EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le forbairt

 

ACHOIMRE AR:

Ráiteas Comhpháirteach AE — “Ár saol, Ár ndínit, Ár dtodhchaí”

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHDHEARCADHNUA?

  • Sa chomhdhearcadh Eorpach nua maidir le forbairt soláthraítear comhfhís le haghaidh beartas forbartha do AE agus do thíortha AE. Tá sé beartaithe treoir a thabhairt d’institiúidí AE agus do thíortha AE maidir lena gcomhar do thíortha i mbéal forbartha thar na 15 bliana atá amach romhainn chun rannchuidiú le clár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach chomh maith le comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus chun freagairt d’athruithe eile sa chomhthéacs domhanda.
  • Is é díothú na bochtaineachta fós príomhchuspóir an bheartais forbartha faoin gcomhdhearcadh. Comhtháthaítear leis, áfach, gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe agus leagtar béim leis ar na naisc idir beartais forbartha agus beartais eile lena n-áirítear síocháin agus slándáil, cabhair dhaonnúil, imirce agus an aeráid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an gcomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt bunaítear sraith nua prionsabal maidir le comhar forbartha mar chuid de fhreagairt AE ar chlár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe. Ag baint leas as an straitéis dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh agus na rialacha maidir leis an ngníomhaíocht sheachtrach i gConradh Liospóin, leagtar béim sa chomhdhearcadh nua ar ghnéithe leathana tábhachtacha, amhail:

  • an óige;
  • comhionannas inscne;
  • soghluaisteacht agus imirce;
  • fuinneamh inbhuanaithe agus athrú aeráide;
  • infheistíocht agus trádáil;
  • dea-rialachas;
  • daonlathas, riail an dlí agus cearta an duine;
  • rannpháirtíocht nuálach le tíortha i mbéal forbartha a bhfuil níos mó dul chun cinn déanta iontu;
  • feidhm agus úsáid a bhaint as acmhainní intíre.

Tá tacaíocht don athléimneacht ar gach leibhéal ina cuid dhílis den chomhdhearcadh Eorpach chomh maith. Leis an gcomhdhearcadh comhtháthaítear cur chuige cuimsitheach chun clár oibre gníomhaíochta Addis Ababa a chur chun feidhme faoi mar a comhaontaíodh, lena gcomhcheanglaítear cabhair le hacmhainní eile agus cur chuige neartaithe maidir le comhtháthú beartas don fhorbairt. Áirítear leis cur chuige níos comhordaithe maidir le forbairt ó thaobh AE agus thíortha AE, ina gcuirtear comhchláir agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun cinn. Leagtar béim ann ar chomhpháirtíochtaí níos saincheaptha le réimse níos leithne eagraíochtaí agus tíortha comhpháirtíochta.

Measúnú lárthéarma

  • Déanfar measúnú lárthéarma ar chur chun feidhme an chomhdhearcaidh in 2024, ina leagfar amach an dóigh ar cuireadh i bhfeidhm é agus an méid a bheidh bainte amach leis maidir le tacú le clár oibre 2030.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

An comhdhearcadh Eorpach nua maidir le forbairt “Ár saol, Ár ndínit, Ár dtodhchaí”. Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe rialtais na mBallstát ag cruinniú laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, an 7 Meitheamh 2017

Nuashonraithe 14.11.2017

Top