EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0496

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga (An Treoir maidir le Dliteanas IS)

COM/2022/496 final

An Bhruiséil,28.9.2022

COM(2022) 496 final

2022/0303(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga
(An Treoir maidir le Dliteanas IS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 344 final} - {SWD(2022) 318 final} - {SWD(2022) 319 final} - {SWD(2022) 320 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Treorach maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga. I suirbhé ionadaíoch ó 2020 1 , bhí an dliteanas ar na trí bhacainní is mó ar úsáid na hIntleachta Saorga ag cuideachtaí Eorpacha. Luadh gurb é an bac seachtrach is ábhartha (43 %) é do chuideachtaí a bhfuil sé i gceist acu an intleacht shaorga a ghlacadh ach nach bhfuil sí glactha acu go fóill.

Sna Treoirlínte Polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen inar leag sí amach cur chuige comhordaithe Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga 2 . Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir leis an intleacht shaorga 3 , chuaigh sé i mbun úsáid na hintleachta saorga a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le cuid dá húsáidí trí bharr feabhais agus muinín a chothú. Sa Tuarascáil ar Dhliteanas na hIntleachta Saorga 4 a ghabhann leis an bPáipéar Bán, shainaithin an Coimisiún na dúshláin shonracha a bhaineann leis an Intleacht Shaorga do na rialacha dliteanais atá ann cheana. Sna conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú an 9 Meitheamh 2020, ba dhíol sásaimh di an comhairliúchán maidir leis na tograí beartais sa Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tograí nithiúla a chur ar aghaidh. An 20 Deireadh Fómhair 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa rún reachtach féintionscnaimh faoi Airteagal 225 CFAE inar iarradh ar an gCoimisiún togra a ghlacadh le haghaidh córas dliteanais shibhialta le haghaidh na hIntleachta Saorga bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 5 .

Níl na rialacha náisiúnta reatha maidir le dliteanas, go háirithe dliteanas arna bhunú ar fhaillí, oiriúnach do láimhseáil éileamh ar dhliteanas i leith damáiste arb iad táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an Intleacht Shaorga is cúis leis. Faoi na rialacha sin, ní mór d’íospartaigh a chruthú go ndearna an duine ba chúis leis an damáiste gníomh éagórach nó neamhghníomh. Mar gheall ar shaintréithe sonracha na hintleachta saorga, lena náirítear castacht, uathriail agus doiléireacht (dá ngairtear ‘éifeacht an bhosca dhuibh’), d’fhéadfadh sé a bheith deacair nó róchostasach d’íospartaigh an duine faoi dhliteanas a shainaithint agus na ceanglais maidir le héileamh rathúil dliteanais a chruthú. Go háirithe, agus cúiteamh á éileamh, d’fhéadfadh íospartaigh costais tosaigh anard a thabhú agus dul i ngleic le himeachtaí dlíthiúla i bhfad níos faide, i gcomparáid le cásanna nach mbaineann an intleacht shaorga leo. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí íospartaigh a dhíspreagadh ó chúiteamh a éileamh ar fad. Tá na hábhair imní sin fós ag Parlaimint na hEorpa (PE) ina rún an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach.  6

Má thionscnaíonn íospartach éileamh, féadfaidh cúirteanna náisiúnta, agus iad ag déileáil le saintréithe sonracha na hIntleachta Saorga, an bealach ina gcuireann siad rialacha atá ann cheana i bhfeidhm ar bhonn ad hoc a oiriúnú chun toradh cóir a fháil don íospartach. Dá bharr sin, beidh éiginnteacht dhlíthiúil ann. Beidh deacrachtaí ag gnólachtaí lena thuar conas a chuirfear na rialacha dliteanais atá ann faoi láthair i bhfeidhm, agus ar an gcaoi sin measúnú ar a neamhchosaint dliteanais agus í sin a chur faoi árachas. Is amhlaidh is mó go mór an tionchar a bheidh ag an éiginnteacht ar ghnólachtaí a bhíonn ag trádáil thar theorainneacha, ós rud é go gcuirfidh an éiginnteacht isteach ar dhlínsí éagsúla. Déanfaidh sé difear go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), fiontair nach féidir leo brath ar shaineolas dlíthiúil inmheánach ná ar chúlchistí caipitil.

Léirítear le straitéisí náisiúnta um an Intleacht Shaorga go bhfuil roinnt Ballstát ag smaoineamh ar ghníomhaíocht reachtach maidir le dliteanas sibhialta i leith na hIntleachta Saorga, nó fiú go bhfuil siad ag pleanáil ar bhonn praiticiúil. Dá bhrí sin, meastar, mura ngníomhóidh an tAontas, go gcuirfidh na Ballstáit a rialacha náisiúnta dliteanais féin in oiriúint do dhúshláin na hIntleachta Saorga. Mar thoradh air sin, beidh tuilleadh ilroinnte agus costais mhéadaithe ann do ghnólachtaí atá gníomhach ar fud an Aontais.

Deimhníodh na fadhbanna a mhínítear thuas sa chomhairliúchán poiblí oscailte atá mar bhonn leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo. I dtuairimí an phobail, is féidir le héifeacht an ‘bhosca dhuibh’ é a dhéanamh deacair don íospartach faillí agus cúisíocht a chruthú agus d’fhéadfadh éiginnteacht a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh na cúirteanna na rialacha náisiúnta dliteanais atá ann cheana a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann leis an intleacht shaorga. Ina theannta sin, léirigh sé ábhar imní an phobail maidir leis an gcaoi a ndéanfadh gníomhaíocht reachtach maidir le rialacha dliteanais a oiriúnú, ar rialacha tionscnaimh iad arna dtionscnamh ag Ballstáit aonair, agus an ilroinnt a eascraíonn as sin, difear do na costais do chuideachtaí, go háirithe do FBManna, lena gcuirfí cosc ar ghlacadh na hintleachta saorga ar fud an Aontais.

Dá bhrí sin, is é is cuspóir don togra seo leathadh amach céimneach na hIntleachta Saorga iontaofa a chur chun cinn agus a tairbhí iomlána don mhargadh inmheánach a bhaint amach. Déantar amhlaidh trína áirithiú go bhfaigheann íospartaigh de dheasca damáiste arb í an Intleacht Shaorga is cúis leis an chosaint chéanna d’íospartaigh de dheasca damáiste a dhéanann táirgí i gcoitinne. Laghdaítear leis freisin éiginnteacht dhlíthiúil gnólachtaí a fhorbraíonn an Intleacht Shaorga nó a bhaineann úsáid aisti maidir leis an neamhchosaint a d’fhéadfadh a bheith acu ar dhliteanas agus cuireann sé cosc ar theacht chun cinn oiriúnuithe ilroinnte a bhaineann go sonrach leis an Intleacht Shaorga ar rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is cuid de phacáiste beart é an togra seo chun tacú le leathadh amach na hIntleachta Saorga san Eoraip trí bharr feabhais agus muinín a chothú. Tá trí shruth oibre chomhlántacha sa phacáiste seo:

togra reachtach lena leagtar síos rialacha cothrománacha maidir le córais intleachta saorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) 7 ;

athbhreithniú ar rialacha earnála agus cothrománacha maidir le sábháilteacht táirgí;

rialacha an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna dliteanais a bhaineann le córais Intleachta Saorga.

Sa togra le haghaidh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, mhol an Coimisiún rialacha lena bhféachtar le rioscaí don tsábháilteacht a laghdú agus cearta bunúsacha a chosaint. Is mar a chéile iad an tsábháilteacht agus an dliteanas: bíonn feidhm acu ag tráthanna éagsúla agus treisíonn siad a chéile. I dtaca le rialacha chun sábháilteacht a áirithiú agus cearta bunúsacha a chosaint, cé go laghdóidh siad rioscaí, ní chuireann siad deireadh leis na rioscaí sin ina niomláine 8 . I gcás ina dtagann riosca den sórt sin chun cinn, d’fhéadfadh damáiste tarlú fós. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag rialacha dliteanais an togra seo.

Foráiltear le rialacha éifeachtacha maidir le dliteanas freisin dreasacht eacnamaíoch chun rialacha sábháilteachta a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, rannchuidítear le cosc a chur ar dhamáiste a dhéanamh 9 . Ina theannta sin, rannchuidíonn an togra seo le forfheidhmiú na gceanglas maidir le córais Intleachta Saorga ardriosca a fhorchuirtear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, toisc gur gné thábhachtach í an mhainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh lena spreagtar laghdú ar an dualgas cruthúnais. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis na rialacha ginearálta 10 agus earnála atá beartaithe maidir le sábháilteacht táirgí is infheidhme maidir le táirgí innealra 11 agus trealamh raidió 12 atá cumasaithe leis an Intleacht Shaorga.

Glacann an Coimisiún cur chuige iomlánaíoch ina bheartas intleachta saorga maidir le dliteanas trí oiriúnuithe ar dhliteanas an táirgeora i leith táirgí lochtacha a mholadh faoin Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí chomh maith leis an gcomhchuibhiú spriocdhírithe faoin togra seo. Tá dlúthnasc idir an dá thionscnamh beartais sin agus is pacáiste iad, toisc go mbaineann éilimh a thagann faoina raon feidhme le cineálacha éagsúla dliteanais. Cumhdaítear leis an Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí dliteanas saor ó locht an táirgeora i leith táirgí lochtacha, as a n‑eascraíonn cúiteamh i leith cineálacha áirithe damáistí, a bhain do dhaoine aonair den chuid is mó. Cumhdaítear leis an togra seo éilimh náisiúnta dliteanais atá bunaithe go príomha ar fhaillí aon duine d’fhonn aon chineál damáiste agus aon chineál íospartaigh a chúiteamh. Comhlánaíonn siad a chéile chun córas dliteanais shibhialta atá éifeachtach ar an iomlán a chruthú.

Leis na rialacha sin ar fad, cuirfear muinín san Intleacht Shaorga (agus i dteicneolaíochtaí digiteacha eile) chun cinn trína áirithiú go ndéanfar íospartaigh a chúiteamh go héifeachtach má dhéantar damáiste d’ainneoin ceanglais choisctheacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus rialacha sábháilteachta eile.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhleanúnach le straitéis fhoriomlán dhigiteach an Aontais toisc go rannchuidíonn sé le teicneolaíocht a oibríonn do dhaoine a chur chun cinn, rud atá ar cheann de thrí phríomhcholún an treoshuímh bheartais agus na gcuspóirí a fógraíodh sa Teachtaireacht dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ 13 .

Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo muinín a chothú san intleacht shaorga agus an glacadh atá léi a mhéadú. Bainfear sineirgí amach leis sin agus tá sé comhlántach leis an [Gníomh um an gCibear-Athléimneacht] 14 , a bhfuil sé d’aidhm aige freisin muinín as táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu a mhéadú trí chibear-leochaileachtaí a laghdú agus úsáideoirí gnó agus tomhaltóirí a chosaint ar bhealach níos fearr.

Ní dhéanann an togra seo difear do na rialacha a leagtar síos le [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha], lena ndéantar foráil maidir le creat cuimsitheach agus lán‑chomhchuibhithe i ndáil le hoibleagáidí díchill chuí le haghaidh cinnteoireacht algartamach ag ardáin ar líne, lena n‑áirítear a dhíolúine ó dhliteanas i leith soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha.

Ina theannta sin, trí leathadh amach céimneach na hintleachta saorga a chur chun cinn, tá an togra seo nasctha leis na tionscnaimh faoi straitéis an Aontais maidir le sonraí 15 . Neartaíonn sé freisin ról an Aontais chun cabhrú le noirm agus caighdeáin uilíocha a mhúnlú agus intleacht shaorga iontaofa a chur chun cinn atá comhsheasmhach le luachanna agus leasanna an Aontais.

Tá an togra nasctha freisin go hindíreach leis an gComhaontú Glas don Eoraip 16 . Go háirithe, is cumasóir criticiúil iad teicneolaíochtaí digiteacha, lena náirítear an intleacht shaorga, chun spriocanna inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach in go leor earnálacha éagsúla (lena náirítear cúram sláinte, iompar, comhshaol agus feirmeoireacht).

·Na príomhthionchair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil

Rannchuideoidh an Treoir le leathadh amach na hintleachta saorga. Féadfar feabhas anmhór a chur ar na coinníollacha maidir le teicneolaíochtaí na hintleachta saorga a leathadh amach agus a fhorbairt sa mhargadh inmheánach trí ilroinnt a chosc agus trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú trí bhearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, i gcomparáid le hoiriúnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar rialacha dliteanais ar an leibhéal náisiúnta. Thángthas ar an gconclúid sa staidéar eacnamaíoch 17 atá mar bhonn taca faoi Mheasúnú Tionchair an togra seo – mar mheastachán coimeádach – go mbeadh tionchar dearfach idir 5 agus 7 % ag bearta comhchuibhithe spriocdhírithe ar dhliteanas sibhialta le haghaidh na hintleachta saorga ar luach táirgeachta na trádála trasteorann ábhartha i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Ghinfí an breisluach sin go háirithe trí ilroinnt laghdaithe agus trí dheimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe maidir le neamhchosaint na bpáirtithe leasmhara ar dhliteanas. Laghdódh sé sin faisnéis dhlíthiúil/ionadaíocht dhlíthiúil na bpáirtithe leasmhara, bainistíocht riosca inmheánach agus costais chomhlíontachta, d’éascódh sé pleanáil airgeadais chomh maith le meastacháin riosca chun críocha árachais, agus chuirfeadh sé ar chumas do chuideachtaí – go háirithe do FBManna – margaí nua thar theorainneacha a fhiosrú. Déanann na fadhbanna dliteanais difear do luach foriomlán mhargadh intleachta saorga an Aontais, fadhbanna ar a dtugtar aghaidh sa Treoir seo agus meastar ar bhonn an luacha sin go nginfidh an Treoir luach margaidh breise idir EUR 500 mhilliún agus thart ar EUR 1.1 billiún.

