EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0797

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

COM/2023/797 final

An Bhruiséil,19.12.2023

COM(2023) 797 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac


CLÁR NA nÁBHAR

LIOSTA TÉARMAÍ AGUS ACRAINMNEACHA    

1.    RÉAMHRÁ    

2.    BEARTA CUR CHUN FEIDHME    

2.1.    Próiseáil sonraí pearsanta ag soláthraithe (Airteagal 3 (g) (vii))    

2.1.1.    Cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear    

2.1.2. Forais le haghaidh próiseála de bhun Rialachán (AE) 2016/679    

2.1.3.    Foras chun sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de RGCS, i gcás inarb infheidhme    

2.1.4.    Líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ÁMGL agus sirtheoireacht leanaí    

2.1.5.    Sásamh agus toradh an úsáideora    

2.1.6.    Líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear    

2.1.7.    Na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach a theorannú    

2.1.8.    An beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun RGCS    

2.1.9.    Ainmneacha na neagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáide gnéasaí leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo.    

2.2.    Staidreamh na mBallstát (Airteagal 8)    

2.2.1. Líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh    

2.2.2. Líon na leanaí a sainaithníodh    

2.2.3. Líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh    

2.3.    Forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch    

2.3.1. Aimsiú ÁMGL aitheanta    

2.3.2. Brath ÁMGL nua    

2.3.3. Mealltóireacht ar líne a bhrath    

2.3.4. Dúshláin nua arna nardú ag botaí comhrá na hIntleachta saorga agus ag gineadóirí ealaíne/íomhánna    

3.    CONCLÚIDÍ    

LIOSTA TÉARMAÍ AGUS ACRAINMNEACHA

Téarma/Acrainm

Sainmhíniú

AI

Intleacht Shaorga

API

Comhéadan Feidhmchláir

ÁMGL Ríomhghinte

Ábhar Ríomhghinte Mí-úsáide Gnéasaí Leanaí

ChatGPT

Is foirm nó giniúnach den intleacht shaorga é ChatGPT (Comhrá Trasfhoirmeora Réamhthraenáilte Giniúnaigh). Is bota comhrá mór teanga samhailbhunaithe é, arna fhorbairt ag OpenAI, a chuireann ar chumas úsáideoirí comhrá a bheachtú agus a stiúradh i dtreo fad, formáid, stíl, leibhéal mionsonraithe atá ag teastáil, agus teanga.

Aicmitheoirí

Foirm na hintleachta saorga, algartam a shórtálann sonraí in aicmí nó i gcatagóirí lipéadaithe

Aicmitheoir API um Shábháilteacht Ábhair

Úsáideann aicmitheoir API um Shábháilteacht Ábhair Google clár-rochtain agus intleacht shaorga chun cabhrú leis na billiúin íomhánna a aicmiú agus a chur in ord tosaíochta lena n‑athbhreithniú

MGL

Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí

Meaitseáil ÍMGL

Is teicneolaíocht í Meaitseáil ÍMGL (Íomhánna den Mhí-Úsáid Ghnéasach Leanaí) a d'fhorbair innealtóirí YouTube chun ath-uaslódálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí a aithníodh roimhe seo a aithint i bhfíseáin

ÁMGL

Ábhar Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí, e.g. íomhánna agus físeáin a léiríonn MGL

Treoir maidir le MGL

Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle IO L 335, 17.12.2011, lgh. 1-14

TTGL agus MGL

Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí agus Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí

MGL ar líne

An téarma coiteann a úsáidtear le haghaidh na dtrí chineál mí-úsáide gnéasaí leanaí, a shainmhínítear sa Treoir maidir le MGL eadhon: pornagrafaíocht leanaí, taibhiú pornagrafach agus sirtheoireacht leanaí (“mealltóireacht”), mar a shainmhínítear sa Rialachán Eatramhach (Airteagal 2(4))

AE

An tAontas Eorpach

RGCS

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88 

Mealltóireacht

Ciontóirí a chothaíonn muinín agus caidreamh le leanbh chun rochtain a fháil ar an mionaoiseach le haghaidh teacht i dtír gnéasach nó mí-úsáid ghnéasach. Ar ar tugadh go foirmiúil sirtheoireacht leanaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 6 den Treoir maidir le MGL

Hais

Cód digiteach uathúil a cruthaíodh le halgartam matamaiticiúil (“haiseáil”) a thagann chun bheith ina shíniú ar an gcomhad sin, nó a haisluach

Rialachán Eatramhach

Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, IO L 274, 30.7.2021, lgh. 41-51

LLM

Is éard is samhail teanga mhór (LLM) ann ná cineál samhla intleachta saorga a cuireadh faoi oiliúint trí algartaim dhomhainfhoghlama chun cainníochtaí ollmhóra sonraí scríofa teanga daonna agus téacsúla a aithint, a ghiniúint, a aistriú, agus/nó a achoimriú.

MD5

Algartam do chód fíordheimhnithe teachtaireachta cripteagrafaí le húsáid ar an idirlíon

Meta SSN++

Samhail intleachta saorga, arna forbairt ag Meta, lenar féidir dúbailtí atá gar do bheith iomlán beacht a bhrath.

NCMEC

An Lárionad Náisiúnta um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí ar Thángthas i dTír Orthu (eagraíocht phríobháideach, neamhbhrabúis sna Stáit Aontaithe) a gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse ar líne tuairisc a thabhairt dóibh faoi dhlí na Stát Aontaithe ar chásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí a d'fhéadfadh a bheith ann a aimsíonn siad ina líonraí

PDQ agus TMK+PDQF

Uirlisí a úsáideann Facebook chun ábhar díobhálach a bhrath. Is teicneolaíocht mheaitseála grianghraf é PDQ; Is teicneolaíocht mheaitseála físeán é TMK+PDQF.

PhotoDNA

An uirlis is mó a úsáidtear bunaithe ar theicneolaíocht haiseála, atá ar fáil saor in aisce, bunaithe ar chomhaontú ceadúnaithe atá curtha in oiriúint chun mí-úsáid agus úsáid a sheachaint chun aon chríche eile seachas brath MGL

1.RÉAMHRÁ

Le hAirteagal 9 den Rialachán Eatramhach (ina dhiaidh seo freisin: "an Rialachán") cuirtear d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú maidir lena chur chun feidhme, bunaithe ar thuarascálacha arna dtíolacadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta (anseo feasta: "soláthraithe") maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir leis an staidreamh a sholáthraíonn na Ballstáit. De réir na forála thuasluaite, sa tuarascáil cur chun feidhme, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas, go háirithe,

(a) na coinníollacha ábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ábhartha agus sonraí eile a phróiseáiltear faoin Rialachán;

(b) comhréireacht an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán, lena n‑áirítear measúnú ar an staidreamh arna thíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8;

(c) forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán, agus a mhéid a fheabhsaítear cruinneas agus a laghdaítear líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) de bharr na bhforbairtí sin.

Tógann an tuarascáil cur chun feidhme seo faoin Rialachán Eatramhach ar na sonraí a fhaightear trí thuairisciú ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit de bhun Airteagal 3(1)(g)(vii) agus Airteagal 8, faoi seach. Leis an tuairisciú sin, tugadh chun solais éagothromaíochtaí suntasacha maidir le hinfhaighteacht na sonraí, na cineálacha sonraí a bailíodh, agus, dá bhrí sin, inchomparáideacht na sonraí a bhailigh soláthraithe agus na Ballstáit. Ós rud é nach soláthraítear teimpléad don tuairisciú leis an Rialachán, roinn soláthraithe cineálacha éagsúla faisnéise nach raibh go raibh siad inchomparáide lena chéile; dá bhrí sin, bhí seirbhísí an Choimisiúin i mbun obair leantach chun léirmhíniú ceart na sonraí a áirithiú. Ní raibh formhór na mBallstát in ann sonraí a chur ar fáil in am agus ní raibh roinnt acu in ann aon sonraí a chur ar fáil go dtí gur foilsíodh an tuarascáil seo. Bhí tionchar nach beag aige sin ar uainiú, iomláine agus úsáideacht na tuarascála. In ainneoin na n‑iarrachtaí chun comhleanúnachas na sonraí agus na hinchomparáideachta a áirithiú, tá éagothromaíochtaí suntasacha fós ann a léirítear sna táblaí thíos, nach bhfuil sonraí iontu freisin do na soláthraithe go léir ná do na Ballstáit go léir maidir leis na pointí go léir.

Féachtar sa tuarascáil cur chun feidhme seo le forléargas fíorasach a thabhairt ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin Eatramhaigh, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil. Níl aon léirmhíniú sa tuarascáil ar an Rialachán agus ní ghlacann sí aon seasamh maidir leis an gcaoi ar léiríodh agus ar cuireadh i bhfeidhm go praiticiúil é.



2.BEARTA CUR CHUN FEIDHME

2.1.Próiseáil sonraí pearsanta ag soláthraithe (Airteagal 3 (g) (vii))

Le hAirteagal 3(g)(vii) den Rialachán Eatramhach, leagtar síos na coinníollacha do sholáthraithe atá ag gníomhú faoin maolú atá ann tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta agus faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Chuir Google, LinkedIn, Meta, Microsoft, agus X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) 1 tuarascálacha isteach do 2021 agus 2022.

2.1.1.Cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear

Thuairiscigh soláthraithe próiseáil a dhéanamh ar ábhar agus ar shonraí tráchta araon.

Maidir le sonraí ábhair a phróiseáiltear chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, luaigh gach soláthraí thuasluaite íomhánna agus físeáin. Den chuid is mó, bhí siad ag brath ar na teicneolaíochtaí meaitseála haise PhotoDNA agus MD5 chun meaitseálacha d'ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a aithníodh roimhe seo a bhrath (ina dhiaidh seo: "ÁMGL"). Úsáideadh uirlis Meaitseála ÍMGL Google chun méarloirg dhigiteacha físeáin a chruthú ar ardáin agus iad a chur i gcomparáid leis na comhaid i stór méarloirg Google/YouTube (LinkedIn). Tuairiscíodh úsáid na teicneolaíochta uathoibrithe (meaisínfhoghlaim intleachta saorga) agus athbhreithniú daonna go cothrom (e.g. ag Google). Dheimhnigh Google agus LinkedIn gur shainaithin siad ÁMGL freisin nár mheaitseáil ÁMGL a sainaithníodh roimhe seo. Níor thuairiscigh aon duine den chúigear soláthraithe a chuir sonraí isteach sonraí maidir le sirtheoireacht leanaí a bhrath trí bhrath téacs faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Maidir le sonraí tráchta a bailíodh agus méideanna faoi seach na gcineálacha éagsúla ábhair agus sonraí tráchta a próiseáladh, bhí éagsúlacht shuntasach i dtuarascálacha na soláthraithe.

Áirítear ar na sonraí tráchta arna mbailiú ag soláthraithe agus a áirítear i dtuarascálacha CyberTipline chuig an Lárionad Náisiúnta um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí ar Thángthas i dTír Orthu na Stát Aontaithe (ar a ngairfear anseo feasta: “NCMEC”) na sonraí seo a leanas (go léir nó cuid díobh):

a)Sonraí a bhaineann le húsáideoirí/tuairisceoirí/cuntais (Google, LinkedIn, Microsoft, X);

b)Meiteashonraí a bhaineann le hábhar/sonraí idirbheartaíochta (Google, LinkedIn, Microsoft);

c)Sonraí a bhaineann le híospartach féideartha (Google);

d)Sonraí maidir le hoibríochtaí mí-úsáide (Google).

Maidir le méideanna sonraí arna bpróiseáil faoin Rialachán Eatramhach, thuairiscigh LinkedIn próiseáil 8 milliún íomhá agus físeán de thionscnamh an Aontais idir an 14 Iúil agus an 31 Nollaig 2021, agus 21 milliún íomhá agus 63 000 físeán de thionscnamh an Aontais in 2022. Thuairiscigh Microsoft próiseáil 8.9 billiún íomhá agus físeán ar fud an domhain chun críocha an Rialacháin idir mí Iúil agus mí na Nollag 2021, agus 12.3 billiún mír ábhair ar fud an domhain in 2022; Ní raibh figiúirí an Aontais ar fáil, dá bhrí sin ní féidir teacht ar aon chonclúidí chun críocha na tuarascála seo. Níor chuir na soláthraithe eile faisnéis ar fáil maidir le líon na sonraí a próiseáladh. As an gcúigear soláthraithe tuairiscithe, dá bhrí sin, níor sholáthair ach soláthair amháin sonraí ar an leibhéal gráinneachta atá riachtanach.

Chun an comhthéacs foriomlán a léiriú, thuairiscigh NCMEC go bhfuair sé 87.2 milliún íomhá agus físeán ar fud an domhain agus 5.1 milliún íomhá agus físeán a bhaineann leis an Aontas in 2022, agus 84.8 milliún íomhá agus físeán ar fud an domhain agus 1.8 milliún íomhá agus físeán a bhaineann leis an Aontas in 2021. Níl iontu sin ach na hábhair atá sainaitheanta mar ÁMGL féideartha ag soláthraí agus dá bhrí sin ní féidir glacadh leo mar léiriú ar líon foriomlán na sonraí a phróiseáiltear faoin Rialachán Eatramhach.

