An Bhruiséil,8.3.2023

COM(2023) 140 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Cosaint shealadach dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine: bliain níos déanaí


1.Réamhrá

An 24 Feabhra 2022, thosaigh an Rúis cogadh foghach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. Mar gheall air sin, thug an tAontas Eorpach agus an comhphobal idirnáisiúnta freagairt aontaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Príomheilimint den fhreagairt sin ba ea an cinneadh d’aon toil ó na Ballstáit an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú ar thogra ón gCoimisiún 1 . An 4 Márta 2022, díreach seachtain amháin tar éis thús an chogaidh, tugadh rochtain láithreach ar an margadh saothair, ar oideachas agus gairmoiliúint, ar chúram sláinte agus ar chóiríocht san Aontas do na milliúin duine easáitithe a bhí ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Comhlánaíodh gníomhachtú na Treorach an 28 Márta 2022 le Plean 10 bPointe 2 ar mhaithe le comhordú Eorpach níos fearr i ndáil le fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá síneadh curtha leis an gcosaint shealadach cheana féin go dtí mí an Mhárta 2024.

Bliain níos déanaí: is léiriú soiléir é úsáid na Treorach um Chosaint Shealadach ar aontacht an Aontais agus ar a dhlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine in aghaidh dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. De thairbhe na Treorach, í gníomhaithe den chéad uair riamh, cuireadh ar a chumas don Aontas cosaint láithreach a chur ar fáil agus na foirmiúlachtaí á laghdú a mhéid is féidir. Comhlánaíodh an chosaint sin le sraith ceart a bhí cuimsitheach agus comhchuibhithe, lena n-áirítear cearta cónaithe, cóiríocht oiriúnach, rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar chúram sláinte agus ar an margadh saothair. Tugadh struchtúr don fháilte iontach a chuir a oiread Eorpach, a dteaghlaigh agus a bpobail, ar fáil. Inniu, tá ceithre mhilliún duine faoi chosaint shealadach san Aontas. Is mná iad 47 % díobh agus is leanaí iad breis agus aon trian díobh, ar tosaíocht ríthábhachtach é iad a chosaint. Ní raibh cur chun feidhme na Treorach gan dúshlán, ach a bhuí le hiarrachtaí leanúnacha na n-institiúidí Eorpacha agus na mBallstát, tá ag éirí fós leis an Treoir. 

Sa Teachtaireacht, déantar breithniú ar chur chun feidhme na Treorach thar bhliain amháin, agus í ag cur leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin: an Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais’ 3 a glacadh an 23 Márta 2022. Tugtar forléargas ar an gcaoi ar éirigh leis an Aontas fíorfhreagairt uile-shochaí a chur i ngníomh agus a chomhordú ar an easáitiú is mó ar fhód na hEorpa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Sainaithnítear inti freisin na príomhréimsí ina bhfuil tuilleadh iarrachtaí ag teastáil chun na cearta dá bhforáiltear sa Treoir a ráthú.

Thairis sin, tabharfar roinnt ábhar machnaimh sa Teachtaireacht maidir leis an mbealach ar féidir na príomhcheachtanna a foghlaimíodh a chaomhnú agus an tAontas a dhéanamh níos seasmhaí agus níos ábalta dul in oiriúint do dhúshláin amach anseo.

2.Léiriú staide

Go dtí mí Feabhra 2023, taifeadadh breis agus 16 mhilliún iontráil ón Úcráin agus ón Moldóiv san Aontas, agus ba náisiúnaigh den Úcráin iad 14 mhilliún díobh sin. Breis agus 11 mhilliún is ea an méid trasnuithe teorann a rinneadh ón Aontas chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv 4 .

Bhí méid na n-iontrálacha i bhfad níos mó le linn na chéad mhíosa d’ionsaí na Rúise, agus bhí 800 000 iontráil ón Úcráin agus ón Moldóiv san Aontas ar an meán in aghaidh na seachtaine, méid a shroich buaicphointí de bhreis agus 200 000 iontráil in aghaidh an lae agus a raibh tionchar mór aige ar na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin. Ó mhí Aibreáin 2022 ar aghaidh, cobhsaíodh an treocht ag 240 000 iontráil in aghaidh na seachtaine, agus d’fhill méid na dtrasnuithe teorann idir an tAontas agus an Úcráin ar na leibhéil a bhí ann roimh an ionsaí agus roimh an bpaindéim.

Ar an iomlán, taifeadadh beagnach 4 mhilliún clárúchán le haghaidh cosaint shealadach san Aontas, agus bhain 3 mhilliún díobh sin leis an gcéad leath de 2022. Ó bhí mí an Mheithimh 2022 ann, tá méid na gclárúchán le haghaidh cosaint shealadach in aghaidh na seachtaine ag laghdú go seasta, cé go mbíonn luaineachtaí áirithe ann. San iomlán, an 26 Feabhra, ar chríoch Phoblacht na Moldóive, bhí 90 187 náisiúnaigh eachtracha, agus ba náisiúnaigh den Úcráin iad 84 038 díobh agus ba mhionaoisigh iad 44 751 díobh.

Ag deireadh 2022, bhí beagnach leath na dtairbhithe de chosaint shealadach (3.8 milliún) 5 á n-óstáil sa Ghearmáin agus sa Pholainn, agus i ndiaidh na dtíortha sin, tá an tSeicia, an Iodáil agus an Spáinn. Tá an líon is mó tairbhithe de chosaint shealadach per capita á n-óstáil ag an Eastóin, ag an bPolainn agus ag an tSeicia. Is náisiúnaigh den Úcráin iad formhór na dtairbhithe agus bhí thart ar 70 000 náisiúnach tríú tír seachas an Úcráin faoi chosaint shealadach ag deireadh 2022.

Is mná fásta (47 %) agus leanaí (34 %) iad formhór na ndaoine atá ar a dteitheadh chuig an Aontas ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Bhí thart ar 69 % de na leanaí easáitithe faoi bhun 13 bliana d’aois agus cláraíodh 0.5 % díobh mar mhionaoisigh neamhthionlactha.

Le gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, deimhníodh nach mbeadh córais tearmainn ar fud na mBallstát faoi bhrú iomarcach mar gheall ar iarrataí ar chosaint. Le linn 2022, ba náisiúnaigh den Úcráin iad an naoú grúpa is mó ó thaobh iarrataí ar chosaint idirnáisiúnta de (28 160).

Ar bhonn chomhar an Aontais le comhpháirtithe idirnáisiúnta, go dtí seo tá 400 000 duine a easáitíodh ón Úcráin tar éis taisteal ar aghaidh chuig na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe agus thairbhigh siad de na scéimeanna cosanta atá i bhfeidhm sna tíortha sin. D’fhormheas na tíortha sin 900 000 víosa agus iarratas ar chónaí sealadach eile.

3.An fhreagairt ar an ngéarchéim: iarracht láidir chomhordaithe ón Aontas

D’éiligh gníomhachtú agus cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach comhordú agus comhar nach bhfacthas a leithéid riamh idir na Ballstáit agus a gcuid córas riaracháin, seirbhísí an Choimisiúin, Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Bhí ról ríthábhachtach ag an Ardán Dlúthpháirtíochta leis an Úcráin 6 a bhunaigh an Coimisiún díreach tar éis ghníomhachtú na Treorach ó thaobh freagairt chomhordaithe a áirithiú. Cuireann sé creat ar fáil le haghaidh malartuithe rialta agus áirithíonn sé comhleanúnachas idir na fóraim atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. Thug sé aghaidh ar réimse leathan saincheisteanna, lena n-áirítear bainistiú teorainneacha, cosaint mionaoiseach, rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht, ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint agus foghlaim aosach, mar aon le filleadh ar an Úcráin agus gluaiseachtaí ar aghaidh ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile.

Dhírigh an tArdán Dlúthpháirtíochta ar an ullmhacht fhoriomlán ar leibhéal an Aontais a mhéadú freisin trí bhearta teagmhasacha a fhorbairt i gcás nuatheachtaithe méadaithe ón Úcráin, dhírigh sé ar ghnéithe slándála agus ar gháinneáil ar dhaoine a chosc, agus chuaigh sé i dteagmháil go rialta le húdaráis áitiúil agus réigiúnacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin.

Bhí ról ríthábhachtach ag foghrúpaí tiomnaithe an Ardáin Dlúthpháirtíochta, mar shampla maidir le daoine easáitithe a aistriú ón Moldóiv agus maidir leis an Ardán um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach chun comhar a neartú agus chun freastal ar dhúshláin a bhí ag teacht chun cinn an t-am ar fad.

Thairis sin, is léir ón gcomhordú foriomlán a rinne sé ar fhreagairt an Aontais ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin go mbaineann breisluach leis an Ardán Dlúthpháirtíochta, agus é ag cur creat solúbtha neamhfhoirmiúil ar fáil chun doiciméid bheartais bhoig a ghlacadh go tapa (e.g. freagraí ar Cheisteanna Coitianta arna gcur ar fáil ar líne, Buan-nósanna Imeachta Oibríochta). Measann na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile gur dea-chleachtas é le húsáid arís amach anseo.

3.1.Sonraí cruinne

Ó glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle 7 , tá iarracht shuntasach déanta ag an gCoimisiún an malartú faisnéise idir na Ballstáit a chomhordú. Tá bailiú sonraí ar cheann de na príomhdhúshláin a bhaineann leis an gcomhordú foriomlán faoi na cúinsí eisceachtúla atá ann faoi láthair, ach tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas go seasta a bhuí leis na gníomhaíochtaí atá déanta.

Ó thosaigh an ghéarchéim, tá Líonra an Treoirphlean 8 um Ullmhacht agus um Ghéarchéimeanna i ndáil leis an Imirce tar éis breis agus céad cruinniú a reáchtáil ar lean tuarascálacha i scríbhinn ina ndiaidh, lenar tugadh feasacht staide choiteann ar na himpleachtaí imirce a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar ullmhacht an Aontais agus na mBallstát ina leith sin. Bíonn sé ag obair i gcomhar iomlán le fóraim eile amhail an tArdán Dlúthpháirtíochta, na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna, agus Gréasán Imirce na hEorpa, agus mar chuid den chomhordú foriomlán don Úcráin ar leibhéal an Aontais.

Bhí ról ríthábhachtach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) ó thaobh córas a bhunú go tapa chun sonraí a bhailiú ar chlárúcháin laethúla le haghaidh cosaint shealadach. Chuir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) dlús lena tacaíocht freisin ó thaobh teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú trí fhaisnéis phrapúil a thabhairt ar an staid ag an teorainn, cásanna féideartha a phleanáil maidir leis gcaoi a d’fhéadfadh cúrsaí forbairt, agus freagairt oibríochtúil a thionscnamh lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus faireachán ar bhagairtí coireachta trasteorann sa limistéar. Sholáthair Gníomhaireacht um Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) tuilleadh faisnéise maidir le cur chun feidhm na Treorach i roinnt Ballstát trí fheasacháin thréimhsiúla.

Rud atá an-tábhachtach, mar bheart leantach ar Phlean 10 bPointe an 28 Márta 2022, forbraíodh an tArdán um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach laistigh de 6 seachtaine. Bíonn 25 Bhallstát ag malartú faisnéise maidir le tairbhithe de chosaint shealadach agus tairbhithe de chosaint leordhóthanach atá ar fáil faoin dlí náisiúnta chun clárúcháin dhúbailte a bhrath laistigh den Bhallstát céanna agus ar fud Bhallstáit an Aontais.

3.2.Faisnéis a chur ar fáil

Chruthaigh an Coimisiún líonra de mhoil faisnéise, go háirithe le tacaíocht ó EUAA, atá leabaithe laistigh de mhórmhoil iompair atá ann cheana sna Ballstáit, rud a éascaíonn gluaiseacht ar aghaidh na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise agus ag teacht isteach san Aontas, mar aon le faisnéis thábhachtach a chur ar fáil ó údaráis agus ó fhoinsí oifigiúla eile faisnéise.

Tar éis ghníomhachtú na Treorach, sheol an Coimisiún feachtas cumarsáide go tapa chun daoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin a chur ar an eolas faoina gcearta. Ba phríomhghé é sin de shuíomh gréasáin lárnach an Aontais ‘Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin’ 9 . Ar an suíomh gréasáin sin, é aistrithe go hÚcráinis agus go Rúisis, tá faisnéis phraiticiúil do dhaoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise atá ag teacht isteach san Aontas mar aon le léarscáil idirghníomhach a léiríonn na príomhphointí teagmhála i ngach Ballstát.

Go comhthreomhar leis sin, rinneadh gníomhaíochtaí cumarsáide ad hoc maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc, feasacht ar mhífhaisnéis, an tionscnamh‘Safe Homes’ [Tithe Sábháilte] agus an Scéim Phíolótach um Linn Tallann do dhaoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Chuir an Coimisiún líne chabhrach AE 10 ar fáil in Úcráinis agus i Rúisis freisin. Déantar gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise a chomhordú go dlúth le Ballstáit an Aontais, le EUAA agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile freisin, lena n-áirítear údaráis na hÚcráine. An 24 Feabhra 2023, sheol an Coimisiún an leathanach gréasáin maidir le bliain amháin d’fhrithbheartaíocht na hÚcráine 11 .

3.3.Raon feidhme na cosanta sealadaí

Cumhdaíonn an chosaint shealadach na daoine a d’fhág an Úcráin an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh mar gheall ar ionradh míleata na Rúise agus a thagann faoi raon feidhme pearsanta an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle 12 . Go praiticiúil, leathnaigh roinnt Ballstát raon feidhme na cosanta chun náisiúnaigh den Úcráin a tháinig isteach ar a gcríoch roimh an 24 Feabhra 2022 a chumhdach.

An Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lenar gníomhachtaíodh an Treoir um Chosaint Shealadach, cosnaíonn sé freisin náisiúnaigh tríú tír seachas an Úcráin agus daoine gan stát a raibh buanchónaí orthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha 13 .

I roinnt Ballstáit, náisiúnaigh tríú tír a raibh cearta sealadacha eile acu chun fanacht san Úcráin, e.g. mic léinn 14 , thairbhigh siad freisin de na cearta a ghabhann le cosaint shealadach. I bhformhór na mBallstát, ach ní i ngach Ballstát, na nósanna imeachta riaracháin a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh den Úcráin, tá feidhm ag na nósanna imeachta riaracháin céanna maidir le náisiúnaigh tríú tír eile ar tairbhithe de chosaint shealadach iad 15 .

San am céanna, na Ballstáit a chinn cineál cosanta nach cosaint shealadach í a chur i bhfeidhm 16 maidir le náisiúnaigh tríú tír seachas an Úcráin, ghlac siad bearta chun próiseas clárúcháin brostaithe a áirithiú chun na cearta a ghabhann léi a chur i bhfeidhm ar an luas céanna agus na cearta do náisiúnaigh den Úcráin. In aon cás, tá sé tábhachtach fós nach gcruthóidh aon nós imeachta riaracháin moill mhíchuí ó thaobh na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach a theachtadh 17 .

I mí na Samhna 2022, bhí cosaint shealadach faighte ag thart ar 70 000 náisiúnach tríú tír seachas an Úcráin ar fud an Aontais, mar aon le 300 duine gan stát 18 .

3.4.Rochtain ar chlárúchán agus ar dhoiciméadacht

Chun an chosaint shealadach a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil, chuir na Ballstáit nósanna imeachta brostaithe ar bun go tapa le haghaidh clárúcháin agus le haghaidh eisiúint doiciméadacht. Ar an mbealach sin, d’éirigh le húdaráis na mBallstát cosaint a chur ar fáil go tapa i staid ina bhféadfadh na córais tearmainn thraidisiúnta a bheith faoi bhrú rómhór.

Formhór na ndaoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin, bhí doiciméadacht oifigiúil nó pasanna bithmhéadracha ina seilbh acu nuair a tháinig siad, rud a d’éascaigh an tseiceáil incháilitheachta le haghaidh cosaint shealadach. Sa bhreis air sin, chuidigh nuálaíochtaí i soláthar faisnéise, clárúchán agus eisiúint doiciméid chun rochtain thapa a thabhairt ar na cearta a ghabhann le cosaint shealadach. Chuimsigh sin brútheachtaireachtaí uathoibríocha, clárú digiteach agus próiseáil ina dhiaidh sin, agus eisiúint cártaí aitheantais digiteacha uaireanta. I gcás nach raibh an doiciméadacht ba ghá ag daoine, ghníomhaigh formhór na mBallstát i gcomhréir leis an treoraíocht ón gCoimisiún chun na ceanglais a éascú agus cead isteach á cheadú.

I roinnt Ballstát, chuir ambasáidí agus consalachtaí na hÚcráine tacaíocht thábhacht ar fáil, agus iad ag gníomhú chun pasanna a eisiúint nó a atheisiúint nó chun deimhnithe eile maidir le stádas sibhialta a sholáthair. Ina theannta sin, cuireadh úsáid aipeanna móibíleacha sonracha (an aip Úcránach DiiA mar shampla) chun cinn, trínar féidir le daoine easáitithe rochtain a fháil ar a gcuid doiciméad digiteach, mar aon le faisnéis faoi sheirbhísí poiblí. Chuidigh ‘ionaid ilfhreastail’ agus socruithe meara eile chun dlús a chur le rochtain phraiticiúil ar sheirbhísí.

De réir suirbhé a rinne FRA i mí Lúnasa 2022, thuairiscigh formhór na bhfreagróirí nach raibh deacrachtaí acu agus iad ag taisteal isteach san Aontais agus laistigh de, agus mhothaigh formhór acu gur leor an fhaisnéis a tugadh dóibh maidir lena gcearta agus leis na seirbhísí a bhí ar fáil dóibh 19 .

Tá tuairiscí éagsúla ann go raibh deacrachtaí anois agus arís ag náisiúnaigh tríú tír áirithe agus ag Romaigh agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste freisin (daoine LGBTIQ agus daoine faoi mhíchumas) ó thaobh cosaint shealadach a fháil. Ar dhóigh níos sonraí, bhí deacrachtaí ag Romaigh áirithe ó thaobh cosaint a fháil in éagmais doiciméadacht ón Úcráin tráth a tháinig siad isteach san Aontas; bhí deacrachtaí ag daoine faoi mhíchumas ó thaobh rochtain a fháil ar chineálacha sonracha tacaíochta mar gheall ar easpa aitheantais ar dheimhnithe míchumais nó ar dhoiciméadacht eile. Tá sé tugtha dá aire ag FRA go bhfuil gá le sonraí níos cuimsithí ina leith sin agus go bhfuil gníomhaíocht spriocdhírithe ag teastáil freisin.

I gcomhréir lena sheasamh gur cheart rochtain ar chosaint shealadach a thabhairt do na daoine go léir atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin, beag beann ar a náisiúntacht, a n-eitneachas, nó a gcneasdath, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil, ar gach leibhéil, le Ballstáit an Aontais, le húdaráis na hÚcráine agus le Poblacht na Moldóive chun a áirithiú go n-éascódh teacht isteach sábháilte na náisiúnach tríú tír, na Romach agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar gach beart lena dtacaítear le daoine a easáitíodh as an Úcráin san Aontas a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do cheanglais neamh-idirdhealaithe a eascraíonn as dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha, agus an dlí idirnáisiúnta 20 . Ní mór bearta sonracha a dhéanamh ó thráth an chéad teacht isteach, go dtí glacadh agus imeascadh ina dhiaidh sin, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais grúpaí leochaileacha a bhfuil baol níos mó ann go mbeidh siad ina n-íospartaigh mar gheall ar idir-dhealú, ar dhúshaothrú agus mí-úsáid gnéis agus saothair, agus ar gháinneáil ar dhaoine freisin, cuir i gcás catagóirí éagsúla leanaí leochaileacha 21 agus ban leochaileach.

Agus síneadh curtha leis an gcosaint shealadach go dtí mí an Mhárta 2024, is dúshlán anois é do riaracháin na mBallstát ceadanna cónaithe a athnuachan. Tá múnlaí éagsúla á nglacadh ag na Ballstáit chun é sin a dhéanamh, amhail síneadh uathoibríoch a chur leis na sliseanna, cártaí nua a chur sa phost nó athnuachan a dhéanamh ar an láthair ag an oifig riaracháin ábhartha. Molann an Coimisiún do na Ballstáit leanúint dá dtiomantas agus dá n-iarrachtaí chun dlús a chur le heisiúint nó le hathnuachan na gceadanna cónaithe. Chun saorghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú, na cineálacha ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit (Iarscríbhinn 22 agus 23 den Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann) mar aon leis na cártaí aitheantais cónaithe éagsúla go léir a bhaineann le cosaint shealadach arna n-eisiúint le déanaí go náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit iad a chlárú i gCóras Faisnéise Schengen.

4.Cur chuige uileshochaí

Bhain an fhreagairt chomhordaithe ar mhór-easáitiú na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin le gach earnáil den tsochaí san Aontas. Agus saoránaigh phríobháideacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis phoiblí agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta ag déanamh a gcion féin, d’éirigh leis an Aontas freagairt chomhleanúnach a thabhairt agus beocht a chur sna cearta atá cumhdaithe sa Treoir um Chosaint Shealadach.

4.1.Cosaint speisialta do leanaí

Cuid lárnach de thacaíocht an Aontais do dhaoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin is ea cosaint leanaí. Tá beagnach aon chúigiú de leanaí na hÚcráine faoi thearmann san Aontas faoi láthair.

As an líon mór leanaí atá ag teacht ón Úcráin go dtí an tAontas, is beag leanaí atá cláraithe mar leanaí neamhthionlactha nó scartha de réir bhrí dhlí an Aontais 22 . Tá sé seo amhlaidh toisc go dtagann cuid mhór leanaí in éineacht le caomhnóir a ceapadh san Úcráin, lena n-áirítear os cionn 5 000 leanbh a aslonnaíodh ó institiúidí Úcránacha in éineacht lena gcaomhnóirí. Tá na leanaí sin an-leochaileach agus is leanaí faoi mhíchumas iad cuid mhór acu.

Bhí dúshláin ag na Ballstáit óstacha mar gheall ar mhódúlachtaí an teacht isteach agus ar riachtanais shonracha cosanta. I dtús an easáitithe, bhain na dúshláin lena n-áirithiú go gclárófaí leanaí neamhthionlactha agus scartha mar aon le leanaí a tháinig le caomhnóirí Úcránacha agus na grúpaí leanaí ó shaoráidí cúraim institiúideacha.

Ó thús na coinbhleachta, bhí an Coimisiún i mbun dlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha sna Ballstáit agus leanfaidh sé de dhéanamh amhlaidh chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin iomadúla sin ar bhealach cuimsitheach comhleanúnach.

Agus aitheantas á thabhairt d’ábhair imní dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara Úcránacha maidir le haontacht a chaomhnú agus na catagóirí leanaí leochaileacha sin a rianú, tá sé tábhachtach ardchaighdeáin ghlactha agus chúraim i dtimpeallacht dhí-institiúidithe 23 a áirithiú ionas go ndéanfar na leanaí a óstáil i gcomhréir le caighdeán an Aontais maidir le cúram atá bunaithe sa phobal agus sa teaghlach. Tá an tAontas réidh le hoibriú le húdaráis na hÚcráine chun réitigh a shainaithint trínar féidir cúram malartach d’ardchaighdeán a chur ar fáil do bhaill an ghrúpa agus dlúth-theagmháil á coinneáil san am céanna i measc na mball den ghrúpa agus lena gcaomhnóir Úcránach. Beidh sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht agus an chosaint a shaincheapadh i bhfianaise aoise, inscne, cumas, agus cineálacha eile éagsúlachta de réir riachtanais aonair gach linbh.

Sa Treoraíocht Oibríochtúil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach 24 , thug an Coimisiún comhairle maidir leis an tslí chun gach catagóir leanaí a chlárú le linn idirthurais agus sa tír ina nglacann siad le cosaint shealadach. Mar chuid den Phlean 10 bPointe, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth le saineolaithe agus páirtithe leasmhara chun na dúshláin shonracha a shainaithint a bhain le glacadh agus cúram i gcás na gcatagóirí leanaí is leochailí atá ag teacht ón Úcráin. Ba é ba thoradh ar an obair sin moltaí cuimsitheacha a eisíodh i bhfoirm ‘doiciméad Ceisteanna Coitianta maidir le clárú, glacadh agus cúram do leanaí neamhthionlactha agus leanaí scartha ón Úcráin 25 .’

Tá an Coimisiún ag comhoibriú go dlúth le UNICEF chun glacadh agus cúram cuí a áirithiú sna Ballstáit óstacha do leanaí a aslonnaíodh ina ngrúpaí ó na hinstitiúidí Úcránacha agus chun tacú leis an athchóiriú um dhí-institiúidiú san Úcráin. Sa bhreis air sin, tá an tAontas ag obair go dlúth lena chomhpháirtithe Úcránacha maidir leis an mbealach is fearr chun cabhrú le húdaráis na hÚcráine agus le tuismitheoirí nó caomhnóirí Úcránacha ó thaobh leanaí atá ar iarraidh a rianú, agus lánurraim á tabhairt do reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais agus do chearta na leanaí agus a n-ionadaithe.

Saincheist eile is ea aitheantas a thabhairt do chinntí caomhnóireachta ón Úcráin. Tá tuairiscí fós ann go mbíonn deacrachtaí sna Ballstáit maidir le haitheantas díreach a fháil do chinntí caomhnóireachta arna n-eisiúint ag na húdaráis ábhartha san Úcráin cé go bhfuil Coinbhinsiún na Háige 1996 maidir le Cosaint Leanaí i bhfeidhm ag an Úcráin agus ag na Ballstáit araon 26 . Cuireann páirtithe leasmhara in iúl freisin go bhfuil an caidreamh idir na leanaí agus a gcaomhnóirí ag dul in olcas míonna tar éis dóibh teacht isteach san Aontas toisc gur mar shocruithe sealadach a beartaíodh na socruithe sin go minic. Cruthóidh sé sin dúshláin nua do sheirbhísí cosanta leanaí sna Ballstáit. Thóg roinnt Ballstát céimeanna luatha chun an treocht sin a chosc trí chaomhnóirí áitiúla a cheapadh chun tacú leis na caomhnóirí Úcránacha agus chun treoir a thabhairt dóibh.

