EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2017/2110 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi córas maidir le cigireachtaí agus oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme agus sainmhínithe

Tá feidhm ag an treoir maidir leo seo a leanas, ar a n–iompraítear 12 phaisinéir nó níos mó:

  • longa paisinéirí róró, a shainítear mar longa atá feistithe d’fheithiclí bóthair nó iarnróid chun rolladh ar na soithí agus rolladh astu agus iad faoi chuan;
  • árthaí paisinéirí ardluais, a shainítear mar árthach ar féidir leis taisteal ar luas uasta 3.7 x v0.1667 ar a laghad i méadair in aghaidh an tsoicind, (ciallaíonn v = toillíocht árthaigh i méadair chiúbacha), ach gan duillárthaí san áireamh;
  • is éard is seirbhís rialta ann nuair is féidir leis an árthach oibriú idir an 2 chalafort chéanna nó níos mó calafort, nó sraith turas chuig an gcalafort céanna nó uaidh gan stadanna eatarthu, de réir amchlár foilsithe; nó le turais chórasacha rialta nó go minic.

Cigireachtaí

Ní mór do thíortha AE cigireachtaí a dhéanamh mar a leanas:

  • cigireacht réamhthosaithe sula gcuirfear árthaí i seirbhís rialta;
  • cigireachtaí ina dhiaidh sin gach 12 mhí;
  • cigireachtaí seirbhíse rialta 4-8 mí i ndiaidh cigireachtaí bliantúla;
  • cigireachtaí i ndiaidh mórdheisiúchán nó mionathraithe, nó i gcás go ndearnadh athrú ar an mbainistíocht.

Ní foláir nó go gcomhlíonfaidh na cigireachtaí ceanglais reachtúla thír AE lena mbaineann, agus go gclúdófar iontu foroinnt agus cobhsaíocht, innealra agus suiteálacha leictreacha, lastáil agus cobhsaíocht, cosaint ar dhóiteán, líon uasta paisinéirí, fearais tarrthála agus iompar earraí contúirteacha, radachumarsáid agus loingseoireacht.

comhlíonadh maidir leis an méid seo a leanas deimhnithe:

  • tá faisnéis don mháistir maidir le córais treoraíochta loingseoireachta cois cladaigh curtha ar fáil;
  • tábla ina sonraítear na socruithe oibre ar bord loinge ar taispeáint lena n–áirítear sceideal na seirbhísí ar muir agus faoi chuan; líon uasta na n–uaireanta oibre nó líon íosta na n–uaireanta sosa is gá le haghaidh fairtheoirí;
  • níl srian ar an máistir maidir le cinntí a dhéanamh is gá le haghaidh loingseoireacht agus oibriú sábháilte, go háirithe i ndrochaimsire agus i bhfarraigí móra;
  • coinníonn an máistir taifead gníomhaíochtaí agus teagmhas loingseoireachta chun críche sábháilteachta;
  • déileáiltear go pras le damáiste ar bith ar scealldoirse agus easnaimh i ndaingniú na ndoirse;
  • cuirtear plean turais cothrom chun dáta ar fáil roimh imeacht;
  • cuirtear faisnéis ghinearálta faoi na seirbhísí agus an cúnamh at ar fáil do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas ar bord in iúl.

Cuimsítear sa seicliosta cigireachta chomh maith:

  • tosaitheoir gineadóra éigeandála;
  • soilsiú éigeandála;
  • cumhacht éigeandála do raidiónna;
  • córas seoltaí poiblí;
  • druil dóiteáin, lena n–áirítear léiriú ar an gcumas fearais fear dóiteáin a úsáid;
  • oibriú caidéil dóiteáin éigeandála agus dhá phíobán dóiteáin a cheanglaítear den phríomhphíobán dóiteáin atá á oibriú;
  • tástáil ar na cian-stoprialtáin éigeandála chun breosla a sholáthar do choirí, do phríomhinnill agus d’innill chúnta, agus le haghaidh gaothráin aerála;
  • tástáil ar rialtáin le haghaidh na maolairí dóiteáin a dhúnadh;
  • tástáil ar chórais bhraite dóiteáin agus aláraim;
  • tástáil ar dhúnadh doirse dóiteáin;
  • oibríocht caidéil ruma;
  • tástáil ar chianrialtáin agus ar neasrialtáin dhúnadh na ndoirse bulcaide uisce-obacha;
  • léiriú go bhfuil príomhbhaill den chriú ar an eolas faoin bplean rialaithe damáiste.
  • seoladh agus aisghabháil bád tarrthála agus bád sábhála amháin ar a laghad, agus a dtiomáint agus stiúradh a thástáil;
  • a sheiceáil go gcomhfhreagraíonn báid sábhála agus báid tarrthála leis an bhfardal;
  • tástáil ar fhearas stiúrtha agus ar fhearas stiúrtha cúnta.

Ní mór fianaise gur cuireadh oiliúint ar an gcriú a bheith ann iontu seo a leanas chomh maith:

  • bainistíocht sluaite;
  • oiliúint ar shábháilteacht don phearsanra a sholáthraíonn cúnamh sábháilteachta díreach do phaisinéirí, go háirithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, i gcás éigeandála; agus
  • bainistíocht géarchéime agus iompraíocht an duine.

Déantar iad seo a leanas a sheiceáil le linn cigireachtaí seirbhíse rialta:

  • faisnéis faoi phaisinéirí;
  • faisnéis lastála agus cobhsaíochta;
  • nósanna imeachta maidir le “daingniú le dul ar muir”;
  • fógraí sábháilteachta;
  • iontrálacha sa logleabhar;
  • earraí contúirteacha;
  • feithiclí lasta a dhaingniú;
  • deiceanna feithiclí;
  • dúnadh doirse uisce-obacha;
  • patróil dóiteáin;
  • cumarsáid i gcás éigeandála;
  • teanga choiteann oibre idir baill an chriú;
  • trealamh sábháilteachta;
  • trealamh loingseoireachta agus raidió;
  • soilsiú breise éigeandála;
  • bealaí éigeandála;
  • glaineacht sheomra an innill;
  • diúscairt dramhaíola;
  • cothabháil phleanáilte;
  • dul ar thuras.

Ceartú na n–easnamh

Dréachtaíonn an cigire tuarascáil, agus tugtar cóip do mháistir na loinge. Ba cheart do thíortha AE a áirithiú go ndéanfar easnaimh a cheartú. Tá an ceart chun achomharc a dhéanamh ag cuideachtaí. I gcás gur léir go bhfuil easnaimh ina nguais don tsláinte nó don tsábháilteacht nó go bhfuil baol láithreach ag baint leo don tsláinte nó don bheatha, cuirtear an t–árthach faoi réir ordú um thoirmeasc ar imeacht go dtí go gceartófar an t–easnamh agus go gcuirtear an chontúirt go léir ó dhoras.

Costais

I gcás go ndeimhneofar easnaimh i gcigireachtaí a mbíonn toirmeasc ar imeacht mar thoradh orthu, beidh an fhreagracht ar an oibreoir as na costais uile a bhaineann leis na cigireachtaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 20 Nollaig 2017. Tá go dtí an 21 Nollaig 2019 ag tíortha AE chun an reachtaíocht sin a thrasuí sa dlí náisiúnta agus beidh orthu í a chur i bhfeidhm ó sin amach.

CÚLRA

Gabhann an treoir in ionad Threoir 1999/35/CE agus aisghairtear an treoir sin léi. Leasaítear léi chomh maith Treoir 2009/16/CE maidir le rialú stáit ar chalafoirt, lena méadaítear a raon feidhme.

Féach freisin:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 61-77)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lgh. 57-100)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/16/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 22.05.2019

Top