Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis eitlíochta AE

 

ACHOIMRE AR:

Cumarsáid (COM(2015) 598 final) — Straitéis Eitlíochta don Eoraip

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT SEO?

  • Leagtar amach ann Straitéis Eitlíochta AE atá ceaptha lena áirithiú go mbíonn earnáil eitlíochta AE iomaíoch ar bhonn domhanda agus go rannchuidíonn an earnáil le fás gheilleagar na hEorpa.
  • Tá plean gníomhaíochta táscach ag gabháil leis ina gcuimsítear:
    • togra reachtach chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha sábháilteachta eitlíochta AE,
    • treoir-dhoiciméid, agus
    • measúnacht ar reachtaíocht reatha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tosaíochtaí

Tá ceithre phríomh-thosaíocht sa straitéis:

  • 1.

    AE a bhunú mar cheannródaí i gcúrsaí eitlíochta domhanda agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh comhdheiseanna ag gach cuideachta AE:

    • Áirítear sa straitéis pleananna le haghaidh comhaontuithe eitlíochta le príomhthíortha agus príomhréigiúin ar fud an domhain.
  • 2.

    Dul i ngleic leis na teorainneacha atá le hacmhainn na n-aerlínte san aer agus ar talamh:

    • Cuirtear béim sa straitéis ar an tábhacht atá leis an tionscadal Aerspás Eorpach Aonair a chur i gcrích, agus an leas is fearr a bhaint as na haerfoirt is gnóthaí agus monatóireacht a dhéanamh ar nascacht idir tíortha AE agus idir tíortha AE agus tíortha nach bhfuil in AE.
  • 3.

    Caighdeáin arda AE a choinneáil:

    • Tá bearta sa straitéis chun caighdeáin maidir le sábháilteacht, slándáil, an comhshaol, saincheisteanna sóisialta agus cearta paisinéirí a choinneáil.
    • Tá pleananna ann freisin an t-ualach a bhaineann le seiceálacha slándála a laghdú mar aon leis na costais agus sin a dhéanamh trí theicneolaíocht nua agus cur chuige bunaithe ar riosca.
  • 4.

    Dul chun cinn a dhéanamh maidir le nuálaíocht, teicneolaíochtaí nua agus infheistíochtaí:

    • Féachtar sa straitéis leis an gcumas iomlán atá ag ladrainn a nochtadh trí dhlíthe a mholadh d’fhonn sábháilteacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don tionscal agus dul i ngleic ag an am céanna le himní maidir le príobháideachas, cosaint sonraí, an comhshaol agus slándáil.
    • Infheisteoidh AE EUR 430 milliún in aghaidh na bliana freisin in SESAR (Taighde ATM ar an Aerspás Eorpach Aonair) d’fhonn bainistiú smachta aerthráchta a fheabhsú.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Eitlíochta don Eoraip (COM(2015) 598 final an 7.12.2015)

GNÍOMH GAOLMHAR

Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an doiciméad Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis Eitlíochta don Eoraip (SWD(2015) 261 final an 7.12.2015)

Nuashonraithe 19.07.2016

Top