This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Íoctar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí trí scéimeanna tacaíochta i ngach tír AE.
Ní mór do thíortha AE sciar áirithe dá leithdháileadh mhaoinithe CBT a chaitheamh ar scéimeanna tacaíochta éigeantacha, faoi mar a thuairiscítear thíos.
Tá roinnt scéimeanna tacaíochta roghnacha ann freisin. Féadfaidh tíortha AE a roghnú:
Ón 1 Eanáir 2018 ar aghaidh, tháinig na rialacha nua atá le fáil i Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2393 chun feidhme agus áirítear an méid seo a leanas leo.
Rialacha idirthréimhseacha i gcomhair na mblianta 2021 agus 2022
Ceadaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220, a glacadh i Nollaig 2020, go leanfar de na rialacha faoi chreat CBT 2014-2020 a chur i bhfeidhm agus áirithítear leis leanúnachas na n–íocaíochtaí le feirmeoirí agus tairbhithe tacaíochta eile ó CERT agus ó CETFT in 2021 agus 2022, go dtí dáta chur chun feidhme an chreata nua. Is é is aidhm leis an idirthréimhse aistriú rianúil chuig tréimhse cláraithe nua a áirithiú le haghaidh tairbhithe.
Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ón 1 Eanáir 2015.
Tá feidhm ag na rialacháin a tugadh isteach leis an leasú a rinneadh ar Rialachán (AE) 2017/2393 ón 1 Eanáir 2018.
Tá feidhm ag na rialacháin a tugadh isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220 ón 1 Eanáir 2021.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 608-670)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoracha 98/56/CE, 2000/29/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 882/2004 agus (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Cinntí 66/399/CCE, 76/894/CCE agus 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lgh. 1-32)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 487–548)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Rialachán Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 549-607)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos roinnt forálacha idirthréimhseacha maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní agus a leithdháileadh maidir leis an mbliain 2014 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir lena n–iarratas sa bhliain 2014 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 865-883)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 03.03.2021