EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bainistíocht aerthráchta: eagrú agus úsáid an aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 — eagrú agus úsáid an aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán maidir le haerspás)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Agus é mar chuid de phacáiste um reachtaíocht maidir le bainistíocht aerthráchta chun an tAerspás Eorpach Aonair a bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 (féach an achoimre), féachtar leis an rialachán an úsáid as an aerspás Eorpach a bharrfheabhsú, agus ar an tslí sin moilleanna a laghdú agus fás an aeriompair a chur chun cinn.
  • Leasaíodh an rialachán le Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 i bhfianaise an phlean chun inniúlachtaí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a leathnú chun sábháilteacht bainistíochta aerthráchta a chur san áireamh. Leis an leasú sin féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta mar gheall ar fhorbairtí teicniúla nó oibriúcháin a nuashonrú, chomh maith leis na critéir agus na nósanna imeachta bunúsacha a leagan síos maidir le feidhmeanna bainistíochta gréasáin áirithe a fheidhmiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cruthú an Aerspáis Eorpaigh Aonair

Féachtar leis seo leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • uirlisí a sholáthar chun luaineacht san acmhainn aerthráchta a bhainistiú;
  • sábháilteacht a fheabhsú: a áirithiú go gcloífear leis na leibhéil chéanna sábháilteachta sna córais agus nósanna rialaithe aerthráchta i ngach tír AE;
  • ilroinnt an tsoláthair seirbhíse aerthráchta a laghdú: bíonn neamhréireanna agus easnaimh mar thoradh ar chuir chuige éagsúla náisiúnta maidir le bainistíocht aerthráchta agus eagrú aerthráchta, agus bíonn drochthionchar aige sin ar mhargadh inmheánach an aerthráchta;
  • feabhas a chur ar chomhtháthú na gcóras míleata in eagrú an rialaithe aerthráchta;
  • tabhairt isteach teicneolaíochta úir a éascú.

Bainistíocht agus dearadh líonra

Chun tacú le tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta beifear ábalta an úsáid is fearr a bhaint as an aerspás agus a áirithiú gur féidir le húsáideoirí an aerspáis roghabhealaí a oibriú, agus rochtain uasta ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta á héascú.

Úsáid sholúbtha as an aerspás

Déanfar comhordú idir na húdaráis shibhialta agus na húdaráis mhíleata a mhéadú, go háirithe maidir le leithdháileadh agus úsáid éifeachtach an aerspáis chun críocha míleata, lena n–áirítear na critéir agus na prionsabail faoinar cheart leithdháileadh agus úsáid a rialú, agus go háirithe rochtain le haghaidh eitiltí sibhialtach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Aibreán 2004.

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (IO, L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t–aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Rialachán réime) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1-9)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.05.2020

Top