EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0651
Decision of the EEA Joint Committee No 386/2021 of 10 December 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/651]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 386/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/651]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 386/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/651]
IO L, 2024/651, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/651/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/651 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 386/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/651]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/356 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí idirbheart maoinithe urrús atá le tuairisciú do stórtha trádála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/357 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le rochtain ar mhionsonraí idirbheart maoinithe urrús atá i stórtha trádála (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/358 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le bailiú, fíorú, comhiomlánú, comparáid agus foilsiú sonraí maidir le idirbheart maoinithe urrús a dhéanfaidh stórtha trádála (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/359 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí an iarratais le haghaidh clárú agus le haghaidh síneadh ar chlárú mar stór trádála (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/360 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/363 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid agus minicíocht na dtuarascálacha ar mhionsonraí idirbheart maoinithe urrús chuig stórtha trádála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1247/2012 ón gCoimisiún maidir le húsáid cód tuairiscithe i dtuairisciú conarthaí díorthach (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/364 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid na n-iarratas le haghaidh clárú agus le haghaidh síneadh ar chlárú stórtha trádála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/365 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha chun faisnéis a mhalartú maidir le smachtbhannaí, bearta agus imscrúduithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31bcb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1247/2012 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bh (Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/356, (AE) 2019/357, (AE) 2019/358, (AE) 2019/359, (AE) 2019/360 agus Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2019/363, (AE) 2019/364 agus (AE) 2019/365 san Íoslainnis agus san Ioruais, a bheidh le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 385/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (9), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 81, 22.3.2019, lch. 1.
(2) IO L 81, 22.3.2019, lch. 22.
(3) IO L 81, 22.3.2019, lch. 30.
(4) IO L 81, 22.3.2019, lch. 45.
(5) IO L 81, 22.3.2019, lch. 58.
(6) IO L 81, 22.3.2019, lch. 85.
(7) IO L 81, 22.3.2019, lch. 125.
(8) IO L 81, 22.3.2019, lch. 128.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(9) IO L, 2024/650, 14.3.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2024/650/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/651/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)