Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Eagraíocht na sochaí sibhialta

Tagraíonn sochaí shibhialta do na cineálacha gnímh shóisialta uile a dhéanann daoine aonair nó grúpaí nach bhfuil nasctha le húdaráis stáit, nó nach bhfuil á mbainistiú ag údaráis stáit.

Is éard is eagraíocht na sochaí sibhialta ann ná struchtúr eagraíochtúil a oibríonn a chuid ball ar mhaithe leis an leas coiteann trí phróiseas daonlathach agus a bhíonn ina hidirghabhálaí idir na húdaráis phoiblí agus na saoránaigh.

Aithnítear ról na sochaí sibhialta i ndea–rialachas an Aontais Eorpaigh (AE) in Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar béim in Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar an ghá le hidirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta idir an tAontas Eorpach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, mar shampla, nuair a ullmhaítear tograí le haghaidh dhlíthe AE.

Samplaí d’eagraíochtaí dá leithéid:

  • comhpháirtithe sóisialta (ceardchumainn agus grúpaí fostóirí);
  • eagraíochtaí neamhrialtasacha (e.g. chun an comhshaol agus tomhaltóirí a chosaint);
  • eagraíochtaí an phobail (e.g. grúpálacha óige agus teaghlaigh).

Déanann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionadaíocht ar son eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí ar leibhéal AE agus tá ról ríthábhachtach aige i bpróiseas cinnteoireachta AE. Bunaítear coistí um idirphlé sóisialta earnála chun comhpháirtithe sóisialta a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta.

Oibríonn an Coimisiún Eorpach go rialta le heagraíochtaí neamhrialtasacha trí thionscnaimh amhail idirphlé pháirtithe leasmhara AE nó an clár “Progress”.

FÉACH FREISIN

Barr