EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02009R1072-20220221
Regulation (EC) No 1072/2009 of the European Parliament and of the Council of 21 October 2009 on common rules for access to the international road haulage market (recast) (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02009R1072 — GA — 21.02.2022 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1072/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 300 14.11.2009, lch. 72) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 178 |
5 |
10.7.2012 |
||
L 158 |
1 |
10.6.2013 |
||
RIALACHÁN (AE) 2020/1055 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2020 |
L 249 |
17 |
31.7.2020 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1072/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2009
maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
Go dtí go gcuirtear i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear:
d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit leis na tríú tíortha sin;
d’fhorálacha a bhaineann le hiompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá cuimsithe i gcomhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit a cheadaíonn luchtú agus díluchtú i mBallstát ag tarlóirí nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, bíodh sé faoi údaraithe déthaobhacha nó faoi shocruithe léirscaoilte.
Maidir leis na cineálacha iompair seo a leanas agus maidir le turais neamhualaithe a dhéantar i gcomhar leis an iompar sin, ní beidh gá le ceadúnas Comhphobail agus beidh siad díolmhaithe ó aon údarú iompair:
iompar poist mar sheirbhís uilíoch;
iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;
go dtí an 20 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna;
ón 21 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 2,5 tonna;
iompar earraí i mótarfheithiclí ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:
is leis an ngnóthas na hearraí arna n-iompar nó is é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d’fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;
is é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an ngnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;
is iad pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;
is leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó beidh siad ceannaithe aige ar théarmaí iarchurtha nó tá siad fruilithe aige ar choinníoll más amhlaidh an cás go dtagann siad le coinníollacha Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí atá fruilithe gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar ( 1 ); agus
níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais;
iompar táirgí leighis, gléasanna, trealamh agus earraí eile a mbíonn call leo le haghaidh cóir leighis i gcás faoisimh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha.
Ní bheidh feidhm ag pointe (d)(iv) den chéad fhomhír maidir le húsáid feithicle ionadaí le linn cliseadh gearr ar an bhfeithicil a úsáidtear de ghnáth.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil atá cláraithe i mBhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiatach le haghaidh iompair earraí;
ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta”:
turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe in dhá Bhallstát éagsúla, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin;
turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó Bhallstát chuig tríú tír ná vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin;
turas ualaithe a dhéanann feithicil idir tríú tíortha, le hidirthuras trí chríoch Bhallstáit amháin nó trí níos mó ná Ballstát nó tríú tír amháin; nó
turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c);
ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát ina n-oibríonn tarlóir seachas an Ballstát ina bhfuil an tarlóir bunaithe;
ciallaíonn “tarlóir neamhchónaitheach” gnóthas tarlaithe de bhóthar a oibríonn i mBallstát óstach;
ciallaíonn “tiománaí” aon duine a dhéanann an fheithicil a thiomáint fiú más ar feadh tréimhse gearr é, nó a iompraítear i bhfeithicil mar chuid dá dhualgais fáil a bheith air mar thiománaí más gá;
ciallaíonn “oibríochtaí cabatáiste” iompar náisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht a chuirtear i gcrích ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “sárú tromchúiseach ar reachtaíocht Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar” sárú lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá dheasca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh 1071/2009 agus/nó ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan.
CAIBIDIL II
IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 3
Prionsabal ginearálta
Is faoi réir sealbhaíocht ceadúnais Chomhphobail a dhéanfar iompar idirnáisiúnta agus, más náisiúnach de thríú tír an tiománaí, i dteannta fianaithe tiománaí Comhphobail.
Airteagal 4
An ceadúnas Comhphobail
Déanfaidh Ballstát an ceadúnas Comhphobail a eisiúint, i gcomhréir leis an Rialachán seo, chuig tarlóir ar bith a iompraíonn earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht agus:
atá bunaithe sa Bhallstát sin de réir reachtaíocht an Chomhphobail agus de réir reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin; agus
atá i dteideal iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar a dhéanamh i mBallstát na bunaíochta, i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail agus i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin i dtaca le ligean isteach do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar chun iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar a dhéanamh.
