Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach brainse feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh (AE).

Bunaíodh an Coimisiún in 1957, agus cuimsítear ann faoi láthair 27 gCoimisinéir lena n–áirítear a Uachtarán. Gníomhaíonn sé ar mhaithe le leas comhchoiteann AE agus tá sé neamhspleách go hiomlán ar rialtais náisiúnta Bhallstáit AE agus tá sé freagrach do Pharlaimint na hEorpa.

Tá ceart tionscnaimh aige dlíthe a mholadh i réimse leathan réimsí beartais. I réimse an cheartais agus gnóthaí baile, comhroinneann sé ceart tionscnaimh leis na Ballstáit. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a chur síos. Féadfaidh saoránaigh AE a iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe a mholadh tríd an Tionscnamh ó na Saoránaigh chomh maith.

Féadfar an ceart a thabhairt don Choimisiún gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh, go háirithe gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, agus tá cumhachtaí tábhachtacha aige lena áirithiú go mbeidh coinníollacha iomaíochta cothroma ann idir gnólachtaí AE.

Déanann an Coimisiún maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí AE. Cuireann sé buiséad AE chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus bainistíonn sé cláir um maoiniú. Comhlíonann sé feidhmeanna comhordúcháin, feidhmiúcháin agus bainistíochta freisin, mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Déanann sé ionadaíocht do AE le linn idirbheartaíocht idirnáisiúnta, go háirithe i réimsí an bheartais trádála agus na cabhrach daonnúla.

Tá an Coimisiún eagraithe ina ranna beartais, ar dtugtar Stiúrthóireachtaí Ginearálta (ASanna) agus Seirbhísí, atá lonnaithe den chuid is mó sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

FÉACH FREISIN

Top