Chomhoibrigh an Coimisiún go dlúth freisin le Líonra Eorpach na Caomhnóireachta a bhailigh dea-chleachtais a forbraíodh sna Ballstáit maidir le glacadh agus cúram leanaí leochaileacha 27 , agus a chuir na dea-chleachtais sin ar fáil. In éineacht leis na Ballstáit, féachadh ar na dúshláin a bhaineann le cosaint leanaí freisin i gcruinnithe éagsúla den Ardán Dlúthpháirtíochta agus i gcruinnithe teicniúla tiomnaithe leis na tíortha a fuair formhór na leanaí a aslonnaíodh ó institiúidí Úcránacha.

Amach anseo, déanfar cúnamh airgeadais spriocdhírithe a shlógadh. I gCív i mí Feabhra 2023, d’fhógair an tUachtarán Von Der Leyen tacaíocht an Aontais d’athchóiriú um dhí-institiúidiú san Úcráin. Roimh ionradh na Rúise, bhí os cionn 100 000 leanbh faoi chúram institiúideach agus is mian leis an Úcráin bogadh i dtreo cúram pobail agus cúram teaghlaigh. Is éard is aidhm don athchóiriú straitéis cúraim leanaí comhaimseartha a cheapadh agus tionscadal nasctha a mhaoiniú chun ár ndea-chleachtais a roinnt.

Laistigh den Aontas, tacaíonn na Cistí Gnóthaí Baile go díreach le cabhair do dhaoine atá i staideanna leochaileacha, le glacadh leanaí, go háirithe iad siúd atá neamhthionlactha, agus le daoine faoi mhíchumas, mar aon le daoine atá i mbaol a ngáinneála a shainaithint agus a chur ar aghaidh chuig seirbhísí speisialaithe. Thairis sin, is féidir Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+) a úsáid chun tacaíocht a méadú d’athlonnú leanaí neamhthionlactha go dtí cúram pobail agus cúram teaghlaigh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt do riachtanais leanaí faoi mhíchumas. Beidh CSE+ 2021-2027 in ann tacú le córais cosanta sóisialta freisin, agus aird níos mó á tabhairt go sonrach ar leanaí, ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus ar dhaoine faoi mhíchumas, agus inrochtaineacht na gcóras sin á cur chun cinn go háirithe

Na chéad chéimeanna eile:

·Tá an Coimisiún ag slógadh EUR 10 milliún chun tacú le haistriú na hÚcráine i dtreo cúram leanaí a dhí-institiúidiú.

·Laistigh den Aontas, tacóidh an tArdán Dlúthpháirtíochta le comhordú aistriú na leanaí neamhthionlactha go dtí cúram teaghlaigh agus cúram pobail de réir mar is gá.

·Rachaidh an Coimisiún i mbun comhar le húdaráis na hÚcráine agus na Polainne agus le páirtithe leasmhara ábhartha ar thionscadal i saoráid cúraim leanaí sa Pholainn ina bhfuil líon mór leanaí ón Úcráin á n-óstáil, tionscadal a bheidh ina scéim phíolótach don athchóiriú um dhí-institiúidí san Úcráin.

·Déanfaidh an Coimisiún an treoraíocht atá ann cheana do na Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gclárófar na leanaí a thagann go dtí an tAontas in éineacht lena gcaomhnóirí Úcránacha chun a ráthú go rachaidh seirbhísí cosanta leanaí náisiúnta i dteagmháil leo.

4.2.Aghaidh a thabhairt ar rioscaí maidir le gáinneáil ar dhaoine, agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh coireanna cogaidh

Chuir an Coimisiún, na Ballstáit agus Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus gníomhaíochta coisctheacha i bhfeidhm go pras. Is íseal faoi láthair líon na gcásanna deimhnithe de gháinneáil ar dhaoine a bhaineann le daoine easáitithe ón Úcráin 28 . Bíodh sin mar atá, beidh baol ard fós ann ann maidir le gáinneáil ar dhaoine, go háirithe do mhná agus do leanaí, agus is measa fós a bheidh sé más in olcas a théann staid eacnamaíoch cuid de na daoine easáitithe, rud a d’fhéadfadh cur lena leochaileacht 29 .

Thacaigh an tArdán Dlúthpháirtíocht le Comhphlean Frithgháinneála tiomnaithe 30 an 11 Bealtaine 2022 a forbraíodh agus a cuireadh chun cinn faoi cheannaireacht Chomhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais. Tá cúig sprioc ag an bplean: (1) múscailt feasachta a neartú: (2) cosc a threisiú: (3) forfheidhmiú an dlí agus an fhreagairt bhreithiúnach a fheabhsú; (4) feabhas a chur ar shainaithint luath na n-íospartach agus ar an tacaíocht agus an chosaint a thugtar dóibh; (5) aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine i dtíortha lasmuigh den Aontas, go háirithe san Úcráin agus i bPoblacht na Moldóive. Na gníomhaíochtaí agus na moltaí a leagtar amach sa Phlean, comhlánaíonn siad an Treoir um Chosaint Shealadach a chuir go mór le leochaileacht na ndaoine ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin a laghdú a mhéid a bhaineann le gáinneáil. Thug an Coimisiún tuairisc ar chur chun feidhme an Phlean sa cheathrú tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa comhrac i gcoinne gáinneáil ar dhaoine arna glacadh an 19 Nollaig 2022 31 .

Tá gach gníomh curtha i gcrích nó fós ar siúl. Leanann Comhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais de bheith ag déanamh faireacháin ar chur chun feidhme an Phlean, i ndlúthchomhar leis na Rapóirtéirí Náisiúnta agus Sásraí Coibhéiseacha 32 , le hArdán Shochaí Sibhialta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine, agus le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

Mar chuid den chur chuige comhordaithe, déantar gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine a ghlacadh laistigh de chreat an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gcoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), a bhfuil údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha mar aon le cigireachtaí saothair páirteach ann. Cuireann na Ballstáit agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais oiliúint ar pháirtithe leasmhara áirithe chun gur féidir leo comharthaí na gáinneála ar dhaoine a bhrath.

Leanann Europol, i gcomhar leis na Ballstát, de bheith ag déanamh faireacháin ar an staid tríd an bhfaisnéis a fhaigheann sé trí SIENA. Moltar do na Ballstáit leanúint d’fhaisnéis a roinnt le Europol maidir le cásanna féideartha de gháinneáil.

Sa bhreis ar sin, eagraíonn an tÚdarás Eorpach Saothair cruinnithe leis na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí, leis na húdaráis náisiúnta saothair agus le comhpháirtithe sóisialta, cruinnithe ina dtugtar aghaidh ar na leochaileachtaí agus na rioscaí a bhaineann le hobair neamhdhearbhaithe agus dúshaothrú saothair mar chuid d’fhoghrúpa an Ardáin Eorpaigh atá ag dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe i measc na ndaoine easáitithe ón Úcráin.

I gcomhthráth leis an iarracht sin, tá an Coimisiún ag obair chun a áirithiú go bhfaigheann daoine easáitithe ón Úcráin, ar íospartaigh coireanna cogaidh iad, tacaíocht agus cosaint san Aontas, mar a fhoráiltear sa Treoir maidir le Cearta Íospartach 33 . Faoi Ardán an Aontais um Chearta Íospartach, tá an Coimisiún ag obair go dlúth le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Eurojust, agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha, atá ábhartha do chearta íospartach chun a áirithiú go gcuirfear cearta íospartach coireanna cogaidh san áireamh. An 21 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh Eurojust agus Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta treoirlínte le haghaidh eagraíochtaí sochaí sibhialta maidir le coireanna idirnáisiúnta agus sáruithe ar chearta an duine a dhoiciméadú chun críoch cuntasaíochta 34 . I bhfianaise na n-imscrúduithe atá ar siúl faoi láthair sna Ballstáit, tá tábhacht ar leith ag baint lena áirithiú gur féidir le híospartaigh brath go hiomlán ar a gcearta.

Na chéad chéimeanna eile:

·Leanfaidh Comhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais de bheith ag déanamh faireacháin ar chur chun feidhme an Chomhphlean Frithgháinneála agus déanfaidh sé é a nuashonrú de réir mar is iomchuí.

·Tathantaítear ar na Ballstáit faisnéis faoi chásanna gáinneála a roinnt le Europol chun tionchar an chur chuige chomhordaithe a uasmhéadú.

·Leanfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair de bheith ag déanamh teagmháil le páirtithe leasmhara tábhachtacha mar chuid den ghrúpa tiomnaithe maidir le hobair neamhdhearbhaithe i measc iad siúd a easáitíodh mar gheall ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus cuirfidh sé a dtorthaí os comhair an Ardáin Dlúthpháirtíochta.

4.3.Rochtain ar an oideachas agus ar an ngairmoiliúint:

Tá an t-oideachas bunriachtanach le haghaidh cuimsiú agus cuidíonn sé le feabhas a chur ar fholláine shóisialta agus mhothúchánach na leanaí a easáitíodh mar gheall ar ionsaí na Rúise, ar cuireadh isteach ar scolaíocht cuid mhór acu cheana féin mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Faoin Treoir um Chosaint Shealadach, ba chóir do na Ballstáit rochtain ar an gcóras oideachas a thabhairt do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois faoi na coinníollacha céanna agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh siad rochtain ar an gcóras oideachais ginearálta a thabhairt do dhaoine fásta faoi chosaint shealadach freisin.

Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag Ballstáit an Aontais chun leanaí easáitithe ón Úcráin a chuimsiú go tapa ina gcórais oideachais, ón oideachas luath-óige go dtí an t-ardoideachas 35 . Mar sin féin, ag tús na bliana scoile i mí Mheán Fómhair seo caite, ní raibh ach leathmhilliún leanbh ón Úcráin cláraithe i gcórais oideachais ar fud an Aontais 36 . Thairis sin, in áiteanna ina bhfuil an líon leanaí easáitithe an-mhór, tá gá leis an mbonneagar bunúsach a threisiú maille le múinteoirí, oiliúnóirí agus cúramóirí a earcú agus oiliúint a chur orthu. Is léir go bhfuil tacaíocht bhreise teanga agus shocheolaíoch fíor-thábhachtach agus ba cheart í a threisiú áit nach leor í chun na rátaí clárúcháin a choinneáil ar bun agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

De réir mar a leanann ionsaí na Rúise ar aghaidh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na leanaí uile atá easáitithe ón Úcráin, lena n-áirítear leanaí faoi míchumas, a chlárú san oideachas ionas gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus an bhunchloch a leagan dá saol amach anseo. I gcás na leanaí atá beagnach ina ndaoine fásta, féadfaidh an t-oideachas a gcuimsiú sa mhargadh saothair amach anseo a éascú. Beidh an t-oideachas a gheofar san Aontas ábhartha freisin maidir le hatógáil na hÚcráine san am atá le teacht.

Chun an t-aistriú a éascú agus chun gur féidir leis na leanaí a gceangal le cultúr agus teanga na hÚcráine a choinneáil san am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis múinteoirí tacaíochta a bhfuil Úcráinis acu a earcú i scoileanna, téacsleabhair Úcráinise a thabhairt isteach i scoileanna agus i leabharlanna, agus ábhar faisnéise tiomnaithe a chur ar fáil do thuismitheoirí Úcránacha. Thairis sin, i roinnt cásanna, chuaigh údaráis na hÚcráine i mbun comhair le scoileanna agus údaráis oideachais sna Ballstáit chun a áirithiú go bhféadfaidh curaclam na hÚcráine, úsáid acmhainní ar líne agus cuimsiú i scoil na tíre óstaí cur lena chéile 37 . Ag an gCruinniú Mullaigh Eorpach maidir leis an Oideachas an 1 Nollaig 2022, fógraíodh tacaíocht do théacsleabhair Úcránacha a fhoilsiú.

Maidir leis sin, is ríthabhachtach é an plé faoi shocraithe aitheantais do thréimhse staidéir i scoil i dtír óstach nuair a fhillfear ar an Úcráin. Leis na socraithe aitheantais sin, cuideofar le leanúnachas an oideachais agus le haitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach agus do cháilíochtaí, agus seachnófar go mbraithfidh tuismitheoirí agus leanaí gur gá dóibh rogha a dhéanamh idir cuimsiú ina dtír óstach agus leanúint leis an oideachas nuair a fhillfidh siad ar an Úcráin. Sa bhreis air sin, i lámhleabhar praiticiúil ón gCoimisiún ó mhí an Mheithimh 2022 maidir le leanaí easáitithe ón Úcráin a chuimsiú i gcóras oideachas na mBallstáit, tugtar achoimre ar dhea-chleachtais luatha maidir le gach gné den chuimsiú i scoileanna 38 . Tá sé tábhachtach anois go gcuirfidh na Ballstáit leis na hiarrachtaí sin agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar na gnéithe ábhartha uile, cuir i gcás trí thacú le scoileanna agus le baill foirne oideachais ó thaobh leanaí easáitithe a chuimsiú, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe a bhaineann le tacaíocht shíceasóisialta agus sealbhú teanga, trí theagmháil a choinneáil le teaghlaigh agus pobail easáitithe, nó trí chuidiú le leanaí easáitithe an ceangal leis an Úcráin a choinneáil ar bun.