I gcás feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar, nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe agus a gcuirtear na ceanglais airgeadais níos ísle arna mbunú sa dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 i bhfeidhm ina leith, scríobhfaidh an t-údarás eisiúna sa roinn “nótaí sonracha” den cheadúnas Comhphobail, nó den chóip dhílis dheimhnithe de: “≤ 3,5 t”.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun go n-oiriúnófar iad don dul chun cinn teicniúil.
Eiseofar an ceadúnas Comhphobail in ainm an tarlóra agus beidh sé neamh-inaistrithe. Coinneofar cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail i ngach ceann d’fheithiclí an tarlóra agus ní mór iad a thabhairt ar aird ar iarratas ó oifigeach údaraithe cigireachta.
I gcás cónasc feithiclí cúpláilte beidh an chóip dhílis dheimhnithe ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdóidh sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura mbeidh an leantóir nó an leathleantóir cláraithe nó údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe ná údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Airteagal 5
Fianú an tiománaí
Eiseoidh Ballstát fianú tiománaí i gcomhréir leis an Rialachán seo d’aon tarlóir:
ar sealbhóir ceadúnais Chomhphobail é nó í; agus
a fhostaíonn sa Bhallstát sin tiománaí nach náisiúnach de Bhallstát é ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad ( 2 ), nó a úsáideann tiománaí ar bhonn dlíthiúil nach náisiúnach de Bhallstát é ná nach cónaitheoir fadtéarma é de réir bhrí na Treorach sin agus a chuirtear ar a láimh aige de réir na gcoinníollacha fostaíochta agus oiliúna gairmiúla a leagtar síos sa Bhallstát sin:
le dlíthe, le rialacháin nó le forálacha riaracháin; agus, de réir mar is iomchuí;
le comhaontuithe comhchoiteanna, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sa Bhallstát sin.
Eiseofar fianú tiománaí ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh ag Ballstát a eisithe faoi réir uastréimhse bailíochta de chúig bliana. Fanfaidh fianuithe tiománaithe arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bailí go dtí dáta a n-éagtha.
Ní bheidh an fianú tiománaí bailí ach a fhad is go gcomhlíontar na coinníollacha faoina n-eisítear é. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí chun a áirithiú go dtabharfaidh an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna láithreach mura gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.
Airteagal 6
Fíorú coinníollacha
Airteagal 7
Eisiúint ceadúnas Comhphobail agus fianú tiománaithe a dhiúltú agus iad a tharraingt siar
Tarraingeoidh na húdaráis inniúla ceadúnas Comhphobail nó fianú tiománaithe siar:
mura gcomhlíonann an sealbhóir na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 4(1) nó iadsan dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thuilleadh; nó
má chuir an sealbhóir faisnéis mhícheart ar fáil maidir leis na sonraí arna n-éileamh i dtaca le ceadúnas Comhphobail nó le haghaidh fianú tiománaí.
CAIBIDIL III
CABATÁISTE
Airteagal 8
Prionsabal ginearálta
A luaithe a mbeidh earraí a iompraíodh le linn an iompair idirnáisiúnta seachadta, ceadófar ceadaithe do tharlóirí dá dtagraítear i mír 1 suas le trí oibríocht chabatáiste ar a mhéid a dhéanamh leis an bhfeithicil céanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, an chuid is mótarfheithicil í den fheithicil chéanna, i ndiaidh iompair idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó thríú tír go dtí an mBallstát óstach. Laistigh de sheacht lá ón ndíluchtú deireanach sa Bhallstát óstach le linn an iompair idirnáisiúnta isteach a tharlóidh an díluchtú deireanach roimh fhágáil an Bhallstáit óstaigh le linn oibríocht chabatáiste.
Laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i fomhír 1, féadfaidh tarlóirí cuid de na hoibríochtaí cabatáiste nó na hoibríochtaí cabatáiste uile a cheadaítear faoin fomhír sin a chur i gcrích in aon Bhallstát faoin gcoinníoll go mbeidh siad teoranta go hoibríocht chabatáiste amháin i ngach Ballstát laistigh de thrí lá tar éis na hiontrála neamhualaithe i gcríoch an Bhallstáit sin.
Ní mheastar seirbhísí tarlaithe de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag tarlóir neamhchónaitheach a bheith ag cloí leis an Rialachán seo ach amháin má tá an tarlóir in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta a rinneadh roimhe agus faoi gach oibríocht chabatáiste a rinneadh as a chéile. Más rud é go raibh an fheithicil ar chríoch an Bhallstáit óstaigh laistigh de thréimhse 4 lá roimh an iompar idirnáisiúnta, cuirfidh an tarlóir fianaise shoiléir ar fáil maidir leis na hoibríochtaí ar fad a rinneadh le linn na tréimhse sin.
Le haghaidh gach oibríochta, cumhdóidh fianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír na sonraí seo a leanas:
ainm, seoladh agus síniú an tseoltóra;
ainm, seoladh agus síniú an tarlóra;
ainm agus seoladh an choinsíní chomh maith lena shíniú agus dáta an tseachadta nuair a bheidh na hearraí seachadta;
an áit agus an dáta a gabhadh seilbh ar na hearraí agus an áit arna sainiú le haghaidh an tseachadta;
an cur síos sa teanga coitianta ar chineál na n-earraí agus ar mhodh a bpacála, agus i gcás earraí contúirteacha, an cur síos a aithnítear go ginearálta chomh maith le huimhir na bpacáistí agus na marcanna agus na huimhreacha speisialta a ghabhann leo;
ollmhais na n-earraí nó bealach ar bith eile lena gcainníocht a chur in iúl;
uimhirphlátaí na mótarfheithicle agus an leantóra.
Airteagal 9
Rialacha is infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste
Beidh feidhmiú oibríochtaí iompair chabatáiste, mura bhforáiltear dá mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir leis an méid seo a leanas:
na coinníollacha lena rialaítear an conradh iompair;
na meáchain agus na toisí feithiclí bóthair;
na ceanglais a bhaineann le hiompar catagóirí áirithe earraí, go háirithe earraí contúirteacha, bianna meatacha agus ainmhithe beo;
an méid ama tiomána agus na tréimhsí sosa;
an cháin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair.
Féadfaidh na meáchain agus na toisí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír dul thar na meáchain agus na toisí is infheidhme i mBallstát bunaíochta an tarlóra, i gcás inarb iomchuí, ach ní fhéadfaidh siad in imthosca ar bith dul thar na teorainneacha atá leagtha síos ag an mBallstát óstach le haghaidh tráchta náisiúnta ná dul thar na saintréithe teicniúla atá luaite sna cruthúnais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí áirithe bóthair ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal ( 3 ).
Airteagal 10
An nós imeachta coimirce
Chun críocha mhír 1:
ciallaíonn “mórshuaitheadh ar an margadh náisiúnta iompair i limistéar geografach áirithe” go bhfuil fadhbanna ann a bhaineann go sonrach leis an margadh sin, a chiallaíonn gur mó an soláthar ná an t-éileamh atá ann ar bhealach atá tromchúiseach agus a d’fhéadfadh a bheith fadtréimhseach, agus a bheadh ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais agus do shláinte líon suntasach de tharlóirí,
ciallaíonn “limistéar geografach” limistéar a chuimsíonn críoch iomlán an Bhallstáit nó cuid di nó a théann amach chomh fada le críoch iomlán Ballstáit eile nó cuid di.
Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le bearta coimirce agus, más gá leo, glacfaidh sé iad.
Ar na bearta sin, d’fhéadfaí an limistéar sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo go sealadach.
Maidir leis na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagail seo, fanfaidh siad i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí, tréimhse a bheidh inathnuaite uair amháin faoi na teorannacha céanna bailíochta.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo.
Féadfaidh aon Bhallstát cinneadh ón gCoimisiún de bhun mhír 3 a chur faoi bhráid na Comhairle laistigh de 30 lá tar éis dó a bheith fógartha. Laistigh de 30 lá tar éis don Bhallstát an cinneadh a chur faoi bhráid na Comhairle, nó, i gcás gur chuir níos mó ná Ballstát amháin faoina bráid é, 30 lá tar éis é a bheith curtha faoina bráid den chéad uair, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh difriúil a dhéanamh.
Beidh feidhm ag na teorannacha bailíochta a leagtar síos sa tríú fomhír de mhír 3 maidir le cinneadh na Comhairle. Beidh sé de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta a ghlacadh a mbeidh raon feidhme coibhéiseach acu maidir le tarlóirí cónaitheacha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Mura ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh cinneadh an Choimisiúin ina chinneadh críochnaitheach.
Airteagal 10a
Seiceálacha
CAIBIDIL IV
CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH AGUS PIONÓIS
Airteagal 11
Cúnamh frithpháirteach
Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faireachán air a áirithiú. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú trí mheán na bpointí teagmhála náisiúnta a bunaíodh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.
Airteagal 12
Smachtbhannaí i leith sáruithe ag an mBallstát bunaíochta
I gcás sárú tromchúiseach ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar a dhéanfar nó a fhionnfar in aon Bhallstát, déanfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát bunaíochta an tarlóra a mbeidh an sárú sin déanta aige an ghníomhaíocht iomchuí a ghlacadh, lena bhféadfar foláireamh a áireamh má fhoráileann an dlí náisiúnta dó sin, chun an t-ábhar a shaothrú, ní a bhféadfaidh, inter alia, forchur na bpionós riaracháin seo a leanas a leanúint as:
roinnt chóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;
an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.
Féadfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh deireanach déanta faoin ábhar agus féachfaidh siad dá thromchúisí atá an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail agus do líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas sin atá ina sheilbh maidir le trácht idirnáisiúnta.
I gcás sáruithe thromchúisigh i ndáil le haon mhí-úsáid fianuithe tiománaithe de chineál ar bith, forchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an tarlóra a bhfuil sáruithe den sórt sin déanta aige pionóis iomchuí, amhail:
eisiúint fianuithe tiománaithe a fhionrú;
fianuithe tiománaithe a tharraingt siar;
eisiúint fianuithe tiománaithe a chur faoi réir coinníollacha breise chun cosc a chur le mí-úsáid;
roinnt chóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;
an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.
Féadfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh deireanach déanta faoin ábhar agus féachfaidh siad dá thromchúisí atá an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail.
A luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine, tar éis dóibh a gcinneadh deireanach maidir leis an ábhar a dhéanamh, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar fionnadh an sárú cé acu ceann de na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 a gearradh.
Mura ngearrtar pionóis den sórt sin, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit na cúiseanna atá leis sin.
Airteagal 13
Smachtbhannaí i leith sáruithe ag an mBallstáit óstach
I gcás ina bhfuil na húdaráis inniúla i mBallstát feasach faoi shárú tromchúiseach ar an Rialachán seo nó ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar is inchurtha i leith tarlóra ó Bhallstát eile, cuirfidh an Ballstáit a mbeidh an sárú arna fhionnadh laistigh dá chríoch an fhaisnéis a leanas faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an tarlóra a luaithe is féidir é agus tráth nach déanaí ná sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach ar an ábhar:
cur síos ar an sárú agus dáta agus am a dhéanta;
catagóir, cineál an tsáraithe agus a thromchúisí is atá sé; agus
na pionóis a gearradh agus na pionóis a fhorghníomhadh.
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tarlóir bunaithe pionóis riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 14
Taifead sna cláir leictreonacha náisiúnta
