EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0153

Rialachán (AE) Uimh. 153/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

IO L 58, 29.2.2012, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/153/oj

29.2.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 153/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) (2), déantar foráil maidir le cúnamh do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus iad ag teacht de réir a chéile go comhleanúnach le caighdeáin agus le beartais an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an acquis, d'fhonn comhaltas a bhaint amach.

(2)

Déantar idirdhealú soiléir i Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 idir tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.

(3)

D’fháiltigh Comhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 roimh thuairim an Choimisiúin maidir le hiarratas na hÍoslainne ar bheith ina comhalta den Aontas, thug sí ar aird gur chomhlíon an Íoslainn na critéir pholaitiúla a leag Comhairle Eorpach Chóbanhávan síos i 1993 agus chinn sí gur cheart tús a chur le caibidlíochtaí aontachais leis an Íoslainn. Tír is iarrthóir is ea an Íoslainn dá bhrí sin.

(4)

D'fhormhuinigh Comhairle Eorpach an 17 Nollaig 2010 conclúidí na Comhairle an 14 Nollaig 2010 maidir le méadú agus chomhaontaigh sí stádas tíre is iarrthóir a dheonú do Mhontainéagró.

(5)

D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasú a mholadh ar Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 d'fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí deontais arna maoiniú faoi Chomhchuid an Chomhair Thrasteorann de IPA agus d'fhonn comhleanúnachas a áirithiú le hionstraimí cúnaimh sheachtraigh eile, go háirithe leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh (3), ainmnítear an coiste dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 ón gComhairle an 18 Nollaig 1989 maidir le cabhair eacnamaíoch do thíortha áirithe Lár agus Oirthear na hEorpa (4) (an "coiste Phare") chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún i mbainistiú an chúnaimh a thugtar do phobal Turcach na Cipire. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89; leanann sé d'fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le gníomhartha dlí agus le gealltanais, ar gníomhartha agus gealltanais iad lena gcuirtear buiséid na mblianta roimh 2007 chun feidhme. Ós rud é go leanann Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 de bheith ar an ngníomh bunúsach le haghaidh tacaíochta airgeadais do phobal Turcach na Cipire tar éis na mblianta buiséid sin, ba cheart leanúint le coiste Phare chun na críche sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 19:

“9.   Beidh mír 1 go mír 8 gan dochar do rannpháirtíocht catagóirí eagraíochtaí atá incháilithe, de réir cineáil nó de réir suímh, maidir le cuspóirí na gníomhaíochta.”;

(2)

in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Leanfaidh na Rialacháin sin, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000, d'fheidhm a bheith acu maidir le gníomhartha dlí agus le gealltanais, ar gníomhartha agus gealltanais iad lena gcuirtear buiséid na mblianta roimh 2007 chun feidhme, maidir le cur chun feidhme Airteagal 31 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus oiriúnuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (5) agus maidir le cur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh (6).

(3)

in Iarscríbhinn I, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála maidir leis an gCróit:

“—

an Íoslainn

Montainéagró”;

(4)

in Iarscríbhinn II, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

“—

an Íoslainn

Montainéagró”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Feabhra 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Eanáir 2012.

(2)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

(3)  IO L 65, 7.3.2006, lch. 5.

(4)  IO L 375, 23.12.1989, lch. 11.

(5)  IO L 157, 21.6.2005, lch. 203.

(6)  IO L 65, 7.3.2006, lch. 5.”;


Top