I dtéarmaí tionchar sóisialta, méadóidh an Treoir muinín na sochaí i dteicneolaíochtaí na hintleachta saorga agus rochtain ar chóras ceartais éifeachtach. Rannchuideoidh sé le córas éifeachtach dliteanais shibhialta, arna oiriúnú do shainiúlachtaí na hintleachta saorga, i gcás ina n‑éireoidh le héilimh chuí‑réasúnaithe ar chúiteamh i leith damáiste. Anuas air sin, dá méadófaí muinín na sochaí, rachadh sé chun tairbhe do gach cuideachta i slabhra luacha na hintleachta saorga, toisc go gcuideoidh neartú mhuinín na saoránach an intleacht shaorga a ghlacadh níos tapúla. Mar gheall ar éifeacht dreasachta rialacha dliteanais, rachadh sé chun tairbhe do gach saoránach freisin bearnaí dliteanais a chosc trí leibhéal méadaithe cosanta sláinte agus sábháilteachta (Airteagal 114(3) CFAE) agus trí fhoinsí rioscaí sláinte a sheachaint (Airteagal 168(1) CFAE).

Maidir le tionchair ar an gcomhshaol, meastar go rannchuideoidh an Treoir freisin leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus na spriocanna gaolmhara a bhaint amach. Téann úsáid fheidhmchláir na hintleachta saorga chun tairbhe don chomhshaol. Mar shampla, na córais intleachta saorga a úsáidtear chun próisis a optamú, ní chuireann na próisis sin an oiread céanna amú (e.g. tríd an méid leasachán agus lotnaidicídí is gá a laghdú, trí thomhaltas an uisce a laghdú ar an méid aschur comhionann, etc.). Bheadh tionchar dearfach ag an Treoir freisin ar SDGanna toisc go dtreorófar acmhainneacht na hintleachta saorga dul chun tairbhe do dhaoine aonair agus don tsochaí i dtreo na SDGanna a bhaint amach de bharr reachtaíocht éifeachtach maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus cearta bunúsacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·    Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra, airteagal lena ndéantar forail maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo, go háirithe éiginnteacht dhlíthiúil agus ilroinnt dhlíthiúil, is iad sin a chuireann bac ar fhorbairt an mhargaidh inmheánaigh agus, dá bhrí sin, is bacainní suntasacha iad ar thrádáil trasteorann i dtáirgí agus i seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga.

Tugtar aghaidh sa togra ar bhacainní a eascraíonn as an gcaoi a bhfuil gnólachtaí éiginnte an bhfuil feidhm ag córais dliteanais atá ann cheana maidir le damáiste arb í an intleacht shaorga is cúis leis agus conas a bhíonn feidhm ag na córais sin, is é sin le rá gnólachtaí ar mian leo táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a tháirgeadh, a scaipeadh agus a oibriú thar theorainneacha. Baineann an éiginnteacht sin go háirithe leis na Ballstáit a n‑onnmhaireoidh gnólachtaí a dtáirgí agus a seirbhísí chucu nó ina n‑oibreoidh siad iad. I gcomhthéacs gnólachtaí trasteorann, an dlí is infheidhme maidir le dliteanas neamhchonarthach a eascraíonn as tort nó as míghníomh is ea é dlí na tíre ina ndéantar an damáiste trí mhainneachtain. I gcás na ngnólachtaí sin, tá sé ríthábhachtach a bheith ar an eolas faoi na rioscaí dliteanais ábhartha agus a bheith in ann iad féin a chur faoi árachas ina gcoinne.

Ina theannta sin, tá comharthaí soiléire ann go bhfuil roinnt Ballstát ag smaoineamh ar bhearta reachtacha aontaobhacha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an intleacht shaorga i ndáil le dliteanas. Mar shampla, luaitear tionscnaimh chun dliteanas a shoiléiriú sna straitéisí um an intleacht shaorga a glacadh sa tSeicia 18 , san Iodáil 19 , i Málta 20 , sa Pholainn 21 agus sa Phortaingéil 22 . I bhfianaise na héagsúlachta móire idir rialacha na mBallstát maidir le dliteanas sibhialta atá ann i láthair na huaire, is dócha go leanfadh aon bheart náisiúnta a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga maidir le dliteanas na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta atá ann cheana agus, dá bhrí sin, go dtiocfadh méadú ar an ilroinnt.

Dá bhrí sin, chuirfeadh oiriúnaithe ar rialacha dliteanais a dhéantar ar bhonn náisiúnta amháin méadú ar na bacainní ar leathadh amach táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus rannchuideodh siad leis an ilroinnt a thuilleadh.

·Coimhdeacht

Ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta toisc go méadódh rialacha náisiúnta éagsúla atá ag teacht chun cinn éiginnteacht dhlíthiúil agus ilroinnt, rud a chruthódh bacainní ar leathadh amach táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dhéanfadh éiginnteacht dhlíthiúil difear go háirithe do chuideachtaí atá gníomhach thar theorainneacha tríd an ngá atá le faisnéis dhlíthiúil/ionadaíocht dhlíthiúil bhreise, costais bainistíochta riosca agus ioncam tarscaoilte a fhorchur. An tráth céanna, chuirfeadh rialacha náisiúnta éagsúla maidir le héilimh ar chúiteamh i leith damáiste arbh í an intleacht shaorga is cúis leis méadú ar costais idirbheart do ghnólachtaí, go háirithe i gcás trádáil trasteorann, agus bheadh bacainní suntasacha ar an margadh inmheánach mar thoradh orthu. Thairis sin, déanann éiginnteacht dhlíthiúil agus ilroinnt difear díréireach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna, arb é atá iontu formhór na gcuideachtaí agus an sciar is mó d’infheistíochtaí sna margaí ábhartha.

In éagmais rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais maidir le damáiste arb iad córais intleachta saorga is cúis leis a chúiteamh, bheadh ar sholáthraithe, oibreoirí agus úsáideoirí córas intleachta saorga ar thaobh amháin agus daoine díobhálaithe ar an taobh eile déileáil le 27 gcóras dliteanais éagsúla, rud a d’fhágfadh leibhéil éagsúla cosanta agus iomaíocht shaofa i measc gnólachtaí ó Bhallstáit éagsúla.

Chuirfeadh bearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais feabhas an‑mhór ar choinníollacha maidir le teicneolaíochtaí na hintleachta saorga a leathadh amach agus a fhorbairt sa mhargadh inmheánach trí ilroinnt a chosc agus trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú. Ghinfí an breisluach sin go háirithe trí ilroinnt laghdaithe agus trí dheimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe maidir le neamhchosaint na bpáirtithe leasmhara ar dhliteanas. Thairis sin, is le gníomhaíocht an Aontais amháin is féidir an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach go comhsheasmhach maidir le muinín tomhaltóirí i dtáirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a chur chun cinn trí bhearnaí dliteanais atá nasctha le saintréithe sonracha na hintleachta saorga a chosc ar fud an mhargaidh inmheánaigh. D’áiritheofaí leis sin leibhéal comhsheasmhach (íosta) cosanta do gach íospartach (daoine aonair agus cuideachtaí) agus dreasachtaí comhsheasmhacha chun damáiste a chosc agus cuntasacht a áirithiú.

·Comhréireacht

Tá an togra bunaithe ar chur chuige céimnithe. Sa chéad chéim, baintear amach na cuspóirí le cur chuige íosionrach; is é atá i gceist leis an dara céim athmheasúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta níos déine nó níos fairsinge.

Tá an chéad chéim teoranta do na bearta maidir le dualgas cruthúnais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga a sainaithníodh. Cuireann sé leis na coinníollacha substainteacha dliteanais atá ann faoi láthair sna rialacha náisiúnta, amhail cúisíocht nó faillí, ach díríonn sé ar bhearta spriocdhírithe a bhaineann le cruthúnas, lena náirithítear go bhfuil an leibhéal céanna cosanta ag íospartaigh i gcásanna nach mbaineann córais intleachta saorga leo. Thairis sin, as na huirlisí éagsúla atá ar fáil sa dlí náisiúnta chun an dualgas cruthúnais a mhaolú 23 , roghnaíodh sa togra seo úsáid a bhaint as toimhdí infhrisnéise mar an uirlis idirghabhála is lú. Tá toimhdí den sórt sin le fáil go coitianta i gcórais náisiúnta dliteanais, agus leis na toimhdí sin, aimsítear cothromaíocht idir leasanna éilitheoirí agus cosantóirí. Ag an am céanna, ceaptar iad chun comhlíonadh na ndualgas cúraim atá ann cheana a leagtar síos ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a dhreasú. Ní bheidh aisiompú an dualgais cruthúnais mar thoradh ar an togra, chun nochtadh soláthraithe, oibreoirí agus úsáideoirí córas intleachta saorga do rioscaí dliteanais níos airde a sheachaint, rioscaí a d’fhéadfadh bac a chur ar nuálaíocht agus laghdú a dhéanamh ar ghlacadh le táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga.

Áirithítear leis an dara céim a áirítear sa togra, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar éifeacht na chéad chéime maidir le cosaint íospartach agus glacadh leis an intleacht shaorga, go gcuirfear forbairtí teicneolaíocha, rialála agus stuamachta ar an dlí san áireamh amach anseo nuair a bheidh athmheasúnú á dhéanamh ar an ngá atá le gnéithe eile de na héilimh ar chúiteamh nó uirlisí eile a bhaineann le héilimh dliteanais, lena n‑áirítear i gcásanna ina mbeadh diandliteanas níos iomchuí, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa. Is dócha go mbreithneodh measúnú den sórt sin freisin an mbeadh gá le comhchuibhiú den sórt sin a cheangal le hárachas éigeantach chun éifeachtacht a áirithiú.

·An rogha ionstraime

Is treoir an ionstraim is oiriúnaí don togra seo, ós rud é go soláthraítear léi an éifeacht chomhchuibhithe agus an deimhneacht dhlíthiúil is inmhianaithe, agus ag an am céanna go soláthraítear léi solúbthacht chun a chur ar chumas na mBallstát na bearta comhchuibhithe a leabú gan achrann ina gcórais náisiúnta dliteanais.

Chuirfeadh ionstraim éigeantach cosc ar bhearnaí cosanta a eascraíonn as cur chun feidhme páirteach nó as cur chun feidhme ar bith. Cé nach mbeadh ionstraim neamhcheangailteach chomh hionrach céanna, ní dócha go dtabharfaidh sé aghaidh ar na fadhbanna a sainaithníodh ar bhealach éifeachtach. Is deacair ráta cur chun feidhme na n‑ionstraimí neamhcheangailteacha a thuar agus níl go leor le tuiscint go mbeadh éifeacht áititheach ag moladh láidir go leor chun oiriúnú comhsheasmhach ar dhlíthe náisiúnta a chruthú.

Is lú seans fós go mbeadh an éifeacht sin do bhearta a bhaineann leis an dlí príobháideach, a bhfuil rialacha dliteanais neamhchonarthacha mar chuid díobh. Is saintréith den réimse sin traidisiúin dhlíthiúla sheanbhunaithe, rud a fhágann go mbíonn drogall ar na Ballstáit athchóiriú comhordaithe a shaothrú mura rud é go bhfuil ionchas soiléir ann go mbeidh sochair an mhargaidh inmheánaigh ann faoi ionstraim cheangailteach de chuid an Aontais nó gur gá iad a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua sa gheilleagar digiteach.

Is cúis eile iad na héagsúlachtaí suntasacha atá ann cheana idir creataí dliteanais na mBallstát nach dócha go gcuirfear moladh chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

1.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh straitéis chomhairliúcháin fhorleathain chun feidhme chun rannpháirtíocht leathan na bpáirtithe leasmhara a áirithiú i rith thimthriall beartais an togra seo. Bhí an straitéis chomhairliúcháin bunaithe ar chomhairliúcháin phoiblí agus ar roinnt comhairliúchán spriocdhírithe araon (seimineáir ghréasáin, plé déthaobhach le cuideachtaí agus eagraíochtaí éagsúla).

Tar éis na gceisteanna tosaigh maidir le dliteanas, a bhí mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga agus an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le sábháilteacht agus dliteanas, bhí comhairliúchán poiblí tiomnaithe ar líne ar oscailt ón 18 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 10 Eanáir 2022 chun tuairimí a bhailiú ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena náirítear tomhaltóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhlachais tionsclaíochta, gnólachtaí, lena náirítear FBManna, agus údaráis phoiblí. Tar éis anailís a dhéanamh ar na freagairtí go léir a fuarthas, d’fhoilsigh an Coimisiún achoimre ar an toradh agus ar na freagairtí aonair ar a shuíomh gréasáin 24 .

San iomlán, fuarthas 233 fhreagra ó fhreagróirí ó 21 Bhallstát, agus ó thríú tíortha. Ar an iomlán, dheimhnigh formhór na bpáirtithe leasmhara na fadhbanna a bhaineann le dualgas cruthúnais, éiginnteacht dhlíthiúil agus ilroinnt agus thacaigh siad le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Dheimhnigh saoránaigh an Aontais, eagraíochtaí tomhaltóirí agus institiúidí acadúla den chuid is mó an gá atá le gníomhaíocht ón Aontas chun fadhbanna na n‑íospartach maidir leis an dualgas cruthúnais a mhaolú. Cé go n‑aithníonn gnólachtaí éifeachtaí diúltacha na héiginnteachta maidir le rialacha dliteanais a chur i bhfeidhm, bhí siad níos faichillí agus d’iarr siad bearta spriocdhírithe chun teorainn a chur leis an nuálaíocht.

B’amhlaidh an cás maidir leis na roghanna beartais. Thacaigh saoránaigh an Aontais, eagraíochtaí tomhaltóirí agus institiúidí acadúla go láidir le bearta maidir leis an dualgas cruthúnais agus lena gcomhchuibhítear dliteanas saor ó locht (dá ngairtear ‘diandliteanas’) mar aon le hárachas éigeantach. Bhí deighilt níos mó idir gnólachtaí maidir leis na roghanna beartais, agus bhí difríochtaí ag brath i bpáirt ar a méid. Mheas tromlach na bhfreagróirí gnó go raibh diandliteanas díréireach. Bhí tacaíocht níos mó ann chun maolú an dualgais cruthúnais a chomhchuibhiú, go háirithe i measc FBManna. Mar sin féin, thug gnólachtaí rabhadh i gcoinne athrú iomlán a dhéanamh ar an dualgas cruthúnais.

Dá bhrí sin, rinneadh an rogha beartais ab fhearr a fhorbairt agus a mhionchoigeartú i bhfianaise an aiseolais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis measúnaithe tionchair chun cothromaíocht a bhaint amach idir na riachtanais a cuireadh in iúl agus na hábhair imní a léirigh grúpaí na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra le hanailís 4 bliana agus le dlúthrannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena náirítear lucht acadúil, gnólachtaí, comhlachais tomhaltóirí, na Ballstáit agus saoránaigh. Cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin in 2018 nuair a bunaíodh an Grúpa Saineolaithe ar Dhliteanais agus ar Nuatheicneolaíochtaí (Foghrúpa na Nuatheicneolaíochtaí). Chuir an Grúpa Saineolaithe Tuarascáil i dtoll a chéile i mí na Samhna 2019 25 ina ndearnadh measúnú ar na dúshláin a bhaineann le roinnt saintréithe na hintleachta saorga do rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta.

