An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
RÉAMHRÁ
Mar thoradh ar Chonradh Liospóin, forbraíodh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ón gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE nó Conradh CE), mar a cuireadh ar bun ag Conradh Maastricht. Bhí an Conradh CE féin bunaithe ar an gConradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (TEEC), a síníodh sa Róimh an 25 Márta 1957. Le cruthú an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Chonradh Maastricht (7 Feabhra 1992) baineadh céim eile amach ar an gcosán chuig aontas polaitiúil na hEorpa.
Ach níor tháinig an tAontas Eorpach in ionad ar na Comhphobail Eorpacha ach chuir sé iad faoin mbrat céanna bunaithe ar an struchtúr “3-cholún”:
Le gach conradh nua bíonn athuimhriú ar na hairteagail. Le Conradh Liospóin, a síníodh an 13.12.2007 agus a tháinig i bhfeidhm an 1.12.2009, ansin athainmníodh an CCE mar an CFAE a rinne na 3 cholún a chumasc in AE athchóirithe agus rinneadh é a athuimhriú arís.
Tá an CFAE ar cheann den 2 phríomhchonradh taobh leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Cruthaítear leis an bonn mionsonraithe le dlí AE trí shainmhíniú a dhéanamh ar phrionsabail agus cuspóirí AE agus an scóip le gníomhú laistigh dá réimsí beartais. Leagtar amach ann freisin mionsonraí eagraíochtúla agus feidhmíochta institiúidí AE.
CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?
Mar a luadh cheana sa bhrollach a bhíodh leis, bhí sé mar aidhm ag an CCE “na bunchlocha a leagan d’aontas níos dlúithe fós i measc mhuintir na hEorpa”. Tá an fhoclaíocht sin fós ann sa bhrollach leis an CFAE reatha chomh maith leis an mbrollach leis an CAE. Le fírinne, chuir na conarthaí seo gné níos polaitiúla agus níos daonlathaí le comhtháthú Eorpach níos faide siar ná an bunchuspóir eacnamaíochta le margadh aonair a chruthú.
PRÍOMHPHOINTÍ AN CHONARTHA COMHDHLÚITE
- Cuid 1 — Prionsabail:
- tugtar cur síos inti ar scóip an chonartha agus a nasc leis an CAE (Airteagal 1);
- tugtar cur síos inti ar na hinniúlachtaí AE de réir leibhéal na gcumhachtaí AE i ngach réimse (Airteagail 2, 3, 4, 5 agus 6);
- leagtar amach prionsabail ghinearálta lena rialaítear gníomh AE (Airteagal 7 go hAirteagal 17).
- Cuid 2 — Neamh-idirdhealú agus saoránacht AE:
- cuirtear cosc ar idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht léi (Airteagal 18);
- luaitear inti go rachaidh AE “i ngleic le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis” (Airteagal 19);
- bunaítear agus sainmhínítear saoránacht AE agus na cearta gaolmhara léi (Airteagal 20 go hAirteagal 24).
- Cuid 3 — an ceann is mó (Airteagal 26 go hAirteagal 197), is ann atá an bonn dlíthiúil le bearta agus gníomhartha inmheánacha AE sna réimsí seo a leanas:
- an margadh inmheánach (Teideal I);
- saorghluaiseacht earraí (Teideal II), lena n–áirítear an t–aontas custam;
- an comhbheartas talmhaíochta agus an comhbheartas iascaigh (Teideal III);
- saorghluaiseacht oibrithe (agus daoine i gcoitinne), seirbhísí agus caipitil (Teideal IV);
- réimse na saoirse, an cheartais agus na slándála (Teideal V), lena n–áirítear comhoibriú póilíní agus ceartais;
- iompar (Teideal VI);
- iomaíocht, cánachas agus comhchuibhiú reachtaíochta (Teideal VII);
- beartas eacnamaíochta agus airgeadaíochta (Teideal VIII), lena n–áirítear airteagail faoin euro;
- beartas fostaíochta (Teideal IX);
- beartas sóisialta (Teideal X), ag tagairt do Chairt Shóisialta na hEorpa (1961) agus Cairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe (1989) — le Teideal XI bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa;
- beartais umoideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt (Teideal XII);
- cultúr (Teideal XIII);
- sláinte phoiblí (Teideal XIV);
- cosaint do thomhaltóirí (Teideal XV);
- Líonraí tras-Eorpacha (Teideal XVI);
- beartas tionsclaíochta (Teideal XVII);
- comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche — i bhfocail eile, difríochtaí san fhorbairt a laghdú (Teideal XVIII);
- beartas um um thaighde agus forbairt agus spás (Teideal XIX);
- beartas comhshaoil (Teideal XX);
- beartas comhshaoil (Teideal XXI);
- turasóireacht (Teideal XXII);
- cosaint shibhialta (Teideal XXIII);
- comhoibriú riaracháin (Teideal XXIV).
- Cuid 4 — Comhlachú ar thíortha agus críocha thar lear (Airteagal 198 go hAirteagal 204) — tugtar cur síos ar an gcaidreamh speisialta idir AE agus na críocha thar lear ag roinnt tíortha AE nach bhfuil, murab ionann agus na réigiúin is forimeallaí, ina mbaill de AE.
- Cuid 5 — Tugann gníomh seachtrach AE (Airteagal 205 go hAirteagal 222) — tugtar cur síos ar an méid a leanas:
- an comhbheartas tráchtála (trádáil sheachtrach);
- comhoibriú ar fhorbairt agus cabhair dhaonnúil do thíortha nach tíortha AE iad;
- caidreamh le tíortha nach tíortha AE iad (conarthaí idirnáisiúnta, smachtbhannaí agus dlúthpháirtíocht i measc thíortha AE) agus comhlachtaí idirnáisiúnta;
- bunú thoscaireachtaí AE;
- nach mór do ghníomhartha seachtracha a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gCaibidil 1, Teideal 5 den CAE maidir leis an gcomhbheartas eachrach agus slándála (Airteagal 205).
- Cuid 6 — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — tugtar cur síos ar:
- Institiúidí AE (Airteagal 223 go hAirteagal 227);
- comhlachtaí comhchomhairleacha AE (Airteagal 300 go hAirteagal 307);
- an Banc Eorpach Infheistíochta (Airteagal 308 agus hAirteagal 309);
- achtanna reachtaíochta (rialacháin, treoracha, etc.) agus nósanna imeachta AE (Airteagal 288 go hAirteagal 299);
- buiséad AE (Airteagal 310 go hAirteagal 325);
- comhoibriú feabhsaithe idir AE agus tíortha AE (Airteagal 326 go hAirteagal 334).
- Cuid 7 — Forálacha ginearálta agus deiridh (Airteagal 335 go hAirteagal 358) a phléann le pointí dlí ar leith amhail inniúlacht dhlíthiúil AE, cur i bhfeidhm teorann agus ama, láthair na n–institiúidí, díolúintí agus an tionchar ar chonarthaí a síníodh roimh 1958 nó dáta an aontachais.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?
Sínithe ag 27 dtír AE (níor tháinig an Chróit isteach in AE go dtí 2013) an 13 Nollaig 2007, tháinig an CFAE i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an 13 Nollaig 2007 — leagan comhdhlúite (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 47-360)
DOICIMEID GHAOLMHARA
An Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gconradh a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
Conradh Maastricht an 7 Feabhra 1992 (IO C 191, 29.7.1992, lgh. 1-112)
Conradh Liospóin an 13 Nollaig 2007 (IO C 306, 17.12.2007, lgh. 1-271)
Nuashonraithe 15.12.2017