EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0617

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

/* COM/2012/0617 final - 2012/0295 (COD) */

52012PC0617

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí /* COM/2012/0617 final - 2012/0295 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Bochtaineacht agus díth ábhartha san Aontas

Faoi chuimsiú a stráitéise Eoraip 2020, tá sé leagtha amach ag an Aontas Eorpach mar chuspóir dó féin laghdú faoi 20 milliún ar a laghad a dhéanamh ar líon na ndaoine atá i mbochtaineacht nó in eisiamh sóisialta nó i mbaol a bheith amhlaidh faoi 2020. Mar sin féin, tá bochtaineacht agus eisiamh sóisialta imithe in olcas mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus is cúis imní é sin maidir le hiarmhairtí sóisialta do dhaoine aonair agus don tsochaí i gcoitinne.

In 2010, bhí beagnach an cheathrú cuid de mhuintir na hEorpa (116 milliún) i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Is é sin tuairim is 2 mhilliún sa bhreis ar an mbliain a tháinig roimhe agus deimhnítear an claonadh sin leis na chéad fhigiúirí atá ar fáil don bhliain 2011.

Cé go bhfuil riachtanais na ndaoine siúd a mhaireann ar imeall ár sochaí ag dul in olcas go leanúnach, tá laghdú tagtha ar chumas Ballstát tacú leo i gcuid mhór cásanna. Tá comhtháthú sóisialta faoi bhagairt ag srianta fioscacha níos mó ná riamh roimhe. I gcuid mhór Ballstát mothaítear go bhfuil beartais a chinntear ag leibhéal na hEorpa freagrach go pointe as na forbairtí seo.

Tá tionchar diúltach ag na leibhéil bhochtaineachta atá ag dul i méid ar dhálaí maireachtála shaoránaigh na hEorpa, agus tuairim is 40 milliún acu ag fulaingt mar gheall ar ghéardhíth ábhartha. Cé gur thit an figiúr seo go sonrach idir 2005 agus 2008, thosaigh sé ag éirí arís idir 2009 agus 2010 nuair a cuireadh 342,000 duine breise le líon na ndaoine a d’fhulaing géardhíth ábhartha laistigh d’aon bhliain amháin.

Tá easpa cumais teacht ar bhia ar na cainníochtaí agus ar an gcaighdeán cuí ar cheann de phríomhghnéithe géardhíthe. 8.7 % in 2010, i.e. níos mó ná 43 milliún duine, ba ea an sciar de dhaonra an Aontais nach raibh d'acmhainn acu béile ina bhfuil feoil, sicín nó iasc (nó a gcomhionann feoilséantach) a fháil gach dara lá – rud a shainíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar riachtanas bunúsach – agus léiríonn na chéad fhigiúirí atá ar fáil do 2011 claonadh gur in olcas atá cúrsaí ag dul.

Is leagan fíorghéar de dhíth ábhartha é easpa dídine atá i bhfad níos tromchúisí arís ná díothú bia. Is doiligh méid easpa dídine a mheas ach, léirítear i meastúcháin go raibh 4.1 milliún duine gan dídean san Eoraip in 2009/2010. Tháinig méadú le deireanaí ar líon na ndaoine gan dídean de bharr thionchar sóisialta an fháis ísil agus mhíchothroim agus de bharr dífhostaíochta atá ag dul i méid. Cúis níos mó imní fós, tá próifíl nua ag daoine gan dídean ag teacht chun cinn arb éard í líonta tí a bhfuil clann orthu, daoine óga agus daoine a bhfuil cúlra imirceach acu.

Tá 25.4 milliún leanbh i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta san Aontas. San iomlán, is mó an baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta do leanaí ná don chuid eile den daonra (27 % in aghaidh 23 % ). Cuireann sé seo faoi lé díoth ábhartha eile iad de bhreis ar dhíth cothaithe nó droch‑chothú. Mar shampla, ní mór do 5.7 milliún leanbh maireachtáil gan éadaí nua (neamh‑athláimhe) a fháil agus níl dhá phéire oiriúnacha bróg (lena n‑áirítear péire uile-aimsire) ag 4.7 milliún leanbh. Maidir le leanaí a fhulaingíonn na cineálacha sin díthe ábhartha, is lú an seans go n‑éireoidh go maith leo ar scoil, sláinte mhaith a bheith acu agus a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach mar dhuine fásta ná mar a éireoidh lena gcomhghleacaithe níos rachmasaí.

1.2.        Freagra an Aontais ar bhochtaineacht agus ar dhíth ábhartha

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) príomhionstraim an Aontais chun tacú le hinfhostaitheacht, le bochtaineacht a chomhrac agus le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus is é a bheidh ann feasta. Infheistítear go díreach sna daoine agus ina scileanna tríd an ionstraim struchtúrtha seo agus tá mar chuspóir aici deiseanna na ndaoine sin i margadh an tsaothair a fheabhsú dóibh. Fós féin, tá cuid de na saoránaigh is leochailí, a fhulaingíonn cásanna fíorbhochtaineachta, rófhada ó mhargadh an tsaothair chun tairbhiú de bhearta cuimsithe shóisialta CSE.

Tá clár an AE um Dháileadh Bia do na Daoine Is Díothaí (DID) ag cur cabhair bhia ar fáil le fiche bliain anuas do na daoine sin. Cruthaíodh é in 1987 chun úsáid fhóinteach a bhaint as barrachais talmhaíochta seachas iad a chur i mbaol a scriosta, trí iad a chur ar fáil do Bhallstáit ar mian leo iad a úsáid. Thar na blianta, d'éirigh an scéim ina foinse thábhachtach earraí d'eagraíochtaí a bhí ag obair go díreach leis na baill is mírathúla den tsochaí, trí bhia a sholáthar dóibh. Mar gheall ar ídiú stoic idirghabhála agus gur deacair a méid a thuar thar an tréimhse 2011-2020, de thoradh athchóirithe éagsúla ar an gComhbheartas Talmhaíochta, baineadh an réasúnaíocht a ba bhonn leis an clár DID de agus scorfar é ag deireadh 2013.

Is cúis fadhbanna tromchúiseacha go fóill é díth ábhartha, áfach, agus tá riachtanas leantach le cúnamh an AE do na daoine is díothaí sa tsochaí. Ina thogra don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile léirigh an Coimisiún é seo agus chuir cúlchiste de €2.5 billiún in áirithe sa bhuiséad le haghaidh ionstraime nua arna ceapadh chun cásanna fíorbhochtaineachta agus eisiaimh a chomhrac.

I bhfianaise an méid sin, bunaítear leis an Rialachán atá bearthaithe don tréimhse 2014‑2020 ionstraim nua a chomhlánóidh na hionstraimí comhtháthaithe reatha agus go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa, trí aghaidh a thabhairt ar na cásanna is measa agus is déine go sóisialta a bhaineann le bochtaineacht, le díth bia mar aon le heaspa dídine agus díth ábhartha leanaí, agus san am céanna ag tacú le bearta tionlacain a bhfuil sé mar aidhm acu ath‑imeascadh sóisialta na ndaoine is díothaí san Aontas a bhaint amach.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Seasamh na bpáirtithe leasmhara

A bhuí le plé sa Chomhairle, agus sa Pharlaimint, leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla maidir leis na modhanna reatha cabhrach do na daoine is díothaí faoin gclár DID, tá léargas agus smaointe fóinteacha tugtha don todhchaí. Ina theannta sin, bhí an Coimisiún oscailte do thuairimí páirtithe leasmhara agus chuaigh sé i gcomhairle le brateagraíochtaí ag leibhéal an AE a fheidhmíonn ar son seachadóirí cabhrach bia agus faighteoirí deiridh.

Cháin eagraíochtaí na sochaí sibhialta go géar an gearradh siar suntasach a beartaíodh a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar faoin scéim DID in 2012, agus chuir ionadaithe na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil béim ar thábhacht na tacaíochta seo agus iad ag impí go leanfaí de ag tráth ina bhfuil riachtanais ag dul i méid.

Tá sé tugtha le fios arís agus arís eile ag eagraíochtaí carthanachta móra agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ionadaíonn do bhainc bia, chomh maith le heagraíochtaí a oibríonn le leanaí agus le daoine gan dídean, an gá le tacaíocht ón bpobal agus go háirithe ón AE.

Cuireadh dhá chruinniú ar bun le bratchomhlachais ó eagraíochtaí a ionadaíonn ní amháin do na tairbhithe ach do na faighteoirí deiridh iarbhír freisin. Ar an iomlán chuir na heagraíochtaí fáilte roimh an leathnú is féidir a dhéanamh ar raon feidhme na hionstraime chun níos mó ná cabhair bhia a áireamh agus roimh an smaoineamh cur chuige duinelárnach a ghlacadh.

Níl tuairimí na mBallstát ar aon fhocal maidir le hionstraim den sórt sin. Thug seacht mBallstát le fios iad a bheith i gcoinne leanúint den clár DID thar 2013. Tá áitiú láidir déanta ag Ballstáit eile i bhfabhar na scéime. D'eisigh trí Bhallstát déag ráiteas i Nollaig 2011, inar iarr siad leanúint den scéim DID i ndiaidh 2013.

Thug Parlaimint na hEorpa le fios go láidir arís agus arís eile a tacaíocht do leanúint den chlár um chabhair bhia ar mhaithe le comhtháthú sóisialta níos fearr san Eoraip.

I Nollaig 2011, scríobh aon bhrateagraíocht déag chuig an gCoimisinéir Andor agus chuig an Ard‑Stiúrthóir d’Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Uilechuimsitheacht chun a iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo Straitéise um Easpa Dídine don AE. Ina theannta sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa straitéis den sórt sin an chéad uair i nDearbhú i Scríbhinn (2010) agus ansin i Rún (2011).

Sa Chomhshocrú le haghaidh Fáis agus Post a ghlac an Chomhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tugtar dá aire go ndéanfaidh Ballstáit, agus moltaí a bhaineann go sonrach le tír ar leith á gcur chun feidhme acu, béim ar leith a chur ar dhul i ngleic le dífhostaíocht agus ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta na géarchéime go héifeachtach, [...agus] bearta éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme d'fhonn bochtaineacht a laghdú agus tacú le grúpaí leochaileacha.

2.2.        Measúnú tionchair

Bhain an bhuncheist arna scrúdú sa mheasúnú tionchair le raon na hionstraime nua. Seo a leanas na roghanna a tugadh faoi mheas: (0) gan maoiniú a thabhairt, (1) ionstraim is comharba ar an gclár DID reatha a thionscnamh ach í teoranta do dháileadh bia, (2) ionstraim a thionscnamh a chomhtháthódh dáileadh bia le tacaíocht do bhearta tionlacain a bheadh ag díriú isteach ar chuimsiú sóisialta fhaighteoirí na cabhrach bia, agus (3) ionstraim chuimsitheach a thionscnamh d'fhonn tacú le faoiseamh ábhartha i dtaca le bia, le hearraí do dhaoine gan dídean agus le hearraí do leanaí a bhfuil díth ábhartha orthu mar aon le bearta tionlacain a mbeadh ath‑imeascadh sóisialta na ndaoine is díothaí mar aidhm acu.

Braitheann tionchar glan rogha neamhní ar an mbealach a ath‑roinntear na cistí a chuirtear ar fáil. Ach is cinnte go nglacfaí leis mar fhianú ar chreimeadh dlúthpháirtíochta san Eoraip nuair atá an bhochtaineacht ag dul i méid. I gcomparáid le rogha a haon, is éard atá beartaithe le rogha a dó agus níos mó ná sin arís le rogha a trí laghdú a dhéanamh ar an gcabhair bhia a dháiltear de réir mar a leithroinntear cuid acmhainní ar chineálacha eile gníomhaíochtaí. Ba chóir do na bearta tionlacain, áfach, inbhuanaitheacht a chinntiú maidir leis na torthaí a bhaintear amach freisin. Is é rogha a trí is fearr mar gurb é is fearr a cheadaíonn roghnú na n‑idirghabhálacha a dtabharfar tacaíocht dóibh de réir riachtanas áitiúil.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is cuí gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE de bhonn Airteagal 174 (CFAE) ina bhforáiltear go ndéanfaidh an tAontas "a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh" trí "a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú" agus de bhonn Airteagal 175 (CFAE) ina sainítear ról chistí struchtúracha an AE chun an cuspóir seo a bhaint amach agus ina ndéantar foráil maidir le glacadh gníomhaíochtaí áirithe lasmuigh de na Cistí Struchtúracha.

Is gá gníomhú ag leibhéal an AE i bhfianaise leibhéal na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta san Aontas agus i bhfianaise na héagsúlachta do‑ghlactha a bhaineann leis an staid reatha idir Bhallstáit aonair. Fortromaítear an staid sin leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus fhioscach, rud a thug mar thoradh uirthi meath ar chomhtháthú sóisialta agus maolú ar an seans cuspóir na straitéise ‘Eoraip 2020’ a ghnóthú i ndáil leis an gcomhrac in aghaidh bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta.

Cabhraíonn tacaíocht airgeadais Eorpach chun gníomhaíocht a ghríosú ag an leibhéal náisiúnta, chun iarrachtaí a chomhordú agus ionstraimí a fhorbairt agus a thabhairt isteach d'fhonn cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Ligeann sé don Aontas ceannasaíocht mhaith a thaispeáint.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Beartaítear i dtogra an Choimisiúin le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil maidir le EUR 2.5 billiún, faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe, don tréimhse 2014-2020.

De réir Airteagal 84(3) de Rialachán AE Uimh... (RFC), measfar tacaíocht do Bhallstát tríd an gCiste a bheith mar chuid de sciar na gCistí Struchtúracha a leithroinntear ar Chiste Sóisialta na hEorpa.

An buiséad atá molta 2014-2020 || EUR billiún

Beartas comhtháthaithe (Cistí Struchtúracha) Lena mbaineann an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí || 339 2.5

*Figiúirí uile i bpraghsanna tairiseacha 2011

5.           Inneachar an Rialacháin

5.1.        Cuspóirí agus raon feidhme

Is é cuspóir ginearálta an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (an Ciste) comhtháthú sóisialta a chur chun cinn san Aontas trí chuidiú le gnóthú chuspóir na straitéise Eoraip 2020 laghdú de 20 milliún ar a laghad a chur ar líon na ndaoine atá i mbochtaineacht agus in eisiamh sóisialta nó atá i mbaol a bheith amhlaidh.

Eascraíonn sainchuspóir as seo tacú le scéimeanna náisiúnta a chuireann cúnamh neamh‑airgeadais ar fáil do na daoine is díothaí trí eagraíochtaí comhpháirtíochta.

I dtaca le raon feidhme, tugann an Ciste aghaidh ar dhíth bia, ar easpa dídine agus ar dhíth ábhartha leanaí. Is féidir le gach Ballstát faoi seach aghaidh a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó de na cásanna díthe seo. Is féidir leis tacú le bearta tionlacain freisin, rud a chomhlánódh tacaíocht ábhartha, agus a chuideodh le hath‑imeascadh na ndaoine is díothaí.

5.2.        Daonra incháilithe agus spriocdhíriú

Is iad na daoine is díothaí san Aontas an daonra atá i dteideal cúnaimh ábhartha. Beidh an fhreagracht ar na Ballstáit nó ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta fiú sainmhíniú a thabhairt ar na critéir lena n‑aithnítear na daoine is díothaí a dtabharfar cúnamh dóibh de thairbhe iad a bheith in áit níos fearr chun an cúnamh a spriocdhíriú agus iad ag glacadh riachtanais áitiúla san áireamh.

Trí shainmhíniú a thabhairt ar na cineálacha earraí a dháilfear, eadhon bia nó earraí bunúsacha tomhaltais le haghaidh úsáide pearsanta ag daoine gan dídean nó leanaí, áirítear sa Rialachán sásra neamhdhíreach le haghaidh spriocdhíriú.

5.3.        Eagraíochtaí Comhpháirtíochta

Is éard is eagraíochtaí comhpháirtíochta ann iad siúd a sheachadann go díreach nó go hindíreach an bia nó na hearraí ar na daoine is díothaí. Chun a chinntiú go rannchuideoidh an Ciste le laghdú inbhuanaithe bochtaineachta agus le comhtháthú sóisialta a fheabhsú, ní mór do na heagraíochtaí comhpháirtíochta féin a sheachadann go díreach an bia nó na hearraí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a chomhlánóidh soláthar cúnaimh ábhartha, agus imeascadh sóisialta na ndaoine is díothaí mar sprioc acu. Is féidir leis an Ciste féin tacú le bearta tionlacain den sórt sin.

Is féidir leis na húdaráis náisiúnta an bia nó na hearraí a cheannach nó a chur ar fáil d'eagraíochtaí comhpháirtíochta nó maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht chomhpháirtíochta chun an bia nó na hearraí a cheannach. Má thugann eagraíocht chomhpháirtíochta faoi cheannach an bhia nó na n‑earraí, is féidir léi féin iad sin a sheachadadh nó cúram an tseachadta a chur ar eagraíochtaí comhpháirtíochta eile.

5.4.        Forálacha cur chun feidhme

Cuirfear an Ciste chun feidhme de réir mhúnla an bheartais chomhtháthaithe, i.e. trí bhainistíocht chomhroinnte ar bhonn aon chláir oibríochtúil amháin de sheacht mbliana in aghaidh an Bhallstáit don tréimhse 2014 go 2020.

Leanann an Rialachán de chur chuige na gcistí struchtúracha i dtaca le socruithe cur chun feidhme, rud a thugann cead go sonrach do na Ballstáit, más mian leo, na struchtúir, na húdaráis ainmnithe agus na nósanna imeachta arna mbunú do Chiste Sóisialta na hEorpa a úsáid, ar mhaithe le hualach riaracháin a laghdú maidir le haistriú ón scéim reatha le haghaidh dáileadh bia ar na daoine is díothaí go dtí an Ciste nua um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí. Déantar na forálacha maidir le clárú, faireachán, measúnú agus eolas agus cumarsáid a chuíchóiriú agus a shimpliú, áfach, chun iad a chur i gcomhréir le sainiúlacht chuspóirí agus spriocdhaonraí an Chiste.

Ceaptar na rialacha incháilitheachta freisin chun cineál an Chiste agus na ngníomhaithe éagsúla a bheidh rannpháirteach ina chur chun feidhme a chur san áireamh. Go háirithe, déantar foráil sa Rialachán maidir le modhanna simplithe costais do thromlach na gcatagóirí caiteachais agus osclaítear roghanna do chatagóirí eile.

Eascraíonn an córas bainistíochta agus rialaithe airgeadais freisin ó loighic na gcistí struchtúracha. Lena chois sin, rinneadh mionathrú agus simpliú ar roinnt forálacha le go mbeidh siad leormhaith do na cineálacha oibríochtaí a dtabharfaidh an Ciste tacaíocht dóibh, go háirithe i dtaca le réamh‑mhaoiniú, ábhar na n‑iarratas ar íocaíocht arna gcur chuig an gCoimisiún chomh maith le rialú comhréireach.

Tá acmhainn theoranta ag na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun na cistí riachtanacha a sholáthar. Mar an gcéanna, is féidir go mbeidh deacrachtaí ag na Ballstáit na h‑acmhainní riachtanacha a bhailiú chun na hoibríochtaí a réamh‑mhaoiniú. Lena chois sin, is cosúil gurb ionann na Ballstáit atá ag tabhairt aghaidh ar na srianta fioscacha is mó agus iad ina bhfuil an líon is airde de na daoine is díothaí. Chun tabhairt faoin bhfadhb seo, rud a d'fhéadfadh gnóthú chuspóir an Chiste a chur i mbaol, leagtar síos leibhéal an réamh‑mhaoinithe ag 11 % den leithdháileadh iomlán ar Bhallstát. Ceadóidh sé seo 90 % de chostais fheachtas cabhrach na chéad bliana a chumhdach gan cúnamh teicniúil, iompar, costais riaracháin agus bearta tionlacain a chur san áireamh.

2012/0295 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, tá curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit go mbeidh ar a laghad 20 milliún duine níos lú i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta faoi 2020.

(2)       Tá an líon daoine lena mbaineann díth ábhartha nó fiú géardhíth ábhartha san Aontas ag méadú agus is minic a bhíonn na daoine sin ró‑eisiata chun tairbhiú de bhearta gníomhachtúcháin Rialachán (AE) Uimh. […RFC (Rialachán na bhForálacha Coiteanna)], agus, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. [CSE].

(3)       In Airteagal 174 den Chonradh foráiltear go ndéanfaidh an tAontas gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, d'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh.

(4)       Ba cheart don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (dá ngairtear ‘an Ciste’ anseo feasta) comhtháthú sóisialta a neartú, trí chuidiú le bochtaineacht san Aontas a laghdú trí thacú le scéimeanna náisiúnta a thugann cúnamh neamhairgeadais do na daoine is díothaí chun díth bia, easpa dídine agus díth ábhartha i measc leanaí a mhaolú.

(5)       Faoi Airteagal 317 den Chonradh, agus i gcomhthéacs na bainistíochta comhroinnte, ba cheart na coinníollacha a shonrú faoina gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ba cheart freagrachtaí i dtéarmaí chomhar na mBallstát a shoiléiriú. Trí na coinníollacha sin ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil na Ballstáit ag úsáid an Chiste ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí Rialachán Uimh. […] ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais' anseo feasta)[3].

(6)       Ba cheart a áirithiú freisin leis na forálacha sin go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí lena dtacófar dlíthe infheidhme an Aontais agus na dlíthe infheidhme náisiúnta, go háirithe maidir le sábháilteacht na n‑earraí a dháiltear ar na daoine is díothaí.

(7)       Ar mhaithe le creat airgeadais iomchuí a leagan amach, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána de réir Ballstáit a bhunú trí mhodh oibiachtúil agus trédhearcach a úsáid a léireodh éagothromaíochtaí i dtéarmaí bochtaineachta agus díthe ábhartha.

(8)       I gclár oibriúcháin gach Ballstáit ba cheart na cineálacha díthe ábhartha ar gá díriú orthu a shainiú agus réasúnú a thabhairt leo agus ba cheart cuspóirí agus gnéithe an chúnaimh a sholáthrófar do na daoine is díothaí le tacaíocht scéimeanna náisiúnta a thuairisciú. Ba cheart na heilimintí is gá chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an chláir oibriúcháin a áirithiú a áireamh ann chomh maith.

(9)       Chun éifeachtacht an Chiste a uasmhéadú, go háirithe maidir le himthosca náisiúnta, is cuí nós imeachta le haghaidh leasú féideartha an chláir oibriúcháin a leagan amach.

(10)     Tá breisluach suntasach ag malartuithe taithí agus dea-chleachtas agus ba cheart don Choimisiún scaipeadh den sórt sin a éascú.

(11)     Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme na gclár oibriúcháin, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus a thabhairt don Choimisiún ag áirithiú ar an gcaoi sin infhaighteacht faisnéise fíor-riachtanaí agus cothrom le dáta. Chun na gcríoch céanna, ba cheart don Choimisiún agus do gach Ballstát teacht le chéile gach bliain chun athbhreithniú déthaobhach a dhéanamh, ach amháin má chomhaontaíonn siad a mhalairt.

(12)     Chun cáilíocht agus dearadh gach cláir oibriúcháin a fheabhsú agus chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chiste a mheas, ba cheart meastóireachtaí ex ante agus ex post a dhéanamh. Ba cheart na meastóireachtaí sin a fhorlíonadh le suirbhéanna ar na daoine is díothaí a thairbhigh den chlár oibriúcháin, agus, más gá, le meastóireachtaí le linn na tréimhse cláraithe. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an méid sin a shonrú.

(13)     Tá sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a infheistiú agus faoi thorthaí an infheistithe sin. »Ar mhaithe le scaipeadh leathan faisnéise faoi éachtaí an Chiste agus chun inrochtaineacht agus trédhearcacht na ndeiseanna cistiúcháin a áirithiú, ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis agus cumarsáid a leagan amach, go háirithe i ndáil le freagrachtaí na mBallstát agus na dtairbhithe.

(14)     Tá feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht[4] na sonraí sin.

(15)     Is gá uasleibhéal cómhaoiniúcháin ón gCiste chuig na cláir oibriúcháin a bhunú chun go mbeadh éifeacht iolraitheach ag acmhainní an Aontais agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar staid na mBallstát a bhfuil deacrachtaí buiséadacha sealadacha rompu.

(16)     Ba cheart rialacha aonfhoirmeacha agus cothroma maidir leis an tréimhse incháilitheachta, oibríochtaí agus caiteachas le haghaidh an Chiste a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. »Ba cheart nádúr sonrach chuspóirí agus spriocdhaonraí an Chiste a léiriú leis na coinníollacha incháilitheachta, go háirithe trí choinníollacha iomchuí incháilitheachta na n‑oibríochtaí chomh maith le cineálacha tacaíochta agus rialacha agus coinníollacha maidir le haisíocaíocht.

(17)     Sa [Togra le haghaidh] Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)[5] foráiltear go bhféadfar táirgí arna gceannach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt trína gcur ar fáil don scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas má fhorálann an scéim amhlaidh. Ag brath ar na himthosca, i bhfianaise go bhféadfadh an rogha bia a fháil ó úsáid, próiseáil nó díol na stoc sin a bheith ar an rogha ab fhearr ó thaobh na heacnamaíochta de, is cuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin sa Rialachán seo. Ba cheart na suimeanna a dhíorthaítear ó idirbheart a bhaineann leis na stoic a úsáid chun sochair na ndaoine is díothaí agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm chun oibleagáid na mBallstát maidir le cómhaoiniú an chláir a laghdú. Ar mhaithe leis an úsáid is éifeachtúla agus is féidir de na stoic idirghabhála agus na fáltais a thig astu a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 19(e) de Rialachán (AE) Uimh. [CEM], gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar nósanna imeachta trína bhféadfar na táirgí sna stoic idirghabhála a úsáid, a phróiseáil nó a dhíol chun críocha an chláir um chabhair do na daoine is díothaí.

(18)     Is gá na cineálacha gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ón gCiste ar thionscnamh an Choimisiúin agus na mBallstát a shonrú.

(19)     I gcomhréir le prionsabail na bainistíochta comhroinnte, ba cheart an phríomhfhreagracht a bheith ar na Ballstáit, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú a gcláir oibriúcháin.

(20)     Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú d’fhonn úsáid dhlíthiúil agus rialta an Chiste a dhearbhú. Ba cheart, dá bhrí sin, oibleagáidí na mBallstát maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe a gcláir oibriúcháin, agus maidir le cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú.

(21)     Ba cheart do na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme a ainmniú le haghaidh a gcláir oibriúcháin. Chun solúbthacht a sholáthar do Bhallstáit i gcur ar bun córas rialaithe, is cuí an rogha a thabhairt feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith á gcur i gcrích ag an údarás bainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit freagrachtaí agus feidhmeanna na gcomhlachtaí sin a leagan síos go soiléir.

(22)     Is ar an údarás bainistíochta a bheidh an phríomhfhreagracht as an gCiste a chur chun feidhme go héifeachtach agus héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach feidhmeanna a bhaineann le bainistiú clár oibriúcháin agus faireachán orthu, le bainistíocht airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(23)     Ba cheart don údarás deimhniúcháin iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais bhliantúla a tharraingt suas agus iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas sin a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonfaidh an caiteachas arna iontráil sna cuntais rialacha infheidhme an Aontais agus na rialacha infheidhme náisiúnta. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(24)     Ba cheart don údarás iniúchóireachta a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach.

(25)     Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo a áirithiú agus ba cheart critéir a bhunú a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais náisiúnta a rialú, an leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta a chinneadh.

(26)     Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin a leagan síos maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht a cheangal ar Bhallstát. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin iniúchtaí a dhéanamh dírithe ar na saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais chun teacht ar chonclúidí faoi fheidhmíocht an Chiste.

(27)     Ba cheart gealltanais bhuiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. Ar mhaithe le bainistíocht éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

(28)     D’fhonn urrús réasúnta a áirithiú don Choimisiún, ba cheart an t‑iarratas ar íocaíocht eatramhach a aisíoc ar ráta 90 % den chaiteachas incháilithe arna áireamh san iarratas ar íocaíocht.

(29)     Ach réamh‑mhaoiniú a dhéanamh ag tús an chláir oibriúcháin ba cheart a áirithiú gur féidir leis an mBallstát tacaíocht a thabhairt do na tairbhithe i gcur chun feidhme na n‑oibríochtaí ón uair a ghlactar an clár oibriúcháin. Ba cheart an réamh‑mhaoiniú sin a úsáid go heisiach chun na críche seo agus ba cheart dóthain cistiúcháin a thabhairt do na tairbhithe chun tús a chur le hoibríocht chomh luath is a roghnófar é.