Comhlánaíodh an t‑ionchur ón tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe le trí staidéar sheachtracha bhreise:

staidéar comparáideach dlí atá bunaithe ar anailís chomparáideach dhlíthiúil ar dhlíthe torta na hEorpa a bhí dírithe ar phríomhshaincheisteanna a bhaineann leis an intleacht shaorga 26 ;

staidéar iompraíochta geilleagair ar na tionchair a bheadh ag oiriúnuithe spriocdhírithe ar an gcóras dliteanais ar chinnteoireacht tomhaltóirí, go háirithe a muinín agus a dtoilteanas chun táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a ghlacadh 27 ;

staidéar eacnamaíoch 28 ina gcumhdaítear roinnt saincheisteanna: na dúshláin atá os comhair íospartaigh atá thíos de dheasca feidhmchláir intleachta saorga i gcomparáid le híospartaigh a ndearna gléasanna nach gléasanna intleachta saorga dochar dóibh agus iad ag iarraidh cúiteamh a fháil i leith a gcaillteanas; an bhfuil gnólachtaí éiginnte faoi chur i bhfeidhm na rialacha dliteanais reatha maidir lena noibríochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus a mhéid atá siad éiginnte faoi, agus an féidir le tionchar na héiginnteachta dlíthiúla bac a chur ar an infheistíocht in intleacht shaorga; an laghdódh ilroinnt bhreise na ndlíthe náisiúnta dliteanais éifeachtacht an mhargaidh inmheánaigh do fheidhmchláir agus seirbhísí intleachta saorga, agus an laghdódh na fadhbanna sin trí ghnéithe áirithe den dliteanas sibhialta náisiúnta a chomhchuibhiú trí reachtaíocht an Aontais agus a mhéid a laghdófaí sin agus a éascódh glacadh foriomlán le teicneolaíochta na hintleachta saorga ag cuideachtaí AE.

·Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas ‘Rialáil Níos Fearr’, rinne an Coimisiún measúnú tionchair le haghaidh an togra seo arna scrúdú ag Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin. Mar thoradh ar an gcruinniú a bhí ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Aibreán 2022, bhí tuairim dhearfach ina raibh barúlacha.

Rinneadh measúnú ar thrí rogha beartais:

Rogha beartais 1: trí bheart chun an dualgas cruthúnais a mhaolú d’íospartaigh atá ag iarraidh a n‑éileamh dliteanais a chruthú.

Rogha beartais 2: na bearta faoi rogha 1 + rialacha diandliteanais a chomhchuibhiú maidir le cásanna úsáide na hintleachta saorga a bhfuil próifíl riosca ar leith acu, mar aon le hárachas éigeantach.

Rogha beartais 3: cur chuige céimnithe ina mbeidh na nithe seo a leanas:

an chéad chéim: na bearta faoi rogha 1;

an dara céim: sásra athbhreithnithe chun athmheasúnú a dhéanamh, go háirithe, ar an ngá atá le diandliteanas do chásanna úsáide na hintleachta saorga a chomhchuibhiú le próifíl riosca ar leith (a d’fhéadfadh árachas éigeantach a bheith ag gabháil leis).

Cuireadh na roghanna beartais i gcomparáid trí úsáid a bhaint as anailís ilchritéar agus a n‑éifeachtacht, a gcomhleanúnachas agus a gcomhréireacht á gcur san áireamh. Léirítear le torthaí na hanailíse ilchritéar agus íogaireachta go bhfuil rogha beartais 3, lena maolaítear an dualgas cruthúnais maidir le héilimh a bhaineann leis an intleacht shaorga + athbhreithniú spriocdhírithe maidir le diandliteanas, a d’fhéadfadh árachas éigeantach a bheith ag gabháil leis, an rogha beartais rangaithe is airde agus, dá bhrí sin, is í rogha na tosaíochta don togra seo í.

D’áiritheofaí leis an rogha beartais ab fhearr nach mbeadh cosaint níos lú ag íospartaigh táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga (daoine nádúrtha, gnólachtaí agus aon eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile) ná íospartaigh na dteicneolaíochtaí traidisiúnta. Mhéadódh sé an leibhéal muiníne as an intleacht shaorga agus chuirfeadh sé a glacadh chun cinn.

Ina theannta sin, laghdódh sé an éiginnteacht dhlíthiúil agus chuirfeadh sé cosc ar an ilroinnt, rud a chabhródh le cuideachtaí, agus go háirithe FBManna, ar mian leo acmhainneacht iomlán mhargadh aonair an Aontais a bhaint amach trí tháirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a leathadh amach ar bhonn trasteorann. Leis an rogha beartais ab fhearr, cruthaítear coinníollacha níos fearr d’árachóirí chun cumhdach gníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga a thairiscint, rud atá ríthábhachtach do ghnólachtaí, go háirithe FBManna chun a gcuid rioscaí a bhainistiú. Meastar go nginfeadh an rogha beartais ab fhearr luach margaidh méadaithe na hintleachta saorga in AE-27 idir thart ar EUR 500 milliún agus thart ar EUR 1.1 billiún in 2025.

·Cearta bunúsacha

Ceann de na feidhmeanna is tábhachtaí de chuid na rialacha maidir le dliteanas sibhialta is ea a áirithiú gur féidir le híospartaigh de dheasca damáiste cúiteamh a éileamh. Trí chúiteamh éifeachtach a ráthú, rannchuidíonn na rialacha sin le cosaint an chirt chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear thíos mar ‘an Chairt’) agus, ag an am céanna, tugtar dreasacht do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas damáiste a chosc, chun dliteanas a sheachaint.

Leis an togra seo, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh leibhéal coibhéiseach cosanta faoi rialacha dliteanais shibhialta agus atá ag íospartaigh de dheasca damáiste a dhéantar gan rannpháirtíocht na hintleachta saorga. Leis an togra, beifear in ann cearta bunúsacha a fhorfheidhmiú go príobháideach go héifeachtach agus caomhnófar an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcás ina dtagann rioscaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga chun cinn. Go háirithe, cuideoidh an togra chun cearta bunúsacha a chosaint, mar shampla an ceart chun na beatha (Airteagal 2 den Chairt), an ceart chun shláine fhisiceach agus intinne (Airteagal 3), agus an ceart chun maoine (Airteagal 17). Ina theannta sin, ag brath ar chóras dlí shibhialta agus ar thraidisiúin gach Ballstáit, beidh íospartaigh in ann cúiteamh a éileamh i leith damáiste do leasanna dlíthiúla eile, mar shampla sáruithe ar dhínit phearsanta (Airteagal 1 agus Airteagal 4 den Chairt), meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart chun comhionannais (Airteagal 20) agus neamh‑idirdhealú (Airteagal 21).

Ina theannta sin, comhlánaíonn an togra seo sraitheanna eile i mbeartas intleachta saorga an Choimisiúin atá bunaithe ar cheanglais choisctheacha rialála agus mhaoirseachta atá dírithe go díreach ar sháruithe ar chearta bunúsacha a sheachaint (amhail idirdhealú). Is iad sin an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus dlí an Aontais maidir le neamh‑idirdhealú agus cóir chomhionann. Ag an am céanna, ní chruthaítear leis an togra seo dualgais chúraim ná dliteanas eintiteas éagsúil a rialaítear a ngníomhaíocht faoi na gníomhartha dlíthiúla sin ná ní chomhchuibhítear leis na dualgais ná an dliteanas sin agus, dá bhrí sin, ní chruthaítear éilimh nua dliteanais ná ní dhéantar difear do na díolúintí ó dhliteanas faoi na gníomhartha dlíthiúla eile sin. Ní thugtar isteach leis an togra seo ach laghdú ar an dualgas cruthúnais d’íospartaigh de dheasca damáiste arb í an intleacht shaorga is cúis leis in éilimh is féidir a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta nó ar na dlíthe eile sin de chuid an Aontais. Trí na sraitheanna eile sin a chomhlánú, cosnaítear leis an togra seo ceart an íospartaigh chun cúitimh faoin dlí príobháideach, lena n‑áirítear cúiteamh i leith sáruithe ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh impleachtaí ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme agus faireachán, meastóireacht, clár faireacháin agus athbhreithniú spriocdhírithe

Cuirtear cur chuige céimnithe chun cinn sa togra seo. Chun a áirithiú go mbeidh dóthain fianaise ar fáil don athbhreithniú spriocdhírithe sa dara céim, déanfaidh an Coimisiún plean faireacháin a tharraingt suas ina sonrófar conas agus cé chomh minic a bhaileofar sonraí agus fianaise riachtanach eile.

D’fhéadfadh an sásra faireacháin na cineálacha sonraí agus fianaise seo a leanas a chumhdach:

tuairisciú agus comhroinnt faisnéise ag na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm an bhirt chun an dualgas cruthúnais i nósanna imeachta náisiúnta breithiúnacha nó i nósanna imeachta náisiúnta um réiteach malartach a mhaolú;

faisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún nó ag údaráis um fhaireachas margaidh faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga (go háirithe Airteagal 62) nó faoi ionstraimí ábhartha eile;

faisnéis agus anailísí a thacaíonn leis an meastóireacht ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus ar na tuarascálacha atá le hullmhú ag an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Ghnímh sin;

faisnéis agus anailísí a thacaíonn le measúnú a dhéanamh ar bhearta ábhartha beartais amach anseo faoin reachtaíocht sábháilteachta faoi ‘an chur chuige a bhíodh i bhfeidhm’ chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais arda sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil;

faisnéis agus anailísí a thacaíonn leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Mótarárachas i leith forbairtí teicneolaíocha (go háirithe feithiclí uathrialaitheacha agus leathuathrialacha) de bhun Airteagal 28c(2)(a).

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha sa togra

1. Ábhar agus raon feidhme (Airteagal 1)

Is é is cuspóir don Treoir seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí cheanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe de dhliteanas sibhialta neamhchonarthach i leith damáiste arb í rannpháirtíocht na gcóras intleachta saorga is cúis leis. Obair leantach atá ann ar Rún ó Pharlaimint na hEorpa 2020/2014(INL) agus cuirtear an dlí príobháideach in oiriúint do riachtanais an aistrithe chuig an ngeilleagar digiteach.

Tá rogha na n‑uirlisí dlíthiúla oiriúnacha teoranta, i bhfianaise chineál na saincheiste a bhaineann leis an dualgas cruthúnais agus i bhfianaise shaintréithe sonracha na hintleachta saorga a chruthaíonn fadhb do na rialacha dliteanais atá ann cheana. I dtaca leis sin, maolaítear leis an Treoir seo an dualgas cruthúnais ar bhealach an‑spriocdhírithe agus comhréireach trí úsáid a bhaint as nochtadh agus toimhdí infhrisnéise. Bunaítear léi go bhféadfaidh daoine atá ag lorg cúiteamh i leith damáiste faisnéis a fháil maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá le taifeadadh/le doiciméadú de bhun an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Ina theannta sin, leis na toimhdí infhrisnéise, tabharfar dualgas cruthúnais atá níos réasúnaí dóibh siúd atá ag lorg cúiteamh i leith damáiste arb iad córais intleachta saorga is cúis leis agus tabharfar deis dóibh go n‑éireofar lena n‑éilimh dliteanais a bhfuil údar cuí leo.

Ní uirlisí nua iad na huirlisí sin; is féidir teacht orthu i gcórais reachtaíochta náisiúnta. Dá bhrí sin, is pointí tagartha cabhracha iad na huirlisí náisiúnta sin maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaítear leis an intleacht shaorga maidir leis na rialacha dliteanais atá ann cheana ar bhealach a chuireann isteach a laghad is féidir ar na córais dlí náisiúnta éagsúla.

Ina theannta sin, nuair a fiafraíodh díobh faoi athruithe níos forleithne amhail an dualgas cruthúnais a aisiompú nó toimhde neamh‑infhrisnéise, thug gnólachtaí aiseolas diúltach sna comhairliúcháin. Roghnaíodh bearta spriocdhírithe chun an dualgas cruthúnais a mhaolú i bhfoirm toimhdí infhrisnéise mar bhealaí pragmatacha agus iomchuí chun cabhrú le híospartaigh a ndualgas cruthúnais a chomhlíonadh ar an mbealach is spriocdhírithe agus is comhréirí is féidir.

In Airteagal 1, léirítear ábhar agus raon feidhme na Treorach seo: tá feidhm aige maidir le héilimh faoin dlí sibhialta neamhchonarthach i leith damáistí arb é córas intleachta saorga is cúis leo, i gcás ina dtugtar éilimh den sórt sin faoi chórais dliteanais arna bhunú ar fhaillí. Ciallaíonn sé sin córais lena bhforáiltear d’fhreagracht reachtúil i leith damáiste a rinneadh d’aon ghnó nó trí ghníomh nó neamhghníomh faillíoch a chúiteamh. Is féidir na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur in oiriúint gan achrann sna córais dliteanais shibhialta atá ann cheana, ó rud é go léirítear leo cur chuige nach mbaineann leis an sainmhíniú ar choincheapa bunúsacha amhail ‘faillí’ nó ‘damáiste’, i bhfianaise go bhfuil éagsúlacht mhór idir brí na gcoincheap sin ar fud na mBallstát. Dá bhrí sin, thar na toimhdí a bhunaítear léi, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta lena gcinntear, mar shampla, cén páirtí ar a bhfuil dualgas cruthúnais, cén leibhéal cinnteachta is gá maidir leis an gcaighdeán cruthúnais, nó conas a shainmhínítear faillí.

Ina theannta sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do na rialacha atá ann cheana lena rialaítear na coinníollacha dliteanais in earnáil an iompair agus na rialacha a leagtar síos leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Cé nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le dliteanas coiriúil, d’fhéadfadh feidhm a bheith aici maidir le dliteanas stáit. Cumhdaítear údaráis Stáit freisin le forálacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga mar ábhair do na hoibleagáidí a fhorordaítear ann.

Níl feidhm chúlghabhálach ag an Treoir seo, ach níl feidhm aici ach amháin maidir le héilimh ar chúiteamh i leith damáistí a tharlaíonn ó dháta a trasuite.

