EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R1524

Rialachán (CE) uimh. 1524/2007 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena Rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú

IO L 343, 27.12.2007, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 23/11/2014; Arna aisghairm le 32014R1141

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1524/oj

27.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/5


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1524/2007 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2007

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 191 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 (2) go bhfuil Parlaimint na hEorpa le tuarascáil a fhoilsiú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n-áirítear – i gcás inar cuí – leasuithe a d' fhéadfaí a dhéanamh ar an gcóras maoinithe.

(2)

Sa Rún a rith sí an 23 Márta 2006 maidir le páirtithe polaitiúla na hEorpa (3), mheas Parlaimint na hEorpa, i bhfianaise na taithí a fuarthas ó tháinig sé i bhfeidhm in 2004, gur cheart Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 a fheabhsú a mhéid a bhaineann le roinnt pointí de agus é mar chuspóir sáraitheach acu go léir feabhas a chur ar staid mhaoinithe na bpáirtithe polaitiúla sin agus na bhfondúireachtaí atá cleamhnaithe leo.

(3)

Ba cheart forálacha maidir le tacaíocht airgeadais d' fhondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a leagan síos, toisc go bhféadfaidh fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa atá cleamhnaithe le páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa, trína ngníomhaíochtaí, taobhú agus tacú le cuspóirí na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa, go háirithe trína bheith rannpháirteach sa díospóireacht ar shaincheisteanna bheartais phoiblí na hEorpa agus ar lánpháirtíocht na hEorpa, lena n-áirítear trí ghníomhú mar chatalaígh do smaointe nua, d' anailís agus do roghanna beartais. Ba cheart an tacaíocht airgeadais seo a chur ar fáil sa roinn dar teideal ‘Parlaimint’ i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, faoi mar a dhéantar i gcás na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa.

(4)

Tá sé fós mar chuspóir tábhachtach an rannpháirtíocht is leithne is féidir ag saoránaigh a áirithiú i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs seo, is féidir le heagraíochtaí polaitiúla don óige ról speisialta a bheith acu chun suim a chothú i gcóras polaitiúil an Aontais Eorpaigh, agus eolas coincréiteach a scaipeadh faoi, i measc daoine óga, agus a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí daonlathacha ar leibhéal na hEorpa á cur chun cinn go gníomhach.

(5)

D' fhonn na coinníollacha maidir le maoinú páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a fheabhsú, agus iad á spreagadh chun pleanáil airgeadais fhadtéarmach leordhóthanach a áirithiú, ba cheart an ceanglas cómhaoinithe íosta a choigeartú. Ba cheart go gcaithfeadh an leibhéal céanna cómhaoinithe a bheith ann d'fhondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa.

(6)

D' fhonn nádúr Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú agus a chur chun cinn tuilleadh, ba cheart go suífí go soiléir gur féidir leithreasaí a gheofar ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a úsáid freisin chun feachtais a mhaoiniú a sheolfaidh na páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ar choinníoll nach maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla náisiúnta nó iarrthóirí náisiúnta a bheadh i gceist leis seo. Gníomhaíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go háirithe chun mianach Eorpach na dtoghchán sin a thabhairt chun suntais. I gcomhréir le hAirteagal 8 den Ionstraim maidir le toghadh feisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle (4), déanann gach Ballstát maoiniú na gcaiteachas toghcháin agus teorannú na gcaiteachas sin ag toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a rialú le foráil náisiúnta. Is é an dlí náisiúnta is infheidhme freisin i gcomhair caiteachas toghchán ag toghcháin agus reifrinn náisiúnta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003

Leasaítear leis seo mar a leanas Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003:

1)

cuirtear na pointí seo a leanas le hAirteagal 2:

‘4.

“fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa” eintiteas nó gréasán eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i mBallstát, atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa agus, trína ghníomhaíochtaí, laistigh de na haidhmeanna agus na bunluachanna atá ag an Aontas Eorpach, a chuireann taca faoi chuspóirí an pháirtí pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa, agus a chomhlánaíonn iad, trí na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a chomhlíonadh:

breathnú, anailísiú agus rannchuidiú i dtaca leis an díospóireacht ar shaincheisteanna maidir le beartas poiblí na hEorpa agus ar phróiseas lánpháirtíocht na hEorpa,

gníomhaíochtaí atá nasctha le saincheisteanna bheartais phoiblí na hEorpa a fhorbairt, amhail seimineáir, oiliúint, comhdhálacha agus staidéir ar shaincheisteanna den sórt sin idir gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige agus ionadaithe eile den tsochaí shibhialta, a eagrú agus tacú leo,

comhar a fhorbairt le heintitis eile den chineál céanna d'fhonn an daonlathas a chur chun cinn,

feidhmiú mar chreat ionas go n-oibreoidh fondúireachtaí náisiúnta polaitiúla mar aon le lucht léinn agus gníomhaithe ábhartha eile le chéile ar leibhéal na hEorpa;

5.

ciallaíonn “maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh” deontas de réir bhrí Airteagal 108(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (5) (dá ngairfear “an Rialachán Airgeadais” anseo feasta).

2)

in Airteagal 3, déantar mír 1 den aon mhír amháin atá ann agus cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘2.   Comhlíonfaidh fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa na coinníollacha seo a leanas:

(a)

caithfidh sí a bheith cleamhnaithe le ceann de na páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa arna aithint i gcomhréir le mír 1, arna dheimhniú ag an bpáirtí polaitiúil sin;

(b)

caithfidh sí pearsantacht dhlítheanach a bheith aici sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe suite. Beidh an phearsantacht dhlítheanach sin ar leithligh ó phearsantacht dhlítheanach an pháirtí pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa a mbeidh an fhondúireacht cleamhnaithe leis;

(c)

caithfidh sí, go háirithe ina clár oibre agus ina gníomhaíochtaí, na prionsabail ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a urramú, eadhon prionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smachta reachta;

(d)

ní chuirfidh sí spriocanna brabúis chun cinn;

(e)

beidh comhdhéanamh a boird bainistíochta cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de.

3.   Laistigh de chreat an Rialacháin seo, is faoi gach páirtí polaitiúil agus fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa fós a bheidh sé na rialacha mionsonraithe dá gcaidreamh a shainiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leibhéal iomchuí idirdhealaithe idir bainistíocht laethúil mar aon le struchtúir rialaithe na fondúireachta polaitiúla ar leibhéal na hEorpa, ar thaobh amháin, agus an páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa a bhfuil an fhondúireacht cleamhnaithe leis, ar an taobh eile.’;

3)

leasaítear mar a leanas Airteagal 4:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 2:

‘(a)

doiciméid a chruthaíonn go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3;’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4.   Ní fhéadfaidh fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa cur isteach ar mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ach tríd an bpáirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa a bhfuil sí cleamhnaithe leis.

5.   Déanfar maoiniú le haghaidh fondúireachta polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a leithdháileadh ar bhonn a cleamhnachta le páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa, faoi réir Airteagal 10(1). Beidh feidhm ag Airteagal 9 agus Airteagal 9a maidir le cistí a leithdháiltear ar an gcuma sin.

6.   Ní úsáidfear maoiniú a leithdháilfear ar fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa ach chun a gníomhaíochtaí a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 2(4). Ní fhéadfar é a úsáid ar chuntar ar bith chun feachtais toghchánaíochta nó reifreann a chistiú.

7.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 3 maidir le fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa nuair a bheidh iarratais ar mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh á measúnú.’;

4)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 5:

‘4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 maidir le fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa.

5.   Má chailleann páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa a bhfuil fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa cleamhnaithe leis a stádas, déanfar an fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa atá i gceist a eisiamh ó mhaoiniú faoin Rialachán seo.