(30)     Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart bearta a bheith ann a bhfuil teorainn ama leo agus a chuirfidh ar chumas an oifigigh údarúcháin trí tharmligean íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d’fhianaise go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, d’fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarratas ar íocaíocht nó d’fhianaise ar mhainneachtain doiciméid a chur isteach chun críche scrúdú a dhéanamh ar chuntais agus glacadh leo.

(31)     Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme éifeachtach na gclár a áirithiú, ba cheart bearta a bheith ann lena gceadaítear don Choimisiún íocaíochtaí a fhionraí.

(32)     Lena áirithiú go ndéanfar caiteachas arna chómhaoiniú ag buiséad an Aontais i mbliain airgeadais ar leith a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart creat cuí a chruthú le haghaidh scrúdú na gcuntas agus glacadh leo. Faoin gcreat sin, ba cheart do na comhlachtaí ainmnithe, i ndáil leis an gclár oibriúcháin, dearbhú bainistíochta agus na cuntais bhliantúla dheimhnithe ag gabháil leis, achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar rialuithe arna gcur i gcrích agus tuairim neamhspleách iniúchóireachta agus tuarascáil rialaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(33)     Is gá an nós imeachta mionsonraithe maidir le scrúdú a dhéanamh ar chuntais agus glacadh leo go bliantúil a shonrú, ar nós imeachta é is infheidhme maidir leis an gCiste, chun bunús soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na socruithe sin. Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh go mbeidh deis theoranta ag an mBallstát foráil a shainiú ina chuntais bhliantúla maidir le méid atá faoi réir nós imeachta leanúnaigh leis an údarás iniúchóireachta.

(34)     Chun buiséad an Aontais a chosaint, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don Bhallstát, is cuí socruithe agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais a dhéanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún, agus go háirithe na himthosca a shainiú faoinar féidir ceartú airgeadais a theacht as sáruithe ar dhlí infheidhme an Aontais nó dlí infheidhme náisiúnta.

(35)     Ba cheart minicíocht iniúchtaí ar oibríochtaí a bheith comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ón gCiste. Go háirithe, ba cheart líon na n‑iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó ná EUR 100 000 an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta. Dá ainneoin sin, ba cheart go mbeifí in ann iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, nó mar chuid de shampla iniúchóireachta. Le go mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis an riosca, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta a laghdú i ndáil le cláir oibriúcháin i gcás nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta. Ina theannta sin, ba cheart cuspóir agus gnéithe spriocdhaonraí an Chiste a chur san áireamh go hiomlán i raon feidhme na n‑iniúchtaí.

(36)     Chun smacht airgeadais a áirithiú, is cuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cuid ar bith den ghealltanas buiséadach a shaoradh i gclár oibriúcháin, go háirithe i gcás ina bhféadfar méid a eisiamh ón saoradh sin, go háirithe nuair a bhíonn moill ar chur chun feidhme mar thoradh ar imthosca atá neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar imthosca neamhghnácha iad nó ar imthosca iad nach féidir a thuar agus nach féidir a n‑iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin na dúthrachta a caitheadh.

(37)     Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, i ndáil le freagrachtaí na mBallstát maidir leis an nós imeachta chun neamhrialtachtaí a thuairisciú agus suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, na rialacha mionsonraithe chun faisnéis faoi oibríochtaí a mhalartú, na socruithe maidir le rian iniúchóireachta leordhóthanaí, na coinníollacha maidir le hiniúchtaí náisiúnta, na critéir ainmniúcháin le haghaidh údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin, aithint na n‑iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, agus na critéir maidir le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe.

(38)     Agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(39)     Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána de réir Ballstáit, cinntí ina leagfar amach leithdháiltí bliantúla airgeadais do gach Ballstát, cinntí lena nglacfar cláir oibriúcháin, cinntí lena gcuirtear íocaíochtaí ar fionraí, cinntí maidir le ceartuithe airgeadais agus, i gcás saoradh, cinntí chun cinntí lena nglactar cláir a leasú.

(40)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an teimpléad do na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme agus liosta na gcomhtháscairí, an teimpléad don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh, an córas malartaithe leictreonaigh sonraí idir an Ballstát agus an Coimisiún, an teimpléad don dearbhú bainistíochta, na samhlacha le haghaidh na straitéise iniúchóireachta, tuairim agus tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an mhodheolaíocht i gcomhair an mhodha shamplála, na rialacha maidir le húsáid sonraí arna mbailiú le linn iniúchtaí, agus a bhaineann leis an teimpléad d’iarratais ar íocaíocht, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[6].

(41)     Sa Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear meas ar dhínit an duine agus ar an saol príobháideach agus teaghlaigh, an ceart um chosaint sonraí pearsanta, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, comhionannas idir fir agus mná agus cosc ar idirdhealú. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin.

(42)     Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú sóisialta a fheabhsú san Aontas agus cuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I. FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.           Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (dá ngairtear ‘an Ciste’ anseo feasta) don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus cinntear cuspóirí an Chiste, raon feidhme a thacaíochta, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir maidir lena leithdháileadh agus leagtar síos ann na rialacha is gá chun éifeachtacht an Chiste a áirithiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘daoine is díothaí’ daoine corpartha, cibé acu daoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí comhdhéanta de na daoine sin, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a ghlac na húdaráis inniúla náisiúnta nó a shainigh na heagraíochtaí comhpháirtíochta agus a d’fhormheas na húdaráis inniúla sin;

(2) ciallaíonn ‘eagraíochtaí comhpháirtíochta’ comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis a sheachadann an bia nó na hearraí go díreach nó go hindíreach trí eagraíochtaí comhpháirtíochta eile ar na daoine is díothaí agus ar roghnaigh na t‑údarás bainistíochta a n‑oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 29(3)(b);

(3) ciallaíonn ‘scéimeanna náisiúnta’ aon scéim ag a bhfuil, ar a laghad go páirteach, na cuspóirí céanna agus atá ag an gCiste agus atá á cur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ag comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis;

(4) ciallaíonn ‘oibríocht’ tionscadal, conradh, nó gníomhaíocht arna roghnú ag údarás bainistíochta an chláir oibriúcháin lena mbaineann, nó faoina chúram, agus a chuireann le cuspóirí an chláir oibriúcháin lena mbaineann sé;

(5) ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus an tacaíocht ón gclár oibriúcháin comhfhreagrach íoctha leis na tairbhithe;

(6) ciallaíonn ‘tairbhí’ comhlacht poiblí nó príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó as oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme;

(7) ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ na daoine is díothaí a fhaigheann bia nó earraí agus/nó a thairbhíonn de na bearta tionlacain;

(8) ciallaíonn ‘tacaíocht phoiblí’ aon tacaíocht airgeadais arna tabhairt d’oibríocht a thionscnaítear as buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, as buiséad an Aontais a bhaineann leis an gCiste, as buiséad comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó as buiséad comhlachas údarás poiblí nó aon chomhlachta faoi rialú an dlí phoiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(9) ciallaíonn ‘comhlacht idirmheánach’ aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bhainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais a chomhall ar son údaráis den sórt sin i ndáil leis na hoibríochtaí a chuireann na tairbhithe chun feidhme;

(10) ciallaíonn ‘bliain chuntasaíochta’ an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta, tráth a gciallaíonn sé an tréimhse ón dáta tosaigh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015, agus beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2023;

(11) ciallaíonn ‘bliain airgeadais’ an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 3

Cuspóirí

Leis an gCiste, déanfar comhtháthú sóisialta a chur chun cinn san Aontas trí chuidiú leis an sprioc maidir le laghdú bochtaineachta a bhaint amach i gcomhréir leis an straitéis ‘Eoraip 2020’, eadhon go mbeidh 20 milliún duine níos lú i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta. Cuideoidh an Ciste le baint amach an chuspóra shonraigh maidir leis na cineálacha is measa bochtaineachta san Aontas a laghdú trí chúnamh neamhairgeadais a thabhairt do na daoine is díothaí. Déanfar an cuspóir seo a thomhas tríd an líon daoine a fhaigheann cúnamh ón gCiste.

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.           Tacóidh an Ciste le scéimeanna náisiúnta trína ndéantar earraí bia agus bunearraí tomhaltais d’úsáid phearsanta daoine gan dídean nó leanaí a dháileadh ar na daoine is díothaí trí eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag na Ballstáit.

2.           Féadfaidh an Ciste tacú le bearta tionlacain, a chomhlánóidh an soláthar bia agus earraí, agus cuideofar le cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí.

3.           Leis an gCiste cuirfear foghlaim fhrithpháirteach, líonrú agus scaipeadh dea‑chleachtas chun cinn i réimse an chúnaimh neamhairgeadais do na daoine is díothaí.

Airteagal 5

Na prionsabail

(1) Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais atá leithdháilte ar an gCiste a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 55(1)(b) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, a chuirfear chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta dírí i gcomhréir le hAirteagal 55(1)(a) den Rialachán Airgeadais.

(2) Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht ón gCiste comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánóidh sí ionstraimí eile an Aontais.

(3) Cuirfear tacaíocht ón gCiste chun feidhme i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit.

(4) Beidh na Ballstáit agus na comhlachtaí arna n‑ainmniú acu chun na críche sin freagrach as cláir oibriúcháin a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le creat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir chomhlíonadh an Rialacháin seo.

(5) Agus aird á tabhairt ar an leibhéal tacaíochta arna leithdháileadh, cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid an Chiste, agus go háirithe sna socruithe maidir leis na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistíocht agus rialú.

(6) I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú le Ciste Sóisialta na hEorpa, agus le beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais.

(7) Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na tairbhithe prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm de réir Airteagal 26 den Rialachán Airgeadais.

(8) Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht an Chiste a áirithiú, go háirithe trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.

(9) Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a róil faoi seach maidir leis an gCiste chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

(10) Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne a chur chun cinn le linn na gcéimeanna éagsúla i gcur chun feidhme an Chiste. Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar thrasuíomh gnéasach a chosc agus rochtain á fháil ar an gCiste.

(11) Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a mhaoineofar tríd an gCiste an dlí náisiúnta is infheidhme agus dlí an Aontais is infheidhme. Go háirithe, ní fhéadfar an Ciste a úsáid ach amháin chun tacú le dáileadh bia nó earraí atá i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais

(12) Roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe na táirgí bia agus na hearraí ar bhonn critéar oibiachtúil. Cuirfear gnéithe aeráide agus comhshaoil san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin do tháirgí bia, agus i gcás inar cuí d’earraí, go háirithe d’fhonn cur amú bia a laghdú.

TEIDEAL II ACMHAINNÍ AGUS CLÁRÚ

Airteagal 6

Acmhainní foriomlána

1.           EUR 2 500 000 000 de réir phraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní foriomlána a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanais bhuiséadaigh ón gCiste i leith na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2.           Chun críocha cláraithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n‑acmhainní a innéacsú ag 2 % in aghaidh na bliana.

3.           Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú bliantúil ar na hacmhainní foriomlána de réir Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 84(5) de Rialachán (AE) Uimh… (RFC), gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, agus na táscairí seo a leanas arna mbunú ag Eurostat á gcur san áireamh:

(a) an daonra lena mbaineann géardhíth ábhartha;

(b) an daonra a mhaireann i dteaghlach ísealdéine oibre.

4.           Déanfar 0.35 % de na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

Airteagal 7

Clár oibriúcháin

1.           Laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh gach Ballstát clár oibriúcháin faoi bhráid an Choimisiúin lena gcumhdófar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 agus ina mbeidh na míreanna seo a leanas:

(a) sainaithint ar na cineálacha díthe ábhartha a bhfuiltear chun díriú orthu faoin gclár oibriúcháin agus réasúnú a thabhairt lena roghnú, agus tuairisc ar gach cineál díthe ábhartha a ndírítear air, ar phríomh‑shaintréithe agus ar chuspóirí an dáilte bia nó earraí agus na bearta tionlacain a bhfuiltear chun foráil a dhéanamh ina leith, ag féachaint do thorthaí na meastóireachta ex-ante arna cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14;

(b) tuairisc ar an scéim náisiúnta chomhfhreagrach nó na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air

(c) tuairisc ar an sásra lena socraítear na critéir incháilitheachta maidir leis na daoine is díothaí, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air;

(d) na critéir maidir le roghnú oibríochtaí agus tuairisc ar an sásra roghnúcháin, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air;

(e) na critéir maidir le roghnú eagraíochtaí comhpháirtíochta difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air.

(f) tuairisc ar an sásra a úsáidtear le comhlántacht le Ciste Sóisialta na hEorpa a áirithiú;

(g) tuairisc ar na forálacha maidir le cur chun feidhme an chláir oibriúcháin ina sainaithnítear an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin i gcás inar infheidhme, an t‑údarás iniúchóireachta agus an comhlacht lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún agus tuairisc ar an nós imeachta faireacháin;

(h) tuairisc ar na bearta a dhéantar chun go mbeidh na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile chomh maith le comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn, chun go mbeidh siad rannpháirteach in ullmhú an chláir oibriúcháin;

(i) tuairisc ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 25(2), lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun acmhainní riaracháin na dtairbhithe a threisiú i ndáil le cur chun feidhme an chláir oibriúcháin;

(j) plean maoiniúcháin ina mbeidh na táblaí seo a leanas:

(i)      tábla ina sonrófar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagal 18, méid an leithreasaithe airgeadais atá beartaithe don tacaíocht ón gCiste agus an cómhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 18;

(ii)      tábla ina sonrófar, le haghaidh na tréimhse cláraithe iomláine, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin i ndáil le tacaíocht ón gclár oibriúcháin le haghaidh gach cineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha.

Tabharfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (e) agus a sheachadann an bia nó na hearraí go díreach iad féin, tabharfaidh siad faoi ghníomhaíochtaí a chomhlánóidh soláthar cúnaimh ábhartha, lena ndíreofar ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí, cibé acu a thacaíonn an Ciste leis na gníomhaíochtaí sin nó nach dtacaíonn.

2.           Is iad na Ballstáit nó aon údarás arna ainmniú acu i gcomhar leis na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile chomh maith le comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta agus comhlachtaí a chuireann comhionannas agus neamh‑idirdhealú chun cinn, a dhéanfaidh na cláir oibriúcháin a tharraingt suas.

3.           Déanfaidh na Ballstáit a gcláir oibriúcháin a dhréachtú i gcomhréir leis an teimpléad atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 8

An clár oibriúcháin a ghlacadh

1.           Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an chláir oibriúcháin leis an Rialachán seo agus ar mar a rannchuidíonn sé le cuspóirí an Chiste a bhaint amach, agus cuirfear an mheastóireacht ex ante arna cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14 san áireamh.

2.           Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár oibriúcháin isteach. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí, athbhreithneoidh sé an clár oibriúcháin atá beartaithe.

3.           Ar an gcoinníoll gur cuireadh san áireamh go sásúil aon bharúlacha a thug an Coimisiún i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an clár oibriúcháin a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach go foirmiúil, ach ní dhéanfar sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 9

Leasuithe ar an gclár oibriúcháin

1.           Féadfaidh Ballstáit iarraidh a chur isteach ar leasú ar an gclár oibriúcháin. Beidh an clár oibriúcháin athbhreithnithe ag gabháil léi mar aon leis an réasúnú leis an leasú.

2.           Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé an réasúnú a thug an Ballstát san áireamh freisin. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus tabharfaidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.

3.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasú ar chlár oibriúcháin a fhormheas tráth nach déanaí ná cúig mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll gur cuireadh san áireamh go sásúil aon bharúlacha a thug an Coimisiún.

Airteagal 10

Ardán

Oibreoidh an Coimisiún ardán ar leibhéal an Aontais chun malartú taithí, forbairt acmhainní agus líonrú a éascú, chomh maith le scaipeadh torthaí ábhartha i réimse an chúnaimh neamhairgeadais do na daoine is díothaí.

Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, ar a laghad uair sa bhliain, leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ón gCiste.

TEIDEAL III FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

Airteagal 11

Tuarascálacha ar chur chun feidhme agus táscairí

1.           Ó 2015 go 2022, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme le haghaidh an chláir oibriúcháin sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain.

2.           Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil ar chur chun feidhme a dhréachtú i gcomhréir leis an teimpléad arna ghlacadh ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear liosta na gcomhtháscairí ionchuir agus toraidh.

3.           Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme inghlactha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir iontu a cheanglaítear i gcomhréir leis an teimpléad dá dtagraítear i mír 2, lena n‑áirítear na comhtháscairí. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 15 lá oibre ón tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a fháil más rud é nach bhfuil sé inghlactha. Mura ndéanann an Coimisiún a leithéid laistigh den teorainn ama measfar í a bheith inghlactha.

4.           Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a bharúlacha i bhfios don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a fháil.

I gcás nach dtugann an Coimisiún barúlacha laistigh den teorainn ama sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

5.           Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir oibriúcháin a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023.

Déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a dhréachtú i gcomhréir leis an teimpléad arna ghlacadh ag an gCoimisiún.

Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de chúig mhí ón tuarascáil deiridh a fháil.

I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den teorainn ama sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

6.           Glacfaidh an Coimisiún an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme, lena n‑áirítear liosta na gcomhtháscairí, agus don tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme trí bhíthin gnímh chur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 60(2).

7.           Féadfaidh an Coimisiún bárúlacha a chur chuig Ballstát maidir le cur chun chun feidhme an chláir oibriúcháin. Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta na bearta ceartaitheacha arna ndéanamh i bhfios don Choimisiún laistigh de thrí mhí.

8.           Poibleoidh an t‑údarás bainistíochta achoimre ar inneachar gach tuarascála bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

Airteagal 12

Cruinniú athbhreithnithe déthaobhach

1.           Tiocfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát le chéile gach bliain ó 2014 go 2022, mura gcomhaontaítear a mhalairt, chun an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chláir oibriúcháin a scrúdú, agus an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus barúlacha an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 11(7) á gcur san áireamh, nuair is infheidhme.

2.           Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe déthaobhach.

3.           Áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i ndiaidh an chruinnithe i gcás aon bharúlacha ón gCoimisiún.

Airteagal 13

Forálacha ginearálta maidir le meastóireacht

1.           Soláthróidh Ballstáit na hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n‑áirítear sonraí a bhaineann leis na comhtháscairí dá dtagraítear in Airteagal 11.

2.           Is saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir oibriúcháin a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Déanfar na meastóireachtaí go léir a phoibliú ina n‑iomláine.

Airteagal 14

Meastóireacht ex ante

1.           Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ex ante ar an gclár oibriúcháin.

2.           Cuirfear an mheastóireacht ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir oibriúcháin a ullmhú. Cuirfear í faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna agus a chuirfear an clár oibriúcháin faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin.

3.           Tabharfar breithmheas ar na heilimintí seo a leanas sna meastóireachtaí ex ante:

(a) conas mar a rannchuidíodh le cuspóir an Aontais maidir le 20 milliún duine níos lú a bheith i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta faoi 2020, ag féachaint don chineál díthe ábhartha a roghnaítear chun díriú air, agus imthosca náisiúnta i dtéarmaí bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus díthe ábhartha á gcur san áireamh;

(b) comhleanúnachas inmheánach an chláir oibriúcháin atá beartaithe agus a ghaol le hionstraimí airgeadais ábhartha eile;

(c) a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir oibriúcháin;

(d) rannchuidiú na n‑aschur a bhfuil súil leo leis na torthaí;

(e) oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár oibriúcháin agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú.

Airteagal 15

Meastóireacht le linn na tréimhse cláraithe

1.           Le linn na tréimhse cláraithe, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta meastóireachtaí a dhéanamh chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chláir oibriúcháin a mheasúnú.

2.           Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh in 2017 agus in 2021, i gcomhréir leis an teimpléad arna sholáthar ag an gCoimisiún. Glacfaidh an Coimisiún an teimpléad sin trí ghníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 60(2).

3.           Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir oibriúcháin ar a thionscnamh féin.

Airteagal 16

Meastóireacht ex post

Ar a thionscnamh féin agus i ndlúthchomhar leis an mBallstát, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha, meastóireacht ex-post a chur i gcrích, chun éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na dtorthaí a mheas chomh maith le breisluach an Chiste a thomhas. Beidh an mheastóireacht ex post seo lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.

Airteagal 17

Faisnéis agus cumarsáid

1.           Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí lena dtacaíonn an Ciste agus cuirfidh siad chun cinn iad. Díreofar an fhaisnéis ar na daoine is díothaí, ar na meáin agus ar an bpobal i gcoitinne. Cuirfear béim ar ról an Aontais inti agus áiritheofar gur féidir an ranníocaíocht ón gCiste a fheiceáil.

2.           Lena áirithiú go bhfuil tacaíocht ón gCiste trédhearcach, coinneoidh an t‑údarás bainistíochta, i bhformáid CSV nó XML, liosta oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus beidh rochtain ar an liosta sin trí shuíomh gréasáin. Áireofar ar a laghad ar an liosta faisnéis faoi ainm an tairbhí, a sheoladh agus an méid cistiúcháin ón Aontas a leithdháiltear air chomh maith leis an gcineál díthe ábhartha a ndírítear air.

Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach dhá mhí dhéag ar a laghad.

3.           Le linn cur chun feidhme na hoibríochta, cuirfidh na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta an pobal ar an eolas faoin tacaíocht arna fáil ón gCiste trí phóstaer amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis faoin oibríocht (íosmhéid A3), lena n‑áiritear faisnéis faoin tacaíocht airgeadais ón Aontas, a thaispeáint ag suíomh ar féidir leis an bpobal é a fhéiceáil go héasca, ag gach áit ina soláthraítear an bia, na hearraí agus aon bheart tionlacain, ach amháin mura féidir é sin a dhéanamh i ngeall ar imthosca an dáilte.

Na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta sin a bhfuil suíomhanna gréasáin acu, tabharfaidh siad tuairisc ghearr ar an oibríocht ar na suíomhanna gréasáin sin, lena n‑áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim á cur ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

4.           I gcás na mbeart uile faisnéise agus cumarsáide a dtugann an tairbhí agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta fúthu, aithneofar an tacaíocht a fuarthas ón gCiste le haghaidh na hoibríochta trí fheathal an Aontais mar aon le tagairt don Aontas Eorpach agus don Chiste a thaispeáint.

5.           Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta na tairbhithe ar an eolas faoi fhoilsiú liosta na n‑oibríochtaí i gcomhréir le mír 2. Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta pacáistí faisnéise agus poiblíochta ar fáil, lena n‑áirítear teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta a n‑oibleagáidí atá leagtha amach i mír 3 a chomhlíonadh.

6.           Agus sonraí pearsanta á bpróiseail de bhun an Airteagail seo, comhlíonfaidh an t‑údarás bainistíochta chomh maith leis na tairbhithe agus na heagraíochtaí comhpháirtíochta Treoir 95/46/CE.

TEIDEAL VI TACAÍOCHT AIRGEADAIS ÓN gCISTE

Airteagal 18

Cómhaoiniú

1.           Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal an chláir oibriúcháin níos mó ná 85 % den chaiteachas poiblí incháilithe.

2.           Socrófar an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gclár oibriúcháin agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár oibriúcháin.

3.           Féadfar na bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.

Airteagal 19

Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh na mBallstát a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha acu

1.           Ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gclár oibriúcháin. Beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach féidir a bheith os cionn 100 %, maidir le hiarrataí ar íocaíocht a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta inar chuir an Ballstát a iarraidh isteach agus le tréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin ina gcomhlíonfaidh an Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil an 4euro glactha mar airgeadra ag an mBallstát lena mbaineann, go bhfaigheann sé cúnamh macra-airgeadais ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle[7];

(b) i gcás nach bhfuil an euro glactha mar airgeadra ag an mBallstát lena mbaineann, go bhfaigheann sé cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[8];

(c) go gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

2.           D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht an Aontais a thugtar trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus an t‑uasmhéid tacaíochta ón gCiste, mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibriúcháin.

Airteagal 20

Tréimhse incháilitheachta

1.           Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gclár oibriúcháin má dhéanann tairbhí é a thabhú agus a íoc idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022.

2.           Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ón gclár oibriúcháin i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular chuir an tairbhí an t‑iarratas ar chistiú faoin gclár oibriúcháin isteach chuig an údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna.

3.           Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin, mar atá leagtha amach in Airteagal 25.

4.           I gcás ina ndéantar leasú ar chlár oibriúcháin, ní bheidh caiteachas a thagann chun bheith incháilithe de thoradh leasú an chláir oibriúcháin incháilithe ach ón dáta a chuirtear an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 21

Incháilitheacht oibríochtaí

1.           Beidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár oibriúcháin lonnaithe sa Bhallstát atá cumhdaithe ag an gclár oibriúcháin.

2.           Féadfaidh oibríochtaí tacaíocht a fháil ón gclár tacaíochta ar chuntar gur roghnaíodh iad i gcomhréir le nós imeachta cothrom agus trédhearcach, ar bhonn na gcritéar arna leagan síos sa chlár oibriúcháin.

3.           Féadfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta féin an bia agus na hearraí do dhaoine gan dídean nó do leanaí a cheannach.

Féadfaidh comhlacht poiblí iad a cheannach freisin agus a chur ar fáil saor in aisce do na heagraíochtaí comhpháirtíochta. Sa chás sin, féadfar an bia a fháil ó tháirgí i stoic idirghabhála arna gcur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. [CEM] a úsáid, a phróiseáil nó a dhíol, ar chuntar gurb é sin an rogha eacnamúil is fabhraí agus nach gcuireann sé moill mhíchuí ar sheachadadh na dtáirgí bia ar na heagraíochtaí comhpáirtíochta. Úsáidfear an méid a gheofar ó idirbheart a bhaineann leis na stoic sin chun sochar na ndaoine is díothaí, agus ní chuirfear i bhfeidhm é ar bhealach a bhainfidh ó oibleagáid na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Rialachán seo, chun an clár a chómhaoiniú.

Cuirfidh an Coimisiún na nósanna imeachta arna nglacadh de bhun Airteagal 19(e) den Rialachán (AE) Uimh. [CEM] i bhfeidhm, nósanna imeachta lenar féidir na táirgí i stoic idirghabhála a úsáid, a phróiseáil nó a dhíol chun críocha an Rialacháin seo, chun a áirithiú go mbaintear an úsáid is éifeachtúla is féidir as na stoic idirghabhála agus as fáltais na stoc sin.

4.           Déanfar an cúnamh ábhartha sin a dháileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí.

5.           Ní gheobhaidh oibríocht a fhaigheann tacaíocht ón gCiste tacaíocht ó ionstraim Aontais eile.

Airteagal 22

Cineálacha tacaíochta

Úsáidfidh na Ballstáit an Ciste chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas, soláthair nó teaglaim díobh sin.

Airteagal 23

Foirm na ndeontas

1.           Féadfaidh na deontais a bheith:

(a) i bhfoirm aisíocaíocht na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna n‑íoc iarbhír;

(b) i bhfoirm aisíocaíochta ar bhonn costas aonaid;

(c) i bhfoirm cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den tacaíocht phoiblí;

(d) i bhfoirm maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm ar chatagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

2.           Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcuirtear gach ceann acu i bhfeidhm ar chatagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n‑úsáidtear iad le haghaidh céimeanna leantacha oibríochta.

3.           Bunófar na méideanna dá dtagraítear i mír 1(b), (c) agus (d) ar na nithe seo a leanas:

(a) modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe ar cheann acu seo a leanas:

(i)      sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile; nó

(ii)      sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair nó cur i bhfeidhm a ngnáthchleachtas cuntasaíochta costála;

(b) modhanna agus costais chomhfhreagracha aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(c) rátaí arna mbunú ag an Rialachán seo;

(d) de réir an cháis, trí thagairt a dhéanamh do dhréachtbhuiséad arna chomhaontú ex ante ag an údarás bainistíochta, i gcás nach dtéann an tacaíocht phoiblí thar EUR 100 000.

4.           Measfar gur caiteachas incháilithe iad na méideanna arna ríomh sna foirmeacha dá dtagraítear i mír 1(b), (c) agus (d) agus arna dtabhú agus arna n‑íoc ag an tairbhí chun críche Teideal VI a chur i bhfeidhm.

5.           Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith.

Airteagal 24

Incháilitheacht caiteachais

1.           Is iad na costais a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gclár oibriúcháin:

(a) na costais a bhaineann le bia agus le hearraí bunúsacha tomhaltais a cheannach lena n‑úsáid ag daoine gan dídean nó ag leanaí;

(b) i gcás ina gceannaíonn comhlacht poiblí an bia nó na hearraí bunúsacha tomhaltais lena n‑úsáid ag daoine gan dídean nó ag leanaí go pearsanta, agus go soláthraíonn sé d'eagraíochtaí comhpháirteacha iad, na costais a bhaineann le bia nó le hearraí a iompar chuig iostaí stórála na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) na costais riaracháin, iompair agus stórála atá ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a);

(d) costais na ngníomhaíochtaí um chuimsiú sóisialta arna ndéanamh agus arna ndearbhú ag na heagraíochtaí comhpháirteacha a sheachadann an cúnamh ábhartha go díreach ar na daoine is díothaí ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a);

(e) costais arna dtabhú de bhun Airteagal 25.

2.           Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gclár oibriúcháin:

(a) ús ar fhiacha;

(b) costais earraí athláimhe;

(c) cáin bhreisluacha (CBL). Mar sin féin, beidh méideanna CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL agus ina n‑íocann tairbhí seachas duine neamh‑inchánach mar atá sainithe sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE iad[9].

Airteagal 25

Cúnamh teicniúil

1.           Ar thionscnamh an Choimisiúin, nó thar a cheann, faoi réir uasteorann 0.35 % dá leithdháileadh bliantúil, féadfaidh an Ciste na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhaoiniú, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ardán, de bhun Airteagal 10.

2.           Ar thionscnamh ó na Ballstáit, faoi réir uasteorann 4 % de leithdháileadh an Chiste, féadfaidh an clár oibriúcháin na bearta ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, iniúchóireachta, faisnéise, rialaithe agus meastóireachta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhaoiniú. Féadfaidh sé freisin cúnamh teicniúil agus forbairt acmhainní eagraíochtaí comhpháirtíochta a mhaoiniú.

TEIDEAL V BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

Airteagal 26

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát

Déanfar foráil sna córais bhainistíochta agus rialaithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta bainistíochta agus rialaithe lena mbaineann, agus ar leithdháileadh feidhmeanna i ngach comhlacht;

(b) comhlíonadh prionsabal dheighilt na bhfeidhmeanna idir chomhlachtaí den chineál sin nó laistigh díobh;

(c) nósanna imeachta d’fhonn cruinneas agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d) córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e) córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an comhlacht atá freagrach cúraimí ar chomhlacht eile;

(f) socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g) córais agus nósanna imeachta d’fhonn rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h) neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith, a ghnóthú.

Airteagal 27

Freagrachtaí na mBallstát

1.           Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad leis na freagrachtaí a thig astu sin atá leagtha síos sna rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sa Rialachán seo. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte, beidh na Ballstáit freagrach as cláir oibriúcháin a bhainistiú agus a rialú.

2.           Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na neamhrialtachtaí sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla lena mbaineann.

Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí Ballstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 59, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir le hoibleagáidí na mBallstát atá sonraithe sa mhír seo.

3.           Bunóidh na Ballstáit nós imeachta maidir le gearáin a bhaineann le roghnú nó le cur chun feidhme oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag an gCiste a scrúdú agus a réiteach go neamhspleách, agus cuirfidh siad an nós imeachta sin chun feidhme. Arna iarraidh sin orthu, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar thorthaí na scrúduithe sin don Choimisiún.

4.           Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí arna bhunú i gcomhréir leis na téarmaí agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 60(3).

Airteagal 28

Comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a ainmniú agus a eagrú

1.           Ainmneoidh an Ballstát údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta mar údarás bainistíochta.

2.           Ainmneoidh an Ballstát údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta mar údarás deimhniúcháin, gan dochar do mhír 3.

3.           Féadfaidh an Ballstát údarás bainistíochta a chuireann feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích freisin a ainmniú.

4.           Ainmneoidh an Ballstát údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, mar údarás iniúchóireachta.

5.           Féadfaidh an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin, nuair is infheidhme, agus an t‑údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den chomhlacht poiblí céanna, ar chuntar go n‑urramaítear prionsabal dheighilt na bhfeidhmeanna.

6.           Féadfaidh an Ballstát comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an t‑údarás bainistíochta nó an t‑údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn.

7.           Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta cúram na bainistíochta ar chuid den chlár oibriúcháin a chur ar chomhlacht idirmheánach trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta. Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena bhainistíocht riaracháin agus airgeadais.

8.           Leagfaidh an Ballstát síos i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an Ballstát sin agus an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin agus an t‑údarás iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na n‑údarás sin leis an gCoimisiún.

Airteagal 29

Feidhmeanna an údaráis bhainistíochta

1.           Beidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibriúcháin a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.           Maidir le bainistiú an chláir oibriúcháin, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(b) faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a gcúraimí agus le cur chun feidhme oibríochtaí, faoi seach;

(c) córas a bhunú chun na sonraí is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh a thaifeadadh agus a stóráil;

(d) a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras, i gcomhréir le forálacha Threoir 95/46/CE.

3.           Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) Nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin atá neamh‑idirdhealaitheach agus trédhearcach a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm;

(b) an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an oibríocht a roghnófar:

(i)      go dtiocfaidh sí faoi raon feidhme an Chiste agus an chláir oibriúcháin;

(ii)      go gcomhlíonfaidh sí na critéir atá leagtha amach sa chlár oibriúcháin agus in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 24;

(iii)     go gcuirfidh sí na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 5(10), (11) agus (12) san áireamh.

(c) doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n‑áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá feidhmiú;

(d) a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d’fhonn na coinníollacha atá sainithe i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht;

(e) a dheimhniú dó féin, i gcás inar cuireadh tús leis an oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a bhaineann leis an oibríocht;

(f) an cineál cúnaimh ábhartha a bhfuil caiteachas oibríochta le cur ina leith a chinneadh.

4.           Maidir le bainistiú airgeadais agus rialú an chláir oibriúcháin, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a) a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha acu agus go gcomhlíonann sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, an clár oibriúcháin agus coinníollacha tacaíochta na hoibríochta;

(b) a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na n‑oibríochtaí arna n‑aisíoc de bhun Airteagal 23(1)(a) córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le hoibríocht;

(c) bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d) nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a theastaíonn chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú a shealbhú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 26(g);

(e) an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 56(5)(a) agus (b) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

5.           Déanfar na nósanna imeachta seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun mhír 4(a):

(a) fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar aisíocaíocht ag tairbhithe;

(b) fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí.

Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d’oibríocht agus leis an leibhéal riosca a aithneofar sna fíoruithe sin agus in iniúchtaí arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistíochta agus rialaithe ina iomláine.

6.           Féadfar fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí aonair de bhun mhír (5)(b) a dhéanamh ar bhonn samplach.

7.           I gcás ina bhfuil an t‑údarás bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibriúcháin freisin, déanfar deighilt leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i mír 4(a).

8.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 59, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe maidir le malartú faisnéise i mír 2(c).

9.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 59, lena leagfar síos na rialacha maidir le socruithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 4(d).

10.         Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i mír 4(e). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 60(2).

Airteagal 30

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Beidh an t‑údarás deimhniúcháin freagrach go sonrach as an méid seo a leanas:

1.           iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus a dheimhniú gur tháinig na hiarratais sin as córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás bainistíochta;

2.           na cuntais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 56(5)(a) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

3.           iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a dheimhniú, agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith oibríochtaí a roghnaíodh lena gcistiú i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis an gclár oibriúcháin, ar critéir iad a chomhlíonann rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta;

4.           a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifeadadh agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais ar íocaíocht agus cuntais bhliantúla a tharraingt suas, lena n‑áirítear taifid ar mhéideanna atá inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh an ranníocaíocht uile le haghaidh oibríochta nó le haghaidh an chláir oibriúcháin, nó cuid den ranníocaíocht sin, a chealú;

5.           a áirithiú, ar mhaithe le hiarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur isteach, go bhfuil faisnéis leormhaith faighte ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas;

6.           a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n‑iniúchtaí uile a rinne an t‑údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht;

7.           taifid chuntasaíochta a choimeád i bhfoirm ríomhairithe maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh leis na tairbhithe;

8.           cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh an ranníocaíocht uile le haghaidh oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibriúcháin trí iad a asbhaint ón gcéad ráiteas caiteachais eile.

Airteagal 31

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.           Áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 59, chun na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na hiniúchtaí sin a leagan amach.

2.           I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an t‑údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas is gá ó thaobh feidhme ag an gcomhlacht sin.

3.           Áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta.

4.           Ullmhóidh an t‑údarás iniúchóireachta, laistigh de shé mhí ón gclár oibriúcháin a ghlacadh, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta an mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n‑iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh. Cuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

5.           Tarraingeoidh an t‑údarás iniúchóireachta suas an méid seo a leanas:

(a) tuairim iniúchóra i gcomhréir le hAirteagal 56(6) den Rialachán Airgeadais;

(b) tuarascáil bhliantúil ar rialú ina leagtar amach torthaí na n‑iniúchtaí a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta roimhe sin.

Leagfar amach faoi phointe (b) sa tuarascáil easnaimh ar bith sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus bearta ceartaitheacha ar bith a rinneadh nó atá beartaithe a dhéanamh.

6.           Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóra agus leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú, mar aon leis an modheolaíocht don mhodh samplála dá dtagraítear i mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 60(3).

7.           Déanfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le húsáid sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin le linn na n‑iniúchtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 60(3).

Airteagal 32

Nós imeachta maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus na húdaráis deimhniúcháin a ainmniú

1.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dháta agus faoi fhoirm ainmniúchán an údaráis bhainistíochta agus, nuair is iomchuí, an údaráis deimhniúcháin, laistigh de shé mhí ón gcinneadh lena nglactar an clár oibriúcháin a ghlacadh.

2.           Beidh an t‑ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta a dhéanann measúnú ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe, lena n‑áirítear ról na gcomhlactaí idirmheánacha ann, agus ar an gcaoi a chomhlíonann sé Airteagail 26, 27, 29 agus 30, i gcomhreír le critéir maidir leis an timpeallacht inmheánach, le gníomhaíochtaí rialaithe, le faisnéis agus cumarsáid, agus le faireachán arna mbunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 59.

3.           Déanfaidh an comhlacht neamhspleách a chuid oibre i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.

4.           Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar go bhfuil údarás bainistíochta nó údarás deimhniúcháin a ainmníodh i ndáil le clár oibriúcháin arna chómhaoiniú ag CSE de bhun Rialachán (AE) Uimh. [RFC] ainmnithe chun críocha an Rialacháin seo.

Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an tuarascáil agus an tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta agus an tuairisc ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a iarraidh.

Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de dhá mhí ó na doiciméid sin a fháil.

5.           Déanfaidh an Ballstát maoirseacht ar an gcomhlacht ainmnithe agus déanfaidh sé ainmniúchán an chomhlachta sin a tharraingt siar le cinneadh foirmiúil más rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má dhéanann an comhlacht na bearta ceartaitheacha is gá laistigh de thréimhse phromhaidh a bheidh le cinneadh ag an mBallstát de réir dhéine na faidhbe. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún láithreach maidir le tréimhse phromhaidh ar bith a shocrú do chomhlacht ainmnithe nó maidir le cinneadh ar bith i ndáil le hainmniúchán a tharraingt siar.

Airteagal 33

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.           Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n‑áirítear faisnéis faoi ainmniúchán an údaráis bhainistíochta agus an údaráis deimhniúcháin, an dearbhú bainistíochta bliantúil, na tuarascálacha bliantúla ar rialú, an tuairim iniúchóra bhliantúil, an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí an Aontais, go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe bunaithe ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach agus na cláir oibriúcháin á gcur chun feidhme.

2.           Gan dochar d’iniúchtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ach fógra leordhóthanach a bheith tugtha roimh ré. Féadfaidh, go háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár oibriúcháin nó i gcuid de chlár oibriúcháin, oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht fónta airgeadais na n‑oibríochtaí nó an chláir oibriúcháin, a bheith faoi raon feidhme na n‑iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh ionadaithe údaraithe thar ceann an Bhallstáit nó oifigigh an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin.

Beidh ag oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, rochtain ar na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí uile, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n‑ainmniú go sonrach leis an reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin ná ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a gheofar ar an gcaoi sin.

3.           Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.           Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na n‑oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag an gCiste nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 34

Comhar leis an údarás iniúchóireachta

1.           Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis iniúchóireachta d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú láithreach.

2.           Tiocfaidh an Coimisiún agus an t‑údarás iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d’fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim agus an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe.

Teideal VI Bainistíocht airgeadais, scrúdú a dhéanamh ar chuntais agus glacadh leo, ceartuithe airgeadais, saoradh

Caibidil 1. Bainistíocht airgeadais

Airteagal 35

Gealltanais bhuiséadacha

Déanfar gealltanais bhuiséadacha an Aontais i ndáil le gach clár oibriúcháin i dtráthchodanna bliantúla sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020. Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar an clár oibriúcháin an cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 81(2) den Rialachán Airgeadais agus, a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann, beidh sé ina ghealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.

Déanfar an gealltanas buiséadach don chéad tráthchuid tar éis don Choimisiún an clár oibriúcháin a ghlacadh.

I gcás na ngealltanas buiséadach do na tráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 36

Íocaíochtaí ón gCoimisiún

1.           Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí na ranníocaíochta ón gCiste le gach clár oibriúcháin i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht sa ghealltanas buiséadach is túisce a bheidh oscailte den Chiste.

2.           Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh‑mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

Airteagal 37

Íocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid deiridh ag an gCoimisiún

1.           Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % den mhéid a thig ó chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibriúcháin a fhreagraíonn don chaiteachas poiblí incháilithe atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh sé an t‑iarmhéid bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 47(2).

2.           D'ainneoin Airteagal 19, ní bheidh tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh níos airde ná an t‑uasmhéid tacaíochta ón gCiste mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibriúcháin.

3.           Ní bheidh iomlán carnach an réamh‑mhaoinithe agus na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil ag an gCoimisiún níos mó ná 95 % den ranníocaíocht ón gCiste leis an gclár oibriúcháin.

4.           Nuair a bhainfear an uasteorainn 95 % amach, leanfaidh na Ballstáit d’iarrataí ar íocaíocht a tharchur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 38

Iarratais ar íocaíocht a chur chuig an gCoimisiún

1.           Soláthrófar san iarratas ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile atá de dhíth ar an gCoimisiún chun cuntais a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 65(1) den Rialachán Airgeadais.

2.           In iarratais ar íocaíocht don chlár oibriúcháin ina iomláine agus don chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 25.2 áireofar na nithe seo a leanas:

(a) méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú agus arna íoc ag tairbhithe agus iad ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin;

(b) méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna thabhú ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin;

(c) méid na ranníocaíochta poiblí incháilithe comhfhreagraí a íocadh leis na tairbhithe, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis deimhniúcháin.

3.           Aon chaiteachas a áireofar in iarratas ar íocaíocht, tabharfar mar thaca leis sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach profach coibhéiseach orthu. Maidir leis na cineálacha deontas dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(b) agus (c) agus (d), is éard a bheidh sna méideanna arna n‑áireamh in iarratas ar íocaíocht na méideanna a d’íoc an t‑údarás bainistíochta leis na tairbhithe.

4.           Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad d’iarratais ar íocaíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 60(2).

Airteagal 39

Íocaíochtaí le tairbhithe

1.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta, i gcás deontais le haghaidh eagraíochtaí comhpháirtíochta, go dtabharfar leorshreabhadh airgid do thairbhithe chun cur chun feidhme cuí na n‑oibríochtaí a áirithiú.

2.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir agus ar aon chuma roimh an gcaiteachas comhfhreagrach a áireamh san iarratas ar íocaíocht. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith eile a bhfuil éifeacht choibhéiseach aige a laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe.

Airteagal 40

Úsáid an euro

1.           Is in euro a ainmneofar na méideanna a leagfar amach i gcláir oibriúcháin arna gcur isteach ag Ballstáit, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais bhliantúla agus in aon chaiteachas a luafar sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

2.           Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta an iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais arna dtabhú san airgeadra náisiúnta a chomhshó ina euro. Déanfar an méid a chomhshó ina euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ina gcláraítear an caiteachas i gcuntais an údaráis bhainistíochta. Déanfaidh an Coimisiún an ráta sin a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

3.           Nuair a thugtar isteach an euro mar airgeadra i mBallstát, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile arna thaifeadadh sna cuntais ag an údarás bainistíochta roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta sheasta chomhshó idir an t‑airgeadra náisiúnta agus an euro.

Airteagal 41

Réamh‑mhaoiniú a íoc agus a imréiteach

1.           Tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an clár oibriúcháin, íocfaidh an Coimisiún réamh‑mhaoiniú arb ionann é agus 11 % d'iomlán na ranníocaíochta ón gCiste leis an gclár oibriúcháin lena mbaineann.

2.           Ní úsáidfear réamh‑mhaoiniú ach chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir oibriúcháin. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don údarás atá freagrach chun na críche sin.

3.           Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh‑mhaoiniú a íoc ar ais leis an gCoimisiún mura gcuirtear isteach iarratas ar íocaíocht don chlár oibriúcháin lena mbaineann laistigh de 24 mí ón dáta a íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh‑mhaoinithe. Ní dhéanfaidh aisíoc den sórt sin difear don ranníocaíocht ón gComhphobal leis an gclár oibriúcháin lena mbaineann.

4.           Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú a imréiteach ar fad ó chuntais an Choimisiúin tráth a ndúnfar an clár oibriúcháin ar a dhéanaí.

Airteagal 42

Teorainn ama chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc

1.           Cuirfidh an t‑údarás deimhniúcháin isteach ar bhonn rialta iarratas ar íocaíocht eatramhach ina gcumhdófar méideanna arna n‑iontráil ina chuntais mar thacaíocht phoiblí arna híoc le tairbhithe sa bhliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh.

2.           Déanfaidh an t‑údarás deimhniúcháin an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach faoin 31 Iúil tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.           Ní dhéanfar an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach sula mbeidh fógra tugtha don Choimisiún faoi ainmniúchán an údaráis bhainistíochta agus an údaráis deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 32(1).

4.           Ní dhéanfar íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh cláir oibriúcháin mura bhfuil an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11.

5.           Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú leis an gCoimisiún.

Airteagal 43

An teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.           Féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean an teorainn ama maidir le héileamh ar íocaíocht eatramhach a íoc a bhriseadh de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais go ceann tréimhse naoi mí ar a mhéad má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) má tá fianaise ann, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

(b) má tá ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise tar éis faisnéis a fháil a chuir in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht;

(c) má dhearmadtar ceann de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 45(1) a chur isteach.

2.           Féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean briseadh an teorainn ama a theorannú don chuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 difear dó. Cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta láithreach faoin gcúis leis an teorainn ama a bhriseadh agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a bheidh na bearta go léir is gá déanta.

Airteagal 44

Íocaíochtaí a fhionraí

1.           Féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí eatramhacha ar fad nó cuid díobh a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibriúcháin, easnamh nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith;

(b) i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas caiteachais le neamhrialtacht a bhfuil iarmhairtí airgeadais tromchúiseacha aici agus nár ceartaíodh fós;

(c) i gcás nár thug an Ballstát faoin mbeart is gá chun an cás a leigheas, rud ba shiocair le briseadh faoi Airteagal 43;

(d) i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach i gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar tháscairí.

2.           Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.           Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n‑íocaíochtaí eatramhacha ar fad nó le fionraí cuid de na híocaíochtaí sin i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a fhoirceannadh.

Caibidil 2 Scrúdú a dhéanamh ar chuntais agus glacadh leo

Airteagal 45

Faisnéis a chur isteach

1.           Gach bliain ó 2015 go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, cuirfidh na comhlachtaí ainmnithe na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 56 den Rialachán Airgeadais:

(a) cuntais bhliantúla dheimhnithe na gcomhlachtaí ábhartha arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 32 dá dtagraítear in Airteagal 56(5) den Rialachán Airgeadais;

(b) an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 56(5) den Rialachán Airgeadais;

(c) tuarascáil achomair bhliantúil ar na tuarascálacha ar iniúchtaí deiridh agus ar na rialuithe a cuireadh i gcrích, lena n‑áirítear anailís ar chineál agus méid na mbotún agus na laigí, chomh maith le bearta ceartaitheacha a rinneadh nó atá beartaithe a dhéanamh;

(d) tuairim iniúchóra ón gcomhlacht ainmnithe neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56(5) den Rialachán Airgeadais, agus ag gabháil leis sin beidh tuarascáil ar rialú ina leagtar amach na torthaí ar iniúchtaí a rinneadh maidir leis an mbliain chuntasaíochta atá cumhdaithe sa tuairim.

2.           Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Ballstát faisnéis bhreise dó. Mura gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta arna shocrú ag an gCoimisiún chun í a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir le glacadh leis na cuntais a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh.

Airteagal 46

Ábhar na gcuntas

1.           Sna cuntais dheimhnithe le haghaidh gach cláir oibriúcháin cumhdófar an bhliain chuntasaíochta agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu don chlár oibriúcháin ina iomláine agus do chaiteachas ar chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 25.5:

(a) méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcuntais an údaráis deimhniúcháin mar mhéid a thabhaigh agus a d’íoc tairbhithe agus na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu, méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme agus an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe;

(b) na méideanna a aistarraingíodh agus a gnóthaíodh le linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta agus na méideanna neamh‑inghnóthaithe;

(c) réiteach idir an caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas atá dearbhaithe maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus beidh míniú ar aon difríochtaí ag gabháil leis sin.

2.           Féadfaidh an t‑údarás deimhniúcháin foráil a shonrú sna cuntais, nach rachaidh thar 5 % den chaiteachas iomlán in iarratais ar íocaíocht arna dtíolacadh do bhliain chuntasaíochta ar leith, i gcás ina bhfuil measúnú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi réir nós imeachta leanúnaigh leis an údarás iniúchóireachta. Eisiafar an méid atá cumhdaithe ó mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfear, nó ní chuirfear, na méideanna sin san áireamh go cinntitheach i gcuntais bhliantúla na bliana dar gcionn.

Airteagal 47

Scrúdú a dhéanamh ar na cuntais agus glacadh leo

1.           Faoin 30 Aibreán den bhliain tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le glacadh le cuntais na gcomhlachtaí ábhartha arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 28 le haghaidh an chláir oibriúcháin. Cumhdóidh an cinneadh maidir le glacadh leis na cuntais iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas arna gcur isteach agus beidh sé gan dochar d’aon cheartuithe airgeadais ina dhiaidh sin.

2.           Chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste do bhliain chuntasaíochta ar leith a ríomh, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a) an caiteachas poiblí incháilithe a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme agus atá iontráilte sna cuntais dá dtagraítear in Airteagal 46(1)(a), a gcuirfear an ráta cómhaoinithe atá sainithe in Airteagal 18 i bhfeidhm maidir leis;

(b) méid iomlán na n‑íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta sin, arb é atá iontu méid na n‑íocaíochtaí eatramhacha arna n‑íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 37(1) agus Airteagal 19.

3.           An t‑iarmhéid bliantúil atá inghnóthaithe ón mBallstát, toisc gur glacadh leis na cuntais, beidh sé faoi réir ordú gnóthúcháin ón gCoimisiún. An t‑iarmhéid bliantúil atá iníoctha leis an mBallstát, cuirfear é leis an gcéad íocaíocht eatramhach eile arna déanamh ag an gCoimisiún tar éis scrúdú a dhéanamh ar na cuntais agus glacadh leo.

4.           Mura bhfuil sé ar chumas an Choimisiúin, ar chúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, glacadh leis na cuntais faoin 30 Aibreán den bhliain tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoi na bearta ar gá don údarás bainistíochta nó don údarás iniúchóireachta a dhéanamh, nó faoi na fiosrúcháin bhreise a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu de bhun Airteagal 33(2) agus (3).

5.           Íocfaidh an Coimisiún an t‑iarmhéid bliantúil bunaithe ar an gcaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais, glan ar aon fhoráil a dhéanfar maidir le caiteachas a dhearbhaítear don Choimisiún atá faoi réir nós imeachta sáraíochta leis an údarás iniúchóireachta.

Airteagal 48

Infhaighteacht doiciméad

1.           Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le hoibríochtaí ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí bliana. Mairfidh an tréimhse trí bliana sin ón 31 Nollaig den bhliain ina ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le glacadh leis na cuntais de bhun Airteagal 47 nó, ar a dhéanaí, ón dáta a íocfar an t‑iarmhéid deiridh.

Brisfear an tréimhse trí bliana sin i gcás imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.

2.           Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, ar a n‑áireofar leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó doiciméid nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach.

3.           Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm a fhágann nach féidir na daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 59 chun na hiompróirí sonraí a mheasfar a bheith inghlactha go coitianta a leagan síos.

5.           Déanfaidh na húdaráis náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo ag teacht leis an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

6.           I gcás doiciméad nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach, ní mór do na córais ríomhaireachta a mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glactha leo a chomhlíonadh, ar caighdeáin iad lena n‑áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

Airteagal 49

Doiciméid chlabhsúir a chur isteach agus an t‑iarmhéid deiridh a íoc

1.           Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023:

(a) iarratas ar an iarmhéid deiridh a íoc;

(b) tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme maidir leis an gclár oibriúcháin; agus

(c) na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 45(1) don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

2.           Íocfar an t‑iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a glacadh leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin tar éis an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí.

Caibidil 3 Ceartuithe airgeadais agus gnóthuithe

Airteagal 50

Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

1.           Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus as gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfadh an neamhrialtacht difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann.

2.           Déanfaidh an Ballstát na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó sa chlár oibriúcháin. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht nó leis an gclár oibriúcháin a chur ar ceal nó cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal. Cuirfidh an Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an caillteanas airgeadais a bhaineann leo don Chiste agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais bhliantúla le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.

3.           Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ón gCiste a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibriúcháin lena mbaineann, faoi réir mhír 4.

4.           Ní fhéadfar an ranníocaíocht a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh aon oibríochta a bhí ina ábhar ceartaithe ná, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i ngeall ar neamhrialtacht shistéamach, le haghaidh aon oibríochta a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

5.           Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit gnóthuithe a shaothrú faoin Airteagal seo.

Airteagal 51

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.           Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, trí ranníocaíocht iomlán an Aontais leis an gclár oibriúcháin nó cuid di a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát chun é a eisiamh ó chaiteachas maoinithe an Aontais atá ag sárú dhlí infheidhme an Aontais agus dlí infheidhme náisiúnta, lena n‑áirítear maidir le heasnaimh i gcórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.           Ní dhéanfar ceartú airgeadais de dheasca dlí infheidhme an Aontais nó dlí infheidhme náisiúnta a bheith sáraithe ach amháin má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) má tá tionchar ag an sárú, nó d’fhéadfadh tionchar a bheith aige, ar roghnú oibríochta ag údarás bainistíochta na tacaíochta ón gCiste;

(b) má tá tionchar ag an sárú, nó dá bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc ó bhuiséad an Aontais.

Airteagal 52

Critéir maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.           Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais má chinneann sé an méid seo a leanas tar éis an scrúdú is gá a dhéanamh:

(a) go bhfuil easnamh tromchúiseach i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibriúcháin, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibriúcháin cheana féin i mbaol dá bharr;

(b) nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí faoi Airteagal 50 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c) go bhfuil an caiteachas san iarratas ar íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo.

Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna neamhrialtachta aonair arna sainaithint agus cuirfidh sé san áireamh más neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar an gCiste a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm.

2.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe faoi mhír 1, cineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n‑easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár oibriúcháin.

3.           I gcás in bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí de chuid a sheirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann faoi Airteagal 50(2), na fógraí arna seoladh faoi Airteagal 27(2), agus freagraí ar bith ón mBallstát.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 59, lena mbunófar na critéir maidir le leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a leagan síos.

Airteagal 53

Nós imeachta maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.           Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trí iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí.

2.           I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar bhonn eachtarshuímh nó ar bhonn ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú, trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní rachaidh an t‑am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile sa bhreis ar an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna cuí‑réasúnaithe.

3.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2.

4.           I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht, lena áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

5.           Chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na héisteachta, nó ó dháta an fhaisnéis bhreise a fháil i gcás ina n‑aontaíonn an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a chur isteach tar éis an éisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus gach barúil arna gcur isteach le linn an nós imeachta a chur san áireamh. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis an dáta ar a sheolann an Coimisiún an litir ina dtugtar cuireadh chuig an éisteacht.

6.           I gcás ina mbraitheann an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil neamhrialtachtaí ann a dhéanann difear do na cuntais bhliantúla a chuirtear chuig an gCoimisiún, is é toradh an cheartaithe airgeadais a dhéanfar mar gheall air sin go laghdófar an tacaíocht ón gCiste leis an gclár oibriúcháin.

Airteagal 54

Aisíocaíochtaí le Buiséad an Aontais - Gnóthuithe

1.           Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthúcháin arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 77 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t‑ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.           Má bhíonn aon mhoill ar aisíocaíocht a dhéanamh, gearrfar ús i ngeall ar íocaíocht dhéanach ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin 1.5 pointe céatadáin os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina bhfuil an dáta dlite.

Airteagal 55

Rialú comhréireach ar chláir oibriúcháin

1.           Maidir le hoibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán ina leith thar EUR 100 000, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin, arna dhéanamh ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún, roimh an gcaiteachas uile lena mbaineann a scrúdú faoi Airteagal 47. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta agus ag an gCoimisiún roimh an gcaiteachas uile lena mbaineann a scrúdú faoi Airteagal 47. Beidh na forálacha sin gan dochar do mhír 5 ná do mhír 6.

2.           Féadfar a chumhdach le hiniúchadh ar oibríocht gach céim de chur chun feidhme na hoibríochta sin agus gach leibhéal den slabhra dáilte, seachas rialú na bhfaighteoirí deiridh féin, ach amháin má bhunaítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann.

3.           Nuair a léiríonn an tuairim iniúchóireachta is déanaí ar an gclár oibriúcháin nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún comhaontú leis an údarás iniúchóireachta sa chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 34(2) go bhféadfar leibhéal na hoibre iniúchóireachta atá de dhíth a laghdú ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis an riosca a shuítear. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún a iniúchtaí féin ar an láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta inar glacadh leis na cuntais.

4.           Má chinneann an Coimisiún gur féidir leis dul i muinín thuairim an údaráis iniúchóireachta i leith an chláir oibriúcháin, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta a iniúchtaí féin ar an láthair a theorannú chun obair an údaráis iniúchóireachta a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta inar glacadh leis na cuntais.

5.           Féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí aon tráth a bhunaítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh thromchúiseacha i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibriúcháin lena mbaineann, agus, le linn na 3 bliana tar éis glacadh leis an gcaiteachas uile a bhaineann le hoibríocht faoi Airteagal 47, mar chuid de shampla iniúchóireachta.

6.           Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí chun measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis iniúchóireachta trí thabhairt faoi a ghníomhaíocht iniúchóireachta arís.

Caibidil 4 Saoradh

Airteagal 56

Rialacha maidir le saoradh

1.           Saorfaidh an Coimisiún aon chuid den mhéid a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír i gcás cláir oibriúcháin nár úsáideadh chun an réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha ná íocaíocht an iarmhéid bhliantúil a íoc faoin 31 Nollaig den dara bliain airgeadais tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh faoin gclár oibriúcháin nó aon chuid den mhéid sin nár cuireadh iarratas ar íocaíocht, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 38, isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 42.

Chun críocha an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2014 a chur le gach ceann de na gealltanais bhuiséadacha do na blianta 2015 go 2020.

2.           De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí do shaoradh maidir leis an ngealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2014.

3.           I gcás ina bhfuil baint ag an gcéad ghealltanas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015, de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí do shaoradh maidir leis an ngealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an méid faoin gcéad fhomhír de mhír 1 a ríomh tríd an gcúigiú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015 a chur le gach ceann de na gealltanais bhuiséadacha do na blianta 2016 go 2020.

4.           Saorfar an chuid sin de na gealltanais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2022 má tá ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 47(2) nach mbeidh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 57

Eisceacht ón saoradh

1.           Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú de réir na méideanna nach raibh an comhlacht atá freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe seo a leanas:

(a) oibríochtaí a cuireadh ar fionraí trí nós imeachta dlíthiúil nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b) cúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir oibriúcháin go léir nó cuid de. Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir oibriúcháin go léir nó cuid de;

(c) Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin más rud é gur mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin, nó roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad ré an force majeure nó do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.           Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

Airteagal 58

Nós imeachta um shaoradh

1.           Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát agus an t‑údarás bainistíochta ar an eolas in am trátha gach uair a bhfuil baol ann go gcuirfear saoradh i bhfeidhm faoi Airteagal 56.

2.           Ar bhonn na faisnéise atá aige ar an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta an méid a shaorfar de thoradh na faisnéise sin ina sheilbh.

3.           Beidh dhá mhí ag an mBallstát le haontú leis an méid atá le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach.

4.           Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta don chlár oibriúcháin. Mura gcuirtear sin isteach, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ón gCiste a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann.

5.           Leasóidh an Coimisiún an cinneadh lena nglactar an clár oibriúcháin, trí ghníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.

Teideal VII. TARMLIGEAN CUMHACHTAÍ, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 59

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.           Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse sin más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena hagóid.

Airteagal 60

Nós Imeachta Coiste

1.           Beidh coiste, laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2.           I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach mór tuairim an choiste faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 a fháil de réir nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, nó i gcás ina n‑iarrfaidh (...) [líon na gcomhaltaí] (tromlach de...) [tromlach le sonrú: tromlach simplí, dhá thrian, etc.] comhaltaí de chuid an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

Más rud é nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

Iarscríbhinn: Teimpléad do Chláir Oibriúcháin

Caibidil Roinn Foroinn || Tuairisc / Barúlacha || Líon na gcarachtar

1 Sainiú an chláir || Níl de chuspóir ag an roinn seo ach an clár lena mbaineann a shainiú. Ba cheart é seo a leanas a shonrú go soiléir sa roinn seo: An Ballstát Ainm an chláir oibriúcháin CCI || 200

2 Ceapadh an chláir || ||

2.1 Staid || Sainaithint na díthe ábhartha nó na ndíoth ábhartha ar a ndíreofar agus réasúnú leis sin || 4000

|| Léiriú ar an gcineál díthe ábhartha nó díoth ábhartha arna chur san áireamh don chlár oibriúcháin. || 200

2.x. Díth ábhartha a ndíríodh uirthi X || Ba cheart roinn amháin (agus na foranna comhfhreagracha) a bheith ann do gach cineál díthe ábhartha ar a ndíreofar. ||

2.x.1 Tuairisc || Tuairisc ar na príomh‑shaintréithe agus na príomhchuspóirí a bhaineann leis an gcúnamh ábhartha atá le soláthar agus na bearta comhfhreagracha tionlacain. || 4000

2.x.2. Scéimeanna Náisiúnta || Tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta a dtabharfar tacaíocht dóibh. || 2000

2.4 Eile || Aon fhaisnéis eile a mheastar a bhfuil gá léi || 4000

3 Cur chun feidhme || ||

3.1. Sainaithint na ndaoine is díothaí || Tuairisc ar an sásra lena socraítear na critéir incháilitheachta maidir leis na daoine is díothaí, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air. || 2000

3.2 Roghnú na n‑oibríochtaí || Na critéir maidir le roghnú oibríochtaí agus tuairisc ar an sásra roghnúcháin, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air. || 2000

3.3. Roghnú na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta || Na critéir maidir le roghnú eagraíochtaí comhpháirtíochta, difreáilte más gá de réir an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air. || 2000

3.4. Comhlántacht le CSE || Tuairisc ar an sásra le comhlántacht le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) a áirithiú || 4000

3.4. Leagan amach institiúideach || Tuairisc ar fhorálacha cur chun feidhme an chláir oibriúcháin lena sainaithnítear an t‑údarás bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin más infheidhme, an t‑údarás iniúchóireachta agus an comhlacht lena ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí. || 4000

3.5. Faireachán agus meastóireacht || San fhoroinn seo ba cheart tuairisc a thabhairt ar chonas a dhéanfar faireachán ar chur chun feidhme an chláir. Ní mór a mhíniú, go háirithe, conas a úsáidfear táscairí chun cur chun feidhme an chláir a leanúint. Áireofar sna táscairí táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachais arna leithdháileadh agus táscairí aschuir a bhaineann leis na hoibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh. || 4000

3.6. Cúnamh Teicniúil || Tuairisc ar an úsáid atá beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil de bhun Airteagal X(2), lena n‑áirítear bearta chun acmhainneacht riaracháin na dtairbhithe a threisiú i ndáil le bainistíocht fhónta airgeadais na n‑oibríochtaí || 4000

4. PLEAN AIRGEADAIS || Ba cheart a áireamh sa roinn seo: (1)        tábla ina sonrófar, i gcomhréir le hAirteagal 18, méid an leithreasaithe airgeadais atá beartaithe do thacaíocht ón gCiste agus ón gcómhaoiniú le haghaidh gach bliana; (2)        tábla ina sonrófar, le haghaidh na tréimhse cláraithe iomláine, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ón gclár oibriúcháin in aghaidh an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha. || Téacs: 1000 Sonraí i bhformáid CVS nó XLS

Formáid do shonraí airgeadais (roinn 4):

4.1 .1. Plean maoinithe an chláir oibriúcháin ina leagtar amach an gealltanas bliantúil don Chiste agus an cómhaoiniú comhfhreagrach náisiúnta sa chlár oibriúcháin (in EUR)

|| Iomlán || 2014 || 2015 || …. || 2020

Ciste (a) || || || || ||

Cómhaoiniú náisiúnta (b) || || || || ||

Caiteachas poiblí incháilithe (c) = (a) + (b) || || || || ||

Ráta cómhaoinithe* (d) = (a) / (c) || ||

* Is féidir an ráta seo a chothromú go dtí an tslánuimhir is gaire sa tábla. Is é cóimheas (d) an ráta cruinn a úsáidfear chun caiteachas a aisíoc.

4.1.2. Plean airgeadais ina leagtar amach méid na leithreasuithe airgeadais iomláin den tacaíocht ón gclár oibriúcháin in aghaidh an chineáil díthe ábhartha a ndírítear air chomh maith leis na bearta tionlacain comhfhreagracha (in EUR)

Réimse ina ndéanfar idirghabháil || Caiteachas poiblí incháilithe || || || ||

Iomlán || || || || ||

Cúnamh Teicniúil || || || || ||

Díth bia || || || || ||

bearta tionlacain comhfhreagracha || || || || ||

Easpa dídine || || || || ||

bearta tionlacain comhfhreagracha || || || || ||

Díth ábhartha i measc leanaí || || || || ||

bearta tionlacain comhfhreagracha || || || || ||

IARSCRÍBHINN II

Miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí idir 2014 agus 2020

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[10]

4 Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta

0406 Na Daoine is Díothaí

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

§ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[11]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Leis an gCiste, féachfar le comhtháthú sóisialta a chur chun cinn san Aontas Eorpach trí chuidiú a thabhairt spriocanna laghdaithe bochtaineachta na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.1

I dteannta an chuspóra ghinearálta, cuirfidh an clár le baint amach an chuspóra shonraigh: na cineálacha is measa bochtaineachta san Aontas a mhaolú trí chúnamh nach cúnamh airgeadais é a thabhairt do na daoine is díothaí.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

0406 Na Daoine is Díothaí

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tríd an ionstraim nua beidh na Ballstáit in ann cúnamh a thabhairt do thuairim is dhá mhilliún duine breise de na daoine is díothaí in aghaidh na bliana ar dhóigh a rachaidh chun sochair do stádas sláinte na ndaoine sin, don chuimsiú sóisialta, don fhostaíocht agus do mhargadh an tsaothair. Os a choinne sin, táthar ag súil go rachaidh tionchar sóisialta an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí i bhfad níos faide ná sin.

1.       Trí ardán a chur ar fáil ar féidir le cleachtóirí faisnéis agus taithí a mhalartú thart air, rachaidh sé chun sochair go mór do na geallsealbhóirí iomadúla ó thaobh próiseas de.

2.       Má tá cur chun feidhme an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí bunaithe ar fhianaise agus é dírithe idir an meántéarma agus an fadtéarma, agus má chuirtear i gcrích é trí bhíthin clár oibriúcháin, cothóidh sé freisin plé idir na grúpaí éagsúla geallsealbhóirí agus éascóidh sé cur chuige straitéiseach amach anseo. Ba cheart go n‑áiritheodh feabhsuithe ar na sásraí seachadta (go háirithe simpliú agus laghduithe ar an ualach riaracháin) go leanfadh d’ábharthacht na dtionchar próisis. Beidh an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí ina ionstraim chun idirphlé praiticiúil a éascú idir tosaíochtaí Eorpacha agus beartais chomhtháthaithe sóisialta.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Na hinstitiúidí sin a dhéanann an cúnamh ábhartha a dháileadh, tá siad ag brath go mór ar obair dheonach agus ar thabhartais. Dá bhrí sin, ba cheart a laghad oibleagáidí troma tuairisce agus is féidir a chur orthu. Os a choinne sin, is féidir bheith ag súil leis go mbeidh ar na heagraíochtaí sin an Coimisiún, agus deontóirí eile agus oibrithe deonacha chomh maith, a chur ar an eolas faoina gcuid oibre chun iad a spreagadh. Na táscairí a moladh, pléadh iad le brateagraíochtaí ar an leibhéal Eorpach agus measadh go raibh siad leordhóthanach agus réalaíoch.

Baineann an chéad tacar táscairí le méid na n‑acmhainní a dháiltear a bheith:

(1) Ina ranníocaíochtaí comhchineáil ón gclár;

(2) Ina n‑acmhainní airgeadais arna miondealú de réir tionscnaimh (AE agus foinsí eile)

Tugtar sa dara tacar táscairí coiteanna eolas faoi mhéid na cabhrach a seachadadh agus baineann sé le líon na bpacáistí a dáileadh; na mbéilí a ullmhaíodh/dáileadh agus le líon na ndaoine is díothaí dár tugadh cúnamh.

Is iad na húdaráis bhainistíochta a chuirfidh na sonraí sin chuig an gCoimisiún i dtuarascáil bhliantúil cur chun feidhme.

Gabhfaidh suirbhéanna struchtúrtha leis na buntuairiscí ilbhliantúla sin. Éileoidh an Coimisiún féin na suirbhéanna sin dhá uair ar a laghad le linn na tréimhse cur chun feidhme. Beidh léargais iontu ar na faighteoirí, i.e. an bhfuil aosghrúpa áirithe nó mionlaigh áirithe ceannasach etc, measfar iontu tábhacht ranníocaíochtaí comhchineáil seachas earraí, mar shampla, saothar deonach agus seirbhísí deonacha, agus beidh léargas iontu ar thionchair an chláir ar na faighteoirí. Táthar ag súil nach dtabharfar an fhaisnéis sin ach ar bhonn tuairime meáite, ó b'fhéidir nach mbeadh cliant in ann tacaíocht a ghlacadh gan gealltanas a fháil nach n‑ainmneofaí é, i roinnt cásanna .

1.5.        An foras atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Chuirfeadh an clár atá beartaithe le cuspóir comhtháthaithe shóisialta an Aontais. Is é Airteagal 175 de mhír a trí den CFAE, ina ndéantar forálacha maidir le bearta sonracha lasmuigh de na Cistí Struchtúracha, bunús dlí na hionstraime nua atá beartaithe.

In 2010, bhí beagnach an ceathrú cuid de mhuintir na hEorpa (116 milliún) i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Níl bochtaineacht agus eisiamh sóisialta aonfhoirmeach ar fud an AE. I gcoitinne, is géire na fadhbanna sna Ballstáit thoir agus theas. Ní hamháin gur chuir an ghéarchéim eacnamaíoch leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, ach laghdaigh sí (ó tá baint aici le brúnna comhdhlúthaithe fhioscaigh maidir le dinimic fiachais flaithiúnais) cumas roinnt Ballstát caiteachas sóisialta agus infheistíocht a choinneáil ar leibhéil ar leor iad chun an treocht dhiúltach sin a aisiompú.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá an Straitéis Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh bunaithe ar fhís chothrom maidir le fás eacnamaíoch agus dul chun cinn sóisialta ar bhonn spriocanna uaillmhianacha i ndáil le fostaíocht, oideachas agus laghdú bochtaineachta. Is bacainní móra roimh bhaint amach chuspóirí na straitéise Eoraip 2020 an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta.

Trí aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais, cuideoidh an ionstraim atá beartaithe bochtaineacht agus eisiamh sóisialta daoine a casadh i ndálaí diandíothaíochta a mhaolú. Trí é a chur ar chumas na mball is díothaí den tsochaí a ndínit agus a gcaipiteal daonna a choinneáil, cuirfidh sé le neartú caipitil shóisialta agus comhtháthaithe shóisialta laistigh dá bpobal.

Is gá beart ar leibhéal an AE chuige sin i bhfianaise leibhéal agus chineál na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta san Aontas, i ndiaidh don ghéarchéim eacnamaíoch cur leo, agus ós rud é go bhfuil neamhchinnteacht ann maidir le cumas na mBallstát uile caiteachas sóisialta a choinneáil ar leibhéil a bheadh leordhóthanach chun a áirithiú nach dtiocfadh meath sa bhreis ar an gcomhtháthú sóisialta agus go mbainfear amach cuspóirí agus spriocanna na straitéise Eoraip 2020.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Is ionstraim nua í seo. Tá an taithí a baineadh as an gclár um chabhair do na daoine is díothaí (DID) ábhartha, áfach. Ó tá súil nach mbeidh stoic idirghabhála ann, níl an bunús a bhí faoin DID ann níos mó agus cuirfear deireadh leis nuair a chuirfear plean bliantúil 2013 i gcrích. Ach, thar na blianta, d'éirigh an scéim ina foinse thábhachtach earraí ag eagraíochtaí a raibh teagmháil oibre acu go díreach leis na daoine is mírathúla inár sochaí, agus a sholáthair bia dóibh. Tá achoimre ar na ceachtanna a foghlaimíodh le fáil sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tabharfar EUR 2 500 000 000 de thacaíocht don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí atá beartaithe ó na Cistí Struchtúracha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post, cistí ina bhfuil EUR 327 115 655 850 ar an iomlán. Measfar gur cuid é an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí de sciar na gCistí Struchtúracha a leithdháileadh ar an CSE. Comhlánfaidh sé na huirlisí beartais comhtháthaithe atá ann cheana gan forluí trí ghníomhartha ceartaitheacha sealadacha a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas na mball is díothaí den tsochaí téarnamh.

Is féidir don ionstraim atá beartaithe, i bhfarradh le cineálacha eile tacaíochta is féidir a chómhaoiniú go háirithe ón CSE, cuidiú a thabhairt infhostaitheacht na dtairbhithe deiridh a fheabhsú, rud a chuirfeadh ar a gcumas rannchuidiú leis an ngeilleagar.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

§ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– §   Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 1.1.2014 go dtí an 31.12.2020

– §   Tionchar airgeadais ó 2014 go dtí 2022

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe[12]

¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[13]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

§ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Cuirfidh na hÚdaráis Bhainistíochta Tuarascálacha Bliantúla Cur chun Feidhme isteach. Beidh na tuarascálacha sin bunaithe ar shonraí agus beidh na táscairí coiteanna iontu a shainítear faoi roinn 1.4.4. Gabhfaidh suirbhéanna struchtúrtha agus meastóireachtaí dár thug an Coimisiún údarás ag an meántéarma agus ag deireadh na clárthréimhse leis na tuarascálacha sin. Scrúdófar dul chun cinn maidir le cur chun feidhme gach cláir i gcruinnithe bliantúla athbhreithnithe.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

An córas bainistíochta agus rialaithe atá an faoi láthair, baineadh é a bheag nó a mhór as an mBeartas Comhtháthaithe. Cé go bhfuil an scéim chaiteachais sin éagsúil leis an mBeartas Comhtháthaithe ó thaobh na bhfaighteoirí deiridh agus na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, táthar ag súil go mbeidh na fachtóirí riosca ar an dul céanna, leis an CSE go háirithe. Baineann an fhoinse is mó earráidí sa CSE sa chlárthréimhse reatha le hincháilitheacht (58 % de na hearráidí carnacha inchainníochtaithe), saincheisteanna cruinnis (7 %) agus saincheisteanna an riain iniúchóireachta (35 %). Chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, leagadh amach

na rialacha maidir le hincháilitheacht go hiomlán sa dréachtrialachán agus baineadh úsáid níos mó as rátaí comhréidhe arna socrú sa Rialachán féin. Fachtóir a chuireann leis na rioscaí, áfach, is ea go mbeidh seachadadh na cabhrach ar na faighteoirí deiridh ag brath den chuid is mó ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ar eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil riarachán lag ag cuid acu agus a bhfuil cuid acu ag brath go mór ar obair dheonach. Tá an cheist sin ardaithe cheana ag Cúirt na nIniúchóirí maidir leis an DID sa tuarascáil a chuir sé amach in 2009. I gcás na n‑eagraíochtaí sin beidh sé ar a gcumas fós na hacmhainní a leithdháileadh ar chúnamh ábhartha arna gceannach go lárnach ag na húdaráis bhainistíochta agus íocaíochtaí na rátaí comhréidhe a theorannú.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

I gcomhréir le prionsabal na comhbhainistíochta, tá an phríomhfhreagracht ar na Ballstáit, trína gcóras bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú a gcláir oibriúcháin. Ainmneoidh na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme le haghaidh a gcláir oibriúcháin. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin iniúchtaí a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais chun teacht ar chonclúidí faoi fheidhmíocht an Chiste, maille leis an deis cur isteach, cur ar fionraí agus ceartúchán airgeadais a dhéanamh.

Sa Bheartas Comhtháthaithe meastar gur tuairim is 2 % den mhaoiniú iomlán costais na gcúraimí maidir le rialú (ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach agus gan costais ar an gCoimisiún san áireamh). Baineann na costais sin leis na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear 1 % ó chomhordú náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann 82 % le bainistíocht clár, 4 % le deimhniúchán agus 13 % le hiniúchtaí.

Ba cheart go mbeadh leibhéil earráidí agus costais rialaithe níos ísle ná leibhéil an Bheartais Chomhtháthaithe de bharr roinnt fachtóirí, áfach. Beidh an clár nua dírithe ar thrí réimse gníomhaíochta agus ar na trí réimse sin amháin. Baintear an‑úsáid as roghanna simplithe costas. De bharr chineál na n‑oibríochtaí agus cineál na spriocghrúpaí, ní bheidh na faighteoirí deiridh faoi réir iniúchta, ach amháin má léiríodh sa mheasúnú riosca go raibh riosca sonrach ann maidir le míréireacht nó calaois. Ba cheart go laghdódh na fachtóirí sin le chéile an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe, go n‑ísleodh siad leibhéil earráidí, go méadódh siad muinín sa phróiseas agus, tríd sin, go gcuirfeadh siad leis an laghdú ar chostais rialaithe.

Is é leibhéal earráidí reatha DG EMPL (leibhéal earráidí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa) 2.2 %. Meastar go dtiocfaidh laghdú 1 % as na fachtóirí a luaitear thuas, rud a d’fhágfadh gurbh é an leibhéal deiridh earráidí don chlár 1.2 %.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá Comhstraitéis Frith‑Chalaoise curtha ar bun ag seirbhísí na gCistí Struchtúracha i gcomhar le OLAF ina bhforáiltear do shraith beart atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte chun calaois i mbearta struchtúracha a chosc. Beidh an Comhstraitéis Frith‑Chalaois infheidhme freisin maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

Ina theannta sin, áirítear sa togra saincheanglas maidir leis na bearta sin a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 32(4). Ba cheart go neartófaí feasacht ar chalaois sna Ballstáit dá bhrí sin, i measc na gcomhlachtaí ar fad atá bainteach leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a bhainistiú agus a rialú, agus an riosca calaoise a laghdú dá bhrí sin.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([14]) || ó thíortha an CSTE[15] || ó thíortha is iarrthóirí[16] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

Fás Cliste agus Cuimsitheach Ceannteideal nua do 2014--2020 || 04.06.00.00 Na Daoine is Díothaí || LD || /NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1 || Fás Cliste agus Uilechuimsitheach

DG: EMPL || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1) || 343.957 || 349.166 || 353.425 || 356.742 || 359.925 || 362.704 || 365.331 || 2,491.250

Íocaíochtaí || (2) || 274.038 || 277.152 || 277.152 || 277.152 || 277.152 || 277.152 || 277.152 || 1,936.947

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || ||

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chiste na gclár sonrach[17] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || 1.250 || 1.250 || 1.250 || 1.250 || 1.250 || 1.250 || 1.250 || 8.750

IOMLÁN leithreasuithe do DG EMPL[18] || Gealltanais || =1+1a +3 || 345.207 || 350.416 || 354.675 || 357.992 || 361.175 || 363.954 || 366.581 || 2,500.000

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 275.288 || 278.402 || 278.402 || 278.402 || 278.402 || 278.402 || 278.402 || 1,945.700

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN na leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <....> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN na leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: EMPL ||

Ÿ Acmhainní daonna || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 7,112

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

IOMLÁN DG EMPL || Leithreasuithe || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 7,112

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 7,112

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N[19] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || || || || || || || ||

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos. Is le bainistíocht chomhroinnte a chuirfear an ciste chun feidhme. Cé go socraítear tosaíochtaí straitéiseacha ar leibhéal an AE leis an Rialachán, is faoi na hÚdaráis Bhainistíochta atá sé an bainistiú a dhéanamh ó lá go lá. Cé go bhfuil táscairí coiteanna molta ag an gCoimisiún, molfaidh na Ballstáit na spriocanna féin ar leibhéal clár oibríochtúil le comhaontú an Choimisiúin. Ar an ábhar sin, ní féidir táscairí a léiriú d’aschuir go dtí go ndréachtófar, go gcaibidleofar agus go gcomhaontófar na cláir in 2013/2014.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál aschuir[20] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon na-n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán cost

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...[21] || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 7,112

Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 1,016 || 7,112

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[22] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0,128 || 0,128 || 0,128 || 0,128 || 0,128 || 0,128 || 0,128 || 0,896

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1,122 || 1,122 || 1,122 || 1,122 || 1,122 || 1,122 || 1,122 || 7,854

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,250 || 1,250 || 1,250 || 1,250 || 1,250 || 1,250 || 1,250 || 8,750

IOMLÁN || 2,266 || 2,266 || 2,266 || 2,266 || 2,266 || 2,266 || 2,266 || 15,862

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

04 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 8 || 8 || 8 || 8 || 8 || 8 || 8

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: coibhéis lánaimseartha)[23]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

04 01 04 01 [24] || - ag an gCeanncheathrú[25] || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta do bhainistíocht an bhirt cheana atá agus/nó a bhí ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistithe faoin nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Chun páirt a ghlacadh in anailísiú, in idirbheartaíocht, i modhnú agus in ullmhúchán le haghaidh tograí formheasa le haghaidh clár agus tionscadal sna Ballstáit. Chun páirt a ghlacadh i mbainistíocht, i bhfaireachán agus i meastóireacht ar chur chun feidhme na gclár agus na dtionscadal arna bhformheas. CHUN comhlíonadh na rialacha a rialaíonn na cláir a áirithiú.

Foireann sheachtrach || Idem agus/nó tacaíocht riaracháin

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ¨  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[26].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Impact of the proposal/initiative[27]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO L …, lch .

[2]               IO L …, lch .

[3]               IO L …, lch .

[4]               IO L 281, 23.11.1995, p. 31

[5]               IO L …, lch .

[6]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[7]               IO L 118, 12.5.2010, lch 1.

[8]               IO L 53, 23.2.2002, lch 1.

[9]               IO L 347, 11.12.2006, lch.1.

[10]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[11]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 51(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[12]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BUDG: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[13]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 200 den Rialachán Airgeadais

[14]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[15]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[16]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.

[17]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[18]             Tá na leithreasaí seo ina gcuid de na Cistí Struchtúrachacha faoin sprioc Infheistíochta le haghaidh Fáis agus Post ag a bhfuil gealltanais EUR 327 115 655 850. Measfar gur cuid é an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí de sciar na gCistí Struchtúracha a leithdháileadh ar an CSE.

[19]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[20]             Is táirgí agus seirbhísí atá le soláthar aschuir (e.g: líon malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon km de bhóithre arna dtógáil).

[21]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."

[22]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[23]             CA= Gníomhaire ar Conradh; INT= Foireann Ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (Saineolaí Óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire Áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht;

[24]             Faoin uasteorainn d'fhoireann sheachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[25]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[26]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

[27]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top