Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Is sraith rialacha é an comhbheartas iascaigh (CBI) a dhíríonn ar acmhainn bhitheolaíoch na mara a chaomhnú agus iascaigh Eorpacha a bhainistiú agus a rialú laistigh agus lasmuigh d’uiscí AE. Tá sé mar aidhm ag CBI a áirithiú go gcuirfidh gníomhachtaí iascaireachta agus dobarshaothraithe le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta. Áirítear leis an aidhm sin inrianaitheacht, slándáil, agus caighdeán na dtáirgí a chuirtear ar an margadh in AE a áirithiú; cur leis an táirgiúlacht a mhéadú agus le caighdeán cóir maireachtála d’earnáil an iascaigh, lena n áirítear iascaireacht ar mhionscála, margaí a chobhsú; agus a áirithiú go mbeidh soláthairtí bia ar fáil ar phraghsanna réasúnta do thomhaltóirí.
Tagann caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí agus bainistiú na n iascach a shaothraíonn iad faoi scáth an CBI. Maidir le bearta margaidh agus bearta airgeadais, cumhdaíonn CBI acmhainní bitheolaíocha fionnuisce agus gníomhaíochtaí dobharshaothraithe freisin, chomh maith le próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
Téann an t athchóiriú is déanaí ar CBI siar go dtí 2013 agus tháinig sé i bhfeidhm an . Tá CBI reatha bunaithe ar cheithre phríomhcholún:
Is é an ceathrú gné de CBI an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (2021-2027), a chabhraíonn le cuspóirí CBI a bhaint amach trí ghníomhartha incháilithe a mhaoiniú.
Tá sé ina choinníoll ag CBI gur cheart teorainneacha gabhála a shocrú atá inbhuanaithe agus a chaomhnaíonn stoic éisc san fhadtéarma. Glacann CBI cur chuige cúramach trína n aithnítear an tionchar a imríonn gníomhaíocht an duine ar gach comhpháirt den éiceachóras. Féachann sé le cabhlaigh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaí ó thaobh an mhéid a ghabhann siad, agus deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha trí ghabháil de thaisme a sheachaint agus a laghdú – a mhéad is féidir – agus a áirithiú go dtabharfar gabhálacha i dtír. A bhuí le CBI tá an bealach ina mbainistítear beartais iascaigh athraithe agus níos mó smachta á thabhairt anois do ghrúpaí réigiúnacha na mBallstát trí réigiúnú mar a thugtar air a thabhairt isteach.
Tá CBI cumhdaithe in Airteagail 38-43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De réir Airteagal 3 CFAE, tá caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara faoin CFP ina “inniúlacht eisiach” de chuid AE, rud a fhágann gurb é tAontas Eorpach amháin atá in ann gníomhartha ceangailteacha a reachtú agus a ghlacadh. Ní féidir le Ballstáit déanamh amhlaidh ach amháin má chuireann AE ar a gcumas gníomhartha den sórt sin a chur i bhfeidhm. De réir Airteagal 4 CFAE, titeann na codanna sin de CBI nach mbaineann le hacmhainní bhitheolaíocha muirí faoi “inniúlacht chomhroinnte”, rud a fhágann go bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit in ann gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a reachtú agus a ghlacadh agus is féidir le Ballstáit a n–inniúlacht féin a fheidhmiú i gcás nach bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach a inniúlacht féin, nó má dhéanann sé cinneadh gan a inniúlacht a fheidhmiú.