EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtúlacht fuinnimh: ag cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le slándáil fuinnimh a fheabhsú

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach (CE) sprioc coigilte fuinnimh de 30 % a bhaint amach san Aontas Eorpach (AE) faoi 2030. Is ríthábhachtach í an éifeachtúlacht fuinnimh agus athrú á dhéanamh chuig córas fuinnimh atá níos iomaíche, níos slándála agus níos inbhuanaithe, córas atá bunaithe go príomha ar mhargadh fuinnimh inmheánach AE.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Éifeachtúlacht fuinnimh agus an méid a chuidíonn sí le slándáil fuinnimh agus leis an gcreat beartais um an aeráid agus fuinnimh 2030 (COM(2014) 520 final an 23.7.2014).

ACHOIMRE

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach (CE) sprioc coigilte fuinnimh de 30 % a bhaint amach san Aontas Eorpach (AE) faoi 2030. Is ríthábhachtach í an éifeachtúlacht fuinnimh agus athrú á dhéanamh chuig córas fuinnimh atá níos iomaíche, níos slándála agus níos inbhuanaithe, córas atá bunaithe go príomha ar mhargadh fuinnimh inmheánach AE.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Déantar measúnú sa teachtaireacht seo ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2020 an Aontais Eorpaigh a bhaint amach agus moltar sprioc nua de 30 % don bhliain 2030 inti. De réir CE, beifear in ann an sprioc chomhaontaithe um choigilt fuinnimh de 20 % a bhaint amach faoi 2020 go fóill ar an gcoinníoll go gcuirfidh na Ballstáit AE uile an reachtaíocht arna glacadh cheana féin i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Buntáistí na mbeart reatha: baineadh torthaí cruthaithe amach do ghnóthais agus do thomhaltóirí buíochas le beartais éifeachtúlachta fuinnimh reatha, na torthaí seo a leanas san áireamh:

  • Tháinig laghdú de bheagnach 19 % ar an déine fuinnimh sa tionscal AE idir na blianta 2001 agus 2011.
  • Tá an méid fuinnimh a úsáideann foirgnimh nua tite faoina leith ón méid fuinnimh a d’úsáid foirgnimh sna 1980í.
  • Gheall na Ballstáit AE go ndéanfaidís beagnach 200 milliún méadar cliste leictreachais agus 45 mhilliún méadar cliste gáis a chur ar fáil go céimneach faoi 2020. Taifeadann na méadair sin an t-ídiú fuinnimh go rialta i rith an lae. Cuireann sé sin ar chumas tomhaltóirí a n-úsáid fuinnimh a oiriúnú do phraghsanna fuinnimh éagsúla i rith an lae agus níos lú airgid a chaitheamh ar a mbillí fuinnimh.
  • Meastar go ndéanfaidh tomhaltóirí €100 billiún a shábháil in aghaidh na bliana - timpeall €465 an teaghlaigh - ar a mbillí fuinnimh faoi 2020 buíochas le fearais níos éifeachtúla, amhail cuisneoirí agus meaisíní níocháin.

Buntáistí fadtéarmacha: meastar go bhfeicfear na tionchair dhearfacha seo a leanas le linn na 16 bliana seo chugainn:

  • Meastar go dtiocfaidh laghdú 2.6 % ar allmhairí gáis AE gach aon uair a dhéanfar 1 % breise d’fhuinneamh a shábháil. Tiocfaidh laghdú mar sin ar an méid a bhraitheann AE ar sholáthróirí seachtracha.
  • Tiocfaidh feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh, rud a chuirfidh buntáistí breise ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu nó a oibríonn sna foirgnimh sin, de bhreis ar a mbillí fuinnimh a laghdú (mar shampla cuireann fuinneoga níos fearr feabhas ar chaighdeán an aeir agus cosnaíonn siad ar thorann seachtrach).
  • Cruthófar deiseanna nua do ghnóthais Eorpacha buíochas le beartais éifeachtúlacha fuinnimh, amhail gnólachtaí foirgníochta agus monaróirí trealaimh nua a chruthóidh poist áitiúla.

Tá a lán cistiúcháin á chur ar fáil ag AE do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh don tréimhse 2014-20 trí Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, trí Fís 2020, tríd an tsaoráid Eorpach um chúnamh áitiúil i réimse an fhuinnimh agus trí Chiste Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEorpa.

CÚLRA

Cuirtear bearta ceangailteacha i bhfeidhm faoin treoir um éifeachtúlacht fuinnimh de chuid AE lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas 20 % ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2020. Is cuid de spriocanna ginearálta AE um aeráid agus um fhuinneamh an sprioc sin, lena n-áirítear laghdú 20 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus scair 20 % d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh i bhfoinsí fuinnimh AE.

An 22 Eanáir 2014, ina theachtaireacht “Creat beartais um an aeráid agus fuinneamh don tréimhse 2020-30”, mhol AE spriocanna nua do laghduithe gás ceaptha teasa agus don fhuinneamh inathnuaite don bhliain 2030 - 40 % agus 27 % ar a laghad, faoi seach.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ón Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus tá faisnéis níos mionsonraithe le fáil sa treoir um éifeachtúlacht fuinnimh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1-56).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Creat beartais um an aeráid agus fuinneamh don tréimhse 2020-2030 (COM(2014) 15 final an 22.1.2014).

Nuashonraithe 27.12.2014

Top