Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Torthaí 1 - 380 as 380
Dáta | L (Reachtaíocht) | C (Faisnéis agus fógraí) |
---|---|---|
15/10/2024 | Taispeáin 8 de ghníomhartha | Taispeáin 24 de ghníomhartha |
14/10/2024 | Taispeáin 15 de ghníomhartha | Taispeáin 27 de ghníomhartha |
11/10/2024 | Taispeáin 13 de ghníomhartha | Taispeáin 25 de ghníomhartha |
10/10/2024 | Taispeáin 173 de ghníomhartha | Taispeáin 15 de ghníomhartha |
09/10/2024 | Taispeáin 29 de ghníomhartha | Taispeáin 22 de ghníomhartha |
08/10/2024 | Taispeáin 16 de ghníomhartha | Taispeáin 13 de ghníomhartha |
Torthaí 1 - 380 as 380
Is í Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an foilseachán (iris) oifigiúil le haghaidh ghníomhartha dlí an Aontais, gníomhartha eile agus faisnéis oifigiúil ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
Foilsítear í ón Luan go dtí an Aoine – agus i gcásanna práinneacha ar an Satharn, ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí – i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh tráth a fhoilsithe, mar atá 24 Bhallstát ann faoi láthair.
Is éard atá in EUR-Lex an leagan leictreonach de na hIrisí Oifigiúla go léir a théann siar go dtí an 30 Nollaig 1952 nuair a foilsíodh an chéad Iris Oifigiúil den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach.
Tar éis theacht i bhfeidhm an Chonartha ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus teacht i bhfeidhm an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach in 1958, cruthaíodh Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach le Cinntí ó Chomhairlí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach an 15 Meán Fómhair 1958 (Iris Oifigiúil Uimh. 17, 6.10.1958, lgh. 390 agus 419).
Amhail ó mhí Iúil 2013, is iad na leaganacha leictreonacha d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear ar EUR-Lex, agus na leaganacha sin amháin, atá barántúil agus ag a mbíonn éifeachtaí dlí.
Amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2023, ní comhthiomsú gníomhartha agus clár ábhair atá san Iris Oifigiúil a thuilleadh. Is amhlaidh a fhoilsítear gach gníomh ina aonar mar Iris Oifigiúil bharántúil i bhformáid PDF. Féach níos mó san fhíseán seo a bhfuil tras-scríbhinn ag gabháil leis .
Tá dhá shraith san Iris Oifigiúil faoi láthair:
Tá tuilleadh eolais faoi Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (struchtúr, sraith, eagráin speisialta, barántúlacht, etc.) ar fáil ar na leathanaigh chabhrach.
Bunús dlí maidir le foilsiú Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: