This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú ar éillitheacht agus ar mhí-iompar tromchúiseach laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE), agus ar chalaois in éadan bhuiséad AE. Cuidíonn sí chomh maith le beartas frith-chalaoise AE a fhorbairt.
Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
Cruthaíodh OLAF leis an mbun-chinneadh (1999/352/CE, ECSC, Euratom) i 1999. Sainíodh tascanna, freagrachtaí, struchtúr agus modh oibriúcháin OLAF ann. I ngeall ar leasú ina dhiaidh sin in 2013 bhí sé ábalta oibriú níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, go háirithe le heagraíochtaí seachtracha.
Is éard is calaois ann dallamullóg a úsáid chun leas pearsanta a fháil nó a chur faoi deara caillteanas a chruthú do pháirtí eile. Ar leibhéal AE, d’fhéadfadh an caillteanas seo bheith mar gheall go ndearnadh íocaíocht éigeart cistí ó bhuiséad AE nó mar gheall nár tugadh ioncam atá dlite do bhuiséad AE ar aghaidh, amhail dleachtanna custaim, dleachtanna talmhaíochta agus tobhaigh siúcra.
Déanann OLAF imscrúduithe:
Ceaptar Ard-Stiúrthóir OLAF ar feadh 7 mbliana (neamh-in-athnuaite).
Déanann Coiste Maoirseachta OLAF monatóireacht ar a cuid oibre, féachann sé dá neamhspleáchas a neartú agus déanann sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm ráthaíochtaí nós imeachta.
Tá OLAF faoi réir dhlí AE maidir le cosaint sonraí daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail.
Is seirbhís riaracháin agus imscrúdaitheach í OLAF. Ní féidir léi ach an gníomh ba cheart don Aontas Eorpach nó d’údaráis náisiúnta a dhéanamh a mholadh i ndiaidh a himscrúduithe.
Cuidíonn clár Hercule III lena lán de thionscadail AE a mhaoiniú, rud a chuidíonn leo dul i ngleic le gníomhaíocht choiriúil a bíonn dírithe in éadan bhuiséad AE. Áirítear ar shamplaí, maoiniú le haghaidh ceannach scanóirí agus trealamh teicniúil eile in aerfoirt agus calafoirt, agus le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna.
Ón 28 Aibreán 1999 i leith.
Baineann Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) le bunú OLAF. Tá sé forlíonta le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 lena sainítear ról agus sainchúram OLAF, agus Comhaontú Idirinstitiúideach a bhaineann go sonrach le himscrúduithe in institiúidí AE.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach suíomh gréasáin OLAF.
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta do thrasuíomh sna Ballstáit. |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom ón gCoimisiún |
28.4.1999 |
- |
Gníomhartha leasúcháin |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta do thrasuíomh sna Ballstáit. |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh 2013/478/AE ón gCoimisiún |
1.10.2013 |
- |
|
Cinneadh (AE) 2015/512 ón gCoimisiún |
27.3.2015 |
- |
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 i dtaca le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248 an 18.9.2013, lgh 1-22).
Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiúin na gComhphobal Eorpach i dtaca le himscrúduithe inmheánacha ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136 an 31.5.1999, lgh 15-19).
Nuashonraithe 23.04.2015