EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht mhuirí; íosleibhéal oiliúna maraithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúna maraithe

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Corpraítear léi, i ndlí AE, íoschaighdeáin maidir le hoiliúint, deimhniú agus faire do mharaithe a oibríonn ar bord soithí AE a shocraítear le coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le caighdeáin oiliúna, deimhniúcháin agus faire do mharaithe (Coinbhinsiún STCW) na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. Glacadh an coinbhinsiún in 1978.
  • Tugadh isteach le Treoir 2012/35/AE roinnt leasuithe ar Threoir 2008/106/CE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir seo maidir le maraithe a oibríonn ar bord long farraige faoi bhratach thír AE, seachas an méid seo a leanas:

  • longa cogaidh nó longa eile ar le tír AE iad nó agus nach mbíonn ag gabháil ach do sheirbhísí neamhthráchtála rialtais;
  • soithí iascaireachta;
  • luaimh phléisiúir nach mbíonn ag gabháil do thrádáil;
  • longa adhmaid de thógáil bhunúsach.

Oiliúint

Leagtar amach leis an treoir na rialacha maidir le hoiliúint agus na caighdeáin inniúlachta atá le comhlíonadh ag maraithe ar iarrthóirí iad ar eisiúint nó athbhailíochtú deimhnithe lena gceadaítear dóibh na feidhmeanna a bhfuil an deimhniú inniúlachta nó oilteachta eisithe ina leith a dhéanamh.

Is iad seo a leanas na catagóirí maraithe lena mbaineann na rialacha sin:

  • máistrí;
  • príomh-mhátaí;
  • oifigigh dheice agus oifigigh innealtóireachta;
  • príomhoifigigh innealtóireachta agus dara hoifigigh innealtóireachta;
  • catagóirí áirithe mairnéalach (i.e. iad siúd a oibríonn i seomra innill, iad siúd atá ina gcuid d’fhaire nó iad siúd a oibríonn ar chineálacha áirithe loinge); agus
  • pearsanra atá freagrach as cumarsáid raidió.

Le haghaidh catagóirí áirithe soithigh, amhail tancaeir agus longa paisinéirí róró, tá rialacha speisialta agus íoscheangaltais éigeantacha ann maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí maraithe. Leagtar síos sa treoir chomh maith rialacha maidir le hoideachas agus oiliúint i mbainistiú cásanna éigeandála, comhraic dóiteáin agus soláthar cabhrach liachta, agus le haghaidh bhaill an chriú atá freagrach as seirbhísí lónadóireachta.

Deimhnithe inniúlachta, deimhnithe oilteachta agus formhuinithe

Ní mór d’údaráis inniúla thíortha AE deimhnithe a eisiúint chuig sealbhóirí ceada lena bhfeidhmiú mar atá sonraithe sa doiciméad nó mar atá údaraithe ag rialacháin náisiúnta. Eisítear na doiciméid sin chuig iarrthóirí a chomhlíonann na caighdeáin náisiúnta maidir le cumas coirp (go háirithe i ndáil le hamharc na súl agus le héisteacht) agus a sholáthraíonn cruthúnas sásúil maidir lena n–aitheantas, lena n–aois, lena seirbhís ar muir agus lena scileanna (cumas, cúram agus leibhéal).

Féadfaidh tíortha AE deimhnithe ar leith a eisiúint d’oibreoirí raidió.

Tá ceangal ar shealbhóirí deimhnithe a chruthú, ag eatraimh rialta, go bhfuil na caighdeáin maidir le scileanna agus cumas gairmiúla á gcomhlíonadh acu fós.

Féadfar formhuinithe a chuimsiú sna deimhnithe nó féadfar iad a eisiúint astu féin. Féadfar an fhormáid i gcód STCW (Roinn A-I/2) a úsáid sna deimhnithe nó féadfar imeacht ón gcód sin (agus sa chás sin ní foláir go gcuimseofaí an fhaisnéis a theastaíonn san fhormáid iontu ar a laghad). Caithfidh maraí ar bith ar bord a bheith ábalta an bhunchóip dá ndeimhniú a sholáthar. Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a chur i bhfeidhm chomh maith chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile maidir leis nós imeachta um dheimhniú a chosc agus pionós a ghearradh ina leith.

Le Treoir leasaitheach 2012/35/AE tugadh isteach ceanglas ar thíortha AE maidir leis an méid seo a leanas:

  • cláir a choimeád maidir leis na deimhnithe inniúlachta agus na deimhnithe oilteachta agus formhuinithe do mháistrí agus d’oifigigh agus, más infheidhme, do mhairnéalaigh a eisíodh, atá imithe in éag nó a athbhailíochtaíodh, a cuireadh ar fionraí, a cuireadh ar ceal nó a tuairiscíodh, chomh maith le dispeansáidí a eisíodh;
  • faisnéis a chur ar fáil maidir le stádas na ndeimhnithe inniúlachta, na bhformhuinithe agus na ndispeansáidí do thíortha eile AE nó do pháirtithe eile i gcoinbhinsiún STCW, chomh maith le cuideachtaí a iarrann fíorú ar fhíordheimhneacht agus ar bhailíochtú na ndeimhnithe — amhail an 1 Eanáir 2017, ní mór an fhaisnéis a theastaíonn a chur ar fáil trí mhodh leictreonach;
  • caighdeáin maidir le dea-shláinte a dhréachtú do mharaithe agus nósanna maidir le deimhniú leighis a eisiúint i gcomhréir leis an treoir agus le hAlt A-I/9 de chód STCW — ní mór dóibh siúd atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar dhea-shláinte maraithe a bheith ina lia-chleachtóirí atá aitheanta ag an tír AE sin chun críche scrúduithe leighis dá leithéid.

Pionóis agus bearta araíonachta

Ní mór do thíortha AE na próisis agus na nósanna imeachta riachtanacha a bhunú chun imscrúdú neamhchlaonta a dhéanamh i gcásanna inniúlachta, gníomhartha nó neamhghníomhartha lena bhféadfaí sábháilteacht bheatha an duine, sábháilteacht earraí ar muir nó ar an timpeallacht mhuirí a chur i mbaol. Ní mór pionóis nó bearta araíonachta a sholáthar agus a chur i bhfeidhm i gcás:

  • gur fhostaigh cuideachta nó máistir duine nach bhfuil deimhniú aige nó aici faoi mar a cheanglaítear leis an treoir seo;
  • gur thug máistir údarú do mharaí feidhm a dhéanamh a dteastaíonn deimhniú ina leith ach nach bhfuil deimhniú dá leithéid, deimhniú arna aithint ag tíortha AE nó díolúine bhailí aige nó aici;
  • go bhfuair duine post go calaoiseach chun feidhm a dhéanamh nó oibriú i gcáil lena dteastaíonn deimhniú.

Monatóireacht agus measúnú ar oiliúint

Ní mór do thíortha AE a áirithiú:

  • go ndéanfar monatóireacht leanúnach ar an oiliúint uile, go ndéanfar measúnú ar eisiúint na ndeimhnithe inniúlachta agus go saineofar córas um chaighdeáin cháilíochta ina dtugtar eolas faoi na cuspóirí agus an raon feidhme;
  • go saineofar cuspóirí oiliúna agus teagaisc chomh maith le coibhéis na leibhéal oiliúna le ceanglais choinbhinsiún STCW;
  • go ndéanfar monatóireacht ar cháilíocht na scrúduithe, measúnuithe agus ar cháilíocht agus taithí measúnóirí;
  • go déanfar measúnuithe neamhspleácha ar an eolas, tuiscint, scileanna agus gnóthú inniúlachta agus gníomhaíochtaí measúnaithe ag eatraimh tréimhsí nach faide ná 5 bliana.

Tréimhsí sosa do phearsanra faire

Chun tuirse a chosc i measc an phearsanra faire, arb é sin is cúis go minic le timpistí ar muir, tá rialacha ann maidir le híostréimhsí sosa.

Ní mór 10 n–uaire sosa ar a laghad i dtréimhse 24 uair an chloig ar bith a thabhairt do gach duine dá sanntar dualgas mar oifigeach i gceannas faire, nó mar mhairnéalach atá ina gcuid d’fhaire. Is féidir é sin a roinnt ina dhá thréimhse ar a mhéad, agus ní mór do thréimhse amháin díobh a bheith 6 huaire an chloig ar a laghad. Chomh maith leis sin, le Treoir leasaitheach 2012/35/AE ceanglaítear go mbeidh sos 77 uair an chloig i dtréimhse 7 lá ar bith ag na hoifigigh nó na mairnéalaigh sin.

Dispeansáidí

I gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann, féadfaidh na húdaráis inniúla dispeansáid a eisiúint lena gceadaítear do mharaí oibriú ar shoitheach faoi leith le haghaidh tréimhse sonrach nach faide ná 6 mhí. Bheadh sé sin i gcáil nach mbeadh an deimhniú iomchuí ag an maraí ina leith ar an gcoinníoll gur leor a gcáilíochtaí chun gnáthchoinníollacha sábháilteachta a ráthú.

Freagrachtaí thíortha AE

Ní mór do thíortha AE na húdaráis agus na comhaltaí a ainmniú a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

  • oiliúint a thabhairt;
  • na scrúduithe a theastaíonn a eagrú agus/nó a mhaoirsiú;
  • deimhnithe a eisiúint;
  • dispeansáidí féideartha a dheonú.

Cumarsáid ar bord

Chun sábháilteacht mhuirí a neartú agus básanna agus truailliú muirí a chosc, ní mór feabhas a chur ar an gcumarsáid i measc bhaill an chriú ar bord long a sheolann ar uiscí AE.

Ní mór teanga choiteann oibre a bhunú ar bord gach loinge paisinéirí a bhfuil bratach thír AE ar foluain orthu agus ar bord gach loinge paisinéirí a thosaíonn agus/nó a chríochnaíonn turas i gcalafort thír AE. I gcás ola, tancaeir cheimiceán nó gháis leachtaithe, ceanglaítear leis an treoir go mbeidh an máistir, na hoifigigh agus na mairnéalaigh ábalta cumarsáid a dhéanamh lena chéile i dteanga choiteann oibre amháin nó níos mó.

Rialú Stát an chalafoirt

Féadfaidh tíortha AE monatóireacht a dhéanamh ar mharaithe a oibríonn ar long ar bith a úsáideann a gcalafoirt, beag beann ar an mbratach atá ar foluain air, go háirithe chun a fhíorú go bhfuil na maraithe ar fad deimhnithe faoi choinbhinsiún STCW a gceanglaítear orthu a bheith deimhnithe faoi. Ní mór dóibh a áirithiú go bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta arna leagan síos i dTreoir 2009/16/CE maidir le rialú stát an chalafoirt á gcur i bhfeidhm.

I roinnt cásanna, is gá measúnú a dhéanamh ar chumas maraithe caighdeáin faire a choimeád mar a cheanglaítear leis an gcoinbhinsiún (fíorú na ndeimhnithe). Tá gá leis sin go háirithe i gcás gur baineadh úsáid as long a bhfuil calafort AE á úsáid aige agus a bhfuil bratach tíre ar foluain air coinbhinsiún STCW ar bhealach a mbeadh contúirt ag baint leis do dhaoine, d’earraí nó don chomhshaol, nó a bhfuil máistir, oifigeach nó mairnéalach aige a bhfuil deimhniú acu arna eisiúint ag tír neamh-AE nár dhaingnigh an coinbhinsiún. I gcásanna eile, d’fhéadfaí go n–iarrfaí ar bhaill den chriú taispeántas ar an láthair dá n–inniúlacht a sholáthar.

Sonraítear sa treoir na forais lenar bhféadfaí soitheach a choinneáil, amhail easpa dhálaí oiliúna nó oibre an chriú, i gcás gur dearbhaíodh go mbaineann contúirt d’earraí, do dhaoine agus don chomhshaol leis na heasnaimh sin.

In 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach liosta de thíortha neamh-AE a aithníodh chomh fada leis na córais maidir le maraithe i dtríú tíortha a oiliúint agus a dheimhniú. Ó shin, cuireadh an Aetóip, Fidsí, Óman agus Montainéagró leis an liosta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2008/106/CE ón 23 Nollaig 2008. Rinneadh Treoir 2001/25/CE lenar aisghaireadh Treoir 94/58/CE a leasú léi agus cuireadh an treoir sin ina hionad. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir 94/58/CE i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 1995.

Tá feidhm le Treoir leasaitheach 2012/35/AE ón 3 Eanáir 2013. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 4 Iúil 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal oiliúna maraithe (athmhúnlú) (IO L 323, 3.12.2008, lgh. 33-61)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/106/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/501 ón gCoimisiún an 22 Márta 2018 maidir le haithint Shabhdánacht Óman de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na córais maidir le maraithe a oiliúint agus a dheimhniú (IO L 82, 26.3.2018, lgh. 15-16)

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/1412 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2017 maidir le haithint Fhidsí de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na córais maidir le maraithe a oiliúint agus a dheimhniú (IO L 202, 3.8.2017, lgh. 6-7)

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/1239 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2017 maidir le haithint na hAetóipe de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na córais maidir le maraithe a oiliúint agus a dheimhniú (IO L 177, 8.7.2017, lgh. 43-44)

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2017/727 ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 maidir le haithint Mhontainéagró de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na córais maidir le maraithe a oiliúint agus a dheimhniú (IO L 107, 25.4.2017, lgh. 31-32)

Nuashonraithe 17.12.2018

Top