Glacadh an togra le haghaidh na Treorach seo in éineacht leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí 85/374/CEE, i bpacáiste a bhfuil sé d’aidhm aige rialacha dliteanais a oiriúnú don ré dhigiteach agus don intleacht shaorga, lena n‑áirithítear an t‑ailíniú is gá idir an dá ionstraim dhlíthiúla comhlántacha.

2.Sainmhínithe (Airteagal 2)

Leanann na sainmhínithe in Airteagal 2 na sainmhínithe atá sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga chun comhsheasmhacht a áirithiú.

Foráiltear le hAirteagal 2(6)(b) nach é an duine díobhálaithe amháin ar féidir leis damáistí a éileamh ach daoine ar éirigh leo nó ar seachaíodh iad i gcearta an duine dhíobháilte freisin. Is toimhde ón tríú páirtí (amhail cuideachta árachais) ar cheart dlíthiúil páirtí eile fiach nó damáistí a bhailiú í seachaíocht. Dá bhrí sin, tá duine amháin i dteideal cearta duine eile a fhorfheidhmiú ar mhaithe lena leasa féin. Chumhdódh seachaíocht oidhrí íospartaigh éagtha freisin.

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 2(6)(c) gur féidir le duine atá ag gníomhú thar ceann páirtí díobhálaithe amháin nó níos mó caingean chun cúiteamh a ghnóthú a thabhairt, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Tá sé d’aidhm ag an bhforáil sin níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine a ndearnadh córas intleachta saorga díobháil dóibh measúnú a dhéanamh ar a n‑éilimh ag cúirt, fiú i gcásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh gníomhaíochtaí aonair róchostasach nó ródheacair a thabhairt, nó i gcás ina bhféadfaí tairbhe scála a bheith i gceist le gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Chun a chur de chumas íospartaigh de dheasca damáiste arb iad córais intleachta saorga is cúis leis an damáiste sin a gcearta a fhorfheidhmiú i ndáil leis an Treoir seo trí chaingne ionadaíocha, leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 le hAirteagal 6.

3.Nochtadh fianaise (Airteagal 3)

Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo modhanna éifeachtacha a chur ar fáil do dhaoine atá ag lorg cúiteamh i leith damáiste arb iad córais intleachta saorga ardriosca is cúis leis chun daoine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas a shainaithint mar aon le fianaise ábhartha ar éileamh. Ag an am céanna, is ar mhaithe le cosantóirí ionchasacha arna sainaithint go bréagach a eisiamh modhanna den sórt sin, rud a shábhálann am agus costais do na páirtithe lena mbaineann agus a laghdaíonn an t‑ualach cásanna do na cúirteanna.

I dtaca leis sin, foráiltear le hAirteagal 3(1) den Treoir go bhféadfaidh cúirt a ordú go nochtfar fianaise ábhartha maidir le córais intleachta saorga ardriosca shonracha a bhfuil amhras fúthu gurbh iad is cúis le damáiste. Seoltar iarrataí ar fhianaise chuig soláthraí córais intleachta saorga, ar duine é atá faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí a leagtar síos le hAirteagal 24 nó Airteagal 28 (1) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga nó chuig úsáideoir de bhun an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Ba cheart fíricí agus fianaise atá leordhóthanach chun inchreidteacht an éilimh bheartaithe ar dhamáistí a shuíomh a bheith mar thaca leis na hiarrataí agus ba cheart an fhianaise a iarradh a bheith ar fáil do na seolaithe. Ní féidir iarrataí a sheoladh chuig páirtithe nach bhfuil aon oibleagáid orthu faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon rochtain acu ar an bhfianaise.

De réir Airteagal, is féidir leis an éilitheoir nochtadh fianaise a iarraidh ó sholáthraithe nó ó úsáideoirí nach cosantóirí iad sa chás nár éirigh leis na hiarrachtaí comhréireacha uile an fhianaise a bhailiú ón gcosantóir, agus sa chás sin amháin.

Chun go mbeidh na modhanna breithiúnacha éifeachtach, foráiltear le hAirteagal 3(3) den Treoir go bhféadfaidh cúirt caomhnú na fianaise sin a ordú freisin.

Mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(4), féadfaidh an chúirt an nochtadh sin a ordú, a mhéid is gá chun an t‑éileamh a chothú, ós rud é go bhféadfadh an fhaisnéis a bheith ina fianaise chriticiúil ar éileamh an duine dhíobháilte i gcás damáiste a bhaineann le córais intleachta saorga.

Tríd an oibleagáid fianaise riachtanach agus chomhréireach a nochtadh nó a chaomhnú, tá sé d’aidhm ag an gcéad fhómhír d’Airteagal 3 (4) comhréireacht a áirithiú maidir le fianaise a nochtadh, i.e. an nochtadh a theorannú don íosmhéid is gá agus cosc a chur ar iarrataí ginearálta.

Tá sé d’aidhm ag an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 3(4) freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an éilitheora agus an gá lena áirithiú go mbeadh nochtadh den sórt sin faoi réir coimircí chun leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, amhail rúin trádála nó faisnéis rúnda, a chosaint.

Sa chomhthéacs céanna, tá sé d’aidhm ag an gceathrú fomhír d’Airteagal 3(4) a áirithiú go mbeidh leigheasanna nós imeachta in aghaidh an ordaithe nochta nó caomhnaithe ar fáil don duine atá faoina réir.

Tugtar isteach le hAirteagal 3(5) toimhde neamhchomhlíonadh dualgais chúraim. Is uirlis nós imeachta é seo, nach bhfuil ábhartha ach amháin i gcásanna inarb é an cosantóir in éileamh ar dhamáistí a iompraíonn na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain iarraidh ar fhianaise a nochtadh nó a chaomhnú a chomhlíonadh. Beidh an ceart ag an gcosantóir an toimhde sin a fhrisnéis. Tá sé d’aidhm ag an mbeart a leagtar amach sa mhír seo nochtadh a chur chun cinn ach freisin imeachtaí cúirte a bhrostú.

4.Toimhde an naisc chúisíoch i gcás faillí (Airteagal 4)

Maidir le damáiste arb iad córais intleachta saorga is cúis leis, tá sé d’aidhm ag an Treoir seo bonn éifeachtach a chur ar fáil chun cúiteamh a éileamh i ndáil leis an faillí arb é nár comhlíonadh dualgas cúraim faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach d’éilitheoirí nasc cúisíoch a bhunú idir an neamhchomhlíonadh sin agus an t‑aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó mainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh, rud as ar eascair an damáiste ábhartha. Dá bhrí sin, leagadh síos toimhde infhrisnéise cúisíochta in Airteagal 4(1) maidir leis an nasc cúisíoch sin. Is í toimhde den sórt sin an beart is lú ualach ag baint leis chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le cúiteamh cóir a thabhairt don íospartach.

Ní mór don éilitheoir faillí an chosantóra a chruthú de réir rialacha an Aontais nó de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme. Is féidir faillí den sórt sin a shuíomh, mar shampla, i gcás neamhchomhlíonadh dualgais chúraim de bhun an Ghnímh um an Intleacht Shaorga nó de bhun rialacha eile a leagtar síos ar leibhéal an Aontais, amhail na rialacha sin lena rialaítear úsáid faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe le haghaidh obair ardáin nó iad sin lena rialaítear oibriú aerárthaí gan foireann. Féadfaidh an chúirt faillí den sórt sin a thoimhdiú freisin ar bhonn neamhchomhlíonadh ordaithe cúirte maidir le nochtadh nó caomhnú fianaise faoi Airteagal 3(5). Mar sin féin, níl sé iomchuí toimhde cúisíochta a thabhairt isteach ach amháin nuair is dócha go raibh tionchar ag an bhfaillí sin ar aschur ábhartha an chórais intleachta saorga nó ar easpa aschuir den chóras sin, rud is féidir a mheasúnú ar bhonn imthosca foriomlána an cháis. Ag an am céanna, ní mór don éilitheoir a chruthú fós gurbh é an córas intleachta saorga (i.e. a aschur nó a mhainneachtain aschur a tháirgeadh) ba chúis leis an damáiste.

Déantar idirdhealú i míreanna (2) agus (3) idir, ar thaobh amháin, éilimh arna dtabhairt in aghaidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca nó in aghaidh duine atá faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus, ar an taobh eile, éilimh arna dtabhairt in aghaidh úsáideoir na gcóras sin. I dtaca leis sin, obair leantach is ea é ar fhorálacha agus coinníollacha ábhartha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. I gcás éileamh bunaithe ar Airteagal 4(2), ní mór measúnú a dhéanamh freisin ar chomhlíonadh na gcosantóirí maidir leis na hoibleagáidí a liostaítear sa mhír sin i bhfianaise an chórais bainistithe riosca agus a thorthaí, i.e. bearta bainistithe riosca, faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.

I gcás córais intleachta saorga ardriosca mar a shainmhínítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, bunaítear le hAirteagal 4(4) eisceacht ó thoimhde na cúisíochta, i gcás ina léiríonn an cosantóir go bhfuil rochtain réasúnta ag an éilitheoir ar fhianaise agus ar shaineolas leordhóthanach chun an nasc cúisíoch a chruthú. Is féidir leis an bhféidearthacht sin cosantóirí a dhreasú chun a n‑oibleagáidí maidir le nochtadh a chomhlíonadh, le bearta a leagtar síos leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú maidir leis an intleacht shaorga nó ceanglais maidir le doiciméadú agus taifeadadh a áirithiú.

I gcás córais intleachta saorga neamh‑ardriosca, bunaítear le hAirteagal 4(5) coinníoll maidir le hinfheidhmeacht thoimhde na cúisíochta, i gcás ina bhfuil toimhde na cúisíochta faoi réir na cúirte, lena gcinntear go bhfuil sé ródheacair don éilitheoir an nasc cúisíoch a chruthú. Tá na deacrachtaí sin le measúnú i bhfianaise shaintréithe córas intleachta saorga áirithe, amhail uathriail agus doiléireacht, rud a fhágann go bhfuil sé an‑deacair sa chleachtas míniú a thabhairt ar fheidhmiú inmheánach an chórais intleachta saorga, rud a dhéanann difear diúltach do chumas an éilitheora an nasc cúisíoch idir faillí an chosantóra agus aschur na hintleachta saorga a chruthú.

I gcásanna ina mbaineann an cosantóir úsáid as an gcóras intleachta saorga le linn gníomhaíocht neamhghairmiúil phearsanta, foráiltear le hAirteagal 4(6) nár cheart feidhm a bheith ag toimhde na cúisíochta ach amháin má chuir an cosantóir isteach go hábhartha ar choinníollacha oibriú an chórais intleachta saorga nó má bhí sé de cheangal ar an gcosantóir agus in ann coinníollacha oibríochta an chórais intleachta saorga a chinneadh agus gur theip air déanamh amhlaidh. Tá údar leis an gcoinníoll seo mar gheall ar an ngá atá ann cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna daoine díobhálaithe agus úsáideoirí neamhghairmiúla, trí na cásanna nach gcuireann úsáideoirí neamhghairmiúla riosca leo trína n‑iompar a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm thoimhde na cúisíochta.

Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 4(7) go bhfuil sé de cheart ag an gcosantóir an toimhde cúisíochta a fhrisnéis bunaithe ar Airteagal 4(1).

Tá buntáiste breise ag na rialacha éifeachtacha sin maidir le dliteanas sibhialta go dtugann siad dreasacht bhreise dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a bhaineann le córais intleachta saorga a n‑oibleagáidí a urramú i ndáil lena n‑iompar ionchasach.

5.Meastóireacht agus athbhreithniú spriocdhírithe (Airteagal 5)

Foráiltear le córais dlí náisiúnta éagsúla do chórais dhiandliteanais éagsúla. Mhol Parlaimint na hEorpa eilimintí le haghaidh córas den sórt sin ar leibhéal an Aontais freisin ina rún féintionscnaimh an 20 Deireadh Fómhair 2020, ina bhfuil córas diandliteanais teoranta le haghaidh teicneolaíochtaí áirithe atá cumasaithe leis an intleacht shaorga agus dualgas cruthúnais éascaithe faoi rialacha dliteanais arna bhunú ar fhaillí. Leag na comhairliúcháin phoiblí béim freisin ar chóras den sórt sin i measc na bhfreagróirí (seachas gnólachtaí nach FBManna iad), bíodh árachas éigeantach ag gabháil leo nó ná bíodh.

Mar sin féin, cuirtear san áireamh sa togra na difríochtaí idir traidisiúin dhlíthiúla náisiúnta agus an chaoi nach bhfuil na cineálacha táirgí agus seirbhísí atá feistithe le córais intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don phobal i gcoitinne agus cearta dlíthiúla tábhachtacha a chur i mbaol, mar shampla an ceart chun na beatha, an ceart chun na sláinte agus maoine, agus, dá bhrí sin go bhféadfadh siad a bheith faoi réir córas diandliteanais, ar fáil go forleathan ar an margadh go fóill.

Cuirtear clár faireacháin i bhfeidhm chun faisnéis a sholáthar don Choimisiún maidir le teagmhais a bhaineann le córais intleachta saorga. Déanfar measúnú san athbhreithniú spriocdhírithe an mbeadh gá le bearta breise, mar shampla córas diandliteanais agus/nó árachas éigeantach a thabhairt isteach.

6.Trasuí Airteagal 7

Agus fógra á thabhairt don Choimisiún faoi bhearta náisiúnta trasuite chun an Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit doiciméid mhíniúcháin a sholáthar freisin ina dtugtar faisnéis atá soiléir agus beacht go leor agus ina luaitear, maidir le gach foráil den Treoir seo, an fhoráil náisiúnta nó na forálacha náisiúnta lena n‑áirithítear a trasuí. Tá gá leis sin chun go mbeidh an Coimisiún in ann, maidir le gach foráil den Treoir a cheanglaítear a thrasuí, an chuid ábhartha de na bearta náisiúnta trasuite a shainaithint lena gcruthaítear an oibleagáid dhlíthiúil chomhfhreagrach sa dlíchóras náisiúnta, cibé foirm a roghnóidh na Ballstáit.



2022/0303 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga
(An Treoir maidir le Dliteanas IS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 30 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is sraith teicneolaíochtaí cumasúcháin í an Intleacht Shaorga lenar féidir cur le cuid mhór tairbhí ar fud réimse iomlán an gheilleagair agus na sochaí. Tá acmhainneacht mhór ag an intleacht shaorga maidir le dul chun cinn teicneolaíoch agus is é rud atá samhlacha nua gnó in ann teacht chun cinn dá barr in go leor earnálacha den gheilleagar digiteach.

(2)An tráth céanna, ag brath ar an intleacht shaorga a chur i bhfeidhm agus a úsáid go sonrach, d’fhéadfaí rioscaí a chruthú leis an intleacht shaorga agus díobháil a dhéanamh ar leasanna agus cearta a chosnaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Mar shampla, má úsáidtear an intleacht shaorga, is féidir dochar a dhéanamh do roinnt cearta bunúsacha, lena náirítear an ceart chun na beatha, an ceart chun na sláine fisiciúla, agus cearta i leith an neamhidirdhealaithe agus na córa chomhionainne. Le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Gníomh um Intleacht Shaorga] 31 déantar foráil maidir le ceanglais atá beartaithe chun rioscaí don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a laghdú, agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais, rialaítear rialacha ginearálta 32 agus rialacha earnála maidir le sábháilteacht táirgí is infheidhme freisin i ndáil le táirgí innealra 33 agus trealamh raidió 34 atá cumasaithe leis an intleacht shaorga. I dtaca leis na ceanglais sin atá ceaptha rioscaí don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a laghdú, cé gurb é is cuspóir dóibh rioscaí a chosc, faireachán a dhéanamh orthu agus aghaidh a thabhairt orthu agus, ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na sochaí, ní thugann siad faoiseamh aonair dóibh siúd a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na hintleachta saorga. Leis na ceanglais atá ann cheana, déantar foráil go háirithe maidir le húdaruithe, seiceálacha, faireachán agus smachtbhannaí riaracháin i ndáil le córais intleachta saorga chun damáiste a chosc. Ní dhéanann siad foráil maidir le cúiteamh a thabhairt don duine díobhálaithe i leith damáiste arb é ba chúis leis aschur ó chóras intleachta saorga nó mainneachtain chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh.

(3)Nuair a lorgaíonn duine díobhálaithe cúiteamh as an damáiste a rinneadh air, ceanglaítear ar an duine sin, de ghnáth, faoi rialacha ginearálta na mBallstát maidir le dliteanais arna bhunú ar fhaillí, gníomh nó neamhghníomh a bhí faillíoch nó lena ndearnadh damáiste d'aon ghnó a chruthú (‘locht’) ag an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, chomh maith le nasc cúisíoch idir an fhaillí sin agus an damáiste ábhartha. Mar sin féin, nuair a dhéantar an intleacht shaorga a idirchur idir gníomh nó neamhghníomh duine agus an damáiste, d’fhéadfadh sé a bheith ródheacair, mura bhfuil sé dodhéanta, don duine díobhálaithe an dualgas cruthúnais sin a chomhlíonadh mar gheall ar thréithe sonracha córas intleachta saorga áirithe, amhail teimhneacht, iompraíocht uathrialach agus castacht, . Go háirithe, d’fhéadfadh sé a bheith ródheacair a chruthú gur ionchur sonrach, a bhfuil an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas freagrach as, a bhí faoi deara aschur sonrach córais intleachta saorga ba chúis leis an damáiste a bhí i gceist.

(4)I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh an leibhéal sásaimh a thugtar le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a bheith níos ísle ná i gcásanna inar teicneolaíochtaí seachas an intleacht shaorga is cúis leis an damáiste. Is amhlaidh is ísle a ghlacfaidh an tsochaí an intleacht shaorga agus is lú an mhuinín a chuirfidh an tsochaí i dtáirgí agus i seirbhísí a chumasaítear leis an intleacht shaorga mar thoradh ar bhearnaí cúitimh den sórt sin.

(5)Chun leas a bhaint as tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha na hintleachta saorga agus chun an taistriú chuig an ngeilleagar digiteach a chur chun cinn, is gá rialacha náisiúnta áirithe maidir le dliteanas sibhialta a chur in oiriúint do na saintréithe sonracha sin a bhaineann le córais intleachta saorga áirithe ar bhealach spriocdhírithe. Ba cheart go rannchuideodh na hoiriúnuithe sin le muinín na sochaí agus na dtomhaltóirí agus, ar an gcaoi sin, leathadh amach na hintleachta saorga a chur chun cinn. Ba cheart go gcoimeádfaí leis na hoiriúnuithe sin muinín sa chóras breithiúnach freisin, trína áirithiú go mbeidh an cúiteamh éifeachtach céanna ag íospartaigh as an damáiste arb í an intleacht shaorga is cúis leis agus an cúiteamh a bhíonn ag íospartaigh as damáiste ar cúis leis teicneolaíochtaí eile.

(6)Tá éiginnteacht dhlíthiúil roimh pháirtithe leasmhara — daoine díobhálaithe atá thíos le damáiste, daoine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas, árachóirí — maidir leis an gcaoi a bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta, nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha an intleachta saorga, na rialacha dliteanais atá ann cheana a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair chun torthaí cothroma a bhaint amach. In éagmais gníomhaíocht ón Aontas, is dócha go ndéanfaidh roinnt Ballstát ar a laghad a gcuid rialacha féin maidir le dliteanas sibhialta a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cúitimh agus ar éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le saintréithe sonracha córas intleachta saorga áirithe. Chruthódh sé sin ilroinnt dhlíthiúil agus bacainní ar an margadh inmheánach do ghnólachtaí a fhorbraíonn nó a sholáthraíonn táirgí nó seirbhísí nuálacha atá cumasaithe ag an intleacht shaorga. Dhéanfaí difear ar leith d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

(7)Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú maidir le dliteanas neamhchonarthach arna bhunú ar fhaillí, chun a áirithiú go mbeidh ag daoine a éilíonn cúiteamh as damáiste arna dhéanamh dóibh ar chúis leis córas intleachta saorga leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta atá ag daoine a éilíonn cúiteamh as damáiste a rinneadh gan córas intleachta saorga. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach toisc go bhfuil nasc idir na bacainní ábhartha sa mhargadh inmheánach agus an riosca a bhaineann le bearta rialála aontaobhacha agus ilroinnte ar an leibhéal náisiúnta. I bhfianaise chineál digiteach na dtáirgí agus na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá tábhacht ar leith ag baint leis an méid sin i gcomhthéacs trasteorann.

(8)Dá bhrí sin, is fearr is féidir an cuspóir a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, is é sin an cuspóir maidir le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus bearnaí cúitimh a chosc i gcásanna ina bhfuil córais intleachta saorga i gceist. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(9)Is gá, dá bhrí sin, gnéithe sonracha de rialacha dliteanais arna bhunú ar fhaillí a chomhchuibhiú ar bhealach spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais. Leis an gcomhchuibhiú sin, ba cheart an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus cothrom iomaíochta a chruthú do chórais intleachta saorga, agus ar an gcaoi sin feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus scaipeadh táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe ag an intleacht shaorga.

(10)Chun comhréireacht a áirithiú, is iomchuí na rialacha dliteanais arna bhunú ar fhaillí a chomhchuibhiú lena rialaítear an dualgas cruthúnais do dhaoine a éilíonn cúiteamh as damáiste arna dhéanamh ag córais intleachta saorga, agus na rialacha sin amháin, a chomhchuibhiú ar bhealach spriocdhírithe. Leis an Treoir seo, níor cheart gnéithe ginearálta den dliteanas sibhialta a rialaítear ar bhealaí éagsúla le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a chomhchuibhiú, amhail an sainmhíniú ar fhaillí nó cúisíocht, na cineálacha éagsúla damáiste as a neascraíonn éilimh ar dhamáistí, dáileadh dliteanais ar roinnt tortóirí, iompar rannpháirteach, ríomh damáistí nó tréimhsí teorann.

(11)Tá dlíthe na mBallstát maidir le dliteanas táirgeoirí i leith damáiste arna dhéanamh de dheasca lochtacht a dtáirgí comhchuibhithe cheana féin ar leibhéal an Aontais le Treoir 85/374/CEE ón gComhairle 35 . Ní dhéanann na dlíthe sin difear, áfach, do rialacha na mBallstát maidir le dliteanas conarthach nó neamhchonarthach, amhail baránta, faillí nó diandliteanas, bunaithe ar fhorais eile seachas locht an táirge. Agus an tráth céanna, cé go bhféachann an tathbhreithniú ar Threoir 85/374/CEE ón gComhairle lena shoiléiriú agus lena áirithiú gur féidir le duine díobhálaithe cúiteamh a éileamh as damáistí a eascraíonn as táirgí lochtacha atá cumasaithe ag an intleacht shaorga, ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, nach ndéanann forálacha na Treorach seo difear d’aon cheart a d’fhéadfadh a bheith ag duine díobhálaithe faoi rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 85/374/CEE chun feidhme. Ina theannta sin, i réimse an iompair, níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do dhlí an Aontais lena rialaítear dliteanas oibreoirí iompair.

(12)Déanann [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 36 ] na rialacha is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach a chomhchuibhiú go hiomlán, agus cumhdaítear léi na rioscaí sochaíocha a eascraíonn as na seirbhísí a thairgeann na soláthraithe sin, lena náirítear a mhéid a bhaineann leis na córais intleachta saorga a úsáideann siad. Ní dhéanann an Treoir seo difear d’fhorálacha [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA)] lena soláthraítear creat cuimsitheach agus lánchomhchuibhithe le haghaidh oibleagáidí díchill chuí le haghaidh cinnteoireacht algartamach ag soláthraithe seirbhísí óstála, lena náirítear an díolúine ó dhliteanas i leith scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh arna uaslódáil ag faighteoirí a seirbhísí i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin sin.

(13)Cé is moite de na toimhdí a leagtar síos inti, ní dhéantar dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo maidir le cén páirtí ar a bhfuil dualgas cruthúnais nó cén leibhéal cinnteachta a cheanglaítear a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán cruthúnais. 

(14)Ba cheart cur chuige comhchuibhithe íosta a leanúint leis an Treoir seo. Le cur chuige den sórt sin, is féidir le héilitheoirí rialacha níos fabhraí sa dlí náisiúnta a agairt i gcásanna damáiste ar cúis leis córais intleachta saorga. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh dlíthe náisiúnta, mar shampla, aisiompuithe an dualgais cruthúnais faoi chórais náisiúnta arna bhunú ar fhaillí a choinneáil ar bun, nó faoi chórais dliteanais náisiúnta gan faillí (dá ngairtear ‘diandliteanas’), córais arb ann do réimse mór díobh cheana féin i ndlíthe náisiúnta, agus d'fhéadfaí feidhm a bheith ag na haisiompuithe sin maidir le damáiste arna dhéanamh ag córais intleachta saorga.

(15)Ba cheart comhsheasmhacht leis an [Gníomh um an Intleacht Shaorga] a áirithiú freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, go núsáidfear na sainmhínithe céanna maidir le córais, soláthraithe agus úsáideoirí intleachta saorga sa Treoir seo. Ina theannta sin, níor cheart a chumhdach leis an Treoir seo ach éilimh ar dhamáiste arb é is cúis leis ná aschur nó an mhainneachtain i leith aschur ag córas intleachta saorga a tháirgeadh trí fhaillí dhuine, mar shampla, an soláthraí nó an túsáideoir faoi [an Gníomh um an Intleacht Shaorga]. Ní gá éilimh dhliteanais a chumhdach i gcás inar measúnú ó dhuine é is cúis leis an damáiste agus gníomh nó neamhghníomh daonna a dhéantar ina dhiaidh sin, agus nár sholáthair an córas intleachta saorga ach faisnéis nó comhairle a chuir an gníomhaí daonna ábhartha san áireamh. Sa chás deireanach sin, is féidir an damáiste a rianú siar do ghníomh nó neamhghníomh a rinne duine, ós rud é nach bhfuil aschur an chórais intleachta saorga idirchurtha gníomh nó neamhghníomh an duine agus an damáiste, agus ar an gcaoi sin, níl sé níos deacra cúisíocht a shuíomh ná mar a bhíonn sé i gcásanna nach mbíonn baint ag córas intleachta saorga leo.

(16)Chun a fháil amach ar cheart cúiteamh a éileamh agus chun bunús a thabhairt le héilimh ar chúiteamh, is tábhachtach an ní é rochtain ar fhaisnéis faoi chórais intleachta saorga ardriosca shonracha a bhfuil amhras ann gurb iad ba chúis leis an damáiste. Thairis sin, maidir le córais intleachta saorga ardriosca, déanann [an Gníomh um an Intleacht Shaorga] foráil maidir le ceanglais shonracha i ndáil le doiciméadacht, faisnéis agus logáil, ach ní dhéantar foráil maidir le ceart don duine díobhálaithe rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir rialacha maidir le fianaise ábhartha arna nochtadh ag na daoine sin a bhfuil an fhianaise sin acu, chun dliteanas a shuíomh. Ba cheart dreasacht bhreise a sholáthar leis sin chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos i [An Gníomh um an Intleacht Shaorga] a chomhlíonadh maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a dhoiciméadú nó a thaifeadadh.

(17)Mar gheall ar an líon mór daoine a mbíonn baint acu de ghnáth le córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh, a fhorbairt, a chur á húsáid agus a oibriú, is deacair do dhaoine díobhálaithe an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas i leith damáiste arna dhéanamh a shainaithint agus na coinníollacha maidir le héileamh ar dhamáistí a chruthú. Chun ligean do dhaoine díobhálaithe a fháil amach an bhfuil bunús maith le héileamh ar dhamáistí, is iomchuí ceart a dheonú d’éilitheoirí féideartha iarraidh ar chúirt a ordú go nochtfar fianaise ábhartha sula gcuirfidh siad éileamh ar dhamáistí isteach. Níor cheart nochtadh den sórt sin a ordú ach amháin i gcás ina dtíolacann an téilitheoir féideartha fíorais agus faisnéis atá leordhóthanach chun tacú le hinchreidteacht éilimh ar dhamáistí agus ina bhfuil iarraidh déanta aige roimhe sin, iarraidh a diúltaíodh, ar an soláthraí, ar an duine atá faoi réir oibleagáidí soláthraí nó ar an úsáideoir an fhianaise sin atá ar fáil dóibh a nochtadh maidir le córais intleachta saorga ardriosca shonracha a bhfuil amhras ann ina leith gurb iad ba chúis leis an damáiste. Trí nochtadh a ordú, ba cheart go dtiocfaidh laghdú ar dhlíthíocht neamhriachtanach agus ba cheart go seachnófaí costais do na dlíthithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar éilimh nach bhfuil bonn cirt leo nó ar dócha nach néireoidh leo. Má dhiúltaíonn an soláthraí, an duine atá faoi réir oibleagáidí soláthraí nó an úsáideoir fianaise a nochtadh roimh an iarraidh ar an gcúirt, níor cheart go gcruthófaí leis sin toimhde neamhchomhlíontachta i leith na ndualgas cúraim ábhartha ag an duine a dhiúltaíonn an nochtadh sin.

(18)Nochtadh na fianaise a theorannú a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca, is rud é atá comhsheasmhach le [an Gníomh um an Intleacht Shaorga], lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí sonracha áirithe i leith doiciméadacht, coimeád taifead agus faisnéis a bheith ar oibreoirí a bhfuil baint acu le córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh, a fhorbairt agus a chur á núsáid. Leis an gcomhsheasmhacht sin áirithítear freisin an chomhréireacht is gá trína sheachaint go mbeifí ag súil go ndéanfadh oibreoirí córas intleachta saorga, a bhfuil riosca níos ísle ag baint leo nó nach bhfuil riosca ar bith ag baint leo, faisnéis a dhoiciméadú go leibhéal atá comhionann leis an leibhéal a cheanglaítear maidir le córais intleachta saorga ardriosca faoin [Gníomh um an Intleacht Shaorga].

(19)Ba cheart do chúirteanna náisiúnta a bheith in ann, le linn imeachtaí sibhialta, an nochtadh nó an caomhnú fianaise ábhartha a bhaineann leis an damáiste ar cúis leis córais intleachta saorga ardriosca a ordú ó dhaoine atá faoi oibleagáid cheana faisnéis a dhoiciméadú nó a thaifeadadh de bhun [an Gníomh um an Intleacht Shaorga], bídís ina soláthraithe, ina ndaoine faoi na hoibleagáidí céanna le soláthraithe, nó ina núsáideoirí córais intleachta saorga, bídís mar chosantóirí nó mar thríú páirtithe san éileamh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh an fhianaise atá ábhartha don chás i seilbh eintiteas nach mbeadh ina bpáirtithe san éileamh ar dhamáistí ach atá faoi oibleagáid fianaise den sórt sin a dhoiciméadú nó a thaifeadadh de bhun [an Gníomh um an Intleacht Shaorga]. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoinar féidir a ordú do thríú páirtithe den sórt sin san éileamh an fhianaise ábhartha a nochtadh.

(20)Chun an chothromaíocht a choinneáil idir leasanna na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an éileamh ar dhamáistí agus leasanna tríú páirtithe lena mbaineann, níor cheart do na cúirteanna a ordú fianaise a nochtadh ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach chun tacú leis an éileamh nó leis an éileamh féideartha ar dhamáistí. I ndáil leis sin, níor cheart baint a bheith ag an nochtadh ach le fianaise atá riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an éileamh faoi seach ar dhamáistí, mar shampla na codanna de na taifid nó de na tacair sonraí ábhartha is gá chun neamhchomhlíonadh ceanglais a leagtar síos le [an Gníomh um an Intleacht Shaorga] a chruthú. Chun comhréireacht na mbeart maidir le nochtadh nó caomhnú den sórt sin a áirithiú, ba cheart modhanna éifeachtacha a bheith ag cúirteanna náisiúnta chun leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann a choimirciú, mar shampla rúin trádála a chosaint de réir bhrí Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 agus cosaint faisnéise rúnda, amhail faisnéis a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó náisiúnta. Maidir le rúin trádála nó rúin líomhainte trádála a shainaithin an chúirt a bheith rúnda de réir bhrí Threoir (AE) 2016/943, ba cheart an chumhacht a thabhairt do chúirteanna náisiúnta bearta sonracha a dhéanamh chun rúndacht rún trádála a áirithiú le linn na nimeachtaí agus ina ndiaidh, agus cothromaíocht chóir chomhréireach á bhaint amach idir leas sealbhóir rúin trádála chun an rúndacht a choinneáil agus leas an duine dhíobhálaithe. Ba cheart a áireamh orthu sin bearta chun rochtain ar dhoiciméid ina bhfuil rúin trádála a shrianadh do líon teoranta daoine agus rochtain ar éisteachtaí nó ar dhoiciméid agus trasscríbhinní díobh a shrianadh freisin do líon teoranta daoine. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le bearta den sórt sin, ba cheart do chúirteanna náisiúnta aird a thabhairt ar an ngá atá leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus, i gcás inarb iomchuí, leasanna dlisteanacha tríú páirtithe, agus aird a thabhairt ar aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann do cheachtar páirtí nó, i gcás inarb iomchuí, do thríú páirtithe, a d’eascródh as bearta den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú. Thairis sin, chun a áirithiú go gcuirfear beart nochta i bhfeidhm go comhréireach maidir le tríú páirtithe in éilimh ar dhamáistí, níor cheart do na cúirteanna náisiúnta ordú a thabhairt nochtadh a dhéanamh ó thríú páirtithe ach amháin mura féidir an fhianaise a fháil ón gcosantóir.

(21)Cé go bhfuil na modhanna ag cúirteanna náisiúnta chun a norduithe nochta a fhorfheidhmiú trí bhearta éagsúla, d’fhéadfadh aon bheart forfheidhmiúcháin den sórt sin moill a chur ar éilimh ar dhamáistí agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, costais bhreise a chruthú do na dlíthithe. I gcás daoine díobhálaithe, d’fhéadfadh moilleanna agus costais bhreise den sórt sin é a dhéanamh níos deacra dóibh leas a bhaint as leigheas breithiúnach éifeachtach. Dá bhrí sin, i gcás nach nochtann cosantóir in éileamh ar dhamáistí fianaise atá ar fáil dó arna hordú ag cúirt, is iomchuí toimhde neamhchomhlíonta na ndualgas cúraim sin a leagan síos ar ina leith a bhí an fhianaise beartaithe a chruthú. Laghdóidh an toimhde infhrisnéise seo fad na dlíthíochta agus éascóidh sí imeachtaí cúirte níos éifeachtúla. Ba cheart don chosantóir a bheith in ann an toimhde sin a fhrisnéis trí fhianaise dá mhalairt a chur isteach.

(22)Chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann lena chruthú gur ionchur sonrach, a bhfuil an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas freagrach as, a thug aschur sonrach córais intleachta saorga a raibh an damáiste a bhí i gceist mar thoradh air, is iomchuí foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha áirithe, go mbeidh toimhde cúisíochta ann. Cé gur in éileamh lochtbhunaithe is iondúil a bhíonn ar an éilitheoir an damáiste, an gníomh nó neamhghníomh daonna ar fhaillí an chosantóra é agus an nasc cúisíochta idir an dá cheann a chruthú, ní dhéantar comhchuibhiú leis an Treoir seo ar na coinníollacha faoina suíonn an chúirt náisiúnta an fhaillí. Leanann siad de bheith fós faoi rialú an dlí náisiúnta is infheidhme agus, i gcás ina ndearnadh é a chomhchuibhiú, faoi dhlí an Aontais is infheidhme. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéantar na coinníollacha a bhaineann leis an damáiste a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, mar shampla cé na damáistí atá inchúitithe, ar coinníollacha iad a rialaítear freisin leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme. Chun go mbeidh feidhm ag an toimhde chúisíochta faoin Treoir seo, ba cheart faillí an chosantóra a bhunú mar ghníomh nó neamhghníomh daonna nach gcomhlíonann dualgas cúraim faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá beartaithe go díreach chun cosaint a thabhairt i gcoinne an damáiste a tharla. Dá bhrí sin, is féidir feidhm a bheith ag an toimhde sin, mar shampla, in éileamh ar dhamáistí i leith díobháil coirp nuair a shuíonn an chúirt failllí an chosantóra gan na treoracha úsáide a chomhlíonadh, ar treoracha iad atá ceaptha chun díobháil do dhaoine nádúrtha a chosc. Ní chuirtear an toimhde i bhfeidhm mar gheall ar neamhchomhlíonadh dualgas cúraim nach raibh beartaithe go díreach chun cosaint i gcoinne an damáiste a rinneadh, mar shampla mura gcomhdódh soláthraí an doiciméadacht is gá leis na húdaráis inniúla, níor chúis sin leis an toimhde a chur i bhfeidhm in éilimh ar dhamáistí mar gheall ar dhíobháil fhisiciúil. Ba cheart é a bheith riachtanach a shuí go bhféadfar a mheas go bhfuil dóchúlacht réasúnta ann, bunaithe ar imthosca an cháis, go raibh tionchar ag an bhfaillí ar an aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó ar mhainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh. Ar deireadh, ba cheart a cheangal ar an éilitheoir fós a chruthú go raibh an damáiste mar thoradh ar an aschur nó ar mhainneachtain aschur a tháirgeadh.

(23)Féadfar faillí den sórt sin a shuí i leith neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais lena rialaítear go sonrach córais intleachta saorga ardriosca amhail na ceanglais a thugtar isteach le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca áirithe le [an Gníomh um an Intleacht Shaorga], ceanglais a fhéadfar a thabhairt isteach le reachtaíocht earnála amach anseo maidir le córais intleachta saorga ardriosca eile de réir [Airteagal 2(2) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga], nó dualgais chúraim atá nasctha le gníomhaíochtaí áirithe agus atá infheidhme gan beann is cuma má úsáidtear an intleacht shaorga don ghníomhaíocht sin. Mar sin féin, ní dhéantar leis an Treoir seo ceanglais ná dliteanas eintiteas a rialaítear a ngníomhaíocht faoi na gníomhartha dlíthiúla sin a chruthú ná a chomhchuibhiú, agus dá bhrí sin ní chruthaítear éilimh nua dliteanais léi. Suífear sárú ar cheanglas den sórt sin arb é an fhaillí atá ann de réir fhorálacha na rialacha is infheidhme i ndlí an Aontais, ós rud é nach dtugtar isteach leis an Treoir seo ceanglais nua ná nach ndéanann sí difear do cheanglais atá ann cheana. Mar shampla, ní dhéanann an Treoir seo difear don díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha ná do na hoibleagáidí díchill chuí a bhfuil siad faoina réir de bhun [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha]. Ar an gcaoi chéanna, is faoi Threoir (AE) 2019/790 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus faoi dhlí ábhartha cóipchirt eile de chuid an Aontais a shuífear comhlíonadh na gceanglas a fhorchuirtear ar ardáin ar líne chun scaoileadh neamhúdaraithe saothar leis an bpobal a sheachaint maidir le saothair atá faoi chosaint cóipchirt. 

(24)I réimsí nach ndearnadh a chomhchuibhiú le dlí an Aontais, leanann an dlí náisiúnta d’fheidhm a bheith aige agus suitear faillí faoin dlí náisiúnta is infheidhme. Tá dualgais chúraim i ngach córas dliteanais náisiúnta, agus caighdeáin iompair á núsáid acu ar léirithe éagsúla iad ar an bprionsabal ‘conas ba cheart do dhuine réasúnta gníomhú’, rud a áirithíonn freisin oibriú sábháilte na gcóras intleachta saorga chun damáiste do leasanna dlíthiúla aitheanta a chosc. D’fhéadfadh dualgais chúraim den sórt sin, mar shampla, a cheangal ar úsáideoirí córas intleachta saorga áirithe córas intleachta saorga ar leith a bhfuil tréithe nithiúla aige a roghnú le haghaidh cúraimí áirithe nó codanna áirithe de dhaonra a eisiamh ó úsáid córais intleachta saorga ar leith. Is féidir leis an dlí náisiúnta oibleagáidí sonracha a thabhairt isteach freisin, arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar rioscaí le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe, oibleagáidí atá infheidhme gan beann ar an úsáidtear an intleacht shaorga don ghníomhaíocht sin, mar shampla rialacha nó oibleagáidí tráchta arna ndearadh go sonrach le haghaidh córais intleachta saorga, mar shampla ceanglais náisiúnta bhreise d’úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 29 (2) de [an Gníomh um an Intleacht Shaorga]). Ní thugtar ceanglais den sórt sin isteach leis an Treoir seo ná ní dhéanann sí difear do na coinníollacha chun faillí a shuí i gcás sárú ar cheanglais den sórt sin.

(25)Fiú nuair a shuitear faillí arb é atá ann neamhchomhlíonadh dualgais cúraim atá beartaithe go díreach chun cosaint a thabhairt i gcoinne an damáiste a rinneadh, níor cheart go gcuirfí an toimhde infhrisnéise i bhfeidhm a nascann an fhaillí le haschur na hintleachta saorga mar thoradh ar gach aon fhaillí. Níor cheart feidhm a bheith ag toimhde den sórt sin ach amháin nuair is féidir a mheas go bhfuail dóchúlacht réasúnta ann, ó na himthosca inar tharla an damáiste, go raibh tionchar ag an bhfaillí sin ar an aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó ar mhainneachtain an chórais intleachta saorga aschur as ar eascair an damáiste a tháirgeadh. Mar shampla, is féidir a mheas go bhfuil dóchúlacht réasúnta ann go raibh tionchar ag an bhfaillí ar an aschur nó ar mhainneachtain aschur a tháirgeadh nuair is é atá ann san fhaillí sin dualgas cúraim a shárú i ndáil le himlíne oibríochta an chórais intleachta saorga a theorannú agus nuair a tharla an damáiste lasmuigh den imlíne oibríochta. Os a choinne sin, maidir le sárú ar cheanglas maidir le doiciméid áirithe a chomhdú nó a chlárú le húdarás ar leith, cé go bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht áirithe sin nó fiú go bhféadfadh sé a bheith infheidhme go sainráite maidir le hoibríocht córais intleachta saorga, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil dóchúlacht réasúnta ann go raibh tionchar aige ar an aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó ar mhainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh.

(26)Cumhdaítear leis an Treoir seo an fhaillí arb é atá ann neamhchomhlíonadh ceanglas liostaithe áirithe a leagtar síos i gCaibidlí 2 agus 3 de [an Gníomh um an Intleacht Shaorga] do sholáthraithe agus d’úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca, ar féidir toimhde cúisíochta a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gceanglas sin faoi choinníollacha áirithe. Foráiltear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga go ndéanfar ceanglais maidir le córais intleachta saorga a chomhchuibhiú go hiomlán, mura leagtar síos a mhalairt go sainráite ann. Déantar na ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhchuibhiú ann. Dá bhrí sin, chun críoch éileamh ar dhamáistí ina gcuirtear toimhde chúisíochta i bhfeidhm de réir na Treorach seo, ní shuitear faillí féideartha soláthraithe nó daoine atá faoi réir oibleagáidí soláthraí de bhun [an Gníomh um an Intleacht Shaorga] ach amháin trí neamhchomhlíonadh na gceanglas sin. Ós rud é, sa ghnáthchleachtas, go bhféadfadh sé a bheith deacair don éilitheoir an neamhchomhlíonadh sin a chruthú nuair is é soláthraí an chórais intleachta saorga é an cosantóir, agus i gcomhsheasmhacht iomlán le loighic [an Gníomh um an Intleacht Saorga], ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo freisin gur cheart na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí laistigh den chóras bainistíochta riosca agus torthaí an chórais bainistíochta riosca, i.e. an cinneadh bearta bainistithe riosca áirithe a ghlacadh nó gan iad a ghlacadh, a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar chomhlíon an soláthraí na ceanglais ábhartha faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga dá dtagraítear sa Treoir seo. Is próiseas atriallach leanúnach é an córas bainistíochta riosca arna chur i bhfeidhm ag an soláthraí de bhun [an Gníomh um an Intleacht Shaorga] a reáchtáiltear le linn shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca agus lena bhféadfaidh an soláthraí a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais éigeantacha atá ceaptha rioscaí a mhaolú agus, dá bhrí sin, is féidir leis a bheith úsáideach chun críche measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht sin. Cumhdaítear leis an Treoir seo freisin na cásanna faillí úsáideoirí, nuair is é atá i gceist leis an bhfaillí sin neamhchomhlíonadh ceanglas sonrach áirithe a leagtar síos le [an Gníomh um an Intleacht Shaorga]. Ina theannta sin, féadfar faillí úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca a shuí tar éis neamhchomhlíonadh na ndualgas cúraim eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, i bhfianaise Airteagal 29 (2) de [an Gníomh um an Intleacht Shaorga].

(27)Cé go bhféadfadh sé a bheith ródheacair don éilitheoir an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh mar gheall ar shaintréithe sonracha córas intleachta saorga áirithe, amhail uathriail agus doiléir, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann nuair nach ann do dheacrachtaí den sórt sin toisc go bhféadfadh fianaise agus saineolas leordhóthanach a bheith ar fáil don ghearánach chun an nasc cúisíoch a chruthú. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca ina bhféadfadh an téilitheoir rochtain a fháil, ar bhealach réasúnta, ar fhianaise agus saineolas leordhóthanach a bhuí le ceanglais doiciméadachta agus logála de bhun [an Gníomh um an Intleacht Shaorga]. I gcásanna den sórt sin, níor cheart don chúirt an toimhde a chur i bhfeidhm.

(28)D’fhéadfadh feidhm a bheith ag toimhde na cúisíochta freisin maidir le córais intleachta saorga nach córais intleachta saorga ardriosca iad toisc go bhféadfadh sé a bheith ródheacair don éilitheoir cruthúnas a chur ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfaí na deacrachtaí sin a mheasúnú i bhfianaise saintréithe córas intleachta saorga áirithe, amhail uathriail agus doiléire, rudaí a fhágann go bhfuil sé andeacair sa chleachtas míniú a thabhairt ar fheidhmiú inmheánach an chórais intleachta saorga, agus a chuireann as do chumas an éilitheora an nasc cúisíoch idir faillí an chosantóra agus aschur na hintleachta saorga a chruthú. Ba cheart do chúirt náisiúnta an toimhde a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil sé i bhfad ródheacair don éilitheoir cúisíocht a chruthú, ós rud é go gceanglaítear míniú a thabhairt ar an gcaoi a raibh an córas intleachta saorga faoi stiúir gníomh nó neamhghníomh duine arb é atá iontu ná faillí agus a thug air an taschur a tháirgeadh nó leis an mainneachtain aschur a tháirgeadh. Mar sin féin, níor cheart a cheangal ar an éilitheoir míniú a thabhairt ar shaintréithe an chórais intleachta saorga lena mbaineann ná ar an gcaoi a bhfágann na saintréithe sin go bhfuil sé níos deacra an nasc cúisíoch a bhunú.

(29)Tá sé i gceist le cur i bhfeidhm thoimhde na cúisíochta leibhéal cosanta a áirithiú don duine díobhálaithe atá comhionann leis an leibhéal sin i gcásanna nach bhfuil baint ag an intleacht shaorga leo agus ina bhféadfaí cúisíocht a chruthú níos éasca dá bhrí sin. Mar sin féin, ní iomchuí i gcónaí an dualgas a bhaineann le cruthú cúisíochta a mhaolú faoin Treoir seo i gcás nach úsáideoir gairmiúil é an cosantóir ach gur duine é a úsáideann an córas intleachta saorga dá ghníomhaíochtaí príobháideacha. Sna himthosca sin, chun leasanna idir an duine díobhálaithe agus an túsáideoir neamhghairmiúil a chothromú, ní mór a chur san áireamh an féidir le húsáideoirí neamhghairmiúla den sórt sin cur leis an riosca go ndéanfadh córas intleachta saorga damáiste trína niompar. Más rud é go bhfuil a oibleagáidí go léir comhlíonta ag soláthraí córais intleachta saorga agus, dá bharr sin, gur measadh go raibh an córas sin sábháilte go leor lena chur ar an margadh le haghaidh úsáid ar leith ag úsáideoirí neamhghairmiúla agus go núsáidtear é ansin le haghaidh an chúraim sin, níor cheart feidhm a bheith ag toimhde na cúisíochta maidir le seoladh simplí oibríocht an chórais sin ag úsáideoirí neamhghairmiúla den sórt sin. Úsáideoir neamhghairmiúil a cheannaíonn córas intleachta saorga agus nach ndéanann ach é a sheoladh de réir chuspóir an chórais, gan cur isteach go hábhartha ar dhálaí na noibríochtaí, níor cheart é a chumhdach leis an toimhde chúisíochta a leagtar síos sa Treoir seo. Mar sin féin, má chinneann cúirt náisiúnta gur chuir úsáideoir neamhghairmiúil isteach go hábhartha ar choinníollacha oibríochta córais intleachta saorga nó gur ceanglaíodh air coinníollacha oibríochta an chórais intleachta saorga a chinneadh agus go raibh sé in ann déanamh amhlaidh agus nach ndearna sé sin, ba cheart feidhm a bheith ag toimhde na cúisíochta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha eile go léir. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, nuair nach gcomhlíonann an túsáideoir neamhghairmiúil na treoracha úsáide nó dualgais cúraim eile is infheidhme agus an réimse oibríochta á roghnú nó nuair atá coinníollacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga á socrú. Tá sé sin gan dochar don fhíoras gur cheart don soláthraí an cuspóir atá beartaithe do chóras intleachta saorga a chinneadh, lena náirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha úsáide, agus rioscaí an chórais sin a dhíothú nó a íoslaghdú de réir mar is iomchuí tráth an deartha agus na forbartha, agus eolas agus saineolas an úsáideora atá beartaithe á gcur san áireamh.

(30)Ós rud é go dtugtar isteach leis an Treoir seo toimhde infhrisnéise, ba cheart don chosantóir a bheith in ann í a fhrisnéis, go háirithe trína thaispeáint nach bhféadfadh a fhaillí a bheith ina chúis leis an damáiste.

(31)Is gá foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú ar an Treoir seo [cúig bliana] tar éis dheireadh na tréimhse trasuite. Go háirithe, ba cheart scrúdú a dhéanamh san athbhreithniú sin féachaint an bhfuil gá le rialacha dliteanais gan faillí a chruthú le haghaidh éilimh in aghaidh an oibreora, chomh fada agus nach gcumhdaítear cheana le rialacha dliteanais eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 85/374/CEE, mar aon le hárachas éigeantach le haghaidh oibríocht córas intleachta saorga áirithe, mar a mhol Parlaimint na hEorpa 38 . I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is iomchuí measúnú a dhéanamh ar an ngá sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus rialála ábhartha sna blianta atá le teacht, agus an éifeacht agus an tionchar ar leathadh amach agus ar ghlacadh na gcóras intleachta saorga á gcur san áireamh, go háirithe do FBManna. Ba cheart a bhreithniú in athbhreithniú den sórt sin, i measc nithe eile, na rioscaí a bhaineann le damáiste do luachanna tábhachtacha dlí amhail beatha, sláinte agus maoin tríú páirtithe gan fhios dóibh féin mar gheall ar oibriú táirgí nó seirbhísí atá cumasaithe ag an intleacht shaorga. Ba cheart anailís a dhéanamh san athbhreithniú sin freisin ar éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le déileáil le rioscaí den sórt sin, agus ar réitigh iomchuí a bheith á bhforbairt ag an margadh árachais. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ar fáil chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, is gá sonraí agus fianaise riachtanach eile a chumhdaíonn na saincheisteanna ábhartha a bhailiú.

(32)I bhfianaise an ghá atá le hoiriúnuithe a dhéanamh ar rialacha náisiúnta maidir dliteanais shibhialta agus nós imeachta chun soláthar céimneach táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe ag an intleacht shaorga a chothú faoi dhálaí tairbhiúla margaidh inmheánaigh, faoi ghlacadh na sochaí agus faoi mhuinín tomhaltóirí as teicneolaíocht na hintleachta saorga agus as an gcóras ceartais, is iomchuí spriocdháta a leagan síos tráth nach déanaí ná [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] faoina bhféadfaidh na Ballstáit na bearta trasuímh is gá a ghlacadh.

(33)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 39 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leis, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:

(a)nochtadh fianaise maidir le córais intleachta saorga ardriosca chun a chur ar a chumas d’éilitheoir bunús a thabhairt le héileamh neamhchonarthach arna bhunú ar fhaillí sa dlí sibhialta ar dhamáistí;

(b)an dualgas cruthúnais i gcás éilimh neamhchonarthacha arna mbunú ar fhaillí sa dlí sibhialta a thugtar os comhair cúirteanna náisiúnta i leith damáistí arb é córas intleachta saorga is cúis leo.

2.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le héilimh neamhchonarthacha arna mbunú ar fhaillí sa dlí sibhialta i leith damáistí, i gcásanna ina ndearnadh an damáiste arbh é córas intleachta saorga ba chúis leis tar éis [deireadh na tréimhse trasuí].

Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le dliteanas coiriúil.

3.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear coinníollacha dliteanais i réimse an iompair;

(b)aon cheart a d’fhéadfadh a bheith ag duine díobhálaithe faoi rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 85/374/CEE chun feidhme;

(c)na díolúintí ó dhliteanas agus na hoibleagáidí díchill chuí mar a leagtar síos i [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] agus

(d)rialacha náisiúnta lena gcinntear cén páirtí ar a bhfuil dualgas an chruthúnais, cén leibhéal cinnteachta is gá a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán cruthúnais, nó conas a shainmhínítear faillí, seachas i ndáil leis an méid dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4.

4.Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí d’éilitheoirí chun bunús a thabhairt le héileamh neamhchonarthach sa dlí sibhialta ar dhamáistí arb é córas intleachta saorga is cúis leo, ar choinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ’ córas intleachta saorga mar a shainmhínítear in [Airteagal 3(1) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(2)ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ardriosca’ córas intleachta saorga dá dtagraítear in [Airteagal 6 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(3)ciallaíonn ‘soláthraí’ soláthraí mar a shainmhínítear in [Airteagal 3(2) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(4)ciallaíonn ‘úsáideoir’ úsáideoir mar a shainmhínítear in [Airteagal 3(4) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(5)ciallaíonn ‘éileamh ar dhamáistí’ éileamh neamhchonarthach arna bhunú ar fhaillí sa dlí sibhialta ar chúiteamh ar an damáiste arb é ba chúis leis aschur córais intleachta saorga nó mainneachtain chórais den sórt sin aschur a tháirgeadh i gcás inar cheart aschur den sórt sin a bheith táirgthe;

(6)ciallaíonn ‘éilitheoir’ duine a dhéanann éileamh ar dhamáistí ar duine é:

(a)ar bhain díobháil dó de dheasca aschur ó chóras intleachta saorga nó de dheasca mainneachtain chórais den sórt sin aschur a tháirgeadh i gcás inar cheart aschur den sórt sin a bheith táirgthe;

(b) a tháinig i gcomharbas ar cheart duine dhíobhálaithe, nó a ndearnadh ceart duine dhíobhálaithe a sheachú chuige, de bhua dlí nó conartha; nó

(c)atá ag gníomhú thar ceann duine díobhálaithe amháin nó níos mó, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

(7)    ciallaíonn ‘éilitheoir féideartha’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag machnamh ar éileamh ar dhamáistí ach nach bhfuil an téileamh tionscanta aige fós;

(8)    ciallaíonn ‘cosantóir’ an duine ar ina choinne a dhéantar éileamh ar dhamáistí;

(9)    ciallaíonn ‘dualgas cúraim’ caighdeán iompair is gá, a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais, chun damáiste do leasanna dlíthiúla a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal dhlí an Aontais a sheachaint, lena náirítear saol, sláine fhisiciúil, maoin agus cosaint ceart bunúsach.

Airteagal 3

Fianaise a nochtadh agus toimhde infhrisnéise neamhchomhlíontachta

 

1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar gcumhachtaítear na cúirteanna náisiúnta, arna iarraidh sin d’éilitheoir féideartha a d’iarr roimhe sin ar sholáthraí, ar dhuine atá faoi réir oibleagáidí soláthraí de bhun [Airteagal 24 nó Airteagal 28(1) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga] nó ar úsáideoir, fianaise ábhartha atá ar fáil dó a nochtadh maidir le córas intleachta saorga ardriosca sonrach a bhfuil amhras ann go ndearna sé damáiste, ach ar diúltaíodh dó, nó arna iarraidh sin d’éilitheoir, nochtadh na fianaise sin ó na daoine sin a ordú.

Chun tacú leis an iarraidh sin, ní mór don éilitheoir féideartha fíorais agus fianaise a chur i láthair atá leordhóthanach chun tacú le hinchreidteacht éilimh ar dhamáistí.

2.I gcomhthéacs éilimh ar dhamáistí, ní ordóidh an chúirt náisiúnta nochtadh na fianaise ag duine de na daoine a liostaítear i mír 1, ach amháin má tá gach iarracht chomhréireach déanta ag an éilitheoir an fhianaise ábhartha a bhailiú ón gcosantóir.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhachtófar na cúirteanna náisiúnta, arna iarraidh sin d’éilitheoir, bearta sonracha a ordú chun an fhianaise a luaitear i mír 1 a chaomhnú.

4.Cuirfidh na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an nochtadh fianaise don mhéid sin is gá agus atá comhréireach chun tacú le héileamh féideartha nó le héileamh ar dhamáistí agus teorannóidh siad an caomhnú don mhéid sin is gá agus atá comhréireach d’fhonn tacú le héileamh den sórt sin ar dhamáistí.

Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil ordú chun fianaise a nochtadh nó a chaomhnú comhréireach, breithneoidh na cúirteanna náisiúnta leasanna dlisteanacha gach páirtí, lena n‑áirítear tríú páirtithe lena mbaineann, go háirithe maidir le rúin trádála a chosaint de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/943 agus cosaint faisnéise rúnda a chosaint, amhail faisnéis a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n‑ordaítear rún ceirde nó rún ceirde líomhainte a d’aithin an chúirt a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2016/943 a nochtadh, go gcumhachtófar na cúirteanna náisiúnta, ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ó pháirtí nó ar a dtionscnamh féin, bearta sonracha a dhéanamh is gá chun an rúndacht a chaomhnú nuair a úsáidtear an fhianaise sin nó nuair a thagraítear di in imeachtaí dlíthiúla.

An duine a n‑ordófar dó an fhianaise a luaitear i mír 1 nó i mír 2 a nochtadh nó a chaomhnú, áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh leigheasanna nós imeachta iomchuí aige sin mar fhreagairt ar na horduithe sin.

5.I gcás nach gcomhlíonann cosantóir ordú ó chúirt náisiúnta in imeachtaí éilimh ar dhamáistí chun fianaise atá ar fáil dó a nochtadh nó a chaomhnú de bhun mhíreanna 1 nó 2, toimhdeoidh an chúirt náisiúnta nár chomhlíon an cosantóir dualgas cúraim ábhartha, go háirithe sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó (3), a raibh sé beartaithe é a chruthú chun críocha an éilimh ábhartha ar dhamáistí leis an bhfianaise a iarradh.

Beidh an ceart ag an gcosantóir an toimhde sin a fhrisnéis.

Airteagal 4

Toimhde infhrisnéise gurb ann do nasc cúisíoch i gcás faillí

1.Faoi réir na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo, toimhdeoidh na cúirteanna náisiúnta, chun críoch rialacha dliteanais a chur i bhfeidhm maidir le héileamh ar dhamáistí, go bhfuil nasc cúisíoch idir faillí an chosantóra agus an taschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó mainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) thaispeáin an téilitheoir nó thoimhdigh an chúirt de bhun Airteagal 3(5), faillí an chosantóra, nó faillí dhuine a bhfuil an cosantóir freagrach as a iompar, arb é atá ann neamhchomhlíonadh dualgais cúraim a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta a bhí beartaithe go díreach chun cosaint a thabhairt i gcoinne an damáiste a rinneadh;

(b)féadfar a mheas go bhfuil dóchúlacht réasúnta ann, bunaithe ar imthosca an cháis, go raibh tionchar ag an bhfaillí ar an aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó ar mhainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh;

(c)léirigh an téilitheoir go ndearnadh an damáiste mar thoradh ar an aschur arna tháirgeadh ag an gcóras intleachta saorga nó ar mhainneachtain an chórais intleachta saorga aschur a tháirgeadh.

2.I gcás éileamh ar dhamáistí i gcoinne soláthraí córais intleachta saorga ardriosca atá faoi réir na gceanglas a leagtar síos i gcaibidlí 2 agus 3 de [Acht um Intleacht Shaorga] nó duine atá faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí de bhun [Airteagal 24 nó Airteagal 28(1) den Acht um Intleacht Shaorga], ní chomhlíonfar coinníoll mhír 1 litir (a) ach amháin i gcás inar léirigh an gearánach gur mhainnigh an soláthraí nó, i gcás inarb ábhartha, an duine atá faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí, aon cheann de na ceanglais seo a leanas a leagtar síos sna caibidlí sin a chomhlíonadh, agus na céimeanna a tugadh sa chóras bainistíochta riosca agus torthaí an chórais bainistíochta riosca de bhun [Airteagal 9 agus Airteagal 16 pointe (a) den Acht um Intleacht Shaorga] á gcur san áireamh:

(a) is córas é an córas intleachta saorga a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint a chur ar shamhlacha le sonraí agus nach ndearnadh a fhorbairt ar bhonn tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear in [Airteagal 10(2) go (4) den Ghníomh um Intleacht Shaorga];

(b) ní dhearnadh an córas intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos in [Airteagal 13 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(c)ní dhearnadh an córas intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach lenar féidir le daoine nádúrtha formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh le linn na tréimhse ina bhfuil an córas intleachta saorga in úsáid de bhun [Airteagal 14 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga];

(d)ní dhearnadh an córas intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt chun leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach, i bhfianaise an chuspóra a bhí beartaithe dó, de bhun [Airteagal 15 agus Airteagal 16, pointe (a), den Ghníomh um an Intleacht Shaorga]; nó

(e)ní dhearnadh na gníomhaíochtaí ceartaitheacha riachtanacha láithreach bonn chun an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos i [Teideal III, Caibidil 2 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga] ná chun an córas a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí, de bhun [Airteagal 16, pointe (g), agus Airteagal 21 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga].

3.I gcás éileamh ar dhamáistí i gcoinne úsáideoir córais intleachta saorga ardriosca faoi réir na gceanglas a leagtar síos i gcaibidlí 2 agus 3 de [an Gníomh um Intleacht Shaorga], comhlíonfar coinníoll mhír 1 litir (a) i gcás ina gcruthóidh an téilitheoir go ndéanann an túsáideoir an méid seo a leanas:

(a)níor chomhlíon sé a oibleagáidí maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáid nó faireachán a dhéanamh air i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leis nó, i gcás inarb iomchuí, a úsáid a chur ar fionraí nó a bhriseadh de bhun [Airteagal 29 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga]; nó

(b)nocht sé an córas intleachta saorga do shonraí ionchuir a bhí faoina smacht, ar sonraí iad nach bhfuil ábhartha i bhfianaise chuspóir beartaithe an chórais de bhun [Airteagal 29(3) den Ghníomh].

4.I gcás éileamh ar dhamáistí a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca, ní chuirfidh cúirt náisiúnta an toimhde a leagtar síos i mír 1 i bhfeidhm i gcás ina léiríonn an cosantóir go bhfuil rochtain réasúnta ag an éilitheoir ar fhianaise agus ar shaineolas leordhóthanach chun an nasc cúisíoch a luaitear i mír 1 a chruthú.

5.I gcás éileamh ar dhamáistí a bhaineann le córas intleachta saorga nach córas intleachta saorga ardriosca é, ní bheidh feidhm ag an toimhde a leagtar síos i mír 1 ach amháin i gcás ina measann an chúirt náisiúnta go bhfuil sé ródheacair don éilitheoir an nasc cúisíoch a luaitear i mír 1 a chruthú.

6.I gcás éileamh ar dhamáistí i gcoinne cosantóir a d’úsáid an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil, ní bheidh feidhm ag an toimhde a leagtar síos i mír 1 ach amháin i gcás inar chuir an cosantóir isteach go hábhartha ar choinníollacha oibríochta an chórais intleachta saorga nó i gcás inar ceanglaíodh ar an gcosantóir dálaí oibríochta an chórais intleachta saorga a chinneadh agus ina raibh sé in ann iad sin a chinneadh ach gur mhainnigh sé déanamh amhlaidh.

7.Beidh an ceart ag an gcosantóir an toimhde sin a leagtar síos i mír 1 a fhrisnéis.

Airteagal 5

Meastóireacht agus athbhreithniú spriocdhírithe

1.Faoi [DÁTA cúig bliana tar éis dheireadh na tréimhse trasuite], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.

2.Déanfar scrúdú sa tuarascáil ar éifeachtaí Airteagail 3 agus 4 ar bhaint amach na gcuspóirí a shaothraítear leis an Treoir seo. Go háirithe, ba cheart don tuarascáil meastóireacht a dhéanamh ar a iomchuí atá na rialacha dliteanais gan faillí maidir le héilimh i gcoinne oibreoirí córas intleachta saorga áirithe, chomh fada agus nach gcumhdaítear iad cheana féin le rialacha dliteanais eile de chuid an Aontais, agus ar an ngá atá le cumhdach árachais, agus an éifeacht agus an tionchar ar leathadh amach agus ar úsáid córas intleachta saorga á gcur san áireamh, go háirithe do FBManna.

3.Cuirfidh an Coimisiún clár faireacháin ar bun chun an tuarascáil a ullmhú de bhun mhíreanna 1 agus 2, ina leagfar amach conas a bhaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus cé na heatraimh ag a mbaileofar iad. Sonrófar sa chlár an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú agus a anailísiú. Chun críocha an chláir sin, cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhianaise ábhartha in iúl don Choimisiún faoi [an 31 Nollaig den dara bliain iomlán tar éis dheireadh na tréimhse trasuite] agus faoi dheireadh gach bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 6

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 40 , cuirtear isteach pointe (67) seo:

‘(67) Treoir (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga (an Treoir maidir le Dliteanas na hIntleachta Saorga) (IO L...,..., lch....).’.

Airteagal 7

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [2 bhliain tar éis teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán     An tUachtarán 

(1)    Suirbhé fiontair Eorpach ar úsáid teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga, Ipsos 2020, Tuarascáil deiridh lch. 58
(
https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/f089bbae-f0b0-11ea-991b-01aa75ed71a1 )
(2)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines‑next‑commission_en.pdf
(3)    Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach i leith barr feabhais agus muiníne, 19.2.2020, COM(2020) 65 final
(4)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais na hintleachta saorga, idirlíon na rudaí nithiúla agus na róbataice, 19.2.2020, COM(2020) 64 final
(5)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le córas dliteanais shibhialta le haghaidh na hintleachta saorga (2020/2014(INL))
(6)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach (2020/2266(INI))
(7)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) (COM(2021 206 final).
(8)    Ní thoirmisctear ach líon beag cásanna úsáide na hIntleachta Saorga go sainráite leis an an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
(9)    SWD(2021) 84 final ón gCoimisiún, Measúnú tionchair a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, lch. 88.
(10)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (COM/2021/346 final).
(11)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí innealra (COM(2021) 202 final).
(12)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f), den Treoir sin (IO L 7, 12.1.2022, lch. 6).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], COM/2020/67 final.
(14)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha cibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu - COM (2022) 454 final.
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Straitéis na hEorpa maidir le sonraí COM/2020/66 final.
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: an Comhaontú Glas don Eoraip (COM/2019/640 final).
(17)    Deloitte, Staidéar chun tacú le measúnú tionchair an Choimisiúin maidir le dliteanas i leith na hintleachta saorga, 2021 (‘staidéar eacnamaíoch’).
(18)    Straitéis Náisiúnta Phoblacht na Seice um an Intleacht Shaorga, 2019: https://www.mpo.cz/assets/en/guidepost/for-the-media/press‑releases/2019/5/NAIS_eng_web.pdf ; AI Watch, ‘Straitéisí náisiúnta um an Intleacht Shaorga – Peirspictíocht Eorpach’, eagrán 2021 – tuarascáil ó JRC-OECD: https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/619fd0b5-d3ca-11eb-895a-01aa75ed71a1 , lch. 41.
(19)    2025 Strategia per l’innovazione tecnologica e la digitalizzazione del Paese: https://assets.innovazione.gov.it/1610546390-midbook2025.pdf ;.
(20)    Deloitte, Staidéar chun tacú le measúnú tionchair an Choimisiúin maidir le dliteanas i leith na hintleachta saorga, 2021, lch. 96.
(21)    Féach Polityka Rozwoju Sztucznej. Inteligencji w Polsce na lata 2019 – 2027 (Beartas um Fhorbairt na hIntleachta Saorga sa Pholainn do 2019-2027) ( www.gov.pl/attachment/0aa51cd5-b934-4bcb-8660-bfecb20ea2a9 ), 102-3.
(22)    AI Portugal 2030: https://www.incode2030.gov.pt/sites/default/files/julho_incode_brochura.pdf ; AI Watch, op. cit., lch. 113.
(23)    Go príomha diandliteanas, aisiompú an dualgais cruthúnais nó an dualgas cruthúnais a mhaolú i bhfoirm toimhdí neamhinfhrisnéise nó infhrisnéise.
(24)    Atá le fáil ag < https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12979-Civil-liability-adapting-liability-rules‑to-the-digital-age-and‑artificial-intelligence/public-consultation_en >
(25)    Dliteanas i leith na hintleachta saorga agus i leith teicneolaíochtaí digiteacha eile atá ag teacht chun cinn, Samhain 2019, https://op.europa.eu/en/publicationdetail/-/publication/1c5e30be-1197-11ea-8c1f-01aa75ed71a1/language-en  
(26)    Karner/Koch/Geistfeld, Staidéar Comparáideach Dlí ar Dhliteanas Sibhialta i leith na hIntleachta Saorga, 2021, https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/8a32ccc3-0f83-11ec-9151-01aa75ed71a1/language-en .
(27)    Kantar, Staidéar Iompraíochta maidir leis an nasc idir dúshláin na hintleachta saorga le haghaidh rialacha na mBallstát maidir le dliteanas sibhialta agus dearcthaí tomhaltóirí i leith táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga, Tuarascáil Deiridh 2021.
(28)    Deloitte, Staidéar chun tacú le measúnú tionchair an Choimisiúin maidir le dliteanas i leith na hintleachta saorga, 2021.
(29)    IO C , , lch. .
(30)    IO C , , lch. .
(31)    [Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) COM/2021/206 final]
(32)    [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, (COM(2021) 346 final)]
(33)    [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí innealra, (COM(2021) 202 final)]
(34)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f), den Treoir sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(35)    Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialacháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).
(36)    [Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) - COM(2020) 825 final]
(37)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin trádála) i gcoinne a néadála, úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(38)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le córas dliteanais shibhialta le haghaidh intleacht shaorga (2020/2014(INL)) - IO C 404, 6.10.2021, lch. 107.
(39)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(40)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
Top