6.   Má mheasann Parlaimint na hEorpa go bhfuil aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) nach bhfuil á chomhlíonadh a thuilleadh, déanfar an fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa a bheidh i gceist a eisiamh ó mhaoiniú faoin Rialachán seo.’;

5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8:

‘Airteagal 6

Oibleagáidí a ghabhann le maoiniú

1.   Déanfaidh páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa agus fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa an méid seo a leanas:

(a)

a ioncam nó a hioncam agus a chaiteachas nó a caiteachas agus ráiteas ar a shócmhainní agus ar a dhliteanais nó ar a sócmhainní agus ar a dliteanais a fhoilsiú gach bliain;

(b)

a fhoinsí nó a foinsí maoinithe a fhógairt trí liosta a sholáthar ina sonrófar na deontóirí agus na síntiúis airgid a fuarthas ó gach deontóir, seachas síntiúis airgid nach rachaidh thar EUR 500 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra.

2.   Ní ghlacfaidh páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa ná fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa leis na nithe seo a leanas:

(a)

síntiúis airgid gan ainm;

(b)

síntiúis airgid as buiséid ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa;

(c)

síntiúis airgid ó aon ghnóthas a bhféadfadh tionchar ceannasach díreach nó neamhdhíreach a bheith ag na húdaráis phoiblí air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é;

(d)

síntiúis airgid a rachaidh thar EUR 12 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach seachas na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) agus gan dochar do mhír 3 ná do mhír 4;

(e)

síntiúis airgid ó aon údarás poiblí ó thríú tír, lena n-áirítear aon ghnóthas a bhfeádfadh tionchar ceannasach díreach nó neamhdhíreach a bheith ag na húdaráis phoiblí air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é.

3.   Beidh ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa ó pháirtithe polaitiúla náisiúnta ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa nó ó dhuine nádúrtha atá ina chomhalta de pháirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa inghlactha. Ní rachaidh ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa ó pháirtithe polaitiúla náisiúnta ná ó dhuine nádúrtha thar 40 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil sin ar leibhéal na hEorpa.

4.   Beidh ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa ó fhondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, ar comhaltaí iad d'fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa, mar aon le ranníocaíochtaí ó pháirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa inghlactha. Ní rachaidh na ranníocaíochtaí sin thar 40 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla sin ar leibhéal na hEorpa ná ní thiocfaidh siad as cistí a gheobhaidh páirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Is ar an bpáirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa lena mbaineann a bheidh an dualgas cruthúnais.

Airteagal 7

Toirmeasc ar mhaoiniú

1.   Ní fhéadfar maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ná ó aon fhoinse eile a úsáid le haghaidh maoiniú díreach ná neamhdhíreach páirtithe polaitiúla eile, go háirithe páirtithe náisiúnta nó iarrthóirí náisiúnta. Leanfaidh na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na hiarrthóirí náisiúnta sin de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar maoiniú fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ná ó aon fhoinse eile a úsáid le haghaidh maoiniú díreach ná neamhdhíreach páirtithe polaitiúla ná iarrthóirí, cibé acu ar leibhéal na hEorpa nó ar leibhéal náisiúnta, ná fondúireachtaí ar leibhéal náisiúnta.

Airteagal 8

An cineál caiteachais

Gan dochar do mhaoiniú fondúireachtaí polaitiúla, ní fhéadfar leithreasaí a fhaightear ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach faoi chomhair caiteachais a bhaineann go díreach leis na cuspóirí a leagtar amach sa chlár polaitiúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(b).

Áireofar sa chaiteachas sin caiteachas riaracháin agus caiteachas a bhaineann le cúnamh teicniúil, cruinnithe, taighde, ócáidí trasteorann, staidéir, faisnéis agus foilseacháin.

