Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0240

    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

    IO L 57, 18.2.2021, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/240/oj

    18.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 57/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/240 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Feabhra 2021

    lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus Airteagal 197(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagail 120 agus 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de cheangal ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, agus i gcomhthéacs na mór-threoirlínte a cheapann an Chomhairle. Le hAirteagal 148 CFAE, ceanglaítear ar na Ballstáit beartais fostaíochta a chur chun feidhme a chuirfidh na treoirlínte le haghaidh fostaíochta arna dtarraingt suas ag an gComhairle san áireamh. Mar sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

    (2)

    Le hAirteagal 175 CFAE, ceanglaítear ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha, inter alia, a chomhordú ar bhealach a dhéanfadh na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a leagtar amach in Airteagal 174 de a bhaint amach.

    (3)

    Le ráig COVID-19 go luath in 2020, rinneadh athrú ar an ionchas eacnamaíoch agus sóisialta le haghaidh na mblianta atá le teacht san Aontas agus ar domhan. San Aontas, tá tosaíochtaí nua tagtha chun cinn, atá nasctha leis an ngéarchéim, lena ndírítear go sonrach ar an téarnamh agus an athléimneacht. Éilítear leis na tosaíochtaí sin freagairt phráinneach agus chomhordaithe ón Aontas chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte atá ann do na Ballstáit agus chun na drochthorthaí sóisialta agus eacnamaíocha a thiocfaidh as an ráig a mhaolú freisin. Buaileadh mná, ach go háirithe, go mór le hiarmhairtí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19. Léiríodh le géarchéim COVID-19, chomh maith leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais a bhí ann roimhe seo, go gcuidítear le Ballstáit freagairt níos éifeachtúla do thurraingí agus téarnamh uathu ar bhealach níos tapa má fhorbraíonn siad geilleagair agus córais airgeadais atá iontaofa agus athléimneach agus atá tógtha ar struchtúir láidre agus inbhuanaithe eacnamaíocha agus shóisialta. Léiríodh go soiléir freisin go raibh gá le hullmhacht na gcóras sláinte, na seirbhísí poiblí riachtanacha agus na sásraí éifeachtacha cosanta sóisialta. Dá bhrí sin beidh sé riachtanach go mbeidh athchóirithe agus infheistíochtaí a fheabhsóidh an fás, atá inbhuanaithe, cliste agus freagrach ó thaobh na sochaí de, agus go mbeidh beartais fhioscacha fhónta agus poist ardcháilíochta á gcruthú chun freagairt do na dúshláin nua, chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha eacnamaíocha agus chun athléimneacht a neartú, ionas go gcuirfear an geilleagar agus an tsochaí ar ais ar chonair téarnaimh inbhuanaithe agus chun go sárófar na héagsúlachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha san Aontas. Bá cheart é sin a dhéanamh ar mhaithe le folláine shaoránaigh an Aontais agus i gcomhréir le prionsabail ábhartha na gceart bunúsach.

    (4)

    Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 le Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus buiséad EUR 142 800 000 ag gabháil leis, an tráth a glacadh é. Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun neartú a dhéanamh ar an gcumas atá ag na Ballstáit athchóirithe riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear cúnamh a chur ar fáil chun cistí an Aontais a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil. Is é an Coimisiún a chuireann tacaíocht theicniúil ar fáil faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, ar iarraidh ó Bhallstát, agus féadfar raon leathan de réimsí beartais a chumhdach leis an tacaíocht sin. Ceapadh an Rialachán seo ionas go leanfar den chlár sin, a bhfuil glactha leis go fonnmhar ag Ballstáit, agus na coigeartuithe ábhartha á n-ionchorprú.

    (5)

    Tá méadú leanúnach tagtha ar a mhéid atá na Ballstát ag glacadh le tacaíocht theicniúil faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ba cheart ionstraim um thacaíocht theicniúil a bhunú d’fhonn leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme athchóirithe agus d’fhonn an tacaíocht sin a fheabhsú (an “ionstraim”).

    (6)

    Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat lena ndéantar dúshláin agus tosaíochtaí náisiúnta um athchóiriú a shainaithint agus lena ndéantar faireachán ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Forbraíonn na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla féin freisin chun tacú leis na tosaíochtaí um athchóiriú i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Cuirtear na straitéisí sin i láthair in éineacht leis na Cláir Náisiúnta bhliantúla um Athchóiriú mar bhealach chun tosaíochtaí a leagan amach agus a chomhordú, ar tosaíochtaí iad a dtabharfar tacaíocht dóibh le cistiú náisiúnta nó le cistiú ón Aontas. Ba cheart dóibh feidhmiú mar mhodh freisin chun úsáid a bhaint as cistiú ón Aontas ar shlí chomhleanúnach agus chun breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil a uasmhéadú, go háirithe an tacaíocht atá le fáil ó chláir a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faoi na cistí struchtúracha agus na cistí comhtháthaithe agus ó chláir eile. Maidir leis na dúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, bheadh breisluach soiléir ag an ionstraim maidir le cuidiú leis na Ballstáit feabhas a chur ar a gcumas aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na moltaí tír-shonracha.

