EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0192
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Council Regulation (EC) No 1225/2009 on protection against dumped imports from countries not members of the European Community and Council Regulation (EC) No 597/2009 on protection against subsidised imports from countries not members of the European Community
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad
/* COM/2013/0192 final - 2013/0103 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad /* COM/2013/0192 final - 2013/0103 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Forais agus cuspóirí an togra Baineann an togra seo le leasuithe ar
Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (“an bunrialachán frithdhumpála”) agus
Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (“an bunrialachán frith‑fhóirdheontais”).
Ag cur i gcuntas nach ndearnadh athbhreithniú suntasach ar na Rialacháin seo ó
cuireadh Babhta Uragua i gcrích in 1995 agus ag cur conclúidí an staidéir
meastóireachta a rinneadh maidir le feidhmiú na n‑ionstraimí sin san
áireamh, tá sé beartaithe na hionstraimí a nuashonrú agus a nuachóiriú. Comhthéacs ginearálta Déantar foráil in Airteagal 207 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, inter alia, maidir le bearta
atá le bunú chun trádáil a chosaint amhail na bearta sin atá le cur i bhfeidhm
i gcás dumpála nó fóirdheontas. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Na Rialacháin thuasluaite ón gComhairle. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí
eile an Aontais Níl aon choimhlint le haon bheartas ná le haon
chuspóir de chuid an Aontais. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Tugadh deis do pháirtithe leasmhara ar bhain
an togra seo leo páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh idir
Aibreán agus Iúil 2012. Tá achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí le
fáil ar shuíomh gréasáin AS na Trádála ó Dheireadh Fómhair 2012. Bailiú agus úsáid saineolais Cuireadh staidéar meastóireachta ar fheidhmiú
ionstraimí frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais an AE i gcrích ag tús
2012 agus tá torthaí an staidéir le fáil ar shuíomh gréasáin AS na Trádála ó
shin. Measúnú Tionchair Le haird ar thorthaí an chomhairliúcháin
phoiblí, an staidéir meastóireachta agus ar chleachtas fairsing an Choimisiúin
in úsáid ionstraimí, rinneadh measúnú tionchair i bhfómhar 2012. Aithníodh sa
tuarascáil ar an measúnú tionchair fadhbanna a bhaineann le feidhmiú na n‑ionstraimí
cosanta trádála agus moladh inti roinnt réiteach éagsúil. Rinne an Bord um
Measúnú Tionchair an tuarascáil a mheas i mí na Nollag 2012 agus thug sé
tuairim fhabhrach faoi réir roinnt athbhreithnithe a dhéanamh ar an tuarascáil.
Tá athbhreithniú déanta ar an tuarascáil agus críoch curtha léi ó shin. Is iad
na réitigh tosaíochta bunús an togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Tá sé beartaithe na bunrialacháin
frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais a leasú d'fhonn iad a fheabhsú i
roinnt réimsí. Maidir le trédhearcacht agus intuarthacht, déanfar iad a
fheabhsú trína áirithiú go gcuirfear páirtithe leasmhara ar an eolas coicís
roimh fhorchur na mbeart sealadach go bhfuil a leithéid sin de bheart le
forchur. Tabharfar ráthaíocht do pháirtithe freisin nach ndéanfar na bearta a
fhorchur laistigh den tréimhse coicíse sin. Seolfar achoimre den bhunús ar a
bhfuil sé beartaithe na bearta a fhorchur chuig páirtithe leasmhara agus beidh
deis acu a dtuairimí a thabhairt maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus
díobhála. Os a choinne sin, nuair a chinnfear nach bhfuil bearta sealadacha le
forchur ach go bhfuiltear le leanúint leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do
pháirtithe leasmhara, coicís roimh dháta deiridh an fhorchuir, go bhfuil sé
beartaithe gan a leithéid de bhearta a fhorchur. I ndáil le bagairtí frithbheartaíochta i
gcoinne tháirgeoirí an Aontais atá ag smaoineamh ar ghearán frithdhumpála
agus/nó frith‑fhóirdheontais a dhéanamh, measfar gurb ionann na bagairtí
sin agus cúinsí speisialta agus bonn le hoscailt ex-officio imscrúdaithe
a bheidh ann. Chomh maith leis sin, i gcás ina n‑osclófar imscrúduithe ar
bhonn ex-officio, tá sé beartaithe dualgas a chur ar tháirgeoirí an Aontais
comhoibriú le reáchtáil an imeachta. I ndáil le héifeachtacht na n‑ionstraimí,
tá sé beartaithe deireadh a chur le riail na dleachta níos lú i gcás imchéimnithe,
nó i gcás ina n‑aimsítear saobhadh struchtúrtha amhábhair, agus i gcás
fóirdheonaithe. I ndáil le hathbhreithnithe, tá sé beartaithe dleachtanna a
bailíodh le linn imscrúdaithe ar athbhreithniú maidir le dul in éag arna
thabhairt chun críche trí aisghairm na mbeart, a aisíoc. Ar deireadh, tá roinnt réimsí a bhfuil sé
beartaithe cleachtais áirithe a bhaineann leo a chódú, cleachtais a eascraíonn
as rialuithe Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBE) nó na
hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO) atá tugtha anuas le blianta beaga anuas.
Baineann siad sin leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais, na hiarmhairtí do
tháirgeoirí onnmhairithe nach bhfuil, de réir imscrúdú bunaidh, ag dumpáil nó
atá ag dumpáil ag leibhéil de-minimis, déileáil le himthosca athraithe
in imscrúdú ar athbhreithniú, láimhseáil cuideachtaí gaolmhara in imscrúduithe
frith‑imchéimnithe, na coinníollacha a bhaineann le hallmhairí a chlárú
agus an bunús le sampla de tháirgeoirí an Aontais a roghnú. Bunús dlí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh. Prionsabal na coimhdeachta Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an
Aontais. Níl feidhm le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: Tá cur síos déanta ar fhoirm na gníomhaíochta
sna Bunrialacháin thuasluaite agus níl aon scóip ann do chinntí náisiúnta. Ní bheidh aon ualach breise airgeadais ná
riaracháin ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha agus
áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha ná ar shaoránaigh. Mar sin féin, is iad na
húdaráis náisiúnta chustaim a bheidh ag déileáil le haisíocaíocht dleachtanna
arna mbailiú le linn athbhreithniú leanúnach maidir le dul in éag, mura mbíonn
fadú beart mar thoradh ar an athbhreithniú sin maidir le dul in éag. Meastar
nach mbeidh an t‑ualach oibre breise ar údaráis chustaim suntasach agus
go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóir an togra, i.e. cothroime na n‑ionstraimí
a mhéadú. Nuair nach gcuirfear riail na dleachta níos lú
i bhfeidhm i gcásanna imchéimnithe, nó i gcás saofa struchtúrtha amhábhair, nó
i gcás fóirdheontais, beidh sé i gcomhréir leis an ngá breise trádáil a
chosaint sna cásanna sin. Rogha ionstraimí Ionstraimí beartaithe: Rialachán. Ní bheadh modhanna eile fónta ar an gcúis (na
cúiseanna) seo a leanas: Ní dhéantar foráil sna Bunrialacháin
thuasluaite do roghanna malartacha. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Beidh impleachtaí ag an togra do bhuiséad an
Aontais. I gcásanna áirithe beidh neamhchur i bhfeidhm riail na dleachta níos
lú in imthosca áirithe mar bhonn le leibhéil dleachtanna níos airde agus, dá
réir sin, beidh sé mar bhonn le hioncam a fheabhsú. Is ionann aisíocaíocht na
ndleachtanna i gcásanna ina ndéantar bearta a fhoirceannadh i ndiaidh athbhreithnithe
maidir le dul in éag agus costas do bhuiséad an Aontais. Baineann
fíordheacracht le cainníochtú ó tharla go mbraitheann aon ioncam nó aon chostas
ar imthosca gach cáis aonair. Beidh roinnt athruithe cleachtais san áireamh
sna hathruithe reachtacha atá beartaithe freisin. Ní bheidh aon impleachtaí
buiséadacha luaite leo sin ach beidh athruithe ar na gnáthaimh oibre mar bhonn
leo (e.g.: réamhnochtadh, réamhfhógra, doiciméad achomair). Beidh tionchar ag
uasghrádú na deisce cabhraí do FBManna (mínithe sa teachtaireacht) ar
acmhainní. Féach ar an ráiteas airgeadais simplithe atá i gceangal leis seo. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Neamhbhainteach. 2013/0103 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009
ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón
gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag
féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe
Airteagal 207(2) de, Ag
féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar
éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag
gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009
ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne
allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach[1] iad agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne
allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad, tá
rialacha coiteanna maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte agus
allmhairí fóirdheontais faoi seach ó thíortha nach baill den Chomhphobal
Eorpach iad[2]
(dá ngairfear na 'Rialacháin' anseo feasta). Glacadh na Rialacháin sin ar dtús
in 1995 i ndiaidh Bhabhta Uragua a thabhairt i gcrích. Ó tharla roinnt
leasuithe a bheith déanta ar na Rialacháin ó shin i leith, in 2009 chinn an
Chomhairle na rialacháin a chódú ar mhaithe le soiléireacht agus réasúntacht. (2) Cé go ndearnadh leasuithe ar
