Ról Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh — AS ECFIN
ACHOIMRE AR:
Airteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 121 AGUS AIRTEAGAL 126 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH?
Déantar foráil in Airteagal 121 agus in Airteagal 126 den CFAE i leith faireachas a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus ar fheidhmíocht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE), lena bhfuil an Coimisiún Eorpach bainteach.
- Ní mór do na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún faoina mbeartais eacnamaíocha.
- I gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfadh beartais thír AE dochair don aontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta, féadfaidh an Coimisiún rabhadh a eisiúint agus moltaí a mholadh don Chomhairle (Airteagal 121).
- Ní mór don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar an staid bhuiséadach i dtíortha AE agus i gcás mór-earráidí beartais féadfaidh sé moltaí a mholadh don Chomhairle maidir le nós imeachta a oscailt in aghaidh na tíre lena mbaineann.
Roinn de chuid an Choimisiúin is ea Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ard-Stiúrthóireacht ECFIN) a bhfuil sé d’aidhm léi cuidiú le méadú a dhéanamh ar leas eacnamaíoch na saoránach in AE agus níos faide i gcéin trí fhorbairt geilleagar iomaíoch ina bhfuil a lán fostaíochta a chur chun cinn.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ról
Cuireann an roinn le forbairt beartas atá dírithe i dtreo fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais á gcoimeád ag an am chéanna. I measc nithe eile, déanann sí an méid seo a leanas:
- athchóirithe struchtúracha riachtanacha a chur chun feidhme;
- féachann sí le hairgead poiblí slán agus meascán cuí beartas (teacht ar an gcomhcheangal ceart beartas chun fás agus fostaíocht a uasmhéadú) a bhaint amach agus a choimeád;
- infheistíocht a chur chun cinn i gcaipiteal táirgiúil (earraí agus bonneagar a chuidíonn le fás a chruthú) agus i gcaipiteal daonna (oiliúint agus oideachas a chur ar dhaoine).
Príomhchuspóirí
Dírítear a hiarrachtaí ar dhá cheann de chuspóirí ginearálta an Choimisiúin a bhaint amach:
- borradh úr a chur faoi phoist, faoi fhás agus faoi infheistíocht;
- aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos láidre agus níos córa.
Chun é sin a dhéanamh, bhunaigh sí straitéis ina bhféachtar le cúig chuspóir shonracha a bhaint amach:
- beartais lena gcuirtear le fás agus fostaíocht a chur chun cinn i limistéar an euro agus in AE,
- beartais lena gcuirtear chun cinn cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus fhioscach i limistéar an euro agus in AE,
- infheistíocht a chur chun cinn in AE,
- rathúnas a chur chun cinn níos faide ar shiúl ná AE
- feidhmiú éifeachtach an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a fheabhsú.
An Seimeastar Eorpach
Bunaíodh an Seimeastar Eorpach chun beartais eacnamaíocha a chomhordú ar fud AE i rith na bliana agus chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha AE. Tá ról tábhachtach ag ECFIN maidir le:
- tabhairt faoi anailís mhionsonraithe ar dhúshláin bhuiséadacha agus eacnamaíocha agus ar phleananna beartais gach tíre;
- treoir bheartais a chur ar fáil a bheidh saincheaptha do gach tír AE ina mbeidh moltaí a bhaineann go sonrach le tír áirithe agus a chuirfear i bhfeidhm laistigh de 12-18 mí ina dhiaidh sin; agus ansin
- monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar chur chun feidhme athchóirithe.
Nósanna imeachta a sheoladh
Tá ról tábhachtach ag ECFIN maidir le nósanna imeachta a sheoladh in aghaidh thíortha AE faoin gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) agus faoin Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP):
- I gcásanna go meastar go bhfuil easnamh buiséid nó fiachas poiblí thír AE iomarcach i ndáil le luachanna tagartha bunaithe áirithe, féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú chun Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach (EDP) a sheoladh agus a mholadh don Chomhairle nós imeachta um easnamh iomarcach a oscailt. Lena chois sin féadfaidh an Coimisiún rabhadh a chur ar thíortha nach gcloíonn lena gcuspóir meántéarmach buiséadach.
- Is é Ard-Stiúrthóireacht ECFIN príomhsholáthraí na hanailíse sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh agus le haghaidh cuid mhór de na grinn-anailísí agus tá ról comhordúcháin aici i ngnéithe áirithe d’fhaireachas MIP. I gcásanna míchothromaíochtaí níos tromchúisí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go seolfaí Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha (EIP) mar chuid de ghné cheartaitheach MIP. Ina dhiaidh sin, déanann Ard-Stiúrthóireacht ECFIN monatóireacht ar cheartúchán na míchothromaíochtaí iomarcacha.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 1 — Beartas eacnamaíoch — Airteagal 121 (sean-Airteagal 99 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 97-98)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 1 — Beartas eacnamaíoch — Airteagal 126 (sean-Airteagal 104 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 99-102)
Nuashonraithe 03.09.2021