Chun tacú leis na Ballstáit agus le múinteoirí go háirithe ina gcuid iarrachtaí, soláthraíonn an tAontas acmhainní agus faisnéis maidir le hoideachas agus oiliúint atá ceaptha do thuismitheoirí easáitithe, daltaí, scoileanna agus múinteoirí, chomh maith le páirtithe leasmhara agus eagraíochtaí atá páirteach in iarrachtaí dlúthpháirtíochta i mBallstáit an Aontais. Sholáthair Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+) acmhainní suntasacha d’oiliúint na múinteoirí, do rochtain ar oideachas a mhéadú, agus do chláir oiriúnaithe a chur ar fáil do leanaí. Tá siad sin ar fáil ar Thairseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus ar an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile 39 , a tháinig i gcomharbas ar an Tairseach Oideachais Scoile 40 agus arb é an baile nua don ríomhnascadh (eTwinning).

Freastalaíonn an tArdán Eorpach ar líne um Oideachas Scoile ar mhúinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí, oideoirí na múinteoirí, lucht déanta beartas agus gairmithe eile atá ag obair san oideachas scoile, lena n-áirítear Oideachas agus Cúram Luath-Óige mar aon le Gairmoideachas agus Gairmoiliúint (VET). Chun tacú le cuimsiú na leanaí easáitithe ón Úcráin, d’oscail an Coimisiún leathanach gréasáin tiomnaithe lena gcuirtear réimse leathan acmhainní éagsúla ar fáil do pháirtithe leasmhara oideachais 41 . Cuimsíonn an tArdán sraith cúrsaí forbartha gairmiúla atá saor in aisce ar thopaicí a bhaineann le hoideachas do dhídeanaithe. Leis an ardán pobail ar líne do mhúinteoirí agus ball foirne scoile, ríomhnascadh, cruthaíodh grúpaí tiomnaithe idirphlé maidir le tacaíocht piaraí do mhúinteoirí (agus a ndaltaí) san Úcráin agus/nó i dtíortha comharsanachta, agus chun tacú le múinteoirí Eorpacha an cuimsiú agus an éagsúlacht a chur chun cinn sa seomra ranga. Is féidir le gach múinteoir easáitithe ón Úcráin a chruthaíonn nasc le scoile ina dtír óstach rochtain iomlán a fháil ar an bpobal ríomhnasctha agus a dtionscail shonracha féin a thionscnamh.

Rinne an Coimisiún an clár Erasmus+ a shlógadh freisin ionas gur féidir le daoine atá i mbun staidéar in institiúid ardoideachais de chuid na hÚcráine ar aon leibhéal staidéir – cúrsaí gearrthimthriallacha, Baitsiléara, máistreachta agus dochtúireachta san áireamh – deontas a fháil chun staidéar a dhéanamh ar feadh suas le 12 mhí ag na hinstitiúidí ardoideachais óstacha i mBallstát den Aontas Eorpach nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gclár Erasmus+. Is féidir le mic léinn agus daoine a bhain céim amach ó institiúidí ardoideachais na hÚcráine le déanaí tréimhse oiliúna atá maoinithe ag Erasmus+ a dhéanamh freisin. Is féidir le baill foirne ó institiúidí ardoideachais na hÚcráine deontas Erasmus+ a fháil ar feadh tréimhse ghearr. Sa bhreis ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta mac léinn agus foirne, beidh na tionscadail fothaithe acmhainneachta san ardoideachas agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, sin agus an Chomhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus, fós oscailte do mhic léinn, do bhaill foirne agus d’institiúidí oideachais ón Úcráin. Ina theannta sin, is féidir tograí le haghaidh tionscadail chomhpháirtíochta a chur isteach chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais san Úcráin.

An t-ardán Tacaíochta Teanga ar Líne nua atá curtha ar fáil faoi scáth Erasmus+, cuidíonn sé le mic léinn, foghlaimeoirí, foireann teagaisc, ollúna agus oideoirí a ghlacann páirt i dtionscadail de chuid Erasmus+ scileanna teanga a shealbhú.

Tá rochtain ar oideachas agus ar ghairmoiliúint tábhachtach freisin do dhaoine fásta ar gá dóibh cláir foghlama a tionscnaíodh san Úcráin a chur i gcrích nó na cáilíochtaí agus an t-oideachas atá acu cheana a chomhlánú chun rochtain a fháil ar obair atá i gcomhréir lena bpróifíl. Sa treoraíocht ón Aontas maidir le cuidiú a thabhairt do dhaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise rochtain a fháil ar an margadh saothair, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach, iarrtar ar na Ballstáit deiseanna spriocdhírithe uasoiliúna agus athoiliúna, gairmoideachas agus gairmoiliúint nó taithí phraiticiúil san ionad oibre a chur ar fáil, lena n-áirítear oiliúint teanga 42 .

Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le rochtain ar an oideachas a chur ar fáil do dhaltaí agus do mhic léinn na hÚcráine agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana, agus sin a dhéanamh an tráth céanna le teagmhálacha le húdaráis na hÚcráine a neartú, lena n-áirítear trí Ghrúpa Dlúthpháirtíochta Oideachais an Aontais le haghaidh na hÚcráine a thacaíonn le malartú faisnéise agus taithí idir na Ballstáit cheana féin maidir le gach ábhar a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin ó thaobh oideachais de.

Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do lucht taighde agus lucht acadúil na hÚcráine, taighdeoirí atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin san áireamh. Seoladh scéim thiomnaithe comhaltachtaí dar luach EUR 25 mhilliún faoin gClár Marie Skłodowska-Curie agus tá gníomhaíocht EUR 20 milliún curtha ar fáil ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta doimhne san Úcráin. Tá an tionscnamh ERA4Ukraine, ar clár é de chuid Fís Eorpach, ina ionad ilfhreastail do thaighdeoirí atá ar a dteitheadh ón Úcráin, agus iad ag obair i gcomhpháirt leis na Ballstáit agus le tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach.

Na chéad chéimeanna eile:

·Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun an clárú i scoileanna a uas-scálú trí thacú le malartuithe rialta maidir le dul chun cinn agus dea-chleachtais na scoileanna mar aon leis na dúshláin atá rompu. Is mar chuid de Ghrúpa Dhlúthpháirtíochta Oideachais an Aontais le haghaidh na hÚcráine atá an obair sin. Treiseofar an fhor-rochtain chuig údaráis na hÚcráine ar mhaithe le tuismitheoirí na hÚcráine a spreagadh chun a leanaí a chur ar scoil san Aontas.

·Soláthróidh an Coimisiún leathmhilliún leabhar scoile san Úcráinis do dhaltaí cúigiú grád faoin gcuraclam Úcránach nua faoi earrach 2023.

·Trína ardáin ar líne, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoileanna le hábhair ar líne, dea-chleachtais agus cúrsaí oiliúna, agus béim ar leith á leagan ar theagasc teanga, tacaíocht shíceasóisialta agus oideachas ionchuimsitheach.

·Leanfaidh an Coimisiún de na Ballstáit a spreagadh chun lánúsáid a bhaint as scileanna agus inniúlachtaí na mball foirne oideachais a easáitíodh ón Úcráin, i gcomhréir lena Mholadh agus le comhairle phraiticiúil maidir le haitheantas solúbtha a thabhairt do cháilíochtaí.

·Faoi scáth Erasmus+ ‘Fothú acmhainneachta i réimse an ardoideachais’, cuirfidh an Coimisiún gníomhaíocht dar luach EUR 5 mhilliún chun feidhme ar mhaithe le timpeallacht oideachasúil oscailte dhigiteach a chruthú le haghaidh mic léinn a theith ón Úcráin nó a easáitíodh ón tír.

·Leanfaidh an Coimisiún de rannpháirtíocht i dtréimhsí oiliúna an Aontais (Bluebook) a thairiscint do chéimithe óga ón Úcráin.

·Treiseoidh an Coimisiún na malartuithe le húdaráis na hÚcráine freisin chun aitheantas do cháilíochtaí acadúla a fuarthas sna Ballstáit a éascú san Úcráin, lena n-áirítear trí thacú le Lárionad Náisiúnta Faisnéise na hÚcráine um an tSoghluaisteacht Acadúil faoi chuimsiú Phróiseas Bologna.

4.4.Rochtain ar chúram sláinte agus ar shochair leasa shóisialta

Is príomhghnéithe den chosaint shealadach iad dínit an duine agus caighdeán maireachtála díniteach. Ceanglaíonn an Treoir ar na Ballstáit an cúnamh is gá a chur ar fáil ó thaobh leas sóisialta agus cóir mhaireachtála de, sa chás nach mbíonn na nithe sin ar fáil, agus ó thaobh cúraim leighis de 43 . Mar fhreagairt air sin, ar bhonn ginearálta chuir na Ballstáit cúnamh daonnúil ar fáil láithreach, lena n-áirítear le tacaíocht ó chomhpháirtithe eile. D’áirigh siad tairbhithe de chosaint shealadach i gcórais cosanta sóisialta níos leithne freisin, rud lenar féidir an t-aistriú riachtanach a éascú, is é sin ón gcúnamh éigeandála ad hoc go dtí cúnamh sóisialta spriocdhírithe agus an féintuilleamaí 44 .

Bíonn difríochtaí móra ó Bhallstát go chéile i dtaca le sochair cúnaimh shóisialta (idir airgead tirim agus eile) le haghaidh tairbhithe de chosaint shealadach, rud a léiríonn éagsúlacht agus castacht na gcóras sóisialta náisiúnta go minic. Is féidir trí chur chuige leathana a aithint: caitheann líon suntasach Ballstát le tairbhithe de chosaint shealadach mar a chaitheann siad lena náisiúnaigh/saoránaigh féin nó le dídeanaithe aitheanta sa chaoi go bhfuil siad ar comhchéim lena chéile, agus cuireann siad an rochtain chéanna ar sheirbhísí sóisialta agus ar bhearta tacaíochta ar fáil dóibh. Is minic a bhíonn i gceist leis sin ceanglais rochtana a mhaolú chun imthosca sonracha an easáitithe a chur san áireamh, e.g. i dtéarmaí fíorú le haghaidh tástáil acmhainne nó critéir incháilitheachta eile. Áiríonn Ballstáit eile tairbhithe de chosaint shealadach sna córais tacaíochta a bunaíodh le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. D’fhorbair roinnt eile acu socruithe ad hoc atá dírithe go sonrach ar thairbhithe de chosaint shealadach. I gcásanna den sórt sin, is minic nach mbíonn an leibhéal tacaíochta chomh flaithiúil céanna nó go mbíonn sé teoranta ó thaobh ama de. Tá córas hibrideach ag Ballstát amháin nach ionann na forálacha is infheidhme ann maidir le náisiúnaigh den Úcráin agus maidir le náisiúnaigh tríú tír eile atá faoi chosaint shealadach.

Cuireann formhór mór na mBallstát cineálacha éagsúla sochar breise nó bearta tacaíochta aonuaire ar fáil freisin: e.g. sochair thithíochta, ticéid traenach saor in aisce, nó deontais cothaithe nó imeasctha tosaigh, cúrsaí imeasctha speisialta nó tacaíocht ghaolmhar, seirbhísí athshlánaithe agus réitigh inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas.

Sa bhreis ar ghníomhaíocht na mBallstát, in go leor cásanna, chuir sochaí shibhialta na hEorpa tacaíocht bhreise riachtanach ar fáil go minic trí ardáin tacaíochta deonaí, tabhartais aonair agus tionscnaimh eile. I dtuairim is leath de na Ballstáit, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil an líon is mó tairbhithe de chosaint shealadach á n-óstáil acu go háirithe, cuireadh ardáin thiomnaithe ar líne ar bun chun tairiscintí agus tacaíocht arna gcur ar fáil ag eagraíochtaí sóisialta, fiontair agus daoine príobháideacha a chomhordú 45 .

De réir mar a thagann cortha nua chun cinn, agus le fadú na cosanta sealadaí go dtí mí an Mhárta 2024 ar a laghad, tá athbhreithniú agus athrú á dhéanamh ag na Ballstáit ar an reachtaíocht agus na socruithe náisiúnta. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun a áirithiú go leanfar de na cearta uile a leagtar amach sa Treoir a bhronnadh ar thairbhithe de chosaint shealadach agus chun beartais a chur chun cinn as a dtiocfaidh féintuilleamaí na ndaoine sin (go háirithe trí rochtain ar phoist agus ar dheiseanna oideachais agus oiliúna).

Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, ceanglaítear go n-áireofar ar a laghad cúram éigeandála agus cóireáil riachtanach ar bhreoiteacht sa chúnamh is gá le haghaidh cúram leighis. Thángthas ar an gconclúid sa chéad tuarascáil ón gCoimisiún 46 gur thug formhór na mBallstát rochtain chuimsitheach ar chórais cúraim sláinte náisiúnta do thairbhithe de chosaint shealadach sa chaoi go bhfuil an rochtain sin ar aon dul leis an rochtain atá ag a saoránaigh féin nó an-chosúil léi, gan ach roinnt bheag difríochtaí a bheith ann. Tá an méid sin ag teacht leis an treoraíocht ón gCoimisiún ar an ábhar sin.

Baineann deacrachtaí praiticiúla cur chun feidhme i roinnt Ballstát le heaspa faisnéise maidir le rochtain ar chúram sláinte mar shampla, nó le bacainní teanga. Na difríochtaí idir na sceidil vacsaínithe 47 agus na cúrsaí cóireála le haghaidh galair ainsealacha agus theagmhálacha áirithe, chuir na difríochtaí sin dúshláin roimh na córais sláinte i dtíortha óstacha freisin. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit faoi láthair chun fadhbanna na hinrochtaineachta a shainaithint agus foilseofar an dara tuarascáil i mí Aibreáin 2023.

