Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cógais tréidliachta — dea-chleachtas monaraíochta

ACHOIMRE AR:

Threoir 91/412/CEE ón gCoimisiún — dea-chleachtas monaraíochta do chógais tréidliachta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar amach inti na prionsabail agus na treoirlínte um dhea-chleachtas monaraíochta cógas d’úsáid ainmhithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór d’údaráis náisiúnta cigireachtaí rialta a eagrú lena chinntiú go gcloíonn monaróirí leis na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach sa reachtaíocht.
  • Ní mór do mhonaróirí:
    • a chinntiú go bhfuil a ngníomhaíochtaí údaraithe mar is cuí agus go bhfuil dea-chleachtas monaraíochta á urramú acu;
    • athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a modhanna monaraíochta i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil;
    • córas ardchaighdeáin éifeachtúil um dhearbhú cógaisíochta lena mbeidh an lucht bainistíochta agus an fhoireann bainteach a bhunú agus a chur chun feidhme;
    • go leor baill foirne atá oilte agus cáilithe a bheith acu lena cinntiú go mbaintear caighdeáin cháilíochta amach;
    • dualgais na foirne bainistíochta agus maoirseachta a shainiú agus an oiliúint chuí a chur ar fáil dóibh;
    • taifid doiciméadúcháin, córas rialaithe cáilíochta faoi dhuine cuícháilithe agus cláir shláinteachais a bhunú agus a chothabháil;
    • cigireachtaí a dhéanamh go minic ar a n-oibríochtaí agus bearta ceartaitheacha ar bith is gá a dhéanamh;
    • córas a chur chun feidhme chun freagairt ar ghearáin, agus iad a scrúdú agus bearta a bheith i bhfeidhm chun cógais ar bith a aistarraingt más gá, agus a mbeart a chur in iúl do na húdaráis inniúla ag an am céanna.
  • Ní mór don áitreabh agus don trealamh a úsáidfear a bheith lonnaithe, deartha, déanta, oiriúnaithe agus cothaithe le bheith oiriúnach dá gcuspóir beartaithe, an baol go dtarlódh earráid a íoslaghdú agus chun go mbeifear ábalta glanadh agus cothabháil éifeachtúil a dhéanamh.
  • Áirítear leis an gcóras rialaithe cáilíochta rochtain ar shaotharlanna rialaithe cáilíochta agus ní mór samplaí de gach beart cógas a choinneáil ann ar feadh bliana ar a laghad i ndiaidh a ndáta éagtha.
  • Ní mór obair ar bith a ligfear ar conradh a údarú le conradh i scríbhinn ina leagtar amach freagrachtaí an dá pháirtí maidir le cloí leis an dea-chleachtas monaraíochta.
  • Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú go ndearnadh na táirgí allmhairithe a mhonarú de réir caighdeán atá comhionann ar a laghad le caighdeáin in AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Iúil 1991. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 23 Iúil 1993.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Treoir 91/412/CEE ón gCoimisiún an 23 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail agus na treoirlínte le haghaidh dea-chleachtas monaraíochta táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 228, 17.8.1991, lgh. 70-73)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lgh. 1-33).

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Treoir 2001/82/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 136, 30.4.2004, lgh. 58-84)

Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lgh. 1-66). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 19.04.2016

Top