na Rialacháin, ní dhearnadh athbhreithniú ó bhonn ar fheidhmiú na n‑ionstraimí
sin ó 1995. Dá thoradh sin, chuir an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar na
Rialacháin in 2011 d'fhonn, inter alia, léargas níos fearr a thabhairt
ar riachtanais ghnó ag tús an 21ú aois. (3) I ndiaidh an athbhreithnithe,
ba cheart forálacha áirithe na Rialachán a leasú d’fhonn trédhearcacht agus
intuarthacht a fheabhsú, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha a
sholáthar chun frithbheartaíocht a chomhrac, éifeachtacht agus forfheidhmiú a fheabhsú
agus cleachtas athbhreithnithe a bharrfheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart
cleachtais áirithe a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas i gcomhthéacs
na n‑imscrúduithe frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais a áireamh
sna Rialacháin. (4) Chun trédhearcacht agus
intuarthacht na n‑imscrúduithe frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais
a fheabhsú, ba cheart na páirtithe a mbeidh tionchar ag forchur na mbeart
sealadach frithdhumpála agus frithchúitimh orthu, allmhaireoirí go háirithe, a
chur ar an eolas faoi fhorchur in aicearracht na mbeart sin. Ba cheart go
bhfreagródh an méid ama a thugtar don tréimhse idir an uair a chuirtear an
dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid an choiste frithdhumpála arna bhunú
de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus an choiste
frith‑fhóirdheontais arna bhunú de bhun Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
agus glacadh an ghnímh sin ag an gCoimisiún. Socraítear
an tréimhse sin in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.Chomh
maith leis sin, i ndáil le himscrúduithe nach bhfuil sé oiriúnach bearta
sealadacha a fhorchur ina leith, tá sé inmhianaithe go dtuigeann páirtithe
roimh ré go bhfuil a leithéid sin de neamh‑fhorchur i gceist. (5) Ba cheart tréimhse ghearr a
thabhairt d'onnmhaireoirí nó do tháirgeoirí roimh fhorchur na mbeart sealadach
chun deis a thabhairt dóibh ríomh a gcorrlaigh aonair dumpála nó fóirdheontais
a sheiceáil. D'fhéadfaí botúin sa ríomh a cheartú ansin roimh na bearta a
fhorchur. (6) Chun bearta éifeachtacha a
áirithiú d'fhonn frithbheartaíocht a chomhrac, ba cheart go mbeadh táirgeoirí
an Aontais in ann brath ar na Rialacháin gan bagairtí frithbheartaíochta ó
thríú páirtithe. Déantar foráil sna forálacha atá ann faoi láthair, faoi
chúinsí speisialta, maidir le himscrúdú a thionscamh gan gearán a fháil, i gcás
ina bhfuil dóthain fianaise ann i ndáil le dumpáil, fóirdheontais in‑fhrithchúitithe,
agus nasc idir díobháil agus cúis. Ba cheart bagairtí frithbheartaíochta a
áireamh sna cúinsí speisialta sin. (7) I gcás nach é gearán is cúis
le himscrúdú a thionscnamh, ba cheart oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí an
Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar chun leanúint leis an imscrúdú, chun a
áirithiú go bhfuil dóthain faisnéise ar fáil chun an t‑imscrúdú a
dhéanamh i gcás bagairtí frithbheartaíochta. (8) Tá méadú ag teacht ar a mhéid
a chuireann tríú tíortha isteach ar thrádáil amhábhar agus é mar aidhm acu
amhábhair a choinneáil sna tíortha sin ar mhaithe le húsáideoirí iartheachtacha
baile, mar shampla trí chánacha onnmhairithe a fhorchur nó scéimeanna
déphraghsála a reáchtáil. Dá bhrí sin, ní toradh ar oibriú gnáthfhórsaí
margaidh lena léirítear soláthar agus éileamh i gcás amhábhair ar leith iad na
costais amhábhar. Tuilleadh saofa ar thrádáil atá mar thoradh ar an gcur isteach
sin. Dá bhrí sin, ní hamháin go ndéantar díobháil do tháirgeoirí an Aontais de
dheasca dumpála, ach cuireann breis saofa ar thrádáil isteach orthu i
gcomparáid le táirgeoirí iartheachtacha ó thríú tíortha atá ag gabháil do na
cleachtais sin. Chun trádáil a chosaint go leordhóthanach, ní bheidh feidhm ag
riail an dleachta níos lú sna cásanna sin ina mbíonn saobhadh struchtúrtha ar
amhábhar. (9) Laistigh den Aontas, tá cosc
ar fhóirdheontais in‑fhrithchúitithe i bprionsabal de bhun Airteagal
107(1) den CFAE. Dá bhrí sin, déanann fóirdheontais in‑fhrithchúitithe
arna ndeonú ag tríú tíortha saobhadh ar thrádáil go háirithe. Tá laghdú tagtha
