Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Sainíonn na Náisiúin Aontaithe cearta an duine mar “prionsabail nó gnásanna morálta lena gcuirtear síos ar chaighdeáin áirithe maidir le hiompraíocht an duine agus déantar iad a chosaint go rialta leis an dlí bardasach nó idirnáisiúnta”.
Laistigh den Aontas Eorpach (AE) úsáidtear an téarma “cearta bunúsacha” chun an coincheap “chearta an duine” a chur in iúl. Tá na cearta sin, atá bunriachtanach do dhaoine aonair a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach, leagtha síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Rinneadh an chairt ceangailteach ó thaobh dlí de ar fud an Aontais Eorpaigh nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009.
Tá meas ar chearta agus dínit an duine ar cheann de chroíluachanna an Aontais Eorpaigh. Mar aon leis na prionsabail maidir le saoirse, daonlathas, comhionannas agus an smacht reachta, treoraítear gníomhaíochtaí AE laistigh dá theorainneacha agus lasmuigh dóibh léi. Úsáideann an tAontas Eorpach an téarma “chearta an duine” chun tagairt a dhéanamh do chearta dá leithéid lasmuigh dá theorainneacha, amhail i gcomhthéacs a chaidrimh sheachtraigh nó beartas maidir le comhar um fhorbairt.
Faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir cearta ballraíochta an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí (amhail cearta vótála sa Chomhairle) má sháraíonn tír go tromchúiseach seasmhach na prionsabail ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe (saoirse, daonlathas, meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smacht reachta).
FÉACH FREISIN