Féadfaidh maoiniú feachtas arna seoladh ag na páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a bheith san áireamh i gcaiteachas na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, ina nglacann siad páirt de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(1)(d). I gcomhréir le hAirteagal 7, ní úsáidfear na leithreasaí sin chun páirtithe polaitiúla náisiúnta ná iarrthóirí náisiúnta a mhaoiniú go díreach ná go neamhdhíreach.

Ní bhainfear úsáid as an gcaiteachas sin chun feachtais reifreann a mhaoiniú.

I gcomhréir le hAirteagal 8 den Ionstraim maidir le toghadh feisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, áfach, déantar maoiniú na gcaiteachas toghcháin agus teorannú na gcaiteachas sin do na páirtithe agus do na hiarrthóirí go léir ag toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a rialú i ngach Ballstát le foráil náisiúnta.’;

6)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

‘1.   Déanfar leithreasaí le haghaidh maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a chinneadh faoin nós imeachta buiséadach bliantúil agus déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus lena fhorálacha cur chun feidhme.

Is é an t-oifigeach um údarú a leagfaidh síos nósanna imeachta cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Déanfar luacháil maoine sochorraithe agus dochorraithe, mar aon lena dímheas, i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí faoi mar a leagtar síos in Airteagal 133 den Rialachán Airgeadais.

3.   Déanfar rialú an mhaoinithe arna dheonú faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus lena fhorálacha cur chun feidhme.

Déanfar rialú a fheidhmiú freisin ar bhonn deimhniú bliantúil le hiniúchadh seachtrach, neamhspleách. Déanfar an deimhniú sin a tharchur, laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann, chuig Parlaimint na hEorpa.’;

7)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 9a

Trédhearcacht

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa i roinn dá láithreán gréasáin arna cruthú chun na críche sin, na doiciméid seo a leanas i dteannta a chéile:

tuarascáil bhliantúil ina mbeidh tábla de na méideanna a íocadh le gach páirtí polaitiúil agus le gach fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa, i gcomhair gach bliana airgeadais ar íocadh deontais ina leith;

tuarascáil Pharlaimint na hEorpa ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na gníomhaíochtaí a maoiníodh, dá dtagraítear in Airteagal 12;

na forálacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.’;

8)

in Airteagal 10, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní rachaidh maoiniú a mhuirearófar ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh thar 85 % de na costais sin a bheidh ar pháirtí polaitiúil nó ar fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal na hEorpa atá incháilithe chun maoiniú a fháil. Is ar an bpáirtí polaitiúil ar leibhéal na hEorpa lena mbaineann a bheidh an dualgas cruthúnais.’;

9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Meastóireacht

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa tuarascáil, faoin 15 Feabhra 2011, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú. Sonróidh an tuarascáil, i gcás inar cuí, leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an gcóras maoinithe.’.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán seo maidir le deontais a dhámhfar ar pháirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa amhail ón mbliain airgeadais 2008.

Don bhliain airgeadais 2008, bainfidh aon iarratais ar mhaoiniú fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal na hEorpa de bhun Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 go heisiach le costais incháilithe a tabhaíodh tar éis an 1 Meán Fómhair 2008.

Féadfaidh páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa a bhfuil a n-iarratais ar dheontais don bhliain 2008 tíolactha go cuí acu, faoin 28 Márta 2008, iarratas breise ar mhaoiniú a thíolacadh bunaithe ar na modhnuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo agus, i gcás inar cuí, iarratas a dhéanamh ar dheontas i gcomhair na fondúireachta polaitiúla ar leibhéal na hEorpa atá cleamhnaithe leis an bpáirtí polaitiúil sin. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa bearta cur chun feidhme cuí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.

(2)  IO L 297, 15.11.2003, lch. 1.

(3)  IO C 292 E, 1.12.2006, lch. 127.

(4)  IO L 278, 8.10.1976, lch. 1. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom (IO L 283, 21.10.2002, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 248, 16.9.2002, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007,lch. 9).’;


Top