ar mhéid na Státchabhrach arna údarú ag an gCoimisiún de réir a chéile. I gcás
na hionstraime frith‑fhóirdheontais, níor cheart riail an dleachta níos
lú a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, ar allmhairí ó thír/ó thíortha atá páirteach
i bhfóirdheonú. (10) Chun an cleachtas
athbhreithnithe a bharrfheabhsú, ba cheart dleachtanna a bhailítear le linn an
imscrúdaithe a aisíoc le hallmhaireoirí, i gcás nach bhfadaítear bearta tar éis
an imscrúdú ar athbhreithniú maidir le dul in éag a thabhairt i gcrích. Is
iomchuí sin ó tharla go bhfuil sé feicthe nach bhfuil na coinníollacha atá
riachtanach le leanúint leis na bearta ann le linn na tréimhse imscrúdaithe. (11) Ba cheart cleachtais áirithe a
cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas i gcomhthéacs na n‑imscrúduithe
frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais a áireamh sna Rialacháin. (12) Níor cheart tionscal an
Aontais a shainiú tuilleadh trí thagairt a dhéanamh do na táirsigh tionscnaimh
atá leagtha amach sna Rialacháin. (13) In imscrúduithe tosaigh ina
bhfuil corrlaigh dumpála nó fóirdheontais níos lú ná na táirsigh de minimis,
ba cheart an t‑imscrúdú a fhoirceannadh láithreach i ndáil le
hallmhaireoirí nach mbeidh faoi réir imscrúduithe ar athbhreithniú ina dhiaidh
sin. (14) Faoi chuimsiú na n‑imscrúduithe
ar athbhreithniú maidir le frithdhumpáil agus frith‑fhóirdheontas, is
iomchuí an mhodheolaíocht a athrú i gcomparáid leis an imscrúdú a bhí mar bhonn
le forchur an bhirt d'fhonn a áirithiú, inter alia, go n‑úsáidtear
modheolaíochtaí comhleanúnacha le linn imscrúduithe difriúla ag pointe ama ar
leith. Leis sin, go háirithe, beidh scóip ann modheolaíochtaí a athrú a
athbhreithnítear de réir mar a thagann athrú ar chúrsaí. (15) I gcás ina gcomhlíontar na
coinníollacha chun imscrúdú frith‑imchéimnithe a thionscnamh, ba cheart
na hallmhairí i ngach cás a bheith faoi réir clárú. (16) In imscrúduithe frith‑imchéimnithe,
bheadh sé inmholta deireadh a chur leis an gcoinníoll, d’fhonn díolúine a fháil
ó chlárú nó ó dhleachtanna fadaithe, nár cheart go mbeadh táirgeoirí an táirge
i dtrácht gaolta le haon táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh. Is amhlaidh
atá ó tharla i bhfianaise taithí nach mbíonn táirgeoirí an táirge i gceist
páirteach uaireanta i gcleachtais imchéimnithe ach go mbíonn siad gaolta le
táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh. Ina leithéid sin de chás, níor
cheart díolúine a dhiúltú do tháirgeoir ar an bhforás go bhfuil an chuideachta
gaolta le táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh agus ar an bhforás sin
amháin. Chomh maith leis sin, nuair a tharlaíonn an cleachtas imchéimnithe san
Aontas, níor cheart gur gné chinniúnach é na allmhaireoirí a bheith gaolta le
táirgeoirí atá faoi réir na mbeart agus cinneadh á dhéanamh an bhféadfar
díolúine a dheonú ar an allmhaireoir. (17) I gcás ina bhfuil an líon
táirgeoirí san Aontas chomh mór sin nach mór dul i muinín samplála, ba cheart
sampla táirgeoirí a roghnú as measc tháirgeoirí uile an Aontais agus ní hamháin
as measc na dtáirgeoirí sin a dhéanann an gearán. (18) Agus measúnú á dhéanamh ar
leas an Aontais, ba cheart deis a thabhairt do tháirgeoirí uile an Aontais,
agus ní hamháin na táirgeoirí sin a dhéanann gearán, tráchtaí a sholáthar. (19) Dá bhrí sin, ba cheart
Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 a
leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 1225/2009 mar seo a leanas: 1. In
Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh: '1. Chun críocha
an Rialacháin seo, déanfar an téarma 'tionscal an Aontais’ a léirmhíniú mar
théarma a thagraíonn do tháirgeoirí táirgí cosúil an Aontais uile nó do na
táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán
suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:' 2. Cuirtear
mír 10 mar a leanas le hAirteagal 6: '10. Tá dualgas
ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú in imeachtaí arna dtionscnamh
de bhun Airteagal 5(6).' 3. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
(a) i mír 1,
cuirtear isteach an abairt seo a leanas: 'Ní dhéanfar