2.1.2. Forais le haghaidh próiseála de bhun Rialachán (AE) 2016/679

Thuairiscigh na soláthraithe go raibh siad ag brath ar na forais shonracha seo a leanas de bhun Rialachán (AE) 2016/679 (dá ngairtear: "RGCS" ina dhiaidh seo):

·Airteagal 6(1)(d) den RGCS, i.e. próiseáil is gá chun leasanna ríthábhachtacha leanaí agus iad siúd atá ina níospartaigh ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosaint (Google, Meta, X 2 );

·Airteagal 6(1)(e) den RGCS, i.e. próiseáil is gá chun cúraimí a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail (LinkedIn, Microsoft, Meta, X 3 );

·Airteagal 6(1)(f) den RGCS, i.e. próiseáil is gá chun críocha leasanna dlisteanacha maidir leis na daoine seo a leanas:

I.an soláthraí chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a seirbhísí a bhrath, a chosc nó chun aghaidh a thabhairt uirthi ar shlí eile agus ar mhaithe le húsáideoirí eile, custaiméirí, comhpháirtithe, agus an pobal a chosaint ar an ábhar neamhdhleathach sin (Google, Meta);

II.íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí agus an eagraíocht dá dtugann an soláthraí tuairisc maidir le haon mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne (e.g. NCMEC) chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a chosc agus a bhaint dá seirbhísí (Google).

2.1.3.Foras chun sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de RGCS, i gcás inarb infheidhme

Thuairiscigh gach soláthraí go raibh siad ag brath ar chlásail chaighdeánacha chonarthacha a d'fhormheas an Coimisiún de bhun Airteagal 46(2)(c) RGCS. Maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig NCMEC, thuairiscigh LinkedIn freisin go raibh sé ag brath ar mhaolú, a mhéid is infheidhme, a cheadaítear faoi Airteagal 49(1) RGCS.

2.1.4.Líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ÁMGL agus sirtheoireacht leanaí

Tábla uimh. 1: Líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh in 2021

Soláthraí

Líon na gcásanna ÁMGL a sainaithníodh in 2021

Nótaí

Google

33 chuntas Google Chat

Tagraíonn sé seo do líon na gcuntas Google Chat d'úsáideoirí an Aontais inar sainaithníodh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne trí theicneolaíochtaí uathoibrithe sa tréimhse ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Níor cuireadh aon sonraí ar fáil maidir le líon na míreanna ábhair a sainaithníodh.

LinkedIn

31 mhír ábhair

Deimhníodh 31 mhír ábhair trí athbhreithniú láimhe mar ÁMGL agus tuairiscíodh iad don Lárionad Náisiúnta um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí ar Thángthas i dTír Orthu (NCMEC); Bhí 6 cinn acu ina ÁMGL aitheanta, agus bhí na 25 cinn eile ina ÁMGL neamhaitheanta.

Meta

340 000 gcuntas

Líon na gcuntas a braitheadh mar phíosa meáin amháin ar a laghad a sheoladh ina raibh ÁMGL, i snáitheanna teachtaireachta ina raibh úsáideoir de chuid an Aontais idir an 8 Samhain 2021 agus an 31 Nollaig 2021.

Microsoft

6 600 mír ábhair

6 600 mír ábhair (íomhá aonair nó físeán) a deimhníodh mar ÁMGL a braitheadh ón Aontas Eorpach as os cionn 20 000 mír ábhair a sainaithníodh ar fud an domhain idir mí Iúil 2021 agus mí na Nollag 2021.

X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)

532 898 gcuntas

Cuntais (níl sé soiléir cé acu an ón Aontas Eorpach amháin iad sin nó ó gach áit ar fud an domhain) a cuireadh ar fionraí as beartas X maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí a shárú idir an 2 Lúnasa 2021 agus an 31 Nollaig 2021.

I gcás X, níl sé soiléir ó na sonraí a sholáthraítear cé acu an mbaineann sé go heisiach le seirbhísí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Eatramhaigh (seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir) nó an gcuimsíonn an líon sin seirbhísí eile freisin (amhail seirbhísí na sochaí faisnéise). Baineann sé seo leis na sonraí go léir a bhaineann le X sa tuarascáil seo.



Tábla uimh. 2: Líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh in 2022

Soláthraí

Líon na gcásanna ÁMGL a sainaithníodh in 2022

Nótaí

Google

2 045 mír ábhair

Míreanna ábhair a sainaithníodh agus a tuairiscíodh do NCMEC i 752 chuntas Google trí theicneolaíochtaí uathoibrithe d'úsáideoirí an Aontais.

LinkedIn

2 mhír ábhair

Bhraith LinkedIn 2 íomhá agus 0 físeán a deimhnithe mar ÁMGL.

Meta

6.6 milliún mír ábhair

Míreanna meáin ina raibh ÁMGL a braitheadh ag baint úsáid as teicneolaíocht mheaitseála Meta sna meáin, i snáitheanna teachtaireachtaí

ina raibh úsáideoir de chuid an Aontais rannpháirteach.

Microsoft

12 800 mír ábhair

12 800 mír ábhair (íomhá aonair nó físeán) a deimhníodh mar ÁMGL a braitheadh ón Aontas as os cionn 50 000 mír ábhair a sainaithníodh ar fud an domhain in 2022.

X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)

2 348 712 chuntas

Cuntais (níl sé soiléir cé acu an ón Aontas Eorpach amháin iad sin nó ó gach áit ar fud an domhain) a cuireadh ar fionraí as beartas X maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí a shárú idir an.

2.1.5.Sásamh agus toradh an úsáideora 

I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(g)(iv) den Rialachán Eatramhach, tá soláthraithe le nósanna imeachta agus sásraí iomchuí a bhunú chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gearáin a thaisceadh leo. Ina theannta sin, tá rialacha maidir le sásamh breithiúnach in Airteagal 5.

Thuairiscigh soláthraithe go raibh nósanna imeachta agus sásraí sásaimh inmheánacha den sórt sin á gcur chun feidhme acu d'úsáideoirí ar cuireadh srian lena gcuntas chun ÁMGL a roinnt agus/nó ar baineadh ábhar ÁMGL dá gcuntas ionas gur féidir leo achomharc a dhéanamh in aghaidh a sriain/na bainte anuas agus go ndéanfaí athbhreithniú ar a gcás mar gheall ar earráidí.

Thuairiscigh siad cásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach maidir le hábhair faoi raon feidhme an Rialacháin laistigh den Aontas, agus torthaí na ngearán sin. Níor thuairiscigh aon soláthraí seachas Microsoft (a thuairiscigh 0 gearán sa dá chainéal in 2021 agus 2022) staidreamh ar leithligh maidir le sásamh inmheánach agus sásamh breithiúnach; mar thoradh air sin, cumhdaítear leis na táblaí thíos nósanna imeachta sásaimh inmheánaigh agus breithiúnacha araon.



Tábla uimh. 3: Líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin in 2021

Soláthraí

Líon na gcásanna gearán ó úsáideoirí

Líon na gcuntas athchurtha

Líon na n‑ábhar athchurtha

Nótaí

Google

8

0

Ní bhaineann le hábhar

Cuntais Google Chat a díchumasaíodh mar gheall ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne i gcás ina ndearna an t‑úsáideoir achomharc: 8. Níor athchuireadh ceann ar bith acu.

LinkedIn

0

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Meta

4 900

Ní bhaineann le hábhar

207

Rinne 4 900 úsáideoir achomharc. Tar éis an phróisis achomhairc, athchóiríodh ábhar 207 n‑úsáideoir, agus aisiompaíodh gníomhartha cuntais.

Microsoft

0

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)

thart ar 90 000

thart ar 3 000

Ní bhaineann le hábhar

Thart ar 90 000 achomharc. D'athchuir X thart ar 3 000 de na cuntais sin.



Tábla uimh. 4: Líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin in 2022.

Soláthraí

Líon na gcásanna gearán ó úsáideoirí

Líon na gcuntas athchurtha

Líon na n‑ábhar athchurtha

Nótaí

Google

378

0

Ní bhaineann le hábhar

Cuntais Google a díchumasaíodh mar gheall ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne i gcás ina ndearna an t‑úsáideoir achomharc: 378. Níor athchuireadh ceann ar bith acu.

LinkedIn

0

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Meta

29 000

Ní bhaineann le hábhar

3 700

Rinne úsáideoirí achomharc ar ghníomhaíochta i gcás thart ar 29 000 mír dá meáin chomhroinnte. Tar éis an phróisis achomhairc, athbhunaíodh thart ar 3 700 mír ábhair, agus aisiompaíodh gníomhaíochtaí cuntais.

Microsoft

0

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)

Thart ar 430 000

Thart ar 4 000

Ní bhaineann le hábhar

Thart ar 430 000 achomharc. D'athchuir X thart ar 4 000 de na cuntais sin.

2.1.6.Líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear

I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Rialachán Eatramhach, tá soláthraithe chun a áirithiú go bhfuil na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hábhar a bhrath arb é atá ann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne.

Maidir leis sin, thuairiscigh soláthraithe nach gcuireann siad gach teicneolaíocht i bhfeidhm chun MGL ar líne a bhrath ina n‑aonar. Ina ionad sin, cuireann siad cur chuige sraitheach chun feidhme maidir le MGL ar líne a bhrath trí theicneolaíochtaí braite éagsúla a chomhcheangal chun cruinneas a mhéadú. Chun earráidí nó bréagdheimhneacha a laghdú, comhlánaíonn gach soláthraí iad sin le hathbhreithniú daonna. Níor sholáthair soláthraithe líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) le haghaidh gach ceann de na teicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear ar leithligh, ach thuairiscigh siad sonraí comhiomlána le haghaidh na dteicneolaíochtaí go léir a úsáidtear.

Tomhaiseann formhór na soláthraithe líon agus cóimheasa na n‑earráidí mar chealuithe cinntí maidir le forfheidhmiú, i.e. mar an ráta achomhairc fhoriomláin/an ráta aisiompaithe fhoriomláin (e.g. an ráta ar a ndearna an soláthraí cuntais nó ábhar míchumasaithe a athchur ar achomharc an úsáideora). Ní gá go léireodh an cur chuige arna ghlacadh ag na soláthraithe an sainmhíniú ar "bhréagdheimhneacha" i staidreamh.

Is iad seo a leanas na rátaí aischuir/aisiompaithe achomhairc a thuairiscítear:

Tábla uimh. 5: Rátaí aischuir/aisiompaithe achomhairc

2021*

2022

Soláthraí

% na gcuntas athchurtha i gcomparáid le líon na n‑achomharc

% na gcuntas athchurtha i gcomparáid le cuntais a cuireadh ar fionraí

% na gcuntas athchurtha i gcomparáid le líon na n‑achomharc

% na gcuntas athchurtha i gcomparáid le cuntais a cuireadh ar fionraí

Nótaí

Google

0 % (0 vs 8)

0 % (0 vs 33)

0 % (0 vs 378)

0 %

(féach na nótaí)

Níor soláthraíodh líon na gcuntas a cuireadh ar fionraí do 2022. Ina áit sin, soláthraíodh líon na míreanna ábhair a sainaithníodh agus a tuairiscíodh do NCMEC, 2045. Níor athchuireadh aon chuntas tar éis an achomhairc.

LinkedIn

0 %

0 %

0 %

0 %

Gan achomhairc. Don tréimhse ón 13 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, thuairiscigh LinkedIn freisin, as na 75 chomhad a athbhreithníodh mar ÁMGL féideartha de thionscnamh an Aontais, gur deimhníodh 31 díobh mar ÁMGL tar éis athbhreithniú daonna. Níor sholáthair LinkedIn sonraí den sórt sin do 2022.

Meta

4.22 %

(207 vs 4.9k)

0.06 %

(207 vs 340k)

Féach na nótaí

Féach na nótaí

Níor soláthraíodh aon fhaisnéis chun a chinneadh go beacht an raon feidhme, ábhar na n‑achomharc agus na cúiseanna maidir le hathchur.

Maidir le 2022, bhain na sonraí a soláthraíodh le míreanna ábhair, ní le cuntas:

-Líon na míreanna ábhair a cuireadh ar fionraí (“curtha i ngníomh”): 6.6 milliún

-Líon na míreanna ábhair a ndearnadh achomharc ina leith: 29k

-Líon na míreanna ábhair a aischuireadh: 3.7k

Dá bhrí sin:

-% na míreanna ábhair athchurtha i gcomparáid le líon na nachomharc: 12.8 % (3.7k vs 29k)

-% na míreanna ábhair athchurtha i gcomparáid le líon na míreanna ábhair a cuireadh ar fionraí: 0.06 % (3.7k vs 6.6 milliún)

Microsoft

0 %

-

-

-

Sonraí neamhleora chun gur féidir ráta aischurtha/aisiompaithe an achomhairc a ríomh. Rinneadh 17 aisiompú iomlána in 2022 ar an gcinneadh tosaigh modhnóireachta maidir le hábhar, níor soláthraíodh aon fhigiúirí maidir le hachomhairc iomlána.

X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)

1.43 %

(100 vs 7k)

0.06 %

(100 vs 166k)

2.17 %

(500 vs 23k)

\\\0.10 %

(500 vs 501k)

Don dara leath de 2021, cuireadh thart ar 166k úsáideoir ar fionraí mar gheall ar MGL trí shásraí uathoibrithe. As na húsáideoirí sin, chuir thart ar 7k achomharc isteach a raibh thart ar 100 acu curtha ar ceal mar thoradh orthu.

In 2022, cuireadh 501k úsáideoir ar fionraí mar gheall ar MGL trí shásraí uathoibrithe. As na húsáideoirí sin, chuir thart ar 23k achomharc isteach a raibh thart ar 500 acu curtha ar ceal mar thoradh orthu.

* Athraíonn na tréimhsí tuairiscithe in 2021 do gach soláthraí

2.1.7.Na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach a theorannú

De réir Airteagal 3(1)(e) den Rialachán Eatramhach, ní mór na teicneolaíochtaí a úsáidtear a bheith iontaofa go leor agus ní mór iarmhairtí aon earráidí ócáideacha a cheartú gan mhoill. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 3(1)(g)(ii) formhaoirseacht dhaonna agus, i gcás inar gá, idirghabháil dhaonna.

Thuairiscigh gach soláthraí cur chuige sraitheach chun scaipeadh MGL ar líne a bhrath agus a chomhrac. Áirítear leis sin úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí hais-mheaitseála (lena n‑áirítear PhotoDNA) chun ÁMGL a bhrath i gcomhcheangal le próisis athbhreithnithe dhaonna chun a dheimhniú cé acu an bhfuil ÁMGL i gcomhad meáin (íomhá agus físeán), chomh maith le formhaoirseacht dhaonna ar phróiseáil ÁMGL.

Thuairiscigh soláthraithe bearta agus coimircí éagsúla a chur i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus a laghdú maidir le MGL ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint. Orthu sin, tá (liosta neamh-uileghabhálach) 4 :

I.faireachán agus measúnú cáilíochta ar fheidhmíocht uirlisí braite MGL, iad araon go beachtas mionchoigeartaithe (gur mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amháin atá siad á brath) agus a thabhairt chun cuimhne (nach dtéann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amú orthu ar a nardáin) (Google, X);

II.athbhreithniú agus formhaoirseacht dhaonna: déanann athbhreithneoirí daonna/anailísithe oilte (Google, LinkedIn, Meta, Microsoft) iniúchadh ar shamplaí meán a bhraitear mar ÁMGL trí theicneolaíochtaí hais-mheaitseála;

III.bratach a chur le braislí ardtoirte (Meta) agus iad a athbhreithniú;

IV.tuilleadh próiseas athbhreithnithe láimhe a úsáid mar sheiceálacha leanúnacha ar cháilíocht haise (LinkedIn, Microsoft);

V.athbhreithneoirí daonna atá ag dul faoi shainoiliúint stóinseach faoi threoraíocht abhcóide maidir le conas ábhar ÁMGL a shainaithint chun cruinneas athbhreithnithe daonna (Google) a áirithiú;

VI.measúnuithe tréimhsiúla rialaithe cáilíochta ar athbhreithneoirí daonna agus ar na fíoraisc a chuirtear i bhfeidhm (Google, X);

VII.próisis rialaithe cáilíochta eile chun earráidí a laghdú agus leigheas láithreach a fháil, amhail fíorú neamhspleách haise (Google, LinkedIn), athbhreithniú daonna ar gach cás ÁMGL nach bhfacthas riamh roimhe seo roimh é a thuairisciú do (Google);

VIII.forbairt agus athbhreithniú rialta ar bheartais agus ar straitéisí forfheidhmithe ag saineolaithe oilte ábhair ar MGL ar líne (Google);

IX.tuairiscíonn rannpháirtíocht le NCMEC CyberTipline cáilíocht, agus bréagdheimhneacha, más ann dóibh. (Google, LinkedIn, Meta, Microsoft, X).

2.1.8.An beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun RGCS

Ceanglaítear le hAirteagal 3(1)(h) agus (i) den Rialachán Eatramhach nach ndéanfar sonraí pearsanta ábhartha a stóráil ar bhealach slán ach amháin chun críocha sonraithe áirithe agus go mbeidh sonraíochtaí ann maidir leis an tréimhse stórála, faoi seach. Ina theannta sin, ní mór riachtanais infheidhme RGCS a urramú.

Thuairiscigh soláthraithe go raibh beartais láidre choinneála agus coimircí cosanta sonraí pearsanta i bhfeidhm acu. Athraíonn polasaithe coinneála sonraí ag brath ar an gcineál sonraí. Tugann siad le fios go bhfuil an tréimhse choinneála teoranta ó thaobh ama de i ngach cás de réir mar a mheastar a bheith iomchuí don chineál sonraí agus do chuspóir na próiseála agus go scriostar na sonraí ag deireadh na tréimhse coinneála. Tá faisnéis níos mionsonraithe ag soláthraithe ar chleachtais choinneála sonraí atá sainithe ina mBeartas/Ráitis Phríobháideachais agus ina gComhaontuithe Seirbhíse/Úsáideora.

Cuireann formhór na soláthraithe (LinkedIn, Meta, Microsoft) beartas coinneála 90 lá i bhfeidhm do na meáin a ndeimhnítear go bhfuil ÁMGL iontu a bhraitear laistigh de raon feidhme an Rialacháin. Le linn na tréimhse sin, stóráiltear an t‑ábhar a dheimhnítear mar ÁMGL i stóráil ÁMGL ar leithligh agus slán arna bainistiú ag foirne speisialaithe (e.g. Foireann Forfheidhmithe Dlí agus Slándála Náisiúnta Microsoft). Scriosann na córais stórála sin ÁMGL atá stóráilte go huathoibríoch tar éis 90 lá mura bhfuil síneadh curtha leis an tréimhse stórála nuair a fhaightear iarratais ar phróisis dhleathacha a bhaineann go ginearálta le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a dhéanann obair leantach ar thuarascálacha an Lárionaid Náisiúnta um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí ar Thángthas i dTír Orthu (NCMEC).

Thuairiscigh Google nach stóráiltear ÁMGL a bhraitear laistigh de raon feidhme an Rialacháin níos faide ná mar is fíorghá chun na gcríoch ábhartha faoin Rialachán agus, in aon chás, tráth nach faide ná 12 mhí ón uair a shainaithnítear agus a thuairiscítear ÁMGL, le síneadh féideartha bunaithe ar iarraidh bhailí ar chaomhnú dlíthiúil.

Thuairiscigh X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) faisnéis agus ábhar próifíle a choinneáil ar feadh ré chuntas an úsáideora agus sonraí pearsanta a bailíodh nuair a úsáideann úsáideoirí a seirbhís ar feadh uasmhéid de 18 mí. Nuair a dhíghníomhachtaíonn an túsáideoir cuntas, go ginearálta coimeádann X na sonraí ar feadh 30 lá breise, ansin rachaidh an cuntas lena scriosadh. Sonraí úsáideora a bhaineann le gearáin agus sáruithe beartais, lena náirítear faisnéis chuntas na sáraitheoirí (e.g. aitheantóirí a úsáidtear chun an cuntas a chruthú: seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin), a choinnítear ar feadh tréimhse éiginnte chun cosc a chur ar athchiontóirí polasaí cuntais nua a chruthú agus a áirithiú nach féidir le sáraitheoirí bheartais X fanacht go simplí ar feadh na tréimhse scriosta agus ansin beartais a shárú arís 5 .

I measc na gcoimircí cosanta sonraí pearsanta a chuireann soláthraithe chun feidhme, tá bearta caighdeánacha tionscail (iad uile nó cuid acu), amhail (liosta neamh-uileghabhálach) 6 :

I.Teicnící dí-shainaitheantais nó bréagainmnithe a úsáid agus sonraí a anaithnidiú (e.g. ceilt, haiseáil, príobháideacht dhifreálach) (Google, LinkedIn, Meta, Microsoft);

II.Ní sholáthraítear ach haisluachanna do thríú páirtithe chun críche ÁMGL a bhrath (Google, LinkedIn);

III.Criptiú caighdeánach an tionscail (algartaim agus prótacail) a úsáid le haghaidh sonraí faoi bhealach idir bonneagar faoi úinéireacht phríobháideach agus gréasáin phoiblí (Meta);

IV.Straitéisí rialachais sonraí/cláir chuimsitheacha phríobháideachais (X, ar a dtugtaí Twitter roimhe seo, Google) agus srianta dochta inmheánacha rochtana ar shonraí (Meta) a chur chun feidhme (e.g. a chuirtear i bhfeidhm ar bhaill foirne, conraitheoirí, gníomhairí a dteastaíonn an fhaisnéis uathu chun í a phróiseáil), úsáid Liostaí Rialaithe Rochtana ar fud uirlisí athbhreithnithe ÁMGL agus toirmisc haise (Meta), agus oibleagáidí rúndachta conarthacha dochta a chuirtear i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil rochtain acu;

V.Athbhreithniú ar straitéisí anaithnidithe agus rialachais sonraí, i.e. athbhreithnithe príobháideachais a dhéanamh chun rioscaí príobháideachais a d'fhéadfadh a bheith ann ó bhailiú, ó phróiseáil, ó stóráil agus ó chomhroinnt sonraí pearsanta, ó athbhreithniú ar chleachtais chosanta (Microsoft) a shainaithint, a rochtain agus a mhaolú;

VI.Pleananna freagartha do theagmhais slándála a chothabháil chun faireachán, brath agus láimhseáil a dhéanamh ar aon leochaileachtaí slándála agus teagmhais a d'fhéadfadh a bheith ann ar fud an bhonneagair (Google, Meta).

2.1.9.Ainmneacha na neagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáide gnéasaí leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo.

Sa dá thréimhse tuairiscithe (Iúil/Lúnasa 2021 go Nollaig 2021 agus Eanáir 2022 go Nollaig 2022), thuairiscigh gach soláthraí na sonraí arna bpróiseáil faoin Rialachán seo a roinnt le NCMEC. Chuir gach soláthraí tuairiscithe in iúl don Choimisiún freisin, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán Eatramhach, gur thuairiscigh siad mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne faoin Rialachán seo do NCMEC 7 .

2.2.Staidreamh na mBallstát (Airteagal 8)

Tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit staidreamh a sholáthar de bhun Airteagal 8(1) den Rialachán Eatramhach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh agus a thíolaic soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ar líon absalóideach na gcásanna agus na cásanna sin a tuairiscíodh roinnt uaireanta agus an cineál soláthraí ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís;

(b)líon na leanaí a sainaithníodh trí ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 3, arna idirdhealú de réir inscne;

(c)líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh.

Cé gur sholáthair formhór na mBallstát faisnéis i bpáirt ar a laghad, ní raibh na córais ábhartha bailithe agus tuairiscithe sonraí curtha ar bun i gcuid mhaith de na Ballstáit. Mar thoradh air sin, i gcás inar soláthraíodh staidreamh, baineann siad le tréimhsí tuairiscithe an‑éagsúla agus tá difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh gráinneachta de. Chuir roinnt Ballstát staidreamh bliantúil isteach amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Thuairiscigh an chuid is mó díobh le haghaidh blianta féilire toisc go mb'fhéidir nach mbeadh na modhanna teicniúla acu chun idirdhealú a dhéanamh idir an staidreamh a iarradh in aghaidh na bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Níor sholáthair roinnt Ballstát aon sonraí ar chor ar bith.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfaightear na sonraí staidrimh i gcásanna áirithe ó bhunachair sonraí reatha mar a thugtar orthu, nó ó chórais iriseoireachta agus bainistithe cásanna, i.e. ní ó chórais staidrimh iarbhír. Soláthraítear na huimhreacha in amanna bunaithe ar shonraí dinimiciúla, rud a chiallaíonn nach bhfuil na sonraí críochnaitheach, i.e. tá siad faoi réir athraithe. Tarlaíonn athruithe, e.g., ag brath ar am an eastósctha (e.g. sa tSlóivéin agus sa Danmhairg) de réir mar a chuirtear níos mó imscrúduithe agus cásanna cúirte i gcrích.

I roinnt Ballstát, tá na húdaráis inniúla ag cruthú ranna nua chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, agus chun tuairisciú lárnach a chruthú maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne (an Laitvia, an tSeicia). Ba cheart go gcabhródh sé sin le staidreamh níos cruinne a bheith ann amach anseo.

Shonraigh an Ghearmáin nach bhféadfadh sí aon staidreamh a sholáthar de réir Airteagal 8(1) den Rialachán Eatramhach, toisc gur mheas sí nach raibh aon bhunús dlí aici le haghaidh brath deonach 8 . Mar sin féin, tuairiscíonn Oifig Choiriúil Chónaidhme na Gearmáine (BKA) ar a láithreán gréasáin go bhfuarthas 89 844 thuarascáil ó NCMEC in 2022, agus tuairiscíonn NCMEC gur sheol sé 138 193 thuarascáil chuig údaráis na Gearmáine 9 . Níor chuir trí Bhallstát aon sonraí ná údar ar fáil gan tuairisciú a dhéanamh de bhun na forála sin (Málta, an Phortaingéil agus an Rómáin).

2.2.1. Líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh

Sholáthair formhór na mBallstát roinnt staidrimh maidir le líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne de bhun Airteagal 8(1)(a) den Rialachán Eatramhach. Ós rud é gur sholáthair na Ballstáit sonraí le haghaidh tréimhsí tuairiscithe éagsúla, níorbh fhéidir líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh a fuarthas ar leibhéal an Aontais a ríomh le haghaidh aon tréimhse ar leith amhail am chur chun feidhme an Rialacháin.

Sholáthair na Ballstáit den chuid is mó líon iomlán na dtuarascálacha a fuarthas ó sholáthraithe nó ó eagraíochtaí eile a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí. Ós rud é go dtuairiscíonn formhór na soláthraithe atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe do NCMEC, thuairiscigh formhór na mBallstát go bhfuair siad formhór a dtuarascálacha nó a dtuarascálacha go léir ó NCMEC. Níor léirigh na Ballstáit líon na dtuarascálacha inghníomhaithe, i.e.tuarascálacha a bhí oiriúnach le haghaidh imscrúdaithe, ach léirigh cuid acu líon na gcásanna a seoladh, rud atá i bhfad níos ísle. Cuireadh an difríocht idir tuarascálacha a fuarthas agus cásanna a imscrúdaíodh i leith roinnt cúiseanna, e.g. go raibh ÁMGL sa tuarascáil, ach nach raibh dóthain faisnéise inti chun imscrúdú a oscailt; tuarascálacha a chumasc i gcás ina mbeidh feidhm ag níos mó ná tuarascáil amháin maidir le hamhrastach áirithe; nó nár measúnaíodh an t‑ábhar, agus cásanna dúshaothraithe á léiriú ann, mar ábhar coiriúil faoin dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ní dhearna na Ballstáit den chuid is mó idirdhealú idir dearbhuimhir na gcásanna agus na cásanna a tuairiscíodh roinnt uaireanta. I gcás inar chuir NCMEC tuarascálacha ar fáil, rinne NCMEC tuarascálacha a réamhchatagóiriú cheana féin a fuair sé ó sholáthraithe mar thuarascálacha “inghníomhaithe” nó “faisnéise”. Sainmhíníonn NCMEC tuarascáil inghníomhaithe mar thuarascáil ina bhfuil dóthain faisnéise chun imscrúdú a sheoladh. Is gnách go gcuimsíonn sé sin sonraí úsáideora, íomhánna, agus suíomh féideartha. Déantar an tuarascáil a chatagóiriú mar “fhaisnéiseach” nuair nach bhfuil dóthain faisnéise ann nó nuair a mheastar go bhfuil an íomháú mearscaipthe agus gur tuairiscíodh é go minic. D'ainmnigh NCMEC 49 % de na tuarascálacha mar thuarascálacha “inghníomhaithe” in 2022, agus ainmníodh 51 % díobh mar thuarascálacha “faisnéise”.

Níor thug ach fíorbheagán Ballstát le fios cineál na soláthraithe ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a seirbhísí (e.g. an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Fhrainc, agus an Pholainn) agus níor sholáthair ach Ballstát amháin miondealú mionsonraithe ina leith (an Bheilg).

Thug an tSlóivéin le fios nach bhféadfadh sí figiúirí a sholáthar ach amháin maidir le cionta a imscrúdaíodh mar gheall ar thuarascálacha a chuir soláthraithe agus eagraíochtaí isteach, ach nach bhféadfadh sí ach figiúirí a sholáthar maidir le gach imscrúdú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne beag beann ar fhoinse na faisnéise as ar eascair seoladh an imscrúdaithe.

Tábla uimh. 6: Líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh mar a thuairiscigh na Ballstáit

Tír

Tréimhse Tuairiscithe

Líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh

Foinsí na dtuarascálacha

Nótaí

An Ostair

2021 go 2022

16 311

NCMEC

An Bheilg

1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022

26 226

Tuarascálacha a thagann ó sholáthraithe (na meáin shóisialta) agus ó bheolíne Childfocus

An Bhulgáir

2021 go 2022

9 120

Soláthraithe agus beolíne INHOPE trí “Safenet” agus eile

Astu sin, bhain 9 112 fholáireamh le leathanaigh ghréasáin ina raibh ÁMGL, arna n‑óstáil ag soláthraithe Bulgáracha.

An Chróit

1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022

9 044

NCMEC

An Chipir

an 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022

3 570

NCMEC

An tSeicia

an 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Iúil 2022

13 279

NCMEC

An Danmhairg

an 2 Lúnasa 2021 go dtí an 20 Eanáir 2023

10 744

NCMEC

An Eastóin

-

-

NCMEC, Child Helpline 116 111

Thuairiscigh an Eastóin nach staitisticí poiblí iad staitisticí an Gharda Póilíneachta agus Teorann, lena n‑áirítear NCMEC. Thuairiscigh siad 360 coir ghnéasacha neamhtheagmhála i gcoinne linbh in 2021. Thairis sin, rinneadh 86 % de na coireanna gnéasacha neamhtheagmhála go léir i dtimpeallacht an Idirlín nó úsáideadh uirlisí teicneolaíochta faisnéise.  

An Fhionlainn

2022

25 000

NCMEC agus Save the Children

An Fhrainc

an 1 Lúnasa 2021 go dtí an 1 Lúnasa 2022

120 000

NCMEC

An Ghearmáin

-

-

-

Sonraí gan bheith ar fáil/gan tuairisciú.

An Ghréig

2021 go 2022

142

NCMEC, Greek Hotline for illegal Internet content [Beolíne na Gréige maidir le hábhar mídhleathach Idirlín] – Safeline, National Telecommunications and Postal Commission [An Coimisiún Náisiúnta Teileachumarsáide agus Poist], National Line SOS 1056 [An Líne Náisiúnta SOS] – The smile of the child [Aoibh an linbh], Greek Ombudsman [Ombudóir na Gréige]

An Ungáir

2022

0

Níor seoladh aon cheann de na tuarascálacha a sheol soláthraithe faoin Rialachán Eatramhach

Éire

2021 go 2022

15 355

NCMEC

An Iodáil

2022

4 607

Ní shonraítear

An Laitvia

an 1 Lúnasa 2022 go dtí an 6 Márta 2023

Thart ar 115 go 220 tuarascáil go míosúil

Ó sholáthraithe agus eagraíochtaí nach ón Laitvia iad a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí (NCMEC den chuid is mó) agus ó sholáthraithe agus eagraíochtaí na Laitvia (Latvian Safer Internet Cente [Ionad Idirlín níos Sábháilte na Laitvia] den chuid is mó)

An Liotuáin

1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022

4 142

Ní shonraítear

Lucsamburg

2021 go 2022

2 491

Ní shonraítear

Málta

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Ísiltír

2021

36 537

Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

An Pholainn

an 3 Lúnasa 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2023

227

Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

Le linn na tréimhse ón 3 Lúnasa 2022 go dtí an 3 Lúnasa 2023 thug an Pholainn dá haire 1 tuarascáil maidir le mealltóireacht leanaí ar líne agus 105 thuarascáil maidir le ÁMGL.

An Phortaingéil

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Rómáin

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An tSlóvaic

1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022

7 206

Soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

An tSlóivéin

an 1 Eanáir 2021 go dtí an 14 Iúil 2023

452

Léirítear leis an uimhir seo cionta coiriúla a bhaineann le gníomhaíochtaí ar an idirlíon. Faoi láthair, ní cheadaítear leis na sonraí staidrimh atá ann cheana don tSlóivéin sonraí staidrimh maidir le cionta a imscrúdaíodh ar bhonn tuarascálacha arna chur isteach ag soláthraithe agus eagraíochtaí a dheighilt ó shonraí staidrimh maidir le tuarascálacha eile.

An Spáinn

2022

31 474

Eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

An tSualainn

Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022

32 830

NCMEC den chuid is mó

 

Ós rud é gurb é NCMEC príomhfhoinse na dtuarascálacha, tá sé faisnéiseach comparáid a dhéanamh idir na figiúirí maidir le tuarascálacha a fuair na Ballstáit agus na figiúirí a chuir NCMEC ar fáil maidir le tuarascálacha a seoladh chuig na Ballstáit. Fuair NCMEC 29 397 681 tuarascáil san iomlán ón tionscal ar fud an domhain in 2021, agus bhí íomhá nó físeán mí-úsáide gnéasaí leanaí amháin ann nó níos mó i 99.7 % acu (nó 29 309 106), bhí 0.15 % ann (nó 44 155) a bhain le mealltóireacht ar líne agus 0.05 % ann (nó 16 032) a bhain le gáinneáil ar ghnéas leanaí. In 2022, fuair NCMEC 32 059 029 thuarascáil san iomlán, ar bhain 99.5 % díobh (nó 31 901 234) le híomhánna nó físeáin maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, 0.25 % ann (80 524) a bhain le mealltóireacht ar líne agus 0.06 % (nó 18 336) a bhain le gáinneáil ar ghnéas leanaí. Maidir leis an Aontas, seo a leanas an miondealú:

Tábla uimh. 7: Tuarascálacha NCMEC maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a cuireadh ar fáil do Bhallstáit an AE in 2021 agus 2022

Tír

Iomlán na dtuarascálacha 2021 10

% d'iomlán 2021 an Aontais

Iomlán na dtuarascálacha 2022 11

% d'iomlán 2022 an Aontais

% de dhaonra an Aontais

An Ostair

7 580

1.36 %

18 501

1.23 %

2.00 %

An Bheilg

15 762

2.84 %

50 255

3.34 %

2.60 %

An Bhulgáir

13 584

2.44 %

31 937

2.12 %

1.53 %

An Chróit

4 744

0.85 %

11 693

0.78 %

0.86 %

An Chipir

2 657

0.48 %

7 361

0.49 %

0.20 %

An tSeicia

15 004

2.70 %

61 994

4.12 %

2.36 %

An Danmhairg

5 891

1.06 %

30 215

2.01 %

1.31 %

An Eastóin

2 729

0.49 %

6 408

0.43 %

0.30 %

An Fhionlainn

6 079

1.09 %

10 904

0.73 %

1.24 %

An Fhrainc

98 233

17.67 %

227 465

15.13 %

15.16 %

An Ghearmáin

79 701

14.34 %

138 193

9.19 %

18.59 %

An Ghréig

14 616

2.63 %

43 345

2.88 %

2.37 %

An Ungáir

31 710

5.70 %

109 434

7.28 %

2.16 %

Éire

7 327

1.32 %

19 770

1.31 %

1.13 %

An Iodáil

37 480

6.74 %

96 512

6.42 %

13.32 %

An Laitvia

1 537

0.28 %

3 688

0.25 %

0.42 %

An Liotuáin

3 509

0.63 %

16 603

1.10 %

0.63 %

Lucsamburg

2 005

0.36 %

2 004

0.13 %

0.14 %

Málta

750

0.13 %

4 713

0.31 %

0.12 %

An Ísiltír

36 790

6.62 %

57 012

3.79 %

3.96 %

An Pholainn

37 758

6.79 %

235 310

15.65 %

8.41 %

An Phortaingéil

34 415

6.19 %

42 674

2.84 %

2.31 %

An Rómáin

32 765

5.89 %

96 287

6.40 %

4.25 %

An tSlóvaic

7 275

1.31 %

39 748

2.64 %

1.21 %

An tSlóivéin

3 162

0.57 %

14 795

0.98 %

0.47 %

An Spáinn

33 136

5.96 %

77 727

5.17 %

10.60 %

An tSualainn

19 635

3.53 %

48 883

3.25 %

2.33 %

Iomlán

555 834

1 503 431

Is ann do na héagothromaíochtaí suntasacha idir líon na dtuarascálacha in 2021 agus 2022, a léiríonn méadú géar ar thuarascálacha in 2022, mar gheall go mór ar an laghdú ar bhrath deonach idir mí Eanáir agus mí Lúnasa 2021, nuair nach raibh feidhm ag an Rialachán Eatramhach go fóill.

Ní dhéanann NCMEC idirdhealú ina staidreamh in aghaidh an Bhallstáit den Aontas Eorpach de réir fhoinse na tuarascála, go háirithe cé acu ar eascair nó nár eascair sé as seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. Mar sin féin, soláthraíonn NCMEC staidreamh faoi líon foriomlán na dtuarascálacha a bhaineann leis an Aontas a eascraíonn as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. In 2021, d'eascair 283 265 tuarascáil maidir leis na Ballstáit as seirbhís comhrá, seirbhís teachtaireachtaí nó seirbhís ríomhphoist, is é sin, 51 % de na tuarascálacha iomlána a bhain leis an Aontas. D'eascair 164 645 (30 % den iomlán) thuarascáil bhreise ó na meáin shóisialta nó ó ardáin chearrbhachais ar líne, a bhféadfadh teachtaireachtaí comhtháite nó seirbhísí comhrá a bheith acu freisin. In 2021, 3 565 thuarascáil a bhain leis an Aontas, ba í an mhealltóireacht ar líne ab ábhar dóibh. In 2022, d'eascair 1 015 231 thuarascáil maidir leis na Ballstáit as seirbhís comhrá, seirbhís teachtaireachtaí nó seirbhís ríomhphoist, is é sin, 68 % de na tuarascálacha iomlána a bhain leis an Aontas. D'eascair 325 847 (22 % den iomlán) dtuarascáil bhreise ó na meáin shóisialta nó ó ardáin chearrbhachais ar líne, a bhféadfadh teachtaireachtaí comhtháite nó seirbhísí comhrá a bheith acu freisin. In 2022, 7 561 thuarascáil a bhain leis an Aontas, ba í an mhealltóireacht ar líne ab ábhar dóibh. Arís, is ann do na héagothromaíochtaí i líon na dtuarascálacha ó sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir in 2021 agus 2022 mar gheall ar an laghdú ar bhrath deonach idir mí Eanáir agus mí Lúnasa 2021, nuair nach raibh feidhm ag an Rialachán Eatramhach go fóill.

Tá cion na dtuarascálacha in aghaidh an Bhallstáit ag teacht, a bheag nó a mhór, le cion dhaonra an Bhallstáit i gcomparáid le daonra an Aontais ina iomláine i mórán cásanna, rud a d'fhéadfadh minicíocht inchomparáide mí-úsáide gnéis leanaí a léiriú ar líne ar fud na mBallstát. Tá dialltaí suntasacha le feiceáil i ndáil leis an Spáinn agus leis an Iodáil, a bhfuil a gcéatadáin le feiceáil íseal i gcomparáid le céatadán dhaonra an Aontais thar an dá bhliain, agus is cosúil go bhfuil cion na dtuarascálacha do Bhallstáit eile ag luainiú go suntasach (e.g. an Ghearmáin, an Pholainn, an Ísiltír, an tSlóvaic). Ní léirítear na hathruithe sin mar sin i dtuarascálacha ar líon na gcásanna agus dá bhrí sin is deacair teacht ar chonclúidí arís maidir le comhghaol idir tuarascálacha agus imscrúduithe.

I bhfianaise na dtréimhsí tuairiscithe éagsúla, ní féidir aon mheaitseáil dhíreach a dhéanamh ach mar sin féin tá éagothromaíochtaí suntasacha ann idir an staidreamh arna sholáthar ag NCMEC agus na figiúirí arna dtuairisciú ag na Ballstáit. Ina theannta sin, ní féidir figiúirí NCMEC do na Ballstáit a mheaitseáil go hiomlán leis na figiúirí arna soláthar ag an tionscal a tuairiscíodh sa roinn roimhe seo. Cé go bhféadfadh roinnt de na difríochtaí a bheith ann mar gheall ar thuairiscí ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a thagann ó fhoinsí seachas cumarsáid idirphearsanta, bheadh gá le tuilleadh anailíse a dhéanamh air sin, toisc gur féidir freisin go bhfuil bearta braite deonacha a bhaineann leis an Aontas ag soláthraithe seachas iad siúd a chuir tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin go dtí seo ar siúl, i bhfianaise liosta na soláthraithe atá ag tuairisciú do NCMEC 12 . Mar sin féin, ós rud é gur cosúil go bhfuil éagothromaíocht shuntasach ann i gcás fhormhór na mBallstát idir líon na dtuarascálacha a liostaíonn NCMEC mar liostaí a seoladh chuig an mBallstát, agus líon na dtuarascálacha a liostaíonn na Ballstáit mar liostaí a fuarthas, tugtar le fios uaidh sin nach bhfuil bailiú agus tuairisciú sonraí na mBallstát iomlán.

I gcás gach tuarascála NCMEC a sainaithníodh thuas, baineadh anuas na híomhánna agus na físeáin ghaolmhara maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus baineadh iad ó chúrsaíocht. Tá sé seo tábhachtach go háirithe d'íospartaigh reatha agus do mharthanóirí mí-úsáide gnéasaí leanaí. Léiríodh ó staidéir go gcuireann cúrsaíocht leanúnach íomhánna agus físeán a léiríonn a mí-úsáid teorainn le cumas na n‑íospartach éifeachtaí síceolaíocha na mí-úsáide a shárú agus go gcruthaíonn sé foirm thánaisteach íospartha.

2.2.2. Líon na leanaí a sainaithníodh

Sholáthair formhór na mBallstát staidreamh iomlán nó páirteach maidir le líon na leanaí a sainaithníodh, arna ndifreáil de réir inscne, de bhun Airteagal 8(1)(b) den Rialachán Eatramhach. Níor chuir roinnt Ballstát aon sonraí ná údar ar fáil, áfach, gan tuairisciú a dhéanamh de bhun na forála seo.

Níor thuairiscigh roinnt Ballstát aon staidreamh ná níor thuairiscigh siad ach staidreamh páirteach don tréimhse tuairiscithe ach thug siad cúiseanna leis sin. I measc na gcúiseanna a soláthraíodh tá:

-ní féidir íospartaigh MGL ar líne a chomhaireamh (an Fhrainc);

-sonraí nach bhfuil ar fáil mar nár bailíodh iad mar chuid den bhailiúchán náisiúnta sonraí staidrimh/níor chláraigh na húdaráis náisiúnta an staidreamh sin (an Danmhairg, an Liotuáin);

-sonraí nach bhfuil díchomhiomlánaithe de réir inscne sa bhailiúchán náisiúnta sonraí staidrimh (an Bheilg, an Chipir, an tSeicia, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, an Ísiltír);

-níl faisnéis ar fáil leis an leibhéal mionsonraithe a iarradh sna córais faisnéise atá ann cheana (an Fhionlainn);

-ní bhailítear an teolas (an Ghearmáin).

Dheimhnigh roinnt de na Ballstáit sin a thug le fios nach raibh siad in ann staidreamh a sholáthar gur iarradh ar a n‑údaráis náisiúnta a nós imeachta clárúcháin a athrú le haghaidh tuarascálacha deonacha agus imscrúduithe agus bailiú staidrimh (an Danmhairg) agus/nó go bhfuil córais faisnéise nua á n‑úsáid acu lenar cheart tuairisciú a dhéanamh ar an leibhéal mionsonraithe is gá (an Fhionlainn).

I mBallstát amháin, ní dhéanann na sonraí thíos idirdhealú idir íospartaigh MGL ar líne agus as líne (an Ungáir). I gcásanna áirithe, áirítear sa staidreamh freisin leanaí a sainaithníodh mar leanaí a rinne an t‑ábhar sin a tháirgeadh agus a uaslódáil iad féin (ábhar féinghinte, físeán den chuid is mó) (an tSeicia, an Eastóin).

Ós rud é gur thuairiscigh na Ballstáit le haghaidh tréimhsí tuairiscithe éagsúla den chuid is mó, níorbh fhéidir líon iomlán na leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas a ríomh, in aghaidh na bliana agus/nó sa tréimhse tuairiscithe chéanna.

Tábla uimh. 8: Líon na leanaí a sainaithníodh, arna dhifreáil de réir inscne

Tír

Tréimhse tuairiscithe

Baineann

Fireann

Iomlán

Nótaí

An Ostair

2021 go 2022

11

6

17

An Bheilg

2021 go 2022

-

-

63

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An Bhulgáir

2022

50

12

62

An Chróit

1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022

20

0

20

An Chipir

2022

-

-

102

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An tSeicia

2022

-

-

30

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An Danmhairg

-

-

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Eastóin

2021

6

12

18

An Fhionlainn

-

-

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Fhrainc

-

-

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Ghearmáin

-

-

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Ghréig

2021 go 2022

-

-

4

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An Ungáir

2021 go 2022

379

47

426

Ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir íospartaigh MGL ar líne agus as líne. Níl ach leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois san áireamh.

Éire

2021 go 2022

-

-

101

Ní féidir sonraí do 2021 (50 íospartach) a dhifreáil de réir inscne. Is iad seo a leanas sonraí difreáilte de réir inscne le haghaidh 2022: Aithníodh 25 leanbh bhaineanna agus 26 leanbh fhireanna.

An Iodáil

2022

-

-

385

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An Laitvia

an 1 Lúnasa 2022 go dtí an 6 Márta 2023

1

-

1

An Liotuáin

-

-

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

Lucsamburg

2021 go 2022

0

0

0

Málta

-

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Ísiltír

2021

-

-

222

Níl sonraí a dhifreáiltear de réir inscne ar fáil.

An Pholainn

2022

2368

487

3014

In 2022, sholáthair Córas Náisiúnta Faisnéise Póilíneachta sa Pholainn na sonraí maidir le 3 014 íospartach lenar bhain cionta MGL (2 368 mbean, 487 bhfear, 159 nduine nach bhfuil a n‑inscne luaite).

An Phortaingéil

-

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Rómáin

-

-

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An tSlóvaic

Mí Lúnasa 2021 go Mí Iúil 2022

13

8

21

An tSlóivéin

an 1 Eanáir 2021 go dtí an 14 Iúil 2023

220

85

305

An Spáinn

2022

80

39

119

An tSualainn

2022

8

4

12

AN tIOMLÁN MAIDIR LE BALLSTÁIT UILE AN AONTAIS

an 1 Eanáir 2021 go dtí an 6 Márta 2023

3 156

700

4 922

Tá na sonraí thuas faoi réir roinnt foláireamh breise. Ní cheadaítear leis na sonraí staidrimh atá ann cheana i gcónaí do na Ballstáit sonraí maidir le híospartaigh a sainaithníodh bunaithe ar thuarascáil a dheighilt, mar shampla, ó shonraí a bhaineann le cásanna ina bhféadfadh sé gurb é an t‑íospartach féin a rinne an cion coiriúil a thuairisciú, sin nó duine éigin eile a raibh aithne aige nó aici ar an íospartach nó a bhraith an cion coiriúil (mar a luaigh an tSlóivéin). Thuairiscigh an tSualainn go bhfuil leanaí a sainaithníodh trí logaí comhrá mar chuid den tuairisciú freisin cé nár aimsíodh grianghraif ná físeáin den mhí-úsáid riamh nó nár cinneadh gur thionscain siad ón íospartach sonrach sin.

Ar an iomlán, ní gá go gcomhfhreagraíonn na sonraí i dtábla uimh. 8 do na hoibleagáidí tuairiscithe sa Rialachán Eatramhach, nach dtagraíonn ach d'íospartaigh a tarrtháladh a bhuí leis na tuarascálacha a chuir soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí faoin Rialachán isteach. Áirítear leis na sonraí a chuirtear ar fáil i gcásanna áirithe íospartaigh a sainaithníodh mar gheall ar chúiseanna agus modhanna éagsúla eile.

Dá bhrí sin, ní cheadaítear leis na sonraí forbhreathnú cuimsitheach ar líon na leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas.

Ina theannta sin, fiú sa chás gur sainaithníodh íospartach, ní gá go gciallaíonn sé go ndearnadh ciontú a bhain leis an tsainaithint sin. I gcásanna áirithe, sainaithníodh an t -íospartach, ach níorbh fhéidir leis an imscrúdú amhrastach a bhunú ná an t‑imscrúdú a threorú chuig ciontú (an tSualainn).

Mar sin féin, is féidir é a thuiscint ó na sonraí gur sainaithníodh líon suntasach íospartach le cabhair ó thuairisciú deonach i gcomhréir leis an Rialachán Eatramhach. Deimhnítear é sin le tuarascálacha ar chásanna ó údaráis forfheidhmithe dlí, a sheoltar go minic ar bhonn tuairisciú deonach amháin 13 .

2.2.3. Líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh

Cé gur chomhlíon formhór na mBallstát a n‑oibleagáidí, níor chuir dhá Bhallstát aon sonraí ná údar ar fáil gan tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 8(1)(c) den Rialachán Eatramhach.

Níor chuir roinnt Ballstát aon staidreamh ar fáil don tréimhse tuairiscithe de bhun na forála sin agus thug siad na cúiseanna seo a leanas:

-níl sonraí ar fáil go fóill (an Bheilg agus an Spáinn);

-níor ghá cineál an tarchuir tosaigh (Éire) a thaifeadadh sa bhunachar sonraí lárnach a úsáideadh chun an choireacht a thaifeadadh;

-níl na sonraí bailithe (an Ghearmáin).

Thuairiscigh na Ballstáit sonraí an‑éagsúla maidir le líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh agus ní raibh aon chomhleanúnachas sna tréimhsí tuairiscithe a cumhdaíodh, mar a léirítear i dtábla uimh. 8 thíos.

Tábla uimh. 9: Líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh

Tír

Tréimhse tuairiscithe

Líon na gciontuithe

Nótaí

An Ostair

2021

850

Ní dhéanann na sonraí idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne.

An Bheilg

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Bhulgáir

2021 go 2022

52

An Chróit

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Chipir

2022

0

Gan aon chiontuithe go dtí seo.

An tSeicia

an 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Iúil 2022

20

An Danmhairg

an 2 Lúnasa 2021 go dtí an 20 Eanáir 2023

224

An Eastóin

2021

2

Ní áirítear ach ciontuithe a eascraíonn as tuarascálacha NCMEC.

An Fhionlainn

2021

240

An Fhrainc

an 4 Lúnasa 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2022

820

An Ghearmáin

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Ghréig

2021 go 2022

62

An Ungáir

2021 go 2022

126

Éire

-

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An Iodáil

2021 go 2022

5 835

Ní dhéanann na sonraí idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne.

An Laitvia

2021 go 2022

33

Ní dhéanann na sonraí idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne.

An Liotuáin

1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022

10

Lucsamburg

2022

11

Ní dhéanann na sonraí idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne.

Málta

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Ísiltír

2021

217

An Pholainn

An dara leath de 2021 go dtí an chéad leath de 2022 / 2022 / An chéad leath de 2023

185 / 194 / 81

An Phortaingéil

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An Rómáin

-

-

Níor tíolacadh/níor tuairiscíodh sonraí.

An tSlóvaic

2021

10

An tSlóivéin

2021 go 2022

45

An Spáinn

2022

-

Níl sonraí ar bith ar fáil.

An tSualainn

2022

55

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann líon na gciontuithe agus líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh, toisc go bhféadfaí duine a chiontú i gcion amháin nó níos mó a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne.

Ina theannta sin, ní gá go mbeadh baint ag na staidreamh maidir le ciontuithe a tuairiscíodh ar feadh tréimhse áirithe leis na tuarascálacha a fuarthas sa tréimhse áirithe sin (i.e. d'fhéadfaí ciontú in 2022 a nascadh, mar shampla, le tuarascáil ó 2021 nó 2020 agus d'fhéadfadh sé gur in 2023 nó níos déanaí a dhéanfaí duine a chiontú mar thoradh ar thuarascáil ó 2022). Leag roinnt Ballstát béim shainráite ar an bhfíric sin ina dtuarascálacha (Éire, Lucsamburg, an tSualainn).

I gcásanna áirithe, níor bailíodh aon staidreamh i dtaobh ar tháinig ciontuithe as tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí amhrasacha  (e.g. trí NCMEC), nó i bhfocail eile, gur eascair ciontuithe as an bhfaisnéis a chuir soláthraí nó eagraíocht phoiblí ar fáil (an Ostair, an Laitvia). Níor dheimhnigh ach an Eastóin go sainráite nach léiríonn an staidreamh ach ciontuithe a eascraíonn as tuarascálacha NCMEC. Is féidir freisin gurbh iad na tuarascálacha ba chúis le teacht ar chiontóirí eile, a ndéantar imscrúdú orthu agus a chiontaítear le linn na n‑imscrúduithe (an Ostair).

Glactar leis, den chuid is mó, go bhfuil líon na gciontuithe a thuairiscítear ón uair a thugtar cás chun críche tar éis achomharc a dhéanamh tríd an gcóras breithiúnach, is dócha. I mBallstát amháin (an Danmhairg), ina dtiomsaítear na huimhreacha de réir an chinnidh is déanaí, níl na huimhreacha críochnaitheach, toisc go bhféadfadh sé go ndearnadh achomharc ar na cinntí ina dhiaidh sin.

I gcásanna áirithe, ní dhéanann na sonraí atá sna córais náisiúnta TF agus a thuairiscíonn na Ballstáit idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne (an Ostair, Lucsamburg, an Laitvia).

Dá bhrí sin, leis na tuarascálacha an‑éagsúla a chuir na Ballstáit isteach agus leis an mbealach a bhailítear sonraí staidrimh ar an leibhéal náisiúnta, ní cheadaítear forbhreathnú cuimsitheach ar líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh as mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas. Ní féidir na ciontuithe sin a nascadh go soiléir faoi láthair – ar bhonn na sonraí atá ar fáil – le tuarascálacha a chuireann soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí i dtréimhsí tuairiscithe nithiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.3.Forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch

I measc na dteicneolaíochtaí a úsáidtear faoi láthair chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath ar líne tá teicneolaíochtaí agus uirlisí chun ÁMGL "aitheanta" (i.e. a braitheadh roimhe seo), ÁMGL "nua" (i.e. nár braitheadh roimhe seo) agus sirtheoireacht leanaí (ar a dtugtar "mealltóireacht ar líne").

I measc na samplaí a thugtar thíos tá cuid de na huirlisí is mó a úsáidtear, agus ní hionann iad agus liosta uileghabhálach. Cuirtear go leor de na huirlisí sin ar fáil do sholáthraithe, d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'eagraíochtaí eile inar féidir leas dlisteanach a thaispeáint. De ghnáth, déantar na huirlisí sin a chomhcheangal le hathbhreithniú daonna chun an cruinneas is mó is féidir a áirithiú.

Áirítear sa roinn seo freisin forbairtí breise sa dul chun cinn teicneolaíoch a bhaineann leis an intleacht shaorga.

2.3.1. Aimsiú ÁMGL aitheanta

Braitheann teicneolaíochtaí atá ann cheana chun ÁMGL aitheanta a bhrath ar anailís uathoibríoch ar inneachar 14 agus is gnách go mbíonn siad bunaithe ar haiseáil. Is cineál méarlorgaireachta digití í an teicneolaíocht haiseála. Cruthaítear leis síniú digiteach uathúil (ar a dtugtar “hais”) d'íomhá a chuirtear i gcomparáid ansin le sínithe (haiseanna) grianghraf eile chun cóipeanna den íomhá chéanna a aimsiú. Ní bhraitheann an teicneolaíocht seo ach haiseanna meaitseála agus ní "fheiceann" sí aon ábhar nach meaitseálann an hais. Níl haisluachanna inchúlaithe freisin, agus dá bhrí sin ní féidir iad a úsáid chun íomhá a athchruthú.

Tá go leor éagsúlachtaí agus cuir chun feidhme na teicneolaíochta haiseála ann. I measc na nuirlisí a aithnítear mar uirlisí a úsáidtear chun ÁMGL a bhrath, tá: (i) Microsoft PhotoDNA ; (ii) Meaitseáil IMGL Google ; (iii) Apple NeuralHash + Idirmhír Tacair Phríobháideach ; (iv) Meta SSN++ ; (v) PDQ agus TMK+PDQF ; (vi) Gineadóir haise MD5 (Skype); (vii) Safer (Thorn).

Is é Microsoft PhotoDNA an uirlis is mó a úsáidtear, arna úsáid ag os cionn 150 eagraíocht 15 . Tá PhotoDNA in úsáid ar feadh níos mó ná 10 mbliana agus tá leibhéal ard cruinnis aige. Meastar nach mó ná 1 as 50 billiún ráta na mbréagdheimhneach, bunaithe ar thástáil 16 . Tá ráta earráide PhotoDNA fós thar a bheith íseal mar gheall ar chineál na teicneolaíochta. Braitheann an teicneolaíocht cóipeanna d'ábhar a sainaithníodh roimhe seo go heisiach. Cé go mbraitheann PhotoDNA bunaidh ÁMGL aitheanta in íomhánna, tá leagan ar fáil chun ÁMGL a bhrath i bhfíseáin freisin.

Tá an teicneolaíocht ag forbairt go leanúnach agus í á feabhsú léi. I mí na Bealtaine 2023, d'fhógair Microsoft go núsáidfear cumais mheaitseála nua a chumasaíonn cuardach níos tapúla (thart ar 350 uair níos tapúla), agus costas an phróisis mheaitseála a laghdú gan aon chaillteanas cruinnis. Dar le Microsoft, cuireann an leabharlann nua ar chumas íomhánna atá casta nó rothlaithe a bhrath ar bhealach níos cuimsithí freisin. Ina theannta sin, thuairiscigh Internet Watch Foundation (IWF) (Fondúireacht um Súil a Choimeád ar an Idirlíon) le déanaí ag feabhsú a theicneolaíocht haiseála 17 .

2.3.2. Brath ÁMGL nua

I measc na dteicneolaíochtaí a úsáidtear faoi láthair chun ÁMGL nua a bhrath tá aicmitheoirí agus intleacht shaorga a dhéanann anailís ar íomhánna agus ar fhíseáin chun patrúin ábhair a bhrath a mheaitseálann patrúin a ghintear ar bhonn ábhar a aithníodh roimhe seo maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí. Is éard is aicmitheoir ann aon algartam a shórtálann sonraí ina n‑aicmí lipéadaithe, nó ina gcatagóirí faisnéise, trí aithint patrún. Teastaíonn sonraí ó aicmitheoirí le hoiliúint a chur orthu agus feabhsaíonn a gcruinneas de réir mar a thugtar sonraí dóibh.

I measc na nuirlisí chun ÁMGL nua a bhrath tá: (i) Safer (Thorn); (ii) Content Safety API, uirlis de chuid Google ; (iii) teicneolaíocht intleachta saorga Facebook 18 ; (iv) Amazon Rekognition ; (v) Hive AI le haghaidh ábhar amhairc .

Tá sé léirithe ag taighde gurb iad uirlisí agus córais uathoibrithe amhail aicmitheoirí na modhanna is úsáidí chun ÁMGL a bhrath 19 . Maidir le ÁMGL nua a bhrath, luíonn an ráta cruinnis i bhfad os cionn 90 %. Mar shampla, tugann Thorn le fios gur féidir a Aicmitheoir ÁMGL a shocrú ag ráta cruinneas 99 % (le haghaidh ÁMGL aitheanta agus nua araon), rud a chiallaíonn 0.1 % mar ráta bréagdheimhniúcháin 20 . Is dócha go dtiocfaidh feabhas ar na méadrachtaí sin le húsáid mhéadaithe agus aiseolas.

 

2.3.3. Mealltóireacht ar líne a bhrath

Baineann uirlisí chun mealltóireacht ar líne (sirtheoireacht leanaí) a bhrath i gcumarsáid théacsbhunaithe úsáid as teicneolaíochtaí chun patrúin a bhrath agus chuige sin amháin lena dtugtar le fios gnéithe nithiúla a d'fhéadfaí a bheith in amhras faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, gan a bheith in ann substaint an ábhair a asbhaint. Cuirtear an teicníc i bhfeidhm ar chomhráite téacs-bhunaithe. Déantar comhráite a rátáil ar shraith tréithe agus sanntar rátáil dóchúlachta fhoriomlán dóibh, rud a léiríonn an dóchúlacht mheasta gurb ionann an comhrá agus mealltóireacht ar líne. Feidhmíonn na rátálacha sin mar chinntitheach, arna shocrú ag cuideachtaí aonair, chun bratach a chur le comhráite le haghaidh athbhreithniú daonna breise.

I measc na nuirlisí a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí braite téacs tá: (i) Tionscadal Artemis de chuid Microsoft 21 ; (ii) Amazon Rekognition ; (iii) Teicneolaíocht Spirit AI de chuid Twitch (bunaithe ar NLP, aicmitheoirí téacs) 22 ; (iv) Meitea-aicmitheoir meaisínfhoghlama a tógadh go hinmheánach (teicneolaíocht anailíse teanga inmheánach á chomhcheangal le meiteashonraí); (v) scagadh comhrá Roblox 23 ; (vi) Réiteach teicniúil Thorn agus Tech Coalition bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus aicmitheoirí 24 .

Mar a tharlaíonn i gcás ÁMGL nua a shainaithint, ní mór oiliúint a chur ar an teicneolaíocht maidir le hábhar den sórt sin chun ábhar mealltóireachta ar líne a shainaithint. Is é rochtain ar shonraí oiliúna den sórt sin an dúshlán is mó i gcónaí maidir le forbairt agus feabhsú teicneolaíochtaí den sórt sin.

Sheol Thorn, i gcomhpháirtíocht le Tech Coalition agus a bhaill, tionscnamh nua atá dírithe ar réiteach teicniúil a fhorbairt chun iarrachtaí ar mhealltóireacht ar líne a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu a bheidh úsáideach agus inúsáidte do raon ardán a thairgeann cumarsáid théacsbhunaithe. Beidh sé bunaithe ar obair fhoireann Thorn ar aicmitheoir PTN (próiseáil teanga nádúrtha), nó ar mhúnla meaisínfhoghlama, a bhraitheann agus a dhéanann catagóirí nuair a thiteann ábhar nó iompar ar líne isteach in "aicmí" sainithe a bhaineann le mealltóireacht ar líne (amhail nochtadh d'ábhar gnéasach nó teacht le chéile i bpearsa a lorg le mionaoiseach) chomh maith le scór foriomlán maidir le cé chomh gar agus atá comhrá le mealltóireacht ar líne 25 . 

2.3.4. Dúshláin nua arna n‑ardú ag botaí comhrá na hIntleachta saorga agus ag gineadóirí ealaíne/íomhánna

Tá forbairt agus scaoileadh botaí comhrá na hintleachta saorga amhail ChatGPT (samhail mhór teanga (SMT) a d'fhorbair OpenAI ) agus gineadóirí ealaíne/íomhánna amhail DALL-E 26 agus Midjourney 27 , tar éis aird shuntasach phoiblí a ghiniúint, go príomha mar gheall ar a gcumas freagraí atá réidh le húsáid a sholáthar go tapa nó íomhánna réalaíocha a chruthú is féidir a chur i bhfeidhm ar líon ollmhór comhthéacsanna éagsúla. Tháinig tóir agus úsáid fhorleathan ar na huirlisí nua sin go tapa. Tá táirgí ceannródaíocha á maoiniú agus á bhforbairt ag cuideachtaí teicneolaíochta lena náirítear Microsoft agus Google agus tá na teicneolaíochtaí nua á scagadh agus tá leaganacha feabhsaithe á gcur i bhfeidhm ar bhonn rialta.

Cé go dtugann na teicneolaíochtaí sin deiseanna iontacha do ghnólachtaí agus don phobal araon, is féidir leo a bheith ina mbaol dóibh freisin. I measc na n‑ábhar imní faoi tháirgí den sórt sin tá an chaoi a bhféadfaidh coirpigh iad a shaothrú chun a gcríoch neafaiseach lena n‑áirítear teacht i dtír gnéasach ar leanaí.

Mar a thuairiscigh Europol, cé go bhfuil an fhaisnéis go léir a sholáthraíonn ChatGPT ar fáil saor in aisce ar an idirlíon, déanann an uirlis é i bhfad níos éasca do ghníomhaithe mailíseacha “foghlaim faoi líon ollmhór réimsí coireachta féideartha nach bhfuil aon eolas acu orthu roimh ré, idir conas briseadh isteach i dteach, sceimhlitheoireacht, cibearchoireacht agus mí-úsáid ghnéasach leanaí”. Cuireann sé sin ar chumas na ndaoine sin tuiscint níos fearr a fháil ar na cineálacha sin coireanna agus iad a dhéanamh ina dhiaidh sin 28 .

Cuireann rialacha OpenAI srian ar chumas ChatGPT freagairt do leideanna maidir le hábhar gnéasach, fuafar, foréigneach nó ábhar a chuireann féindochar chun cinn. Mar sin féin, is féidir dul timpeall ar na coimircí sin go measartha éasca trí innealtóireacht phras 29 . Léiríonn úsáid botaí comhrá na hintleachta saorga le déanaí (e.g. trí Snapchat) conas is féidir leo sin an líne a thrasnú idir idirghníomhaíochtaí maslacha nó contúirteacha, lena n‑áirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí 30 . Agus níos mó cuideachtaí anois ag smaoineamh ar bhotaí comhrá intleachta saorga a thástáil ar a nardáin (Instagram, b'fhéidir WhatsApp agus Messenger), ní mór an tionchar ar úsáideoirí, go háirithe leanaí agus daoine óga, a mheasúnú go cúramach.

Ceanglaítear leis na huirlisí nua sin freisin coimircí leordhóthanacha ionas nach mbainfear mí-úsáid astu chun ábhar domhainbhrionnaithe mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghintear leis an intleacht shaorga a tháirgeadh 31 . Le luas forbartha na nuirlisí intleachta saorga, is dócha go mbeidh sé níos éasca go luath íomhánna a ghiniúint atá do-aitheanta ó íomhánna iarbhír. Tá roinnt príomhdhúshlán ag baint leis seo maidir le MGL a chomhrac, toisc go bhféadfadh sé go gcuirfí bac mór ar an gcumas atá ag forfheidhmiú an dlí cásanna ÁMGL a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus fíor-íospartaigh a aithint má éiríonn ÁMGL ríomhghinte anréalaíoch anfhorleathan ar líne 32 .

Tá léirithe ó thaighde gur minic gurb é teacht ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí an chéad chéim i dtreo mí-úsáid fhisiceach, is cuma cé acu an léiríonn nó nach léiríonn an tábhar mí-úsáid agus dúshaothrú fíor nó réadúil 33 . Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach scaipeadh ábhair dhomhainbhrionnaithe mí-úsáide gnéasaí leanaí, arb ábhar é a ghintear leis an intleacht shaorga, a theorannú mar chineál de chosc ar thaobh an chiontóra. Príomhábhar imní eile is ea gur féidir le lucht mealltóireachta úsáid a bhaint as ardchumhachtaí giniúna téacs ChatGPT, in éineacht le téacs-go-íomhá na hIntleachta Saorga atá ann cheana féin chun ábhar a ghiniúint go tapa agus go héasca le haghaidh bréagphróifílí agus comhráite sochreidte le daoine óga chun díriú ar leanaí ar líne. Cé nach spreagfaidh ChatGPT ann féin daoine le bheith ina mealltóirí ar líne, tugann sé deis do dhuine ar bith na comhráite atá á ndéanamh acu le leanaí ar líne a chur trí theicneolaíocht na hIntleachta Saorga chun iad féin a dhéanamh níos áitithí agus inchreidte dá níospartaigh, rud a chabhraíonn lena mí-ionramháil." 34 D'fhéadfadh sé go mbeadh an cumas ag an intleacht shaorga ghiniúnach cur le méadú ar chásanna mealltóireachta ar líne agus fiú chun “mealltóireacht leanaí ar scála a uathoibriú 35 .

3.CONCLÚIDÍ

Bearta cur chun feidhme arna ndéanamh ag soláthraithe

Léirigh tuairisciú na soláthraithe go raibh mí-úsáid ghnéasach leanaí á brath agus á tuairisciú acu ar líne faoin Rialachán Eatramhach trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus próisis braite éagsúla. Thuairiscigh gach soláthraí na tuarascálacha sin a sheoladh chuig NCMEC. Maidir le cineál agus méideanna na sonraí pearsanta a láimhseálann soláthraithe, léiríodh ón tuairisciú sraith sonraí tráchta a bailíodh agus leibhéal éagsúil gráinneachta méideanna sonraí a próiseáladh lena gcuirtear cosc ar an gCoimisiún sonraí aontaithe ar leibhéal an Aontais a bhaineann le soláthraithe a fháil don tréimhse tuairiscithe i dtrácht (Iúil 2021 go 31 Eanáir 2023).

Níor chuir soláthraithe isteach líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear arna miondealú de réir na teicneolaíochta a úsáidtear, rud a thug le fios go n‑úsáideann siad cur chuige sraitheach chun MGL ar líne a bhrath a chomhlánaítear le hathbhreithniú daonna. Ag an am céanna, chuir soláthraithe raon leathan beart agus coimircí i bhfeidhm chun an ráta earráide ina mbrath a theorannú agus a laghdú. Ina theannta sin, thuairiscigh soláthraithe go raibh beartais choinneála sonraí agus coimircí cosanta sonraí i bhfeidhm acu, arna sainiú ina mBeartais nó ina Ráitis Phríobháideachais agus le tacaíocht ó choimircí agus bearta caighdeánacha cosanta sonraí tionscail.

Bearta cur chun feidhme arna ndéanamh ag na Ballstáit

Cuireann an Rialachán Eatramhach d'oibleagáid ar na Ballstáit freisin (de bhun Airteagal 8) príomhstaitisticí a sholáthar maidir le cásanna mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a braitheadh agus a tuairiscíodh dá n‑údaráis forfheidhmithe dlí, líon na n‑íospartach leanaí a sainaithníodh, agus líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh. Ós rud é gur sholáthair na Ballstáit sonraí le haghaidh tréimhsí tuairiscithe éagsúla den chuid is mó, níorbh fhéidir líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh a fuarthas ar leibhéal an Aontais a ríomh ó na sonraí a tíolacadh. Ina theannta sin, d'fhéadfadh na tuarascálacha a fuarthas agus na Ballstáit a thuairiscigh iad a bheith difriúil ó thuarascálacha inghníomhaithe, i.e. ó thuarascálacha a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh imscrúduithe, nó ó líon na gcásanna a tuairiscíodh. Níor thug ach cúpla Ballstát le fios cineál na soláthraithe ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a seirbhísí. I gcásanna áirithe, ní dhéantar idirdhealú sna sonraí staidrimh náisiúnta idir cionta a imscrúdaítear ar bhonn tuarascálacha a chuireann soláthraithe isteach, agus eagraíochtaí eile a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus cionta a imscrúdaítear ar bhonn tuarascálacha eile.

Go comhfhreagrach, níorbh fhéidir líon iomlán na leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne san Aontas a bhaint as na tuarascálacha, arna n‑idirdhealú de réir inscne. Áirítear ar na cúiseanna, mar shampla: sonraí a thuairisciú le haghaidh tréimhsí éagsúla; teorainneacha aoise éagsúla a n‑úsáid chun íospartaigh MGL a shainmhíniú ar líne; neamhbhailiú staidrimh ar an leibhéal mionsonraithe sin ar an leibhéal náisiúnta mar gheall ar theorainneacha teicniúla nó eile; gan aon difreálú idir íospartaigh MGL ar líne agus as líne etc. Áirítear i roinnt Ballstát freisin ina staidreamh leanaí a tháirg ábhar féinghinte. Níos tábhachtaí fós, is minic nach ndéantar idirdhealú sa staidreamh idir íospartaigh a shainaithnítear bunaithe ar thuarascálacha a thíolacann soláthraithe agus eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí faoin Rialachán agus iad siúd a shainaithnítear bunaithe ar chúiseanna agus ar mhodhanna eile.

Tá an forléargas ar líon na ndéantóirí coire a chiontaítear ilroinnte freisin. I gcásanna áirithe, níl sonraí den sórt sin ar fáil toisc nár thaifead na bunachair sonraí foinse an tarchuir tosaigh agus dá bhrí sin ní dhéanann na sonraí idirdhealú idir déantóirí coire a ciontaíodh mar gheall ar thuarascálacha a cuireadh isteach de bhun an Rialacháin agus tuarascálacha eile. I gcásanna áirithe, ní dhéanann na sonraí atá i gcórais náisiúnta TF idirdhealú idir cionta a dhéantar ar líne agus as líne. Ina theannta sin, ní gá go mbeadh baint ag an staidreamh maidir le ciontuithe a tuairiscíodh ar feadh tréimhse áirithe leis na tuarascálacha a fuarthas sa tréimhse áirithe sin ach d'fhéadfadh go mbainfeadh siad le tuarascálacha ó thréimhsí roimhe sin. D'fhéadfadh staidreamh bailithe maidir le líon na gciontuithe a bheith difriúil freisin le líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh (toisc go bhféadfadh níos mó ciontuithe a bheith ag déantóir coire amháin).

Na staitisticí ilchineálacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit, ar dealraitheach nach mbailíonn siad na sonraí i gcónaí go córasach agus i gceart, agus de bhrí na dtosca thuasluaite go léir, ní cheadaítear leo forbhreathnú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar MGL ar líne a fuarthas, ar líon na leanaí a sainaithníodh mar íospartaigh na coire sin, ná ar líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh ar leibhéal an Aontais de bhun an Rialacháin. Ós rud é gur cosúil go bhfuil éagothromaíocht shuntasach ann i gcás fhormhór na mBallstát idir líon na dtuarascálacha a liostaíonn NCMEC mar a sheol siad chuig an mBallstát, agus líon na dtuarascálacha a liostaíonn an Ballstát mar chinn a fuarthas, tugtar le fios nach bhfuil an bailiú agus an tuairisciú sonraí iomlán. Dheimhnigh roinnt Ballstát go bhfuil athruithe struchtúracha nó atheagrú á dhéanamh ag a n‑údaráis inniúla a bhaineann le cruthú ranna nua atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Tá córais nua TF á gcur i bhfeidhm freisin agus iarradh ar na húdaráis náisiúnta a nósanna imeachta clárúcháin agus a staidreamh a athrú i roinnt Ballstát. Ba cheart go gcruthófaí leis sin coinníollacha fabhracha maidir le staidreamh níos cruinne a bheith ann ó na Ballstáit amach anseo. I gcás ar bith, bainfidh an Coimisiún úsáid as a chumhachtaí faoi na Conarthaí de réir mar is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n‑oibleagáidí tuairiscithe faoin Rialachán Eatramhach.

Breithnithe ginearálta

Ar an iomlán, léiríonn an tuarascáil seo éagothromaíochtaí suntasacha sa tuairisciú ar shonraí a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac faoin Rialachán Eatramhach ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit araon. Chuideodh caighdeánú níos fearr ar na sonraí atá ar fáil agus tuairisciú na sonraí sin, amhail na sonraí sin dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac 36 , le léargas níos fearr a fháil maidir le gníomhaíochtaí ábhartha sa chomhrac i gcoinne na coireachta sin. Is cosúil go bhfuil gá le hiarrachtaí breise ó sholáthraithe agus ó na Ballstáit chun bailiú agus tuairisciú sonraí a áirithiú i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Eatramhaigh.

Léiríonn na sonraí atá ar fáil, faoin gcóras braite agus tuairiscithe deonach atá ann faoi láthair, gur féidir nach ÁMGL a bheidh mar thoradh ar ábhair ar a gcuirtear bratach ÁMGL go huathoibríoch, tar éis athbhreithniú daonna. D'fhéadfadh sé sin a bheith mar gheall ar easpa sraith choiteann haiseanna agus táscairí eile chun ÁMGL a bhrath, a dheimhnítear a bheith neamhdhleathach san Aontas, nó caighdeáin dhlíthiúla éagsúla ar fud dlínsí, go háirithe idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, go háirithe maidir leis na sainmhínithe ábhartha. Ó na sonraí tugtar le fios freisin éagsúlachtaí móra i líon na n‑iarratas ar athbhreithniú, agus i rátaí ratha athbhreithnithe, nach féidir conclúidí a bhaint astu, i bhfianaise na heaspa faisnéise maidir le raon feidhme na n‑iarratas ar athbhreithniú agus na cúiseanna lena n‑athchur go háirithe.

I ndáil le ceanglais Airteagal 9(2) maidir leis na coinníollacha don phróiseáil, tugtar le fios san fhaisnéis a soláthraíodh go gcomhfhreagraíonn na teicneolaíochtaí a úsáidtear d'fheidhmchláir theicneolaíocha a ceapadh chun críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath agus a bhaint agus chun é a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáide gnéasaí leanaí, agus chun na críche sin amháin. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis i dtaobh an raibh úsáid na dteicneolaíochtaí i gcomhréir leis an úrscothacht agus ar an mbealach is lú a chuir isteach ar phríobháideachas, agus i dtaobh an ndearnadh measúnú tionchair roimh ré ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin.

Maidir le comhréireacht an Rialacháin, is í an cheist lárnach cé acu an mbaintear amach leis an Rialachán Eatramhach an chothromaíocht lena d'fhéach reachtóir an Aontais a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, cuspóir an leasa ghinearálta a bhaint amach maidir leis na coireanna thar a bheith tromchúiseach atá i gceist a chomhrac go héifeachtach agus an gá atá le cearta bunúsacha leanaí a chosaint (dínit, sláine, toirmeasc ar chóir mhídhaonna nó táireach, saol príobháideach, cearta an linbh) agus, ar an taobh eile, cearta bunúsacha úsáideoirí na seirbhísí a chumhdaítear a chosaint (príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, saoirse chun tuairimí a nochtadh, leigheas éifeachtach). Ní leor na sonraí atá ar fáil chun teacht ar chonclúidí cinntitheacha ina leith sin. Ní féidir ná ní bheadh sé iomchuí caighdeán uimhriúil a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht den sórt sin ó thaobh líon na leanaí a tarrtháladh, i bhfianaise an tionchair dhiúltaigh shuntasaigh ar shaol agus ar chearta an linbh arb é mí-úsáid ghnéasach is cúis leis. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, níl aon tásca ann a léiríonn nach bhfuil an maolú comhréireach.

In ainneoin easnaimh na sonraí atá ar fáil, nach gceadaíonn léargas ar úsáid tuarascálacha deonacha i líon suntasach Ballstát, is léir ó na sonraí atá ar fáil gur sainaithníodh na mílte leanaí sa tréimhse tuairiscithe, go bhfuarthas níos mó ná dhá mhíle ciontú, agus gur baineadh na milliúin íomhá agus físeán ó chúrsaíocht, rud a laghdaigh íospairt thánaisteach. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid gur chuir tuairisciú deonach go mór le líon mór leanaí a chosaint, lena n‑áirítear ó mhí-úsáid leanúnach, agus dealraíonn sé go bhfuil an Rialachán Eatramhach éifeachtach.

(1)

     Chuir Twitter a rannchuidiú isteach sular athainmníodh é; tabharfar “X” air ar feadh an chuid eile den tuarascáil seo.

(2)

     Níor shonraigh Meta ná le X an tAirteagal nithiúil go sainráite.

(3)

     Níor shonraigh Meta ná le X an tAirteagal nithiúil go sainráite. 

(4)

   Is iad na soláthraithe a léirítear idir lúibíní na soláthraithe a thuairiscigh na bearta nithiúla go sonrach. Mura bhfuil roinnt soláthraithe liostaithe, ní chiallaíonn sé nach gcuireann siad an beart sin chun feidhme, ní chiallaíonn sé ach nach bhfuil sé luaite acu ina dtuarascáil.

(5)

     X Polasaí Príobháideachais, 4. Cé chomh fada is a Choinnímid Faisnéis, Ar fáil ag: https://twitter.com/en/privacy

(6)

     Is iad na soláthraithe a léirítear idir lúibíní na soláthraithe a thuairiscigh na bearta nithiúla go sonrach. Mura bhfuil roinnt soláthraithe liostaithe, ní chiallaíonn sé nach gcuireann siad an beart sin chun feidhme, ní chiallaíonn sé ach nach bhfuil sé luaite acu ina dtuarascáil.

(7)

     Foilsíodh an fhaisnéis maidir leis na heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail a dtuairiscíonn soláthraithe mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne dóibh faoin Rialachán seo ag  https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/internal-security/child-sexual-abuse/legal-framework-protect-children_en , i gcomhréir le hoibleagáidí an Choimisiúin faoi Airteagal 8(2) den Rialachán Eatramhach.

(8)

     Tuarascáil arna cur isteach ag an nGearmáin i gcomhréir le hairteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1232, a fuarthas an 18 Deireadh Fómhair 2022. Foilsíonn NCMEC na sonraí go léir maidir le tuarascálacha a fhaightear agus a bhaineann le Ballstáit an Aontais, lena náirítear an Ghearmáin, ina dTuarascálacha CyberTipline de réir Tíre. Féach: NCMEC, Tuarascálacha CyberTipline 2021 de réir Tíre , arna rochtain i mí Iúil 2023; NCMEC, Tuarascálacha CyberTipline 2022 de réir Tíre, arna rochtain i mí Iúil 2023.

(9)

     https://www.bka.de/SharedDocs/Kurzmeldungen/DE/Kurzmeldungen/230623_Mindestspeicherfristen_IP-Adressen.html

(10)

     NCMEC, Tuarascálacha CyberTipline 2021 de réir Tíre , arna rochtain i mí na Samhna 2023.

(11)

     NCMEC, Tuarascálacha CyberTipline 2022 de réir Tíre, arna rochtain i mí na Samhna 2023.

(12)

     Tá sonraí NCMEC ar fáil anseo .

(13)

     Féach mar shampla liosta de chásanna samplacha ar fud an Aontais a seoladh a bhuí le tuairisciú deonach na gcuideachtaí sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac (féach go háirithe Iarscríbhinn 7).

(14)

     Ní mheasann soláthraithe meiteashonraí a bheith ina uirlis éifeachtach maidir le ÁMGL a bhrath. Féach go háirithe lgh. 10-11 de Pfefferkorn, R., Stanford Internet Observatory [Réadlann Idirlín Stanford], Content-Oblivious Trust and Safety Techniques [Iontaoibh Neamhairdeallach in Ábhar agus Teicnící Sábháilteachta]: Torthaí ó Shuirbhé ar Sholáthraithe Seirbhíse Ar Líne, an 9 Meán Fómhair, 2021.

(15)

     Microsoft, An tAonad um Choireanna Digiteacha .

(16)

      Fianaise ó Hany Farid, forbróir PhotoDNA, don Bhuanchoiste um Fhuinneamh agus Tráchtáil ag Cothú Idirlíon Níos Sláintiúla chun Tomhaltóirí a Chosaint, 16 Deireadh Fómhair 2019.  

(17)

     Internet Watch Foundation (IWF), An Tuarascáil Bhliantúil 2022 , lgh. 129-133.

(18)

     Féach anseo agus anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise ar uirlis Facebook chun nochtacht leanaí a bhrath agus chun ábhar dúshaothraithe leanaí neamhaitheanta roimhe seo a bhrath go réamhghníomhach ag baint úsáid as intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim.

(19)

     Pfefferkorn, R.: Iontaoibh Neamhairdeallach in Ábhar agus Teicnící Sábháilteachta: Torthaí ó Shuirbhé ar Sholáthraithe Seirbhíse Ar Líne, Iris ar Iontaoibh agus Sábháilteacht Ar Líne, Feabhra 2022, lgh. 1-38.

(20)

     Thorn, Leathnaíonn Uirlis Uathoibrithe Thorn chun Ábhar Mí-Úsáide Leanaí a Bhaint ar Scála go dtí Níos Mó Ardán trí AWS Marketplace , an 24 Bealtaine 2021.  

(21)

     Forbraíodh Tionscadal Artemis de chuid Microsoft i gcomhar le The Meet Group, Roblox, Kik agus Thorn.

(22)

   Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise ina leith ag: https://safety.twitch.tv/s/article/Our-Work-to-Combat-Online-Grooming?language=en_US  

(23)

     Scagann Roblox poist agus comhráite d'imreoirí 12 bhliain d'aois agus níos óige le haghaidh ábhar míchuí agus chun cosc a chur ar fhaisnéis phearsanta a phostáil, e.g. seoltaí baile. Cumhdaíonn an córas scagtha sin gach réimse cumarsáide ar Roblox, poiblí agus príobháideach. Roblox, Gnéithe Sábháilteachta: Comhrá, Príobháideacht agus Scagadh , arna rochtain i mí Iúil 2023.

(24)

     Tech Coalition, New Technology to Help Companies Keep Young People Safe [Teicneolaíocht Nua chun Cabhrú le Cuideachtaí Daoine Óga a Choinneáil Sábháilte] , an 20 Meitheamh 2023.

(25)

     Tech Coalition, New Technology to Help Companies Keep Young People Safe [Teicneolaíocht Nua chun Cabhrú le Cuideachtaí Daoine Óga a Choinneáil Sábháilte] , an 20 Meitheamh 2023.

(26)

     Is córas intleachta saorga é DALL-E ar féidir leis íomhánna réalaíocha agus ealaín a chruthú ó chur síos i dteanga nádúrtha.

(27)

     Is clár intleachta saorga giniúnaí é Midjourney agus gintear leis an tseirbhís íomhánna ó chur síos teanga nádúrtha.

(28)

     Europol, ChatGPT - Tionchar na Samhlacha Móra Teanga ar Fhorfheidhmiú an Dlí , 2023, ISBN 978-92-95220-57-7, leathanach 7.

(29)

     Swanson, S. M., ChatGPT Generated Child Sex Abuse When Asked to Write BDSM Scenarios [Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí Ginte ChatGPT Nuair a Iarrtar orthu Cásanna BDSM (Cuibhriú, Ceannas, Sádachas agus Masacas) a Scríobh] , Voce, 6 Márta 2023; Mitchell, A., Tugann ChatGPT freagra suarach ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí, ag briseadh a chuid rialacha féin, New York Post, an 24 Iúil 2023; Europol, ChatGPT - Tionchar na Samhlacha Móra Teanga ar Fhorfheidhmiú an Dlí , 2023, ISBN 978-92-95220-57-7, leathanach 5.

(30)

     Fowler, G.A., Snapchat tried to make a safe AI. It chats with me about booze and sex [Rinne Snapchat iarracht Intleacht Shaorga a dhéanamh sábháilte. Déanann sé comhrá liom faoin ól agus faoi ghnéas] , The Washington Post, an 14 Márta 2023; Vincent, J., Is cosúil go bhfuil Instagram ag tástáil bota comhrá na hIntleachta Saorga a ligeann duit roghnú as 30 pearsantacht , The Verge, 7 Iúil 2023.

(31)

     Crawford, A., Smith, T., Illegal trade in AI child sex abuse images exposed [An trádáil neamhdhleathach in íomhánna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ón intleacht shaorga á nochtadh] , BBC, 27 Meitheamh 2023.

(32)

     Thiel, D., Stroebel, M., agus Portnoff, R. (2023). ML (Meaisínfhoghlaim) agus ÁMGL giniúna: Impleachtaí agus Maoluithe . Stór Digiteach Stanford. Ar fáil ag https://purl.stanford.edu/jv206yg3793 . https://doi.org/10.25740/jv206yg3793 . Lch. 2.

(33)

     Tá Cosaint Leanaí, Cosain taighde Leanaí ar an ngréasán dorcha ag nochtadh sonraí nach bhfacthas riamh cheana maidir le húsáideoirí ÁMGL , an 6 Meitheamh 2021; RAINN, Cad is Ábhar Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí (ÁMGL) ann , an 25 Lúnasa 2022.

(34)

     Fondúireacht Breck, An bhfuil an intleacht shaorga ag cur leanaí i mbaol? , an 9 Feabhra 2023, arna nuashonrú an 3 Aibreán 2023.

(35)

     Butler, J., AI tools could be used by predators to ‘automate child grooming’, eSafety commissioner warns [D'fhéadfadh foghlaithe uirlisí na hintleachta saorga úsáid chun "mealltóireacht leanaí a uathoibriú", tugann an coimisinéir ríomhShábháilteachta foláireamh] , The Guardian, an 19 Bealtaine 2023.  

(36)

     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An tAcht Sonraí), ( COM/2022/209 críochnaitheach ).

Top