ). Tráth na tuarascála seo, bhí an gnáthnós imeachta reachtach maidir leis an togra ar siúl ( 44 ).

5.Conclúidí agus na chéad chéimeanna eile

A bhuí leis na hiarrachtaí comhpháirteacha leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCóras Staidrimh Eorpach ( 45 ), tá an Rialachán á chur chun feidhme go maith. Mar thoradh air sin, foilsítear go rialta staidreamh foriomlán ardcháilíochta Eorpach i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta, staidreamh a bhfuil gá ag institiúidí an Aontais agus ag lucht ceaptha beartas leis ar gach leibhéal. Déantar faireachán tráthrialta ar chomhlíonadh dlí agus ar cháilíocht staidrimh agus, mar a rinneadh sa tuarascáil roimhe seo in 2021, níl aon mhór-shaincheist chomhlíontachta ann.

Mar sin féin, sainaithníodh 4 bhearna nach beag i meastóireacht ar an gcreat atá ann faoi láthair don staidreamh daonra: easpa comhchuibhithe maidir leis an sainmhíniú daonra; tráthúlacht agus minicíocht neamhleor staidrimh; easpa sonraí maidir le grúpaí agus ábhair ábhartha; agus easpa solúbthachta chun oiriúnú do riachtanais atá ag athrú nó d’fhoinsí nua sonraí. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún creat-rialachán nua aonair maidir le staidreamh daonra Eorpach lena ndéanfaí an creat dlíthiúil a chomhdhlúthú agus lena dtabharfaí aghaidh ar na bearnaí seo.

Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas á ndéanamh:

1.Cur chun feidhme iomlán athbhreithniú 2020 trí thréimhse na maoluithe a thabhairt i gcrích, na staidéir phíolótachta a cheanglaítear le hAirteagal 9a den Rialachán a thabhairt i gcrích, agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí i gcomhar le Ballstáit i bhfianaise staidreamh éigeantach nua a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7.

2.Leanúint leis an ngnáthnós imeachta reachtach (fonóta 44) maidir le creat dlíthiúil comhtháite nua do staidreamh daonra Eorpach lena ndéanfaí an staidreamh i ndáil le sreabha imirce, an líon imirceach agus fáil saoránachta a ionchorprú agus a leathnú faoi Airteagal 3.

(1) ()    Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta ( IO L 199, 31.7.2007, lch. 23. ).
(2) ()    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát ( IO L 180, 29.6.2013, lch. 31 ).
(3) ()     COM(2012) 528
(4) ()     COM(2015) 374
(5) ()     COM(2018) 594
(6) ()     COM(2021) 489
(7) ()    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach ( IO L 71, 4.3.2022, lch. 1 ).
(8) ()    Rialachán (AE) 2020/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ( IO L 198, 22.6.2020, lch. 1 ).
(9) ()    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/431 ón gCoimisiún lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ( IO L 86, 12.3.2021, lch. 5 ).
(10)

()    Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht ( IO L 251, 15.7.2021, lch. 1 ).

(11) ()     SWD(2022) 198
(12) () https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en : demo_pop_esms.htm;   migr_immi_esms.htm ; migr_acqn_esms.htm ; migr_asytp_esms.htm ; migr_asyapp_esms.htm ; migr_asydec_esms.htm ; migr_dub_esms.htm ; migr_eil_esms.htm ; migr_res_esms.htm (Béarla amháin).
(13) ()     An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann - an Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(14) ()    Rialachán (AE) Uimh. 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ( IO L , 2024/1351, 22.5.2024 ).
(15)

()    Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí ( IO L 251, 15.7.2021, lch. 48 ) .

(16) ()    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda ( IO L 209, 14.6.2021, lch. 1 )
(17) ()     https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/impact-demographic-change-europe_ga
(18) ()     https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-underlying-assumptions-and-projection-methodologies_ga
(19) ()     https://knowledge4policy.ec.europa.eu/organisation/kcmd-knowledge-centre-migration-demography_en
(20) ()     https://knowledge4policy.ec.europa.eu/atlas-demography_en
(21) ()     https://migration-demography-tools.jrc.ec.europa.eu/atlas-migration
(22)

()     https://home-affairs.ec.europa.eu/networks/european-migration-network-emn_ga

(23) ()     https://home-affairs.ec.europa.eu/networks/european-migration-network-emn/emn-publications/emn-annual-reports_ga  
(24) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/web/migration-asylum   ( Béarla, Fraincis agus Gearmáinis).
(25) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Migration_and_asylum (Béarla amháin).
(26) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/web/migration-asylum   ( Béarla, Fraincis agus Gearmáinis).
(27) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/web/migration-asylum
(28) ()     http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Migration_and_migrant_population_statistics
(29) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?oldid=599145
(30) ()     Imirce agus tearmann san Eoraip – eagrán 2023 - Eurostat (europa.eu)
(31) ()     Deais maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú imirceach (europa.eu)
(32) ()    Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach ( IO L 330, 10.12.2013, lch. 39 ).
(33) ()     https://egrisstats.org/ (Béarla amháin).
(34) ()     Moltaí Idirnáisiúnta maidir le Staidreamh i ndáil le Daoine gan Stát (egrisstats.org) (Béarla amháin).
(35) ()     Comhghuaillíocht Idirnáisiúnta Sonraí i ndáil le Leanaí atá ag Gluaiseacht - SONRAÍ UNICEF
(36) ()     https://unece.org/sites/default/files/2023-11/08_TF%20on%20measuring%20emigration_ToR_approved.pdf  
(37) ()     SWD(2023) 13
(38) ()    Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daonáirimh agus le háirimh thithíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) ( IO L 218, 13.8.2008, lch. 14 ).
(39) ()     SWD(2023) 15
(40) ()     SWD(2023) 11
(41) ()     COM(2023) 31
(42) ()    Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí ( IO L 261I , 14.10.2019, lch. 1 ).
(43) ()    Chun comhsheasmhacht a áirithiú, is é is aidhm don togra gach ábhar staidrimh a bhaineann leis an bpobal a bhfuil gnáthchónaí air (lena náirítear an líon imirceach, sreabha imirce idirnáisiúnta agus fáil saoránachta a chumhdaítear faoi láthair le hAirteagal 3 den Rialachán) a chur sa chreat nua. Os a choinne sin, d’fhanfadh staidreamh i ndáil le nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le tearmann agus imirce bhainistithe sa Rialachán.
(44) ()     Nós imeachta 2023/0008/COD
(45) ()     https://ec.europa.eu/eurostat/web/european-statistical-system