dleachtanna sealadacha a fhorchur laistigh de thréimhse coicíse i ndiaidh na
faisnéise a sheoladh chuig páirtithe leasmhara faoi Airteagal 19a. Beidh soláthar na faisnéise sin gan dochar d'aon
chinneadh a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin.' (b) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad mhír 2: 'Ní rachaidh méid
na dleachta sealadaí frithdhumpála thar an gcorrlach dumpála arna bhunú go
sealadach. Ach amháin má aimsítear saobhadh struchtúrtha amhábhair i ndáil leis
an táirge lena mbaineann sa tír onnmhairithe, ba cheart go mbeadh sé níos lú ná
an corrlach dumpála dá mba leor dleacht níos lú chun deireadh a chur le
díobháil do thionscal an Aontais.' 4. Leasaítear
Airteagal 9 mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid
seo a leanas in ionad mhír 3: '3. I gcás
imeachta arna thionscnamh de bhun Airteagal 5(9), is gnách go bhféachfar
ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás inarb ionann na hallmhairí i
gceist agus níos lú ná na méideanna atá sonraithe in Airteagal 5(7). I
ndáil leis an imeacht céanna, déanfar é a fhoirceannadh láithreach i gcás ina
meastar an corrlach dumpála a bheith níos lú ná 2 %, arna chur in iúl mar
chéatadán de phraghas na n‑onnmhairí.' (b) i mír 4,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh: 'Ní rachaidh méid na
dleachta frithdhumpála thar an gcorrlach dumpála arna bhunú. Ach amháin má
aimsítear saobhadh struchtúrtha amhábhair i ndáil leis an táirge lena mbaineann
sa tír onnmhairithe, beidh sé níos lú ná an corrlach dumpála más leor dleacht
níos lú chun deireadh a chur le díobháil do thionscal an Aontais.' 5. Leasaítear
Airteagal 11 mar seo a leanas: (a) i mír 5,
cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: 'Má théann an beart
in éag tar éis imscrúdú a dhéanamh de bhun mhír 2, déanfar aon dleacht a
bailíodh ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe sin a aisíoc ar choinníoll go n‑iarrtar
sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis sin i
gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le
haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Ní íocfaidh na húdaráis náisiúnta
custaim lena mbaineann ús mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.' (a) scriostar
mír 9. 6. Leasaítear
Airteagal 13 mar seo a leanas: (a) i mír (3),
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte: 'Déanfar imscrúdú a thionscnamh, tar éis dul i
gcomhairle leis an gCoiste Comhairliúcháin, le Rialachán ón gCoimisiún lena
dtabharfar treoir do na húdaráis chustaim freisin allmhairí a chur faoi réir a
gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh.' (b) i mír 4,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre: 'Ní bheidh allmhairí
faoi réir clárú de bhun Airteagal 14(5) ná faoi réir beart i gcás ina
bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí. Déanfar
iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a chur isteach laistigh de na
teorainneacha ama arna mbunú sa rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t‑imscrúdú.
I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den
Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach
bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 1 agus
mír 2 den Airteagal seo. I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó
obair imchéimnithe laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar
allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe
mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.' 7. Cuirtear
an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(1): ‘1. I gcásanna ina
bhfuil líon mór táirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais,
cineálacha táirgí nó idirbheart ann, féadfar an t‑imscrúdú a theorannú do
líon réasúnta páirtithe, táirgí nó idirbheart trí úsáid a bhaint as samplaí atá
bailí ó thaobh staitisticí ar bhonn faisnéise atá ar fáil tráth an roghnaithe,
nó a theorannú don líon ionadaíoch is mó táirgthe, díolachán nó onnmhairí is
féidir a imscrúdú go réasúnta laistigh den mhéid ama atá ar fáil.’ 8. Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 19: 'Airteagal 19a Faisnéis faoi bhearta sealadacha 1.
Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an
Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe ón tír onnmhairithe,
faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a iarraidh. Déanfar iarrataí ar an bhfaisnéis sin i scríbhinn
laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra tionscnaimh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na páirtithe
sin coicís ar a laghad roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in
Airteagal 7(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin: (a) achoimre ar na
bearta atá beartaithe chun críocha faisnéise amháin, agus (b) sonraí faoi
ríomh an chorrlaigh dumpála agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh
a chur le díobháil do thionscail an Aontais, ag féachaint don riachtanas a
bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta atá luaite in Airteagal 19 a
urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ag
páirtithe chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna. 2. Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a fhorchur ach
leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh‑fhorchur na ndleachtanna in iúl
do pháirtithe leasmhara coicís roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in
Airteagal 7(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha.' 9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(2): '2. D’fhonn bunús
fónta a sholáthar a chuireann ar chumas na n‑údarás na dearcthaí ar fad
agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir le cibé a
bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh
táirgeoirí, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí ionadaíocha
agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá
sonraithe i bhfógra tionscnaimh an imscrúdaithe frithdhumpála, iad féin a chur
in iúl agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear an fhaisnéis sin, nó
achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san
Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a thabhairt ar an
bhfaisnéis sin.' Airteagal 2 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
mar seo a leanas: 1. In
Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh: '1. Chun críocha
an Rialacháin seo, déanfar an téarma 'tionscal an Aontais’ a léirmhíniú mar
théarma a thagraíonn do tháirgeoirí táirgí cosúil an Aontais nó do na
táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán
suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:' 2. Cuirtear
mír nua le hAirteagal 11: '11. Tá dualgas
ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú in imeachtaí arna
dtionscnamh de bhun Airteagal 10(8).' 3. Leasaítear Airteagal 12(1) mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid
seo a leanas in ionad fhomhír 3: 'Ní rachaidh méid na
dleachta frithchúitimh shealadaigh thar méid iomlán na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe
arna bhunú go sealadach.' (b) cuirtear an
fhomhír seo a leanas leis an deireadh: 'Ní dhéanfar
dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse coicíse i
ndiaidh na faisnéise a sheoladh chuig páirtithe leasmhara faoi
Airteagal 29b. Beidh soláthar na
faisnéise sin gan dochar d'aon chinneadh a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh
ina dhiaidh sin .' 4. In
Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: '5. Glacfar leis
go mbeidh méid na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe de minimis má
tá an méid sin níos lú ná 1% ad valorem, ach amháin i gcás, maidir leis
na himscrúduithe a bhaineann le hallmhairí ó thíortha i mbéal forbartha, ina
mbeidh an tairseach de minimis cothrom le 2% ad valorem.' 5. Cuirtear
an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d'Airteagal 15(1): 'Ní rachaidh méid na
dleachta frithchúitimh thar méid na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe
arna bhunú.' 6. Leasaítear
Airteagal 22 mar seo a leanas: (a) i mír 1,
cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: 'Más rud é, tar éis
imscrúdaithe arna dhéanamh de bhua Airteagal 18, go dtéann an beart in
éag, déanfar aon dleachtanna arna mbailiú i ndiaidh dáta tionscnaimh an
imscrúdaithe sin a aisíoc. Ba cheart an aisíocaíocht a iarraidh ó na húdaráis
náisiúnta custaim i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme.'
(a) scriostar
mír 6. 7. Leasaítear
Airteagal 23 mar seo a leanas: (a) sa dara habairt
de mhír 4, cuirfear "Déanfar imscrúduithe a thionscnamh" in ionad
"Féadfar imscrúduithe a thioscnamh". (b) i mír 6,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: 'I gcás ina
dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den Aontas,
féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach bhfuil
páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 3.' (c) i mír 6, cuirtear
an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: 'I gcás ina
dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe laistigh den Aontas,
féadfar díolúintí a dheonú ar allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad
páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 3.' 8. Cuirtear
an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 27(1): ‘1. I gcásanna ina
bhfuil líon mór táirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais,
cineálacha táirgí nó idirbheart ann, d’fhéadfaí go mbeadh an t‑imscrúdú
teoranta do:’ 9. Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 29: 'Airteagal 29b Faisnéis faoi bhearta sealadacha 1.
Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an
Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus an tír thionscnaimh agus/nó
onnmhairithe, faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a
iarraidh. Déanfar iarrataí ar an bhfaisnéis
sin i scríbhinn laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra
tionscnaimh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil
do na páirtithe sin coicís ar a laghad roimh dhul in éag an spriocdháta atá
luaite in Airteagal 12(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha. Áireofar ar an
bhfaisnéis sin: (a) achoimre ar na
bearta atá beartaithe chun críocha faisnéise amháin, agus (b) sonraí faoi
ríomh an chorrlaigh fóirdheontais agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun
deireadh a chur le díobháil do thionscail an Aontais, ag féachaint don
riachtanas a bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta atá luaite in Airteagal 29
a urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ag
páirtithe chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna. 2.
Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a
fhorchur ach leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh‑fhorchur na
ndleachtanna in iúl do pháirtithe leasmhara coicís roimh dhul in éag an
spriocdháta atá luaite in Airteagal 12(1) d’fhorchur na ndleachtanna
sealadacha.' 10. Cuirtear an
méid seo a leanas in ionad Airteagal 31(2): '2. D’fhonn bunús
fónta a sholáthar a chuireann ar chumas na n‑údarás na dearcthaí ar fad
agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir le cibé a
bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh
táirgeoirí, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí
ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na
teorainneacha ama atá sonraithe i bhfógra tionscanta an imscrúdaithe
frithchúitimh, iad féin a chur in iúl agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún.
Cuirfear an fhaisnéis sin, nó achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe
eile atá sonraithe sa mhír seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a
thabhairt ar an bhfaisnéis sin.' Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 4 Beidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir leis na himscrúduithe ar fad ar foilsíodh fógra
tionscnaimh ina leith san Iris Oifigiúil de bhun Airteagal 10(11) de
Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nó Airteagal 5(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009,
tar éis dháta theacht i bhfeidhm an rialacháin seo. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS SIMPLITHE (le húsáid i ndáil le haon Rialachán
inmheánach ón gCoimisiún a bhfuil suntas ginearálta ag baint leis agus a bhfuil
tionchar buiséadach aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin nó ar acmhainní
daonna, nuair nach bhfuil sé iomchuí úsáid a bhaint as ráiteas airgeadais de
chineál ar bith eile – Airteagal 23 de na Rialacha Inmheánacha) 1 Teideal an dréacht‑Rialacháin: Nuachóiriú na n‑ionstraimí cosanta
trádála 2 Réimsí beartais agus gníomhaíochtaí
ABB lena mbaineann: 20: Beartas trádála 3 Bunús dlí: ¨ Neamhspleáchas riaracháin þ Eile (sonraigh): Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón
gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón
gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach
baill den Chomhphobal Eorpach iad 4 Cur síos agus foras: Tá ionstraimí cosanta trádála reatha an AE á
nuachóiriú d’fhonn a gcuid éifeachtachta agus éifeachtúlachta a fheabhsú. Is
éard atá sa tionscnamh seo ná cumarsáid, togra reachtach agus treoirlínte. 5 An fad agus an tionchar
airgeadais a mheastar a bheidh ann: 5.1 Tréimhse iarratais: ¨ Rialachán a bhfuil fad teoranta luaite leis: Rialachán atá i
bhfeidhm ón [dáta] go [dáta] þ Rialachán a bhfuil fad éiginnte luaite leis: i bhfeidhm ón
[dáta] 5.2 An tionchar buiséadach a mheastar
a bheith ann: Cuimsíonn an dréacht‑Rialachán: ¨ coigiltis þ costais bhreise (más ann dóibh, sonraigh ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil lena mbaineann): Teideal 5: costais riaracháin Cuir i gcrích an tábla an tionchair airgeadais
a mheastar san iarscríbhinn a bhaineann leis na leithreasuithe de chineál
riaracháin nó le hacmhainní daonna. Más amhlaidh go bhfuil fad éiginnte luaite
leis an dréacht‑Rialachán, ní mór na costais a bhaineann le gach bliain
forbartha a chur in iúl agus na costais a bhaineann le gach bliain ina bhfuil
cumas oibriúcháin iomlán (sa cholún dar teideal "Iomlán/costas
bliantúil"). 5.3 Ranníocaíochtaí
tríú páirtí leis an dréacht‑Rialachán a mhaoiniú: Má dhéantar foráil sa togra maidir le
cómhaoiniú Ballstát nó comhlachtaí eile (sonraigh cibé acu, le do thoil), ba
cheart duit meastachán den leibhéal cómhaoinithe a thabhairt, más eol é. leithreasuithe in EUR
milliún (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n+5 || Bliain n+6 || Iomlán Sonraigh foinse/comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 5.4 Míniúchán ar fhigiúirí: Tá na meánchostais foirne luaite ag bun an
leathanaigh http://www.cc.cec/budg/pre/legalbasis/pre-040-020_preparation_en.html 6 Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha: þ Tá an togra comhoiriúnach don chlár airgeadais reatha. ¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil san áireamh sa togra. ¨ Éilíonn an togra úsáid a bhaint as an ionstraim sholúbthachta
nó as athbhreithniú an chreata airgeadais ilbhliantúil[3]. 7 Tionchar coigiltis nó costas
breise ar leithdháileadh acmhainní: þ Acmhainní le fáil trí ath‑imlonnú inmheánach laistigh de
ranna ¨ Acmhainní atá leithdháilte cheana féin ar na ranna lena
mbaineann ¨ Acmhainní le hiarraidh i rith an chéad nós imeachta
leithdháilte eile Cumhdófar na hacmhainní daonna agus
riaracháin a theastaíonn sa leithdháileadh a fhéadfar a dheonú ar an AS
bainistíochta faoin nós imeachta leithdháilte bliantúil i bhfianaise na srianta
buiséadacha atá ann cheana. IARSCRÍBHINN: TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH ANN
(coigiltis nó costais bhreise) LE hAGHAIDH LEITHREASUITHE DE CHINEÁL RIARACHÁIN
NÓ LE hAGHAIDH ACMHAINNÍ DAONNA FTE=Coibhéis
lánaimseartha Is é XX an réimse beartais nó an teideal lena
mbaineann EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) FTE i ndaoine/i mblianta || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || IOMLÁN /Costas bliantúil n || n+1 || n+2 || n+3 || n+4 || n+5 || n+6 Teideal 5 || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. Poist an phlean bunaíochta (oifigigh agus/nó foireann sealadach) XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 || 1 || 0,13 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || || || || || || || || Foireann seachtrach || XX 01 02 01 (‘clúdach iomlánaíoch’) || || || || || || || || || || || || || || || || XX 01 02 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán – Teideal 5 || || || || || || || || || || || || || || || || Lasmuigh de Theideal 5 || Poist an phlean bunaíochta (oifigigh agus/nó foireann sealadach) XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || || || || || || || || || Foireann seachtrach XX 01 04 yy || || || || || || || || || || || || || || || || - Ceanncheathrú || || || || || || || || || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || || || || || || || || || XX 01 05 02 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || || || || || || || || 10 01 05 02 (Taighde díreach) || || || || || || || || || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán – Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || Cumhdófar na
hacmhainní daonna agus riaracháin a theastaíonn sa leithdháileadh a fhéadfar a
dheonú ar an AS bainistíochta faoin nós imeachta leithdháilte bliantúil i
bhfianaise na srianta buiséadacha atá ann cheana. Leithreasuithe
riaracháin eile Is é XX an réimse beartais nó an teideal lena mbaineann EUR
milliún (go dtí an tríú deachúil) || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || IOMLÁN n || n+1 || n+2 || n+3 || n+4 || n+5 || n+6 Teideal 5 || || || || || || || || Ceanncheathrú: || || || || || || || || XX 01 02 11 01 – Misean agus costais ionadaíochta || || || || || || || || XX 01 02 11 02 – Costais chomhdhála agus cruinnithe || || || || || || || || XX 01 02 11 03 - Coistí || || || || || || || || XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin || || || || || || || || XX 01 03 01 03 – Trealamh agus troscán || || || || || || || || XX 01 03 01 04 – Seirbhísí agus caiteachas oibríochta eile || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh nuair is cuí) || || || || || || || || Toscaireachtaí: || || || || || || || || XX 01 02 12 01 – Misin, comhdhálacha agus costais ionadaíochta || || || || || || || || XX 01 02 12 02 – Breis oiliúint foirne || || || || || || || || XX 01 03 02 01 - Éadáil, ligean ar cíos agus caiteachas gaolmhar || || || || || || || || XX 01 03 02 02 Trealamh, troscán, soláthairtí agus seirbhísí || || || || || || || || Fo-iomlán – Teideal 5 || || || || || || || || Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || XX 01 04 yy – Caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin (gan foireann seachtrach san áireamh) ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochta (seanlínte "BA") || || || || || || || || - Ceanncheathrú || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 03 – Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde indíreach || || || || || || || || 10 01 05 03 – Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde díreach || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh nuair is cuí) || || || || || || || || Fo-iomlán – Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || MÓRIOMLÁN || || || || || || || || Cumhdófar na
hacmhainní daonna agus riaracháin a theastaíonn sa leithdháileadh a fhéadfar a
dheonú ar an AS bainistíochta faoin nós imeachta leithdháilte bliantúil i
bhfianaise na srianta buiséadacha atá ann cheana. [1] IO L 343, 22.12.2009, lch. 51. [2] IO L 188, 18.7.2009, lch. 93. [3] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach.