This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R0851
Regulation (EU) 2020/851 of the European Parliament and of the Council of 18 June 2020 amending Regulation (EC) No 862/2007 on Community statistics on migration and international protection (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2020/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2020/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/19/2020/INIT
IO L 198, 22.6.2020, p. 1–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/1 |
RIALACHÁN (AE) 2020/851 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat comhchoiteann, inchomparáide dlí le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta. |
(2) |
Chun freagairt do riachtanais nua laistigh den Aontas le haghaidh staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta, agus toisc go dtagann athrú ar thréithe na himirce go tapa, tá gá ann le creat a bhunú lenar féidir freagairt go tapa ar riachtanais athraitheacha i dtaca le staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta. |
(3) |
Chun tacú leis an Aontas freagairt go héifeachtach ar na dúshláin a ghabhann leis an imirce agus beartais a fhorbairt atá bunaithe ar chearta an duine, is gá sonraí i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú ar bhonn fobhliantúil. |
(4) |
Tá staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta ríthábhachtach chun staidéar agus meastóireacht a dhéanamh ar raon leathan beartas agus chun na beartais sin a cheapadh, go háirithe maidir le freagairtí ar theacht daoine a bhfuil cosaint san Eoraip á lorg acu, agus é mar aidhm leis sin na beartais is fearr a shainiú agus a chur i bhfeidhm. |
(5) |
Tá staidreamh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta bunriachtanach chun forléargas a fháil ar ghluaiseachtaí imirce laistigh den Aontas agus ionas go mbeidh na Ballstáit in ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is cuí i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus sa Choinbhinsiúin chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. |
(6) |
Chun cáilíocht na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit, agus, go háirithe, inchomparáideacht na sonraí sin, a áirithiú, agus ionas gur féidir forbhreathnuithe iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna, agus ba cheart dóibh tagairt don dáta tagartha céanna nó don tréimhse thagartha chéanna. |
(7) |
Ba cheart sonraí a sholáthraítear i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bheith comhsheasmhach leis an staidreamh ábhartha a bhailítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007. |
(8) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), soláthraítear creat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta. Go háirithe, leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar na Ballstáit prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta, na hoibiachtúlachta, na hiontaofachta, na rúndachta staidrimh agus na costéifeachtachta, mar aon leis na critéir cáilíochta a shonraítear ann, a chomhlíonadh. |
(9) |
Tá tuarascálacha cáilíochta ríthábhachtach chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a mheasúnú, a fheabhsú agus chun cumarsáid a dhéanamh ina leith. Rinne an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach caighdeán de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) do Struchtúr na dTuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú i gcomhréir leis an bhforáil maidir le cáilíocht staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Le caighdeán sin CSE, ba cheart cur leis an tuairisciú cáilíochta a dhéantar faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chomhchuibhiú. |
(10) |
Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht táirgthe staidrimh, tá an ceart ag údaráis náisiúnta staidrimh rochtain a fháil ar gach taifead riaracháin laistigh dá gcórais riaracháin phoiblí féin agus iad a úsáid go pras agus saor in aisce agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh a mhéid is gá d’fhorbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le rochtain ar thaifid riaracháin agus úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin a leagtar síos in Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. |
(11) |
Agus staidreamh Eorpach á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh acu, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh agus na húdaráis Eorpacha staidrimh agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis ábhartha eile, aird a thabhairt ar na prionsabail a leagtar amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna athbhreithniú agus arna nuashonrú ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 16 Samhain 2017. |
(12) |
Le scéimeanna píolótacha, ba cheart breisluach an Aontais a chur san áireamh, na coinníollacha a bhunú chun bailiúcháin nua sonraí a thabhairt isteach faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, indéantacht agus cáilíocht an staidrimh a mheasúnú, lena n-áirítear a inchomparáideacht trastíre, mar aon leis na costais a bhaineann leis na bailiúcháin ghaolmhara sonraí. Sula seolfaidh sé gach scéim phíolótach faoi leith, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) athbhreithniú a dhéanamh ar na foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ba cheart dó a scrúdú an bhféadfaí an staidreamh a éilítear a bhunú ar na foinsí sin. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do scrúdú líon na n-iarratas agus líon na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe céaduaire. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na staidéar píolótach sin gus ba cheart dó na torthaí a chur ar fáil go poiblí. Níor cheart tabhairt isteach bailiúchán nua sonraí sna Ballstáit a bhreithniú ach amháin sa chás ina bhfuil an mheastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach ina meastóireacht dhearfach. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin faoi na coinníollacha maidir le comhairliúchán reachtach a leagtar síos in Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
(13) |
Tá sé ríthábhachtach an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana agus as na sonraí atá á mbailiú cheana faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007. Chuige sin, ba cheart féachaint ar na foinsí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun úsáid na bhfoinsí sin don staidreamh oifigiúil a mheasúnú, agus ba cheart féachaint an bhféadfaí tairbhe a bhaint as na creataí le haghaidh idir-inoibritheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 (5) agus (AE) 2019/818 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart cur chun feidhme choincheap na hidir-inoibritheachta ar leibhéal an Aontais a bheith ina chuid de mheasúnú den sórt sin chun go mbeadh roinnt eagraíochtaí in ann na sonraí céanna a úsáid i gcomhréir lena riachtanais agus leis na húdaruithe atá acu. |
(14) |
Faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) féachaint lena áirithiú go gcomhordófaí na bailiúcháin sonraí atá á n-úsáid ag na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus ba cheart dó, chuige sin, comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leis na gníomhaireachtaí sin faoi chuimsiú a n-inniúlachta faoi seach. |
(15) |
Chun cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a bhaint amach, ba cheart dóthain acmhainní airgeadais a leithdháileadh chun staidreamh Eorpach agus staidreamh náisiúnta, ar ardcháilíocht, i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh. |
(16) |
I gcás ina gceanglófaí, le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, go ndéanfaí modheolaíochtaí nua agus bailiúcháin nua sonraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcóras náisiúnta staidrimh Ballstáit le haghaidh staidreamh faoin Rialachán sin, lena n-áirítear go mbeadh an Ballstát sin rannpháirteach i staidéir phíolótacha agus go ndéanfaí foinsí sonraí agus córais TF a uasghrádú, ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar don Bhallstát sin i bhfoirm deontas i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(17) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun neamh-idirdhealú de réir mar a leagtar amach sa Chairt. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007. |
(18) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na socruithe praiticiúla do na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach; na formáidí iomchuí a shainiú chun sonraí a tharchur; dí-chomhiomlánuithe a shonrú; agus bailiúcháin nua sonraí agus dí-chomhiomlánuithe nua a chinneadh ar bhonn na meastóireachta ar thorthaí na stáidéar píolótach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
(19) |
I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit mar gheall ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcásanna lena bhfuil bonn cirt cuí agus ar feadh tréimhse theoranta, maolú a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, don Bhallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh oiriúnuithe móra den sórt sin teacht chun cinn, go háirithe, ón ngá atá le tráthúlacht a fheabhsú, le leagan amach mhodhanna bhailiú na sonraí a oiriúnú, lena n-áirítear an rochtain ar fhoinsí riaracháin, nó le huirlisí nua a fhorbairt chun sonraí a tháirgeadh. |
(20) |
Le go mbeadh an faireachán ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 éifeachtach, ba cheart meastóireacht thráthrialta a dhéanamh air. Ba cheart don Choimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an staidreamh a thiomsaítear de bhun an Rialacháin sin, agus ar a cháilíocht agus a sholáthar tráthúil, chun críche tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) dul i ndlúthchomhairle leis na gníomhaithe uile atá páirteach i mbailiú na sonraí i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta agus le húsáideoirí príomha an staidrimh sin. |
(21) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha comhchoiteanna atá ann cheana le haghaidh staidreamh Eorpach i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhailiú agus a thiomsú, agus na rialacha sin a iomlánú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, ar chúiseanna comhchuibhithe agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(22) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú dá réir sin. |
(23) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
(24) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(4) |
in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(7) |
scriostar Airteagal 8. |
(8) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(9) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 9a Staidéir phíolótacha 1. I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, bunóidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir phíolótacha a dhéanfaidh na Ballstáit ar bhonn deonach chun indéantacht bailiúchán nua sonraí nó dí-chomhiomlánuithe nua a thástáil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí agus teicnící táirgthe iomchuí, an cháilíocht agus an inchomparáideacht staidrimh agus na costais agus na hualaí a bheadh i gceist. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), ionadaíochas na staidéar píolótach sin ar leibhéal an Aontais. 2. Sula seolfar gach staidéar píolótach ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú an féidir an staidreamh nua a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil sna foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais chun na coincheapa a úsáidtear a chomhchuibhiú, i gcás inar féidir, agus chun ualaí breise ar institiúidí náisiúnta staidrimh agus ar údaráis náisiúnta eile a íoslaghdú agus chun úsáid na sonraí atá ann cheana a fheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) san áireamh freisin an t-ualach a eascraíonn as staidéir phíolótacha leanúnacha eile chun líon na staidéar píolótach atá á dhéanamh le linn na tréimhse ama céanna a theorannú. 3. Bainfidh na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo leis na nithe seo a leanas:
4. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus cuirfidh sé na torthaí sin ar fáil go poiblí. Mar chuid den mheastóireacht, déanfar measúnú ar bhreisluach na mbailiúchán nua sonraí faoi na staidéir phíolótacha ar leibhéal an Aontais agus déanfar anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh i gcomhréir le Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. 5. Agus an mheastóireacht dhearfach ar thorthaí na staidéar píolótach á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). 6. Le gur fusa a bheidh sé na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) an maoiniú iomchuí do na Ballstáit a dhéanann na staidéir sin i gcomhréir le hAirteagal 9b. 7. Faoin 13 Iúil 2022 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) tuairisc faoin dul chun cinn foriomlán i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Airteagal 9b Maoiniú 1. Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfar ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a sholáthar do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus d’údaráis náisiúnta ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:
2. Soláthrófar ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7). (*7) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;" (10) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear dí-chomhionlánuithe Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun dí-chomhiomlánuithe a shonrú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt leis an ngá atá leis na dí-chomhiomlánuithe lena mbaineann chun críoch beartais an Aontais i ndáil le himirce agus tearmainn a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu, agus áiritheoidh sé nach bhforchuirfear, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, costais bhreise shuntasacha ná ualaí breise suntasacha ar na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dheireadh na tréimhse tagartha, i gcás ina dtagraíonn na sonraí do bhliain féilire, agus tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse tagartha i gcás ina dtagraíonn na sonraí do thréimhse is lú ná bliain.”; (11) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: “Airteagal 11 Nós imeachta coiste 1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (12) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 11a Maoluithe 1. I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit mar gheall ar an Rialachán seo, nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi, a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar thrí bliana. Áiritheoidh an Coimisiún, le linn dó déanamh amhlaidh, go mbeidh sonraí na mBallstát inchomparáide agus go ríomhfar na comhiomláin ionadaíocha iontaofa Eorpacha a theastaíonn ar bhealach tráthúil agus cuirfear an t-ualach ar na Ballstáit agus na freagróirí san áireamh. 2. I gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann go bhfuil bonn cirt fós le maolú de bhun mhír 1 ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse bhreise ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain. 3. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh Ballstát iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Deireadh Fómhair 2020 nó laistigh de thrí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena mbaineann, nó sé mhí roimh dheireadh na tréimhse dár deonaíodh an maolú atá ann faoi láthair, de réir mar is iomchuí. 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (3)(a) agus (b) agus pointe (6) d’Airteagal 1 ón 1 Márta 2021.
Beidh feidhm ag pointe (3)(c) agus (d) agus pointe (5) d’Airteagal 1 ón 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. BRNJAC
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Márta 2020 (IO C 139, 28.4.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(5) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(6) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
(7) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).