Is dúshlán ginearálta fós é daoine faoi mhíchumas a shainaithint agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Baineann na príomhdheacrachtaí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus daoine faoi mhíchumas a shainaithint trí mheasúnuithe leighis luatha nó tríd an obair a dhéanann oibrithe sóisialta. Príomhdheacracht eile is ea an tslí is féidir teastais mhíchumais atá ann cheana a aistriú chuig córais náisiúnta éagsúla um thacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas. Tá treoraíocht ábhartha tugtha ag an gCoimisiún ar an tsaincheist sin agus thug sé Ballstáit, comhpháirtithe na sochaí sibhialta, údaráis na hÚcráine agus eagraíochtaí eile le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin 48 .

Trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, tá tacaíocht tugtha ag an Aontas d’aslonnú leighis othar Úcránach agus iad siúd a gortaíodh sa chogadh nach bhféadfadh cóireáil a fháil a thuilleadh san Úcráin mar gheall ar an gcogadh. Aslonnaíodh beagnach 2 000 othar Úcránach go rathúil chuig 20 tír AE agus LEE. Bunaíodh mol leighis in Rzeszów (an Pholainn) chun an t-aslonnú a éascú. Comhiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, na hEagraíochta Domhanda Sláinte, na mBallstáit AE agus LEE, na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive a bhí i gceist leis an mol sin. Arna iarraidh sin d’údaráis na hÚcráine, forbraíodh scéim aisdúichithe de chuid an Aontais chun filleadh na n-othar aslonnaithe sin ar an Úcráin a éascú. Tá baint ag an Úcráin le Clár EU4Health freisin agus tá sí chun páirt a ghlacadh i roinnt gníomhaíochtaí, amhail an ghníomhaíocht chomhpháirteach maidir le Líonraí Tagartha Eorpacha um Ghalair Neamhchoitianta a chomhtháthú i gcórais sláinte náisiúnta.

Bunaíodh Líonra maidir le Tacú leis an Úcráin, Ballstáit chomharsanachta den Aontas agus Poblacht na Moldóive trí Ardán an Aontais um Beartas Sláinte chun cuidiú le comhar agus comhordú na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na sochaí sibhialta ina n-iarrachtaí tacú leis an gcúram sláinte san Úcráin agus cúnamh a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Chothaigh an Coimisiún obair an líonra le maoiniú breise ón gClár EU4Health. Cuireadh glaonna amach ar thograí atá dírithe ar eagraíochtaí othar agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun tacú le daoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Tá riachtanais shonracha ag go leor de na daoine a easáitíodh, leanaí san áireamh, mar gheall ar an eispéiris thrámach a bhaineann le hionsaí na Rúise. Chun an mheabhairshláinte agus/nó an tacaíocht shíceasóisialta a chuirtear ar fáil i bhformhór na mBallstát a chomhlánú, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag an gCoimisiún le haghaidh na chéad chabhrach síceolaíche trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile.

Na chéad chéimeanna eile:

·Faoi mhí Aibreáin 2023, tuairisceoidh an Coimisiún maidir le bacainní ar chúram sláinte a rochtain agus déanfaidh sé plé leis na Ballstáit maidir leis an mbealach lena sárú.

·Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a choinneáil ar bun. Tabharfar tús áite do vacsaíniú na leanaí easáitithe, de réir chláir vacsaínithe na tíre óstaí agus i gcomhaontú leis na Ballstáit. Tacaíocht a chur ar fáil do leanúnachas cúraim na ndaoine sin a bhfuil cóireáil fhadtéarmach de dhíth orthu, ba cheart tosaíocht a thabhairt dó sin freisin. Ba cheart faireachas eipidéimeolaíochta a áirithiú.

·Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun leanúint de thacaíocht a thabhairt d’othair ailse Úcránacha trí bhíthin an mhéid seo a leanas: na haslonnuithe leighis atá ann faoi láthair, cógais ailse a sholáthar don Úcráin, rannpháirtíocht na hÚcráine sna gníomhaíochtaí a forbraíodh faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, agus an Clár EU4Health.

·Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht iomlán shíceasóisialta agus mheabhairshláinte ar fáil do dhaoine easáitithe ón Úcráin trí chomhaontuithe le Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear trí oiliúint mheabhairshláinte do mhúinteoirí agus d’oibrithe sóisialta a uas-scálú.

4.5.Rochtain ar phoist

Tá cuimsiú sa mhargadh saothair ríthábhachtach ionas gur féidir le daoine a bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais de, tacú lena dteaghlaigh agus cur leis an bpobal óstach. Rachaidh an cuimsiú chun tairbhe don Úcráin san fhadtéarma freisin nuair a fhillfidh daoine abhaile a bhfuil scileanna nua faighte acu agus a chuideoidh chun an tír a atógáil.

Nuair a cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh, chuir na Ballstáit deireadh le roinnt mhaith foirmiúlachtaí agus céimeanna riaracháin breise (ar nós ceadanna oibre breise) nó le bacainní eile, chun rochtain láithreach ar an margadh saothair a áirithiú. I mí an Mheithimh 2022, chuir an Coimisiún treoraíocht ar fáil agus chuir sé bearta nithiúla chun cinn chun rochtain ar an margadh saothair, ar an ngairmoideachas, ar an ngairmoiliúint, agus ar an bhfoghlaim aosach a éascú, agus leas á bhaint aige as na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna roimhe seo 49 .

Léiríonn an fhianaise go dtí seo gur éirigh leis na tionscnaimh sin agus gur tapúla a tháinig daoine easáitithe ón Úcráin isteach sa mhargadh saothair ná mar a bhí i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus daoine a bhfuil stádas dídeanaí acu 50 . Léiríonn na figiúirí a bhí ar fáil i mí na Nollag 2022 go raibh níos mó ná 1.1 milliún duine easáitithe ón Úcráin i mbun fostaíochta ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch 51 . Tá ar a laghad 614 933 thairbhí de chosaint shealadach fostaithe in 18 mBallstát, san Iorua agus i Lichtinstéin agus tá 413 365 dhuine cláraithe mar chuardaitheoirí poist i 15 Bhallstát (nó is iad sin na figiúirí mar a bhí an 1 Márta 2023).

Mar chuid de na tionscnaimh sin, i mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach Saothair Linn Tallann Píolótach 52 le haghaidh daoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Tacaíonn an tionscnamh le himeascadh na dtairbhithe de chosaint shealadach sa mhargadh saothair fad agus atá siad san Aontas. Éascaíonn sé meaitseáil a bpróifílí le poist agus folúntais a fhreagraíonn dá scileanna agus dá gcuid cáilíochtaí. Cabhraíonn sé leo a CVanna a chruthú agus a bpróifílí a chur faoi bhráid breis agus 4 000 fostóir san Aontas a raibh 3 900 000 folúntas acu i mí Feabhra 2023. Téann fostóirí atá cláraithe ar an tairseach EURES faoi nós imeachta grinnfhiosrúcháin i measc nithe eile chun baol an dúshaothraithe saothair a sheachaint. Cé go bhfuil an tairseach ar fáil do chuardaitheoirí poist i ngach Ballstát den Aontas, tá acmhainní breise infheistithe ag roinnt Ballstát chun tacú lena cur chun feidhme 53 . Chun a áirithiú go ndéanfar tairbhithe de chosaint shealadach a imeascadh níos tapúla sa mhargadh saothair, moltar do na Ballstáit úsáid na Linne Tallann Píolótaí a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus tacú léi trí fheachtais ghníomhacha cur chun cinn agus faisnéise.

Tá tábhacht ar leith ag baint le bailíochtú tapa scileanna agus le cáilíochtaí a aithint go tapa chun go n-éireoidh leis an imeascadh sa mhargadh saothair. I mí Aibreáin 2022, d’eisigh an Coimisiún Moladh agus comhairle phraiticiúil maidir le haitheantas solúbtha a thabhairt do cháilíochtaí a thugann rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó ar fhoghlaim bhreise do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus tá faireachán á dhéanamh aige ar a chur chun feidhme 54 . Chun cur le tuiscint níos fearr ar cháilíochtaí na hÚcráine agus ar cháilíochtaí a fuarthas san Aontas, sin agus inchomparáideacht níos fearr eatarthu, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil chomparáide 55 agus tá malartuithe á n-eagrú aige do chleachtóirí agus do dhaoine eile a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú ar cháilíochtaí.

Tá céimeanna tábhachtacha glactha ag roinnt Ballstát cheana féin chun aithint cáilíochtaí a éascú 56 , agus tá roinnt comhaontuithe tugtha i gcrích leis an Úcráin i réimse an aitheantais acadúil. Tá sé tábhachtach a chinntiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar obair a fhreagraíonn dá gcáilíochtaí agus dá dtaithí.

Ós rud é gur teaghlaigh Úcránacha dar ceann baineann atá i bhformhór na dtairbhithe de chosaint shealadach, i roinnt clár de chuid na mBallstát um chuimsiú sa mhargadh saothair, cuireadh béim ar thacaíocht do mhná ón Úcráin. Fágann an comhthéacs sin gur réamhchoinníoll thar a bheith criticiúil é seirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige a bheith ar fáil chun na mná sin a chuimsiú go tapa agus ar bhealach inbhuanaithe sa mhargadh saothair.

Tugadh aird ar leith d’iriseoirí agus oibrithe meán na hÚcráine freisin, agus leanfar den aird sin a thabhairt dóibh. Óstáladh iriseoirí san Aontas faoi chuimsiú an tsásra mearfhreagartha uile-Eorpaigh um sháruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán 57 , sásra ar thacaigh an tAontas leis. Tá tionscadal eile atá á mhaoiniú ag an Aontas oscailte do mheáin na hÚcráine ar tionscadal é chun comhpháirtíochtaí iriseoireachta trasteorann a chur chun cinn 58 . Chun tacú leis an acmhainneacht fiontraíochta atá ag Úcránaigh óga, tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun rannpháirtíocht níos solúbtha a cheadú sa Chlár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga. Mar thoradh air sin, chuir an líon is mó fiontraithe Úcránacha isteach ar an gclár agus ghlac an líon is mó acu páirt ann ó bhí 2018 ann.

Ina theannta sin, threisigh an Coimisiún a chuid oibre le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Imeascadh chun imeascadh na dtairbhithe de chosaint shealadach sa mhargadh saothair a chur chun cinn. Mar a cuireadh i dtábhacht i ráiteas comhpháirteach a eisíodh i mí na Nollag 2022, comhaontaíonn comhaltaí an chomhpháirtithe aontaithe díriú ar na struchtúir chomhair idir na gníomhaithe ábhartha sa mhargadh saothair a neartú, mar aon le measúnú, aithint agus bailíochtú scileanna agus cáilíochtaí dídeanaithe agus imirceach a dhéanamh níos éasca agus níos simplí 59 .

Ós rud é go bhfuil na Ballstáit ag tosú ar a gcláir CSE+ don tréimhse 2021-2027 a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar úsáid CSE+ chun tacú le himeascadh sóisialta náisiúnach tríú tír agus lena n-imeascadh sa mhargadh saothair, go háirithe iad siúd ón Úcráin.

Soiléireacht maidir leis an gceart chun fostaíochta agus chun féinfhostaíochta gan mhoill nó coinníollacha, bhí sé sin ina phríomhthoisc go dtí seo chun a áirithiú go mbíonn rochtain ag daoine easáitithe ón Úcráin ar an margadh saothair. Is féidir cur leis na hiarrachtaí fós chun teagmháil a dhéanamh le daoine easáitithe ar mhaithe le faisnéis a thabhairt dóibh faoi thacaíocht fhéideartha chun dul isteach sa mhargadh saothair agus ar mhaithe lena spreagadh chun clárú sna Seirbhísí Fostaíochta Poiblí. An tráth céanna, tá éiginnteacht ann maidir le cé chomh fada agus a fhanfaidh daoine easáitithe ón Úcráin san Aontas agus tá gá le cur chuige solúbtha chun rochtain thapa agus inbhuanaithe ar an margadh saothair a áirithiú. I ndáil leis an méid sin, is céim thábhachtach iad iarrachtaí réamhbhreathnaitheacha na mBallstát, amhail an Pholainn, an Eastóin agus Ballstáit eile, chun rochtain a éascú ar stádais eile a bhaineann leis an imirce dhleathach, lena n-áirítear tríd an bhfostaíocht. Amach anseo, ní mór iarrachtaí réamhghníomhacha maidir le cúrsaí teanga a chur ar fáil agus rochtain agus cuimsiú níos fearr sa mhargadh saothair a bheith fós ag gabháil leis an gcur chuige sin ionas nach bhfágfaí aon duine ar lár.

Na chéad chéimeanna eile:

·Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun imeascadh níos tapúla na dtairbhithe de chosaint shealadach sa mhargadh saothair a chothú. Déanfaidh siad amhlaidh trí úsáid na Linne Tallann Píolótaí a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, trí thacú lena húsáid agus trí dhea-chleachtais sainaitheanta a chomhroinnt.

·Cuirfidh an Coimisiún malartuithe chun tosaigh maidir le dul chun cinn, dúshláin agus dea-chleachtais i ndáil le cur chun feidhme tionscadal arna maoiniú ag an Aontas le haghaidh náisiúnaigh tríú tír in éineacht le húdaráis bhainistíochta náisiúnta CSE+.

·Chun cur le tuiscint níos fearr ar cháilíochtaí na hÚcráine agus ar cháilíochtaí a fuarthas san Aontas, sin agus inchomparáideacht níos fearr eatarthu, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chur chun feidhme a Mholta maidir le haitheantas solúbtha a thabhairt do cháilíochtaí, agus eagróidh sé malartuithe do chleachtóirí agus do dhaoine eile a bhfuil baint acu leis an athbhreithniú ar cháilíochtaí.

4.6.Rochtain ar chóiríocht agus ar thithíocht

Óstáil a dhéanamh ar na milliúin daoine a easáitíodh i dtréimhse ghearr ama, tá sé ar cheann de na dúshláin mhóra a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach.

Ar fud an Aontais, chuir údaráis náisiúnta agus bardais cineálacha éagsúla cóiríochta sealadaí nó ní ba bhuaine ar fáil, trí urraitheoirí príobháideacha agus tríd an margadh tithíochta freisin. Chabhraigh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta 60 chun freastal ar an éileamh ar dhídean éigeandála sna Ballstáit atá i gcomharsanacht na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive nó gar dóibh, go háirithe sna chéad chúpla lá ar theacht isteach na ndaoine easáitithe. Rinne Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin tairiscintí ó 21 Bhallstát den Aontas agus ón Iorua a stiúradh, agus chuir sé Aonaid Tithíochta Fóirithinte agus leapacha ó thaisce dídine rescEU ar fáil.

Ag breathnú siar, áfach, an fhlaithiúlacht ollmhór a léirigh daoine príobháideacha agus iad ag cur a dtithe féin ar fáil, bhí sin ar cheann de na gnéithe is suntasaí den fhreagairt ar an ngéarchéim. Seachas sin, bheadh deacrachtaí ag saoráidí glactha oifigiúla déileáil leis an méid sin daoine.

Chun tacú le daoine leochaileacha agus leis na daoine atá á n-óstáil, thug údaráis náisiúnta tacaíocht do chomhardáin chomhair nuálacha agus ghlac siad páirt iontu, ar comhardáin iad a dhéanann daoine a nascadh le tithe, faisnéis a mhalartú agus tacaíocht fhrithpháirteach a chur ar fáil. Cuireann roinnt Ballstát tacaíocht airgeadais ar fáil freisin do theaghlaigh a óstálann tairbhithe de chosaint shealadach agus cuireann daoine eile liúntais tithíochta ar fáil do thairbhithe de chosaint shealadach go díreach 61 .

Faoin tionscnamh ‘Tithe Sábháilte’ 62 , chuir an Coimisiún treoraíocht chun cinn chun tacú leis na mBallstáit, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta ó thaobh tionscnaimh thithíochta phríobháideacha a eagrú 63 . Ina theannta sin, spreag an Coimisiún na Ballstáit chun staidéar a dhéanamh an ‘urraíocht phobail’, mar a thugtar air, nó scéimeanna comhchosúla eile a chuireann conairí imeasctha ar fáil do dhaoine óstáilte, agus chun malartuithe a dhéanamh ina leith. Tá buiséad spriocdhírithe EUR 5.5 milliún ag an tionscadal atá Cónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó tacú le cur i bhfeidhm na treoraíochta faoi Thithe Sábháilte agus le samhail dea-chleachtais a fhorbairt. Leis an tionscadal déanfar daoine aonair de theaghlaigh a mheaitseáil le hóstaigh ionchasacha ar bhealach níos fearr agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais na mBallstát. Cruthófar sásra atreorúcháin freisin a mheaitseálfaidh cóiríocht le roinnt seirbhísí imeasctha. Cumhdóidh gníomhaíochtaí tionscadail eile tacaíocht agus treoraíocht a chur ar fáil d’óstaigh. Cuirfear comhchodanna an chláir chun feidhme le linn 2023 sa Bheilg, sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Fhrainc, i Lucsamburg, san Ungáir, san Ísiltír, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic.

Thairis sin, i mí Eanáir 2023, chuir an Coimisiún glao amach ar thograí maidir le deontais tionscadail faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Imeascadh 64 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do scéimeanna urraíochta pobail agus iad a chur chun cinn, sin agus cuidiú le comhlántacht a fhorbairt idir acmhainneachtaí glactha na mBallstát agus an tairiscint tithíochta a chuirtear ar fáil trí scéimeanna óstála príobháideacha. Leis sin, beifear in ann na ceachtanna a foghlaimíodh ón bhfreagairt i ndáil leis an Úcráin a chomhtháthú chun deiseanna a shainaithint ar mhaithe le cur leis an acmhainneacht ghlactha struchtúrach ar leibhéal an Aontais. Is maith mar a bheidh CSE+ in ann tacú leis na scéimeanna sin i mBallstáit an Aontais freisin.

Amach anseo, beidh ar dhaoine easáitithe ón Úcráin aistriú ó thithíocht éigeandála ghearrthéarmach nó ó áiteanna óstála príobháideacha sealadacha chuig réitigh tithíochta níos inbhuanaithe, agus spleáchas buan ar ghlacadh arna bhainistiú ag an stát á sheachaint. Ina theannta sin, ní mór tithíocht inrochtana a bheith ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá an t-aistriú sin níos deacra mar gheall ar ghanntanais tithíochta inacmhainne nó sóisialta, ganntanais arb é atá iontu géarchéim sa mhargadh tithíochta i roinnt Ballstát. I gcás ina n-íocann tairbhithe de chosaint shealadach go hiomlán nó go páirteach as a gcóiríocht, tá tástáil acmhainne iomchuí ríthábhachtach, mar aon le tacaíocht i gcás inar gá, chun rochtain ar chóiríocht a chaomhnú dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu.

Na chéad chéimeanna eile:

·Leanfaidh an tArdán Dlúthpháirtíochta d’fhaireachán a dhéanamh ar threochtaí easáitithe agus déanfaidh sé an plean teagmhasach Eorpach a nuashonrú chun a áirithiú go mbeidh cóiríocht ar fáil;

·Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach i réimse an ghlactha chun rioscaí a shainaithint san aistriú ó chóiríocht éigeandála chuig réitigh níos fadtéarmaí, go háirithe i gcás daoine leochaileacha.

·Pléifidh an tArdán Dlúthpháirtíochta cur chun feidhme agus treoraíocht na dTithe Sábháilte chun na príomhchéimeanna a bheidh le glacadh sna míonna amach romhainn a shainaithint mar aon leis na ceachtanna foghlamtha;

·Leanfaidh an Líonra Eorpach um Imeascadh 65 de dhea-chleachtas a mhalartú maidir le tithíocht inrochtana a sholáthar ar bhonn an phlé a rinneadh an 2-3 Feabhra 2023 sa tSualainn.

·Slógfaidh an Coimisiún EUR 8 milliún de chistiú chun tacú le scéimeanna urraíochta pobail agus chun iad a chur chun cinn in 2023.

·Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme thionscadal na dTithe Sábháilte atá á chomhordú ag Cónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus déanfaidh sé é a athneartú de réir mar is gá.

5.Cúnamh airgeadais agus oibríochtúil

Chuir an tAontas tacaíocht ar fáil trí bhearta agus maoiniú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine easáitithe, agus leas á bhaint as roinnt cistí de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún a bhosca uirlisí cuimsitheach a shlógadh go han-luath ar fud chláir chaiteachais an Aontais chun tacú leis na Ballstáit.

5.1.Tacaíocht airgeadais

Ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, rinneadh athbhreithniú roinnt uaireanta ar na rialacha lena rialaítear an beartas comhtháthaithe chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit cistí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh ó imchlúdach 2014-2020 agus leachtacht bhreise a sholáthar ón imchlúdach nua freisin (is é sin 2021-2027). Bhí trí mhodhnú sa phacáiste um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) 66 : méadaíodh solúbthacht na rialacha atá ann cheana, soláthraíodh níos mó leachtachta chun riachtanais phráinneacha a mhaoiniú agus simplíodh an tuairisciú a bhíonn le déanamh ag na húdaráis bhainistíochta.

Is fiú EUR 13.6 billiún an leachtacht bhreise iomlán a chuireann an tAontas ar fáil trí na pacáistí CARE agus FAST-CARE. Tá cistí ath-chlársceidealaithe dar luach beagnach EUR 1 bhilliún 67 curtha ar leataobh chun fáiltiú na ndaoine easáitithe ón Úcráin agus teacht isteach na ndaoine sin a mhaoiniú, sin agus rochtain a éascú ar an margadh saothair, oideachas, cúrsaí teanga, cúram leanaí, tithíocht agus cúram leighis, mar aon le bearta imeasctha fadtéarmaigh eile. Ós rud é gur minic a chuireann údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta bearta den sórt sin ar fáil, ceanglaítear ar na Ballstáit 30 % ar a laghad de na bearta ábhartha CARE a leithdháileadh ar na tairbhithe sin 68 .

Leasaigh an tAontas na Cistí Gnóthaí Baile freisin chun solúbthacht airgeadais a mhéadú agus chun é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit na cistí atá ar fáil cheana a ath-imlonnú faoina gcláir i gcomhair na mblianta 2014-2020 le haghaidh gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaoine easáitithe ón Úcráin, cuir i gcás soláthar na riachtanas i ndáil leis an gcéadghlacadh (e.g. cóiríocht éigeandála, bia, cúram sláinte, foireann bhreise etc.) agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát (e.g. gníomhaíochtaí próiseála agus clárúcháin tosaigh agus daoine a tharchur chuig sainseirbhísí tacaíochta).

Thairis sin, Ag an ócáid gealltanas an 9 Aibreán 2022 dar teideal ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’, slógadh cistiú Cúnaimh Éigeandála dar luach EUR 400 milliún ó na Cistí Gnóthaí Baile. As an méid sin, leithdháileadh EUR 385 mhilliún chun freastal ar na riachtanais is práinní sna Ballstáit is mó atá faoi thionchar an insreafa daoine easáitithe ón Úcráin 69 agus le haghaidh imeascadh luath. Leis an EUR 15 mhilliún eile, tá sé beartaithe é a dhíriú ar thionscnamh na dTithe Sábháilte den chuid is mó, sin agus tacaíocht shíceasóisialta a chur ar fáil do dhaoine easáitithe ón Úcráin.

Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tá an Coimisiún ag tacú freisin le húdaráis riaracháin na mBallstát rochtain a éascú ar chearta faoin Treoir um Chosaint Shealadach. Cuidíonn sé sin le feabhas a chur ar chomhordú il-leibhéil agus ar nósanna imeachta a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachas agus poist le haghaidh daoine easáitithe ón Úcráin.

Agus an ghlúin nua de chláir á glacadh, tá rochtain ag na Ballstáit ar thacaíocht airgeadais shuntasach faoi Chistí Gnóthaí Baile agus Beartas Comhtháthaithe 2021-2027, rud a fhágann gur féidir leo gníomhaíochtaí a sheoladh atá oiriúnaithe dá riachtanais shonracha.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, chun a áirithiú go mbeidh cúnamh airgeadais leordhóthanach solúbtha fós ar fáil do na Ballstáit a bhfuil an t-ualach is mó orthu ó thaobh chostais leighis, oideachais agus maireachtála na ndídeanaithe.

5.2.Tacaíocht oibríochtúil

Ba é ionsaí na Rúise ar an Úcráin ba chúis leis an oibríocht éigeandála ba mhó ó bunaíodh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, rud a léirigh an fhéidearthacht atá ann faoin sásra cúnamh a shlógadh don Úcráin agus do na Ballstáit is mó atá thíos le hinsreabhadh na ndaoine easáitithe ón Úcráin. Bunaíodh trí mhol lóistíochta de chuid Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic chun breis agus 80 000 tonna de chúnamh comhchineáil a threorú ó na Ballstáit agus ó na Tíortha Rannpháirteacha chuig an Úcráin. Tá Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin ag bainistiú na hoibríochta is mó agus is casta go dtí seo faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, le luach airgeadais measta de bhreis agus EUR 540 milliún. Áirítear leis sin cógais agus feistí leighis, feithiclí éigeandála, gineadóirí fuinnimh agus claochladáin, i measc nithe eile. Ina theannta sin, chomhordaigh sé na haslonnuithe leighis thuasluaite.

Tháinig tacaíocht oibríochtúil AE ó rannpháirtíocht Ghníomhaireachtaí an Aontais freisin, go háirithe EUAA, Frontex, Europol agus FRA.

Tacaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann le 13 Bhallstát ó thaobh a riachtanais tearmainn, ghlactha agus cosanta sealadaí de. Imscaradh 90 ball foirne sa bhreis chun tacú go sonrach leis na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach, riachtanais soláthair faisnéise agus iarmhairtí eile a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá réimse leathan táirgí um sholáthar faisnéise forbartha agus dáilte ag an nGníomhaireacht. I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, sheol sí feachtais faisnéise maidir le cosaint shealadach. Cuireadh oiliúint ábhartha ar fáil do na Ballstáit maidir leis an mbealach chun an t-eolas agus na scileanna is gá a thabhairt dá bhfoireann ar mhaithe le feidhm a thabhairt do na cearta faoin Treoir um Chosaint Shealadach.

Déantar thart ar 200 ball foirne ó Frontex a imscaradh ag na pointí trasnaithe teorann ábhartha sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic agus i bPoblacht na Moldóive chun tacú le próiseáil éifeachtúil thapa na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Tá baill foirne agus aoi-oifigigh imscartha ag Europol freisin chuig an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus chuig Poblacht na Moldóive chun seiceálacha slándála tánaisteacha a dhéanamh. Tacaíonn foireann Europol le himscrúduithe sna tíortha sin nuair a iarrtar sin.

Tá tuarascálacha curtha le chéile ag FRA maidir le cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach agus rinne sé suirbhé fairsing le déanaí le tairbhithe inar sainaithníodh na príomhdhúshláin agus na príomhthosaíochtaí le haghaidh na míonna amach romhainn.

6.Dlúthpháirtíocht agus Comhpháirtíocht

6.1.An dlúthpháirtíocht i mbun gnímh

Is í an dlúthpháirtíocht an ghné shainithe d’fhreagairt an Aontais d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin, go háirithe leis an gcinneadh a rinne na Ballstáit cur i bhfeidhm Airteagal 11 den Treoir um Chosaint Shealadacha a tharscaoileadh, rud a d’fhág gur tugadh an deis do dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát amháin bogadh go Ballstáit eile chun leas a bhaint as cosaint shealadach iontu. Dá bharr sin, bhí éascaíocht ag baint le gluaiseachtaí ar aghaidh san Aontas, rud a chuidigh chun an brú a laghdú ar chórais ghlactha náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin agus a laghdaigh foirmiúlachtaí maidir le haistrithe 70 . D’fhág sé sin gurb fhusa fós an ionstraim a chur i bhfeidhm.

Maidir le daoine leochaileacha a theith ón Úcráin agus atá i dteideal cosaint shealadach, chun an brú atá ar acmhainneacht ghlactha Phoblacht na Moldóive a mhaolú, tá an Coimisiún ag tacú le haistrithe na ndaoine sin ó Phoblacht na Moldóive chuig Ballstáit an Aontais agus tíortha eile atá comhlachaithe le Schengen a bhfuil gealltanas tugtha acu. Tá na haistrithe sin á gcomhordú ag an gCoimisiún ó chéim luath agus tá an obair sin ar siúl faoi chuimsiú an Ardáin Dlúthpháirtíochta. Go dtí seo, tá gealltanas tugtha ag 12 Bhallstát den Aontas, mar aon leis an Eilvéis, Lichtinstéin, an Iorua agus an Íoslainn, fáilte a chur roimh 17 870 duine atá ar idirthuras trí Phoblacht na Moldóive. As na gealltanais a tugadh go dtí seo, aistríodh 2 377 nduine ar an iomlán ó Phoblacht na Moldóive chuig an Aontas Eorpach agus chuig tíortha eile atá comhlachaithe le Schengen (nó sin mar a bhí an 17 Feabhra 2023). Thairis sin, chumhdaigh rannpháirtíocht an Aontais tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le heitiltí a eagrú ó Phoblacht na Moldóive chuig Ballstáit an Aontais agus tíortha atá comhlachaithe le Schengen a bhfuil gealltanas tugtha acu, mar chuid de thionscadal dar luach EUR 15 mhilliún arna mhaoiniú ag an Aontas.

6.2.Rannpháirtíocht agus comhordú le húdaráis na hÚcráine

An rannpháirtíocht i gcruinnithe údaráis na hÚcráine san Úcráin agus rannpháirtíocht ambasáidí agus consalachtaí na hÚcráine i mBallstáit an Aontais, ba léir ag na céimeanna luatha go raibh sé sin ar cheann de ghnéithe sainiúla na freagartha oibríochtúla ar an ngéarchéim seo i gcomparáid le haon ghéarchéim eile a bhí ann roimhe. Bhí an Coimisiún in ann dlúthchomhar a bhunú le húdaráis na hÚcráine, rud a d’fhág go rabhthas in ann comhordú níos leithne a dhéanamh i bpríomhréimsí atá dírithe ar chatagóirí daoine leochaileacha a chosaint agus ar chosc a chur ar gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine. Ina theannta sin, bhíothas in ann na dúshláin a bhíonn os comhair daoine ó thaobh na praitice de agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar chearta a bhaineann le cosaint shealadach a shainaithint ar bhealach níos fearr a bhuí leis an dlúthchomhar sin. Chuidigh sé sin leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit easnaimh i gcur chun feidhme na Treorach a bhrath agus a cheartú.

6.3.Ón dlúthpháirtíocht Eorpach go dtí an fhreagairt dhomhanda

Rinne an Coimisiún teagmháil lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta trí roinn idirnáisiúnta den Ardán Dlúthpháirtíochta a chur ar bun chun na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach ann. Is éard is aidhm dó sin faisnéis a mhalartú maidir leis na scéimeanna atá curtha ar bun ag tíortha éagsúla a thugann cosaint dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin 71 , feasacht staide nuashonraithe a roinnt maidir leis na cúinsí san Úcráin agus pleanáil theagmhasach agus cúnamh breise a phlé.

Dlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, bhí sin ina chuidiú chun feasacht staide an Aontais a fheabhsú. Thacaigh sé le gníomhaíochtaí níos eolaí (trí staidéir agus anailís) agus thug sé tacaíocht oibríochtúil do pháirtithe leasmhara agus do thionscadail nithiúla ar an láthair, amhail daoine leochaileacha atá ar a dteitheadh ón Úcráin a aistriú ó Phoblacht na Moldóive chuig an Aontas, agus forbairt na mBuan-Nósanna Imeachta Oibríochta a thugann treoraíocht maidir leis na haistrithe sin.

7.Súil chun cinn

Mar a athdhearbhaíodh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 9 Feabhra 2023, seasfaidh an tAontas leo siúd atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráine chomh fada agus is gá. Nuair a cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh, chuir an tAontas sábháilteacht ar fáil do na milliúin a raibh orthu an tír a fhágáil. Tá síneadh curtha leis an gcosaint shealadach cheana féin go dtí mí an Mhárta 2024. Beidh an Coimisiún réidh le togra a ullmhú le haghaidh síneadh breise de réir mar is gá.

Bhíothas in ann iarracht uile-shochaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a dhéanamh de bharr na Treorach, iarracht a raibh an Coimisiún ar a son ó thús na freagartha. Cuireadh earnálacha uile an rialtais agus na sochaí i ngníomh ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, rud a thugann urraim do na cearta a chumhdaítear sa Treoir um Chosaint Shealadach. Spreag sé leibhéal mór nuálaíochta, lena n-áirítear tionscadail phíolótacha ar fud earnálacha éagsúla, lena n-áirítear fostaíocht, oideachas, tithíocht, agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí, tionscadail a mbeidh ceachtanna foghlamtha ríthábhachtacha ag baint leo chun feabhas a chur ar ár mbeartais agus chun bheith réidh do chásanna a bheidh ann amach anseo.

Léiríodh go raibh an Treoir láidir agus solúbtha go leor chun freagairt chomhchoiteann thapa a chumasú, freagairt a raibh comhordú láidir AE mar thaca léi tríd an Ardán Dlúthpháirtíochta. Chuidigh sé sin chun naisc nua a chruthú agus comhar a chothú idir údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta, agus iad siúd atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Ní hamháin go bhfuil gá le cur chuige láidir comhordaithe AE chun leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair, ach tá gá leis in aon ghníomhaíocht a dhéanfar amach anseo freisin. Beidh sé ríthábhachtach aistriú rianúil chuig stádais dhlíthiúla eile a áirithiú lena gceadófaí rochtain ar chearta thar uastréimhse na cosanta sealadaí, mar shampla trí shíneadh a chur le ceadanna cónaithe agus oibre, nó trí na coinníollacha a chruthú ina bhféadfaí aistriú go stádais dhlíthiúla eile. Tá sé sin tábhachtach chun a áirithiú nach mbeidh córais tearmainn na mBallstát ag cur thar maoil.

I gcomhthreo leis sin, tá gá le tacaíocht spriocdhírithe do dhaoine a theith ón Úcráin ar mian leo filleadh abhaile. Tá idirghabháil déanta ag an gCoimisiún cheana féin maidir leis an tsaincheist: thug sé treoraíocht spriocdhírithe i bhfoirm Ceisteanna Coitianta, rinne sé soiléiriú ar na hiarmhairtí éagsúla a bhaineann le cuairteanna gearrthéarmacha ar an Úcráin agus filleadh deonach ar an Úcráin 72 , agus chuir sé coimircí ar fáil dóibh siúd ar mian leo filleadh ar an Úcráin ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar an gcosaint arís más gá dóibh teitheadh an athuair 73 . Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid lena áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun freastal ar fhilleadh deonach na ndaoine a chinneann dul abhaile agus na fíorais ar fad ar eolas acu, agus chun tacú le cinntí den sórt sin le Cistí Gnóthaí Baile. Tá an Coimisiún ag cur dlús freisin leis na hiarrachtaí faoin Ardán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí chun tacú le próiseas deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine. Sa chomhthéacs sin, is gné thábhachtach é filleadh na ndaoine easáitithe.

Ar leibhéal níos leithne, tá sé cruthaithe gur ionstraim fíor-riachtanach í an Treoir um Chosaint Shealadach chun cosaint shealadach a thabhairt san Aontas agus measann an Coimisiún gur cheart í a choimeád mar chuid den bhosca uirlisí a bheidh ar fáil don Aontas amach anseo.

Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, go bhféadfadh éagsúlacht mhór a bheith ag baint leis na cineálacha dúshlán imirce atá roimh an Aontas, go háirithe maidir le scála na sreabh nó maidir lena gcomhdhéanamh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh uirlisí éagsúla ag an Aontas agus go mbeidh sé ullamh chun gach cineál géarchéime a fhreagairt. Beidh an Coimisiún ag obair i gcomhar leis na comhreachtóirí chun a chinntiú go mbeidh na huirlisí is gá ag an Aontas amach anseo agus chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh nasc cuí leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le géarchéimeanna agus force majeure 74 .

Chun an Treoir a chur chun feidhme go luath amach anseo, beidh gá le tacaíocht leanúnach ar mhaithe lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin atá ann cheana, agus go mbeidh aistrithe agus bearta teagmhasacha iomchuí i bhfeidhm chun freastal ar staideanna a bheidh ann amach anseo. Leanfaidh an tArdán Dlúthpháirtíochta de fhreagairt chomhordaithe ón Aontas a áirithiú agus de bheith i dteagmháil leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile.

An dlúthpháirtíocht agus an chomhbhá a léirigh daoine ar fud an Aontais, mar aon leis na hiarrachtaí a rinne údaráis náisiúnta agus áitiúla, páirtithe leasmhara agus pobail éagsúla, tá ceachtanna tábhachtacha le fáil sa mhéid sin dúinn, agus léiríonn sé go bhfuil an tAontas Eorpach láidir nuair a ghníomhaíonn sé ar bhealach aontaithe comhordaithe.

Cuirfear fáilte san Aontas Eorpach i gcónaí rompu siúd atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise, agus is amhlaidh a bheidh a fhad a leanfaidh an t-ionsaí sin ar aghaidh.

(1)

      Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint .

(2)

      An Plean 10-bPointe: Ar mhaithe le comhordú Eorpach níos láidre maidir le fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin .

(3)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais.

(4)

   Ní áirítear i líon carnach na n-iontrálacha san Aontas ón Úcráin agus ón Moldóiv iontrálacha náisiúnach den Rómáin agus den Moldóiv sa Rómáin. Ní chuireann na sonraí atá ar fáil ar ár gcumas dúinn a chinneadh cé mhéad de seo a bhaineann le gnáth-thrácht teorann agus cé mhéad a bhaineann leo siúd atá ar dteitheadh ó ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Léiríonn figiúirí maidir le hiontrálacha agus imeachtaí líon na ngluaiseachtaí trasteorann seachas líon na ndaoine aonair. An difríocht idir méid iomlán na n-iontrálacha agus méid na n-iontrálacha a bhaineann le náisiúnaigh den Úcráin, cuimsíonn sí iontrálacha a bhaineann le náisiúnaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír seachas an Úcráin. Tháinig breis agus 300 000 náisiúnach tríú tír seachas an Úcráin isteach san Aontas ón Úcráin agus ón Moldóiv, agus ba Thurcaigh, saoránaigh de SAM, Rúisigh, Iosraelaigh, Indiaigh, Asarbaiseánaigh, Seoirsigh, saoránaigh den Ríocht Aontaithe, Moldóvaigh agus Úisbéiceastánaigh iad na príomhnáisiúntachtaí ina measc.

(5)

      Tairbhithe de chosaint shealadach ag deireadh na míosa de réir saoránachta, aoise agus gnéis – sonraí míosúla .

(6)

     Faoin Ardán Dlúthpháirtíochta, tugtar le chéile an Coimisiún Eorpach, Ardrúnaíocht na Comhairle, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Ballstáit an Aontais agus Tíortha atá Comhlachaithe le Schengen, Gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce mar aon le húdaráis na hÚcráine agus na Moldóive.

(7)

      Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach .

(8)

     Freagraíonn an Líonra sin don ghá atá le léiriú staide atá cruinn, cothrom le dáta agus comhpháirteach a chur ar fáil mar bhonn do chinnteoireacht pholaitiúil agus oibríochtúil thapa. Déanann sé faireachán ar ghluaiseachtaí trasteorann ón Úcráin isteach san Aontas, céadghlacadh agus cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach, lena n-áirítear treochtaí maidir le clárúcháin sheachtainiúla agus faisnéis mhionsonraithe maidir le rochtain ar oideachas, fostaíocht agus cúram sláinte. Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra AE um ullmhacht agus um bainistiú géarchéimeanna i ndáil leis an imirce.

(9)

      Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin .

(10)

      Líne chabhrach AE .

(11)

      Bliain amháin d’fhrithbheartaíocht na hÚcráine .

(12)

     Airteagail 2(1) agus 2(2) den Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.

(13)

     Foráiltear leis an gCinneadh gur i gcás na gcatagóirí daoine sin, cuirfidh na Ballstát cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm. Sheachain formhór na mBallstát córais dhá leibhéal a chur i bhfeidhm agus  thairbhigh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a raibh buanchónaí orthu san Úcráin de na cearta a ghabhann le cosaint shealadach, seachas cineálacha eile cosanta leordhóthanaí a bhí ar fáil faoin dlí náisiúnta.

(14)

     Bliain amháin tar éis thús an ionsaithe áfach, tá deireadh á chur le forálacha den sórt sin i gcuid de na Ballstáit, amhail an Ísiltír.

(15)

     Sa Pholainn, déantar náisiúnaigh tríú tír a bhainistiú ó thaobh riaracháin de trí Bhiúró na n-Eachtrannach.

(16)

     An Eastóin, an Ghréig, an Ostair agus an tSualainn.

(17)

     Tá an Ostair agus an Eastóin ag cur nósanna imeachta meara i bhfeidhm mar shampla.

(18)

    Tairbhithe de chosaint shealadach ag deireadh na míosa de réir saoránachta, aoise agus gnéis – sonraí míosúla .

(19)

      ‘Ag teitheadh ón Úcráin: Taithí na ndaoine easáitithe san Aontas .

(20)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte oibríochtúla le haghaidh chur chun feidhme Chinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach 2022/C 126 I/01 ).

(21)

      Leanaí neamhthionlactha agus leanaí scartha ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin – Ceisteanna Coitianta maidir le Clárú, Glacadh agus Cúram .

(22)

     Ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois, a thagann ar chríoch na mBallstát gan bheith in éineacht le duine fásta atá freagrach astu de réir an dlí nó de réir gnáis, agus feadh nach dtógtar faoi chúram duine den sórt sin iad, sin nó mionaoisigh a fágadh gan tionlacan tar éis dóibh dul isteach ar chríoch na mBallstát (Airteagal 2 (f) den Treoir um Chosaint Shealadach 2001/55/CE).

Ciallaíonn ‘leanbh scartha’ leanbh a thagann ar chríoch na mBallstát in éineacht le gaolta nó daoine fásta aitheanta (nach gaolta iad), ar daoine iad uaireanta atá tar éis údarú a fháil ó thuismitheoir(í) an linbh le taisteal leis an leanbh agus/nó cúram sealadach a thabhairt dó (mar shampla: máthair Úcránach atá ag taisteal lena leanaí féin agus le leanaí teaghlaigh eile).

(23)

     Rud atá tábhachtach don Aontas is ea an dí-institiúidiú agus léirítear sin i gcreat beartais ginearálta an Aontais. Mar shampla, sa Mholadh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach don Leanbh, foráiltear gur ‘le haidhm na leanaí a dhí-institiúidiú, ba cheart cúram d’ardchaighdeán sa phobal nó sa teaghlach a chur chun cinn. Níor cheart leanaí a chur faoi chúram institiúideach ach amháin nuair is chun leasa an linbh é, agus aird á tabhairt ar dhálaí foriomlána an linbh agus riachtanais aonair an linbh á gcur san áireamh.’

(24)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach .

(25)

      Ceisteanna Coitianta maidir le clárú, glacadh agus cúram do leanaí neamhthionlactha agus leanaí scartha ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin .

(26)

      Coinbhinsiún maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas, forghníomhú agus comhar i dtaca le freagracht tuismitheoirí agus le bearta chun leanaí a chosaint.

(27)

      Cleachtais maidir le leanaí neamhthionlactha agus leanaí scartha ón Úcráin.

(28)

     Cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráin – An tionchar forleathan ar chearta bunúsacha san Aontas, Feasachán 2, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ( Cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráin – An tionchar forleathan ar chearta bunúsacha san Aontas (europa.eu) ).

(29)

    Tháinig an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus an tÚdarás Eorpach Saothair le chéile chun baol na hoibre neamhdhearbhaithe, an dúshaothraithe saothair agus na gáinneála ar dhaoine a laghdú maidir le daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin | An tÚdarás Eorpach Saothair (europa.eu) .

(30)

      ‘Comhphlean Frithgháinneála chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine agus chun tacú le daoine i measc iad siúd ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh .

(31)

      Tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (an ceathrú tuarascáil) .  

(32)

     Cuireann an Rapóirtéir Náisiúnta nó Sásraí Coibhéiseacha sna Ballstáit leis an tuiscint ar gháinneáil ar dhaoine ina bhfoirmeacha éagsúla dúshaothraithe trí shonraí a bhailiú agus a anailísiú ar bhonn rialta, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus tionchar na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí náisiúnta chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus chun tacú leis na híospartaigh, agus tíolacann siad moltaí maidir le feabhas a chur ar bheartais agus ar chleachtais lena dtugtar aghaidh ar gach cineál gáinneála ( Freagairt chomhordaithe a threisiú (europa.eu ).

(33)

     Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle, IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57-73.

(34)

      https://www.eurojust.europa.eu/sites/default/files/assets/eurojust-icc-csos-guidelines.pdf

(35)

     Ag tús na bliana scoile 2022/2023, bhí leathmhilliún leanbh ón Úcráin cláraithe i gcórais oideachais ar fud an Aontais.

(36)

      An Limistéar Eorpach Oideachais – Oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán do chách .

(37)

     Ar an suíomh gréasáin, Oideachas na hÚcráine faoi Éigeandáil , cuirtear faisnéis ar fáil maidir le córas oideachais agus curaclam na hÚcráine arb é is aidhm dó cuidiú le leanaí Úcránacha dul in oiriúint do scoileanna agus do churaclaim nua thar lear.

(38)

      Ag tacú le cuimsiú leanaí easáitithe ón Úcráin san oideachas: príomhphrionsabail agus príomhchleachtais le haghaidh na bliana scoile 2022-2023 .

(39)

    An tArdán Eorpach um Oideachas Scoile .

(40)

      An Tairseach Oideachais Scoile.

(41)

      Oideachas agus tacaíocht do dhídeanaithe ón Úcráin . Cruthaíodh an leathanach ar an Tairseach Oideachais Scoile ar líne ar dtús, leathanach a aistríodh chuig an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile agus atá ar fáil ann ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

(42)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht um rochtain ar an margadh saothair, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach le haghaidh daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine .

(43)

     Féach Airteagal 13 den Treoir um Chosaint Shealadach.

(44)

   Tugtar an méid seo a leanas le fios in Airteagal 13 freisin: ‘Maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu, i gcás ina bhfuil siad i mbun gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, cuirfear san áireamh an cumas atá acu freastal ar a riachtanais féin nuair a bheidh an leibhéal cabhrach atá beartaithe á shocrú.’

(45)

     Doiciméad de chuid EUAA Providing Temporary Protection to Displaced Persons from Ukraine: A Year in Review [Cosaint Shealadach a chur ar fáil do Dhaoine Easáitithe ón Úcráin: Súil Siar ar an mBliain].

(46)

      Report on access to health care in EU Member States Implementation of Temporary Protection Directive (2001/55/EC) and Council Implementing Decision (EU) 2022/382 [Tuarascáil maidir leis an rochtain ar chúram sláinte i mBallstáit an Aontais Eorpaigh: Cur chun feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach (2001/55/CE) agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle] (europa.eu)

(47)

      Cuireadh vacsaíniú saor in aisce in aghaidh COVID-19 ar fáil i bhformhór mór na mBallstát.

(48)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach .

(49)

      Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht um rochtain ar an margadh saothair, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach le haghaidh daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine .

(50)

      OECD Policy Responses on the Impacts of the War in Ukraine – What we know about the skills and early labour market outcomes of refugees from Ukraine [Freagairtí Beartais na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar Thionchar an Chogaidh san Úcráin – Cad is eol dúinn faoi scileanna agus luath-thorthaí na ndídeanaithe ón Úcráin sa mhargadh saothair].

(51)

      Tacaíocht i ndáil le Seirbhísí Poiblí Fostaíochta do dhaoine easáitithe ón Úcráin: na forbairtí is déanaí – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú .

(52)

      Linn Tallann Píolótach an Aontais Eorpaigh .

(53)

     An Spáinn, an Chróit, an Chipir, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic, an Fhionlainn.

(54)

      Moladh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 maidir le haithint cáilíochtaí na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin .

(55)

Tuarascáil chomparáide ar an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí agus ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÚcráine .

(56)

     Mar shampla, bearta chun ligean do ghairmithe leighis Úcránacha oibriú faoi mhaoirseacht sa Laitvia sula dtugtar aitheantas foirmiúil dá gcáilíochtaí.

(57)

     https://www.mfrr.eu/.

(58)

     https://www.investigativejournalismforeu.net/.

(59)

      An Chomhpháirtíocht Eorpach um Imeascadh .

(60)

      Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (europa.eu) .

(61)

      OECD Policy Responses on the Impacts of the War in Ukraine – Housing support for Ukrainian refugees in receiving countries [Freagairtí Beartais na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar Thionchar an Chogaidh san Úcráin – Tacaíocht tithíochta do dhídeanaithe ón Úcráin sna tíortha glactha].

(62)

      Tithe sábháilte agus oiriúnacha do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin .

(63)

      Dlúthpháirtíocht agus tithíocht: ag tacú le tithe sábháilte – breithnithe, príomhphrionsabail agus cleachtais – an 21 Feabhra 2023.

(64)

      An Ciste um Thearmann, Imirce agus Imeascadh (AMIF) – Glao ar thograí – 17 Eanáir 2023 .  

(65)

     Tugann an Líonra Eorpach um Imeascadh (EIN) ionadaithe ó údaráis phoiblí náisiúnta le chéile, ar ionadaithe iad ó na haireachtaí atá freagrach as imeascadh imirceach den chuid is mó, as gach ceann de na 27 mBallstát den Aontas agus as an Iorua agus an Íoslainn. Is minic a bhíonn ról acu sin i bpleanáil agus i gcur chun feidhme deiseanna tiomnaithe i dtaobh cistiú ón Aontas amhail an Ciste um Thearmann, Imirce agus Imeascadh (AMIF) ina dtíortha féin. Ina theannta sin, glacann comhaltaí den Líonra Eorpach um Imeascadh páirt i gcuairteanna staidéir spriocdhírithe, in athbhreithnithe piaraí, i gceardlanna agus i ngníomhaíochtaí cúnaimh fhrithpháirtigh maidir le gnéithe sonracha imeasctha chun eolas a mhalartú. Féach  Líonra Eorpach um Imeascadh | Suíomh gréasáin Eorpach maidir le hImeascadh (europa.eu)

(66)

      Rialachán (AE) 2022/562 an 6 Aibreán 2022 , Rialachán (AE) 2022/613 an 12 Aibreán 2022 , Rialachán (AE) 2022/2039 an 26 Deireadh Fómhair 2022 .

(67)

     Mar a bhí an 31 Eanáir 2023.

(68)

     An cleachtadh ath-chlársceidealaithe chun an scéim seo a chur ar bun, tá sé ar siúl faoi láthair agus seiceálfaidh an Coimisiún go bhfuil an coinníoll sin á chomhlíonadh tráth a dhúnfar na cláir.

(69)

     Leithdháileadh Cúnamh Éigeandála EUR 385 mhilliún ar an bPolainn (EUR 200.1 milliún), ar an tSeicia (EUR 54.4 milliún), ar an Rómáin (EUR 39.1 milliún), ar an tSlóvaic (EUR 24.7 milliún), ar an Ungáir (EUR 21.1 milliún), ar an mBulgáir (EUR 10.9 milliún), ar an Eastóin (EUR 10.1 milliún), ar an Liotuáin (EUR 10.1 milliún), ar an Laitvia (EUR 7.8 milliún), agus ar an gCipir (EUR 6.7 milliún).

(70)

     Féach Airteagal 26 den Treoir um Chosaint Shealadach.

(71)

     Ó thús an chogaidh, chuaigh níos mó ná 400 000 duine ón Úcráin isteach sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe.

(72)

      Frequently asked questions received on the interpretation of the Temporary Protection Directive and Council Implementing Decision 2022-382_en.pdf [Ceisteanna coitianta maidir le léirmhíniú na Treorach um Chosaint Shealadach agus Chinneadh Cur Chun Feidhme 2022-382 ón gComhairle]

(73)

      Frequently Asked Questions on going home to Ukraine on a voluntary basis in the context of the Temporary Protection Directive_en.pdf [Ceisteanna Coitianta maidir le dul abhaile chun na hÚcráine ar bhonn deonach i gcomhthéacs na Treorach um Chosaint Shealadach]

(74)

      Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéime agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn .