Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oifig na bhFoilseachán

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2009/496/CE, Euratom — eagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar amach leis ról, freagrachtaí, sainchúraimí agus struchtúr eagrúcháin Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról

Oifig idirinstitiúideach is ea Oifig na bhFoilseachán arb é a sainchúram foilseacháin institiúidí AE a fhoilsiú. Tá sí freagrach as foilseacháin dhlíthiúla agus ghinearálta a fhoilsiú i bhformáidí páipéir agus leictreonacha araon, amhail:

Cinntíonn Oifig na bhFoilseachán caomhnú fadtéarmach an ábhair a chuireann institiúidí agus comhlachtaí AE ar fáil chomh maith.

Lena chois sin, soláthraíonn Oifig an bhFoilseachán comhairle agus cúnamh d’institiúidí AE i líon réimsí, lena n–áirítear:

  • cláreagrú agus pleanáil a gclár foilseachán;
  • faisnéis a chur ar fáil maidir le treochtaí i margadh na bhfoilseachán i dtíortha AE agus ar na hábhair chun an lucht spéise is leithne a fháil;
  • maoirseacht theicniúil ar chórais foilsithe a chur ar fáil;

Sainchúraimí

Tá líon sainchúraimí sonracha ag Oifig na bhFoilseachán, lena n–áirítear:

  • doiciméid atá le foilsiú a chur i dtoll a chéile;
  • ullmhú, dearadh grafach, ceartú, leagan amach leathanach agus seiceáil téacsanna atá le foilsiú a chur ar fáil;
  • foilseachán a innéacsú agus a chatalógú;
  • anailís dhoiciméadach ar na téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil agus i dtéacsanna oifigiúla eile;
  • téacsanna reachtacha a chomhdhlúthú;
  • stórchiste ilteangach EuroVoc a bhainistiú, a fhorbairt, a nuashonrú agus a dháileadh;
  • priontáil na bhfoilseachán a dhéanann soláthraithe seirbhísí na hOifige a eagrú;
  • rialú cáilíochta na dtosca a bhaineann leis an táirgeadh;
  • an Iris Oifigiúil, téacsanna oifigiúla seachas na cinn a fhoilsítear san Iris Oifigiúil agus foilseacháin neamh-éigeantacha eile a dháileadh (trí EUR-Lex, Foilseacháin AE nó mar phriontaí fisiciúla);
  • cartlannú fisiciúil agus leictreonach;
  • liostaí poist na n–institiúidí a chruthú, a cheannach, a bhainistiú, a nuashonrú, a mhonatóiriú agus a mhaoirsiú agus liostaí poist spriocdhírithe a chruthú.

Freagrachtaí na n–institiúidí

  • Ní mór do gach institiúid úsáid a bhaint as seirbhísí Oifig na bhFoilseachán lena bhfoilseacháin éigeantacha a fhoilsiú.
  • Maidir le foilseacháin neamh-éigeantacha, cinneann institiúidí AE cibé acu an mbainfidh siad úsáid as seirbhísí Oifig na bhFoilseachán nó nach mbainfidh.
  • I gcás go bhfoilsíonn institiúidí AE gan Oifig na bhFoilseachán a bheith bainteach, ní mór dóibh mar sin féin aitheantóirí a iarraidh ar an Oifig (aicmiú foilseachán ar bhealach doshéanta agus eisiach) agus cóipeanna de na foilseacháin a chur ar fáil di.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2009.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 30.6.2009, lgh. 41-47)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2009/496/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 15.12.2017

Top