EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0255

Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc, maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

IO L 84, 20.3.2014, p. 57–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/255/oj

20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

57


RIALACHÁN (AE) Uimh. 255/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc, maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle (2), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d’allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile de thionscnamh na Tuirce. Tugtar cumhachtaí don Choimisiún leis freisin coigeartuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, má leasaítear na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle (3), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis rialacha mionsonraithe speisialta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an chórais allmhairiúcháin do tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a cheadaítear a allmhairiú isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (4).

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle (5), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta fionraí dá dtagraítear sa Rialachán sin a aisghairm, a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh.

(4)

De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE.

(5)

Ar mhaithe le heilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá ar an Rialachán sin i gcás ina leasaítear coinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais, go háirithe maidir le méideanna, nó i gcás ina dtugtar comhaontú nua i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(6)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

“Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun na socruithe speisialta allmhairiúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).

Airteagal 8

Chun na gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle na leasuithe ar choinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a fhormheas, nó comhaontú nua a thabhairt i gcrích, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a maidir leis na leasuithe iarmhartacha ar an Rialachán seo.”.

(2)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 9 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8b

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 779/98 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun an córas allmhairiúcháin do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(2).”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 3

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta fionraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3a(2).”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 3a

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d’allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta áirithe eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 284, 16.10.1997, lch. 17).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95 (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1).

(4)  IO L 86, 20.3.1998, lch. 1.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 lena mbunaítear lamháltas i bhfoirm taraif-chuóta Comhphobail don Tuirc i 1998 i leith cnónna coill agus lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí (IO L 200, 16.7.1998, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(9)  Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú

Beidh líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha atá i gceist ag gabháil le glacadh an Rialacháin seo. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha chomh tapa agus is féidir a luaithe a ghlacfar an Rialachán, agus roimh an 30 Meán Fómhair 2014 ar a dhéanaí.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint maidir lena chruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


Top