    (7)

    Mar léiriú ar sheasamh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip mar straitéis fáis an Aontais, agus mar léiriú go bhfuiltear á cur i ngníomh de réir ghealltanais an Aontais i dtaobh Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an ionstraim, rannchuidítear le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena ndéanfar gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta ó 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta á mheas. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an ionstraim á hullmhú agus á cur chun feidhme agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe. Leis an ionstraim, ba cheart dul i ngleic freisin le dúshláin shóisialta agus chomhshaoil níos leithne laistigh den Aontas, dúshláin lena n-áirítear caipiteal nádúrtha a chosaint, bithéagsúlacht a chaomhnú agus tacú leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an aistriú fuinnimh, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Leis an ionstraim, ba cheart tacú leis an aistriú digiteach agus rannchuidiú le Margadh Aonair Digiteach a chruthú.

    (8)

    Ba cheart gurb é cuspóir ginearálta na hionstraime comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun feidhme. Tá gá leis sin chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh, chun tacú le téarnamh agus cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta atá inbhuanaithe agus cothrom, chun athléimneacht a ghnóthú, chun bochtaineacht agus neamh-chomhionannas a laghdú, chun comhionannas inscne a chur chun cinn, chun iomaíochas a mhéadú, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha faoi leith agus chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Tá gá leis sin freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát a n-acmhainneacht institiúideach agus riaracháin agus a gcreat breithiúnach a neartú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus a n-iarrachtaí chun cuspóirí beartais a chur chun feidhme chun aistrithe atá cuimsitheach go sóisialta, glas agus digiteach a éascú, i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus leis an sprioc maidir leis an neodracht aeráide faoi 2050, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

    (9)

    Ba cheart gurb iad cuspóirí sonracha na hionstraime cabhrú leis na húdaráis náisiúnta agus iad ag iarraidh athchóirithe a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú, a leasú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú de bhun Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear trí mhalartú dea-chleachtas, próiseas agus modheolaíochtaí iomchuí, rannpháirtíocht geallsealbhóirí, i gcás inarb iomchuí, agus bainistiú acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

    (10)

    D’fhonn cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme i ngach ceann de na príomhréimsí eacnamaíocha agus sochaíocha, ba cheart don Choimisiún leanúint den tacaíocht theicniúil a chur ar fáil, ar iarraidh ó Bhallstát, i raon leathan réimsí beartais, lena n-áirítear réimsí a bhaineann le bainistiú airgeadais phoiblí agus bainistiú sócmhainní, athchóiriú institiúideach agus riaracháin, athchóiriú breithiúnach, an timpeallacht ghnó, an earnáil airgeadais agus litearthacht airgeadais a fheabhsú, margaí le haghaidh táirgí, seirbhísí agus saothair, oideachas agus oiliúint, comhionannas inscne, forbairt inbhuanaithe, sláinte phoiblí, leas sóisialta agus cúram sóisialta, chomh maith le hacmhainneachtaí luathbhraite agus freagartha comhordaithe. Ba cheart béim ar leith a leagan ar na gníomhaíochtaí lena gcothaítear na haistrithe glasa agus digiteacha. Ba cheart go dtacódh an ionstraim freisin leis an ullmhúchán do bhallraíocht sa limistéar euro.

    (11)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don ionstraim, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le maidir le hachmainní dílse nua (6), lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus an t-éileamh ar an ionstraim á chur san áireamh.

    (12)

    Chun freastal ar riachtanais bhreise faoin ionstraim, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit acmhainní atá clársceidealaithe i mbainistíocht chomhroinnte faoi chistí an Aontais a aistriú chuig buiséad na hionstraime, agus acmhainní nár gealladh a aistriú ar ais, i gcomhréir le Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus Víosaí. Ba cheart na hacmhainní aistrithe a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na hionstraime agus ba cheart iad a úsáid go heisiach chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún aiseolas a sholáthar don Bhallstát sin maidir le húsáid na n-acmhainní aistrithe.

    (13)

    Chun freastal ar riachtanais bhreise faoin ionstraim, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann tacaíocht theicniúil bhreise a iarraidh agus ba cheart dó íoc as costais a bhaineann le tacaíocht bhreise den sórt sin. Ba cheart gur ioncam sannta seachtrach a bheadh sna híocaíochtaí sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an “Rialachán Airgeadais”) agus ba cheart iad a úsáid go heisiach chun tairbhe an Bhallstáit sin.

    (14)

    Ba cheart tacaíocht theicniúil a sholáthar arna iarraidh sin, chun tacú le cur chun feidhme na n-athchóirithe arna nglacadh ar thionscnamh na mBallstát, athchóirithe i gcomhthéacs na bpróiseas rialachais eacnamaíoch, go háirithe na hathchóirithe sin lena dtugtar aghaidh go héifeachtach ar na moltaí tír-shonracha nó bearta a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme, agus athchóirithe a bhaineann le cur chun feidhme na gclár um choigeartú eacnamaíoch. Ba cheart don ionstraim freisin tacaíocht theicniúil a sholáthar chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghlacfar de bhun Rialachán (AE) 2021/241 a ullmhú, a leasú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú.

    (15)

    I gcomhréir leis na rialacha agus leis an gcleachtas atá ann cheana féin faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, ba cheart próiseas éadrom a bhunú chun iarrataí ar thacaíocht theicniúil a thíolacadh. Ar an gcúis sin, ba cheart iarrataí ó Bhallstáit a bheith curtha isteach faoin 31 Deireadh Fómhair mura sonraítear a mhalairt sna glaonna tiomnaithe breise ar iarrataí. Agus an prionsabal uileghabhálach i ndáil le cóir chomhionann, le bainistíocht fhónta airgeadais agus le trédhearcacht á urramú, ba cheart critéir iomchuí a leagan síos chun anailís a dhéanamh ar na hiarrataí a thíolacann na Ballstáit. Ba cheart na critéir sin a bheith bunaithe ar phráinn, ar dhéine agus ar fhairsinge na bhfadhbanna, agus ar na riachtanais i gcomhair tacaíochta arna sainaithint i dtaca leis na réimsí beartais ina bhfuil tacaíocht theicniúil beartaithe. Ba cheart don Choimisiún glaonna tiomnaithe breise a eagrú mar fhreagairt ar riachtanais shonracha na mBallstát atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear, mar ábhar tosaíochta, chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta de bhun Rialachán (AE) 2021/241 a ullmhú, a leasú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú.

    (16)

    Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, roimh dóibh tacaíocht theicniúil a iarraidh, dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus cleachtais náisiúnta.

    (17)

    Ba cheart ábhar na bpleananna comhair agus tacaíochta ina mionsonraítear na bearta chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit a shonrú freisin. Chuige sin, ba cheart a chur san áireamh sna bearta tacaíochta teicniúla atá beartaithe agus sa ranníocaíocht airgeadais dhomhanda measta atá gaolmhar leo, na bearta agus na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag cistí an Aontais nó ag cláir an Aontais.

    (18)

    Ar mhaithe le cuntasacht agus le trédhearcacht, agus chun infheictheacht bheart an Aontais a áirithiú, faoi réir coinníollacha áirithe lena dtugtar cosaint d’fhaisnéis íogair, ba cheart don Choimisiún na pleananna comhair agus tacaíochta a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide. Ba cheart don Choimisiún liosta de na hiarrataí ar thacaíocht theicniúil atá formheasta a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

    (19)

    Chun níos mó trédhearcachta a áirithiú i dtaca le hionchur teicniúil sa phróiseas cinnteoireachta náisiúnta, ba cheart don Choimisiún stór poiblí amháin ar líne a bhunú trínar cheart dó, faoi réir na rialacha is infheidhme agus ar bhonn comhairliúcháin leis na Ballstáit lena mbaineann, staidéir nó tuarascálacha críochnaitheacha a chur ar fáil mar chuid de ghníomhaíochtaí incháilithe. Chun faisnéis íogair agus rúnda a bhaineann lena leasanna poiblí a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh, i gcás ina bhfuil údar maith leis, nach ndéanfadh an Coimisiún na doiciméid sin a nochtadh gan a gcomhaontú a fháil roimh ré.

    (20)

    Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme na hionstraime, go háirithe na modhanna bainistíochta, na cineálacha cistiúcháin do na bearta tacaíochta teicniúla agus inneachar na gclár oibre, ar cheart iad a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sé tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta agus iad ag saothrú athchóirithe agus á gcur chun feidhme, is gá ráta cómhaoinithe do dheontais suas go dtí 100 % de na costais incháilithe a cheadú. Chun go bhféadfar tacaíocht theicniúil a shlógadh go tapa i gcás práinne, ba cheart foráil do ghlacadh bearta speisialta ar feadh tréimhse theoranta. Chuige sin, ba cheart méid teoranta den bhuiséad laistigh de chlár oibre na hionstraime, nach airde ná 30 % den leithdháileadh bliantúil, a chur i leataobh i gcomhair bearta speisialta.

    (21)

    Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach na gcistí ó bhuiséad an Aontais a áirithiú agus chun prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar chomhlánú orthu. Ba cheart cistiú dúbailte don chaiteachas céanna a sheachaint, áfach. Go háirithe agus, chun dúbailt nó forluí a sheachaint, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis náisiúnta comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht idir foinsí cistithe a choimirciú, lena n-áirítear cúnamh teicniúil a mhaoiniú.

    (22)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an ionstraim ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hionstraime ar an talamh.

    (23)

    Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Sa bhreis air sin, ba cheart meastóireacht neamhspleách mheántéarmach a dhéanamh, ag féachaint ar ghnóthú chuspóirí na hionstraime, ar éifeachtúlacht úsáid acmhainní na hionstraime agus ar a breisluach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa a bheith in ann iarraidh ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh i malartú tuairimí le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa chun an tuarascáil bhliantúil agus cur chun feidhme na hionstraime a phlé. Sa bhreis air sin, ba cheart do mheastóireacht neamhspleách ex-post déileáil le tionchar fadtéarmach na hionstraime.

    (24)

    Ba cheart na cláir oibre le haghaidh chur chun feidhme na tacaíochta teicniúla a bhunú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais. Cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna agus trí chur chun feidhme indíreach agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin córas ginearálta coinníollacha chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (25)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11), agus (AE) 2017/1939 (12) ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois san áireamh, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, ciontaí coiriúla a fhiosrú a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dóibh i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí an Aontais le comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, leis na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí, agus, i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus lena áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a mbeidh baint aige le cur chun feidhme chistí an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.

    (26)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na ngníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (27)

    Níor cheart tionchar a bheith ag an Rialachán seo ar leanúint de bhearta tacaíochta agus iad a mhodhnú arna bhformheas ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2020 ar bhonn Rialachán (AE) 2017/825 nó aon ghníomh eile de chuid an Aontais a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcúnamh sin. Ba cheart, mar sin, na bearta arna bhformheas faoi Rialachán (AE) 2017/825 a bheith bailí go fóill. Chuige sin, ba cheart foráil idirthréimhseach a leagan síos freisin.

    (28)

    Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (an “ionstraim”).

    Leagtar síos leis, cuspóir ginearálta agus cuspóirí sonracha na hionstraime, buiséad na hionstraime le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “tacaíocht theicniúil” bearta a chabhraíonn le húdaráis náisiúnta athchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha a chur chun feidhme atá inbhuanaithe agus lena bhfeabhsaítear an athléimneacht a neartaíonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus a thacaíonn leis an riarachán poiblí agus infheistíochtaí inbhuanaithe agus spreagtha athléimneachta á n-ullmhú;

    (2)

    ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás poiblí amháin nó níos mó ar leibhéal an rialtais, lena n-áirítear iad siúd ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí phointe (42) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, agus iad ag obair i gcomhar le chéile i spiorad na comhpháirtíochta i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát;

    (3)

    ciallaíonn “cistí an Aontais” Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Ciste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus Víosaí;

    (4)

    ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht de réir bhrí Airteagal 156 den Rialachán Airgeadais agus eagraíochtaí atá comhshamhlaithe le heagraíocht den sórt sin de bhun an Airteagail sin;

    (5)

    ciallaíonn “an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch” nó “an Seimeastar Eorpach” an próiseas a leagtar amach faoi Airteagal 2-a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (14);

    (6)

    ciallaíonn “moltaí tír-shonracha” na moltaí ón gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 121(2) agus 148(4) CFAE i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

    Airteagal 3

    Cuspóir ginearálta

    Is é cuspóir ginearálta na hionstraime comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun feidhme. Tá gá leis sin chun infheistíochtaí a spreagadh, chun iomaíochas a mhéadú agus chun cóineasú, athléimneacht agus téarnamh inbhuanaithe a ghnóthú. Tá gá leis freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát a n-acmhainneacht institiúideach agus riaracháin a neartú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun aistrithe atá cuimsitheach go sóisialta, glas agus digiteach a éascú, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha agus chun dlí an Aontais a chur chun feidhme.

    Airteagal 4

    Cuspóirí sonracha

    Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a ghnóthú, beidh cuspóirí sonracha ag an ionstraim a bhaineann le cuidiú leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

    (b)

    pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú, a leasú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú de bhun Rialachán (AE) 2021/241.

    Saothrófar na cuspóirí sonracha sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear trí mhalartú dea-chleachtas, próiseas agus modheolaíochtaí, rannpháirtíocht geallsealbhóirí, i gcás inarb iomchuí, agus bainistiú acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

    Airteagal 5

    Raon Feidhme

    Leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4, déanfar tagairt do réimsí beartais a bhaineann le comhtháthú, iomaíochas, oideachas, táirgiúlacht, taighde agus nuálaíocht, fás, poist agus infheistíocht atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach agus cuirfear béim ar leith ar ghníomhaíochtaí lena gcothaítear an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú cóir glas, agus go háirithe atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (a)

    bainistíocht airgeadais agus sócmhainní poiblí, próiseas an bhuiséid, lena n-áirítear buiséadú glas agus inscne, creat macraifhioscach, bainistíocht fiachais agus airgid reatha, caiteachas agus beartas cánach, comhlíonadh cánach, riarachán ioncaim agus an t-aontas custaim, chomh maith le pleanáil ionsaitheach cánach, calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac;

    (b)

    athchóiriú institiúideach agus feidhmiú an riaracháin phoiblí éifeachtúil atá dírithe ar an soláthar seirbhíse agus ar ríomh-rialtas, simpliú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta, iniúchóireacht, feabhas a chur ar acmhainn chun cistí an Aontais a ionsú, comhar riaracháin a chur chun cinn, smacht reachta éifeachtach, athchóiriú na gcóras ceartais, fothú acmhainneachta maidir le húdaráis iomaíochta agus údaráis in aghaidh trustaí, maoirseacht airgeadais a neartú, agus an comhrac i gcoinne na calaoise, na héillithe agus an sciúradh airgid a atreisiú;

    (c)

    an timpeallacht ghnó, lena n-áirítear le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, na daoine féinfhostaithe, fiontraithe agus fiontair an gheilleagair shóisialta, ationsclú agus athlonnú an táirgthe san Aontas, forbairt na hearnála príobháidí, margaí táirgí agus seirbhísí, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha lena n-áirítear sa bhonneagar fisiceach agus fíorúil, tionscnóirí tionscadail agus gorlanna tionscadail, rannpháirtíocht phoiblí i bhfiontair, próisis phríobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht, soláthar poiblí éifeachtúil agus trédhearcach, forbairt earnálach inbhuanaithe, agus tacaíocht do thaighde, do nuálaíocht agus do dhigitiú;

    (d)

    oideachas, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oiliúint, gairmoideachas agus gairmoiliúint, beartais óige, beartais maidir leis an margadh saothair, lena n-áirítear idirphlé sóisialta, chun poist ardcháilíochta a chruthú, rannpháirtíocht mhéadaithe na ngrúpaí atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair, uasoiliúint agus athoiliúint, go háirithe scileanna digiteacha, litearthacht sna meáin, saoránacht ghníomhach, aosú gníomhach, comhionannas inscne, cosaint shibhialta, beartais maidir le tearmann agus imirce, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an comhrac in aghaidh na bochtaineachta, an neamhionannais ioncaim agus in aghaidh gach cineáil idirdhealaithe;

    (e)

    cúram sláinte poiblí, córais slándála sóisialta, cúraim agus leasa, agus cúram leanaí atá inrochtana, inacmhainne agus athléimneach;

    (f)

    beartais chun an t-athrú aeráide a mhaolú, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú cóir glas, réitigh ríomh-rialtais, ríomhsholáthar, idirnascthacht, rochtain ar shonraí agus rialachas, réitigh cosanta sonraí, ríomhfhoghlaim, úsáid réiteach bunaithe ar an Intleacht Shaorga, colún timpeallachta na forbartha inbhuanaithe agus na cosanta comhshaoil, gníomhú ar son na haeráide, iompar agus soghluaisteacht, an geilleagar ciorclach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, éagsúlacht fuinnimh a bhaint amach, bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus slándáil fuinnimh a áirithiú, agus maidir leis an earnáil talmhaíochta, cosaint na hithreach agus na bithéagsúlachta, iascach agus forbairt inbhuanaithe na limistéar tuaithe, iargúlta agus oileánach;

    (g)

    beartais agus rialú na hearnála airgeadais, lena n-áirítear inniúlacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais, rochtain ar mhaoiniú agus iasachtú san fhíorgheilleagar, go háirithe do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, do dhaoine féinfhostaithe agus d’fhiontraithe;

    (h)

    táirgeadh, soláthar agus faireachán cáilíochta ar shonraí agus ar staidreamh;

    (i)

    ullmhúchán do bhallraíocht sa limistéar euro; agus

    (j)

    luathbhrath agus freagairt chomhordaithe chun freagairt do rioscaí substaintiúla don tsláinte phoiblí nó don tslándáil, chomh maith le leanúnachas gnó agus seirbhíse d’institiúidí agus earnálacha poiblí agus príobháideacha bunriachtanacha a áirithiú.

    Airteagal 6

    Buiséad

    1.   Is é EUR 864 000 000 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais a bheidh ann le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027.

    2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais na hionstraime costais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá ag teastáil chun an ionstraim a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, costais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach costas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an ionstraim a bhainistiú. Chomh maith leis sin, leis na caiteachais, féadfar gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail um thacaíocht theicniúil ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe struchtúracha a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

    3.   De bhreis ar an imchlúdach airgeadais atá leagtha amach i mír 1, féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú, arna iarraidh sin dóibh, agus i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus Víosaí a aistriú chuig an ionstraim chun iarrataí ar thacaíocht theicniúil atá sainaitheanta go soiléir a mhaoiniú, agus féadfar iad a aistriú ar ais mura ngealltar iad. Úsáidfear na hacmhainní sin go heisiach chun tairbhe an Bhallstáit a d’iarr an t-aistriú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

    Airteagal 7

    Íocaíochtaí do thacaíocht theicniúil bhreise

    1.   Sa bhreis ar an tacaíocht theicniúil a chumhdaítear leis an mbuiséad a leagtar amach in Airteagal 6, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil bhreise a iarraidh faoin ionstraim agus íocfaidh siad as na costais a bhaineann le tacaíocht bhreise den sórt sin.

    2.   Is éard a bheidh sna híocaíochtaí a dhéanfaidh Ballstát ar bhonn mhír 1 den Airteagal seo ioncam sannta seachtrach arna sholáthar i gcomhréir leis an mbunghníomh i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus úsáidfear iad go heisiach chun tairbhe an Bhallstáit sin.

    CAIBIDIL II

    TACAÍOCHT THEICNIÚIL

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht theicniúil a fháil

    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 a shaothrú, déanfar, go háirithe, gníomhaíochtaí den chineál seo a leanas a mhaoiniú leis an ionstraim:

    (a)

    saineolas a sholáthar a bhaineann le comhairle faoi bheartas, athrú beartais, straitéisí agus treochláir athchóirithe a fhoirmliú, agus a bhaineann freisin le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin;

    (b)

    saineolaithe a sholáthar ar bhonn gearrthéarmach nó fadtéarmach, lena n-áirítear saineolaithe cónaitheacha, chun cúraimí i réimsí sonracha a chur i gcrích nó chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, i gcás inar gá le tacaíocht ateangaireachta, aistriúcháin agus comhair, mar aon le cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh;

    (c)

    fothú acmhainneachta institiúidí, riaracháin nó earnála agus gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara ar gach leibhéal rialachais, lena rannchuideofar freisin le cumhachtú na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, de réir mar is iomchuí, go háirithe:

    (i)

    seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna, le, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht geallsealbhóirí;

    (ii)

    malartuithe dea-chleachtas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuairteanna oibre ar Bhallstáit ábhartha nó ar thríú tíortha chun cur ar a gcumas d’oifigigh a saineolas nó a n-eolas ar shaincheisteanna ábhartha a fháil nó a mhéadú;

    (iii)

    gníomhaíochtaí oiliúna agus forbairt modúl oiliúna ar líne nó modúl oiliúna eile chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus leis an eolas gairmiúil a theastaíonn i dtaca leis na hathchóirithe ábhartha;

    (d)

    sonraí agus staitisticí a bhailiú, modheolaíochtaí coiteanna, lena n-áirítear príomhshruthú agus rianú inscne agus aeráide, agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna coiteanna a fhorbairt;

    (e)

    tacaíocht oibríochtúil áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, an imirce agus rialú teorann;

    (f)

    fothú acmhainneachta TF, lena n-áirítear saineolas a bhaineann le forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta an bhonneagair agus na bhfeidhmchlár TF is gá chun na hathchóirithe ábhartha a chur chun feidhme, cibearshlándáil, réitigh bogearraí foinse oscailte agus crua-earraí, réitigh cosanta sonraí chomh maith le saineolas a bhaineann le cláir atá dírithe ar dhigiteáil seirbhísí poiblí, go háirithe i seirbhísí amhail cúram sláinte, oideachas nó na breithiúna;

    (g)

    staidéir, lena n-áirítear staidéir féidearthachta, taighde, anailísí agus suirbhéanna, meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, lena n-áirítear measúnuithe tionchair inscne, a dhéanamh agus forbairt agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais;

    (h)

    tionscadail chumarsáide agus straitéisí a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir le foghlaim, lena n-áirítear ríomhfhoghlaim, comhar, múscailt feasachta, gníomhaíochtaí scaipthe agus malartú dea-chleachtas, feachtais múscailte feasachta agus faisnéise a eagrú, chomh maith le feachtais agus ócáidí trí na meáin chumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach agus, i gcás inarb iomchuí, cumarsáid trí na gréasáin nó ardáin shóisialta;

    (i)

    tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí na tacaíochta teicniúla arna soláthar faoin ionstraim a scaipeadh, lena n-áirítear trí fhorbairt, oibriú agus coinneáil córas agus uirlisí trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide; agus

    (j)

    aon ghníomhaíocht ábhartha eile a thacaíonn leis an gcuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 faoi seach.

    Airteagal 9

    Iarraidh ar thacaíocht theicniúil

    1.   Déanfaidh Ballstáit ar mian leo tacaíocht theicniúil a fháil faoin ionstraim iarraidh ar thacaíocht theicniúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina sainaithneofar na réimsí beartais agus na tosaíochtaí i gcomhair tacaíochta laistigh de raon feidhme na hionstraime mar a leagtar amach in Airteagal 5. Cuirfear iarrataí den sórt sin isteach faoin 31 Deireadh Fómhair mura sonraítear a mhalairt sna glaonna tiomnaithe breise ar iarrataí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir leis na príomhghnéithe a bheidh le cur san áireamh san iarraidh ar thacaíocht theicniúil.

    2.   Chun tacaíocht agus úinéireacht leathan a bhailiú do na hathchóirithe atá á saothrú ag na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit ar mian leo tacaíocht theicniúil a fháil faoin ionstraim dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha roimh dóibh tacaíocht theicniúil a iarraidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta.

    3.   Féadfaidh Ballstáit iarraidh ar thacaíocht theicniúil a thíolacadh in imthosca a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    cur chun feidhme athchóirithe ag na Ballstáit, a dhéanfar ar a dtionscnamh féin agus i gcomhréir leis an cuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 faoi seach;

    (b)

    cur chun feidhme athchóirithe fáschothaitheacha agus athchóirithe a chuireann feabhas ar athléimneacht i gcomhthéacs na bpróiseas a bhaineann le rialachas eacnamaíoch, go háirithe na moltaí tír-shonracha arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme;

    (c)

    cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíoch do Bhallstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais ón Aontas faoi ionstraimí atá ann cheana, go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit arb é an euro a n-airgeadra, agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (16) a mhéid a bhaineann le Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra;

    (d)

    ullmhú, leasú agus athbhreithniú pleananna téarnaimh agus athléimneachta de bhun Rialachán (AE) 2021/241 agus cur chun feidhme na bpleananna sin ag na Ballstáit.

    4.   Eagróidh an Coimisiún glaonna tiomnaithe breise ar iarrataí mar fhreagairt ar riachtanais shonracha na mBallstát atá ag teacht chun cinn, amhail iarrataí atá nasctha leis na himthosca dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 a thíolacadh.

    5.   Agus prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais á gcur san áireamh agus i ndiaidh dó plé a dhéanamh leis an mBallstát, lena n-áirítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an iarraidh ar thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar phráinn, leithead agus doimhneacht na ndúshlán arna sainaithint, ar na riachtanais tacaíochta i leith na réimsí beartais lena mbaineann, ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus ar acmhainneacht institiúideach agus riaracháin ghinearálta na mBallstáit lena mbaineann.

    Bunaithe ar an anailís sin agus na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, tiocfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú maidir le réimsí tosaíochta na tacaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus iomlán measta na ranníocaíochta domhanda airgeadais do thacaíocht theicniúil den sórt sin, agus leagfar amach iad i bplean tacaíochta agus comhair (an “plean tacaíochta agus comhair”).

    6.   Sa phlean comhair agus tacaíochta sainaithneofar, ar leithligh ó thacaíocht theicniúil eile, na bearta a bhaineann leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na mBallstát de bhun Rialachán (AE) 2021/241

    Airteagal 10

    Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cumarsáid maidir leis na pleananna comhair agus tacaíochta

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir thoiliú an Bhallstáit lena mbaineann, an plean comhair agus tacaíochta a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann diúltú toiliú den sórt sin a thabhairt i gcás faisnéis íogair nó rúnda a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit a chur i mbaol.

    2.   D’ainneoin mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an plean comhair agus tacaíochta a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle:

    (a)

    a luaithe a bheidh an fhaisnéis íogair nó rúnda go léir bainte amach ag an mBallstát lena mbaineann, a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit lena mbaineann a chur i mbaol;

    (b)

    tar éis tréimhse réasúnach, nuair nach ndéanfadh nochtadh faisnéise ábhartha difear díobhálach do chur chun feidhme na mbeart tacaíochta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis bearta den sórt sin a chur chun feidhme faoin bplean comhair agus tacaíochta.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas i gcomhair beart tacaíochta atá beartaithe sna pleananna comhair agus tacaíochta a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sa Bhallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta d’iarrataí ar thacaíocht theicniúil atá formheasta a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Cuirfidh an Coimisiún oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin ar an eolas go rialta faoi na tionscadail sin sna Ballstáit lena mbaineann.

    Airteagal 11

    Cistiú forlíontach

    Féadfaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil tacaíocht a fháil ó chláir, ó ionstraimí nó ó chistí eile de chuid an Aontais, faoi bhuiséad an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis an tacaíocht sin.

    Airteagal 12

    Cur chun feidhme na hionstraime

    1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta faoin ionstraim a chur chun feidhme go díreach, nó féadfaidh daoine nó eintitis iad a chur chun feidhme go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais. Go háirithe, tiocfaidh tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo sna foirmeacha seo a leanas:

    (a)

    deontais;

    (b)

    conarthaí soláthair phoiblí;

    (c)

    aisíocaíocht costas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát a mbeidh tacaíocht á soláthar nó á fáil acu;

    (d)

    ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna gcur ar bun ag eagraíochtaí idirnáisiúnta; agus

    (e)

    gníomhaíochtaí a dhéanfar trí bhainistíocht indíreach.

    3.   Féadfar deontais a dhámhachtain ar údaráis náisiúnta, ar ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha agus ar eintitis atá bunaithe go dlíthiúil iontu seo a leanas:

    (a)

    Ballstáit;

    (b)

    tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar páirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin.

    Beidh ráta suas le 100 % de na costais incháilithe ann le haghaidh cómhaoiniú i gcomhair deontas.

    4.   Féadfar tacaíocht theicniúil a sholáthar i gcomhar le heintitis na mBallstát eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

    5.   Féadfaidh saineolaithe aonair tacaíocht theicniúil a sholáthar freisin, agus féadfar cuireadh a thabhairt dóibh rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe arna n-eagrú i gcás inar gá sin chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 a ghnóthú.

    6.   Chun an tacaíocht theicniúil a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin.

    Sna cláir oibre, leagfar amach:

    (a)

    an leithdháileadh le haghaidh na hionstraime;

    (b)

    na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an gcuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo, faoi seach, agus laistigh den raon feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 agus na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo; agus

    (c)

    na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas agus na heilimintí eile go léir a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais.

    7.   Chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní ar fáil go tráthúil, beartófar cuid theoranta den chlár oibre, nach airde ná 30 % den leithdháileadh bliantúil, a chur i leataobh le haghaidh bearta speisialta i gcás forais phráinne gan choinne agus a bhfuil údar cuí leo a dteastaíonn freagairt ina leith láithreach, lena n-áirítear suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó imthosca suntasacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha, sóisialta nó sláinte a bhaineann le Ballstát agus gan neart ag an mBallstát orthu.

    Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát ar mian leis tacaíocht theicniúil a fháil, bearta speisialta a ghlacadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na húdaráis náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha. Bearta de chineál eatramhach a bheidh sna bearta speisialta den sórt sin agus beidh siad comhcheangailte leis na himthosca a leagtar síos in Airteagal 9(3). Tiocfaidh deireadh le bearta speisialta den sórt sin laistigh de 6 mhí den tráth a ghlacfar iad agus féadfar tacaíocht theicniúil a chur ina n-ionad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9.

    CAIBIDIL III

    COMHLÁNTACHT, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

    Airteagal 13

    Comhordú agus comhlántacht

    1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an ionstraim agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, agus go háirithe le bearta arna maoiniú le cistí ón Aontas. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

    (a)

    a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirgíocht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

    (b)

    sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair nó forluí a sheachaint;

    (c)

    dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach faoin ionstraim.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun comhlántacht agus sineirgí a áirithiú leis an tacaíocht a sholáthraíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

    Airteagal 14

    Faireachán ar chur chun feidhme

    1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hionstraime agus déanfaidh sé gnóthú an chuspóra ghinearálta agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 faoi seach a thomhas, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na pleananna comhair agus tacaíochta. Na táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo chun an cuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha a ghnóthú, leagtar amach san Iarscríbhinn iad. Beidh an faireachán agus an cur chun feidhme spriocdhírithe agus i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin ionstraim.

    2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéanfar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hionstraime agus ar na torthaí a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus, i gcás inarb ábhartha agus indéanta, i bhfoirm atá imdhealaithe ó thaobh inscne de. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas.

    Airteagal 15

    Tuarascáil bhliantúil

    1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo (an “tuarascáil bhliantúil”).

    2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a)

    iarrataí ar thacaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 9(1);

    (b)

    anailís ar chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 9(3), a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar iarrataí ar thacaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

    (c)

    pleananna comhair agus tacaíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(5);

    (d)

    bearta speisialta arna nglacadh de bhun Airteagal 12(7);

    (e)

    bearta tacaíochta a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach freisin; agus

    (f)

    gníomhaíochtaí cumarsáide arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh i malartú tuairimí le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa chun an tuarascáil bhliantúil agus cur chun feidhme na hionstraime a phlé.

    Airteagal 16

    Meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht ex-post

    1.   Faoin 20 Feabhra 2025, déanfaidh an Coimisiún, go comhuaineach, tuarascáil meastóireachta mheántéarmach neamhspleách a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, go háirithe, déanfar measúnú ar a mhéid a baineadh amach cuspóir ginearálta agus cuspóirí sonracha na hionstraime dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 faoi seach, ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. I gcás inarb iomchuí, féadfar torthaí na tuarascála meastóireachta meántéarmaí a úsáid i gcás aon tograí reachtacha ábhartha.

    2.   Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún, go comhuaineach, tuarascáil meastóireachta neamhspleách ex-post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Beidh measúnú foriomlán ar chur chun feidhme an Rialacháin sa tuarascáil sin agus beidh faisnéis faoi thionchar an Rialacháin seo san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

    Airteagal 17

    Trédhearcacht

    Bunóidh an Coimisiún stór poiblí amháin ar líne trína bhféadfaidh sé, faoi réir na rialacha is infheidhme agus ar bhonn comhairliúcháin leis na Ballstáit lena mbaineann, staidéir chríochnaitheacha nó tuarascálacha a táirgeadh mar chuid de ghníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 8 a chur ar fáil. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún, gan na doiciméid sin a nochtadh gan a gcomhaontú a fháil roimh ré.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 18

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an ionstraim, agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na hionstraime agus leis na torthaí a baineadh amach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na n-údarás náisiúnta, trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sa Bhallstát lena mbaineann.

    Airteagal 19

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Beidh gníomhaíochtaí maidir le tacaíocht theicniúil a tionscnaíodh an 31 Nollaig 2020, nó roimhe sin, de bhun Rialachán (AE) 2017/825 faoi rialú an Rialacháin sin fós go dtí go dtabharfar chun i gcrích iad.

    2.   Féadfar costais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin faoin imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Rialachán seo, lena n-áirítear costais a bhaineann le faireachán, cumarsáid agus meastóireacht a cheanglaítear de bhun Rialachán (AE) 2017/825 agus nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) a chumhdach den Rialachán seo, costais a bhaineann le bainistíocht gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) 2017/825 agus nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020.

    Airteagal 20

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 132.

    (2)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 160.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Feabhra 2021.

    (4)  Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Féach leathanach 17 den Iris Oifigiúil seo).

    (6)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (13)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).

    (16)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 ón gComhairle lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    TÁSCAIRÍ

    Maidir le gnóthú an chuspóir ghinearálta agus na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, faoi seach, déanfar sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas atá le miondealú de réir Ballstáit agus de réir réimse na hidirghabhála.

    Bainfear úsáid as na táscairí i gcomhréir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus/nó cáilíochtúla.

    Táscairí aschuir

    (a)

    líon na bpleananna comhair agus tacaíochta a tugadh chun críche

    (b)

    líon na ngníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla a rinneadh

    (c)

    táirgí insoláthartha a chuir na gníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla ar fáil amhail pleananna gníomhaíochta, pleananna oibre, treoirlínte, lámhleabhair agus moltaí

    Táscairí toraidh

    (d)

    torthaí na ngníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla a cuireadh ar fáil amhail straitéis a ghlacadh, dlí/gníomh nua a ghlacadh nó ceann a bhí ann cheana a mhodhnú agus nósanna imeachta nua agus gníomhaíochtaí a ghlacadh chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na n-athchóirithe

    Táscairí tionchair

    (e)

    na cuspóirí a leagtar amach leis na pleananna comhair agus tacaíochta, a gnóthaíodh mar gheall, inter alia, ar an tacaíocht theicniúil a fuarthas

    Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht ex-post dá dtagraítear in Airteagal 16 a bhaint amach freisin chun na naisc a bhunú idir an tacaíocht theicniúil a chuirtear ar fáil agus cur chun feidhme na mbeart ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann d’fhonn athléimneacht, fás inbhuanaithe, poist agus comhtháthú a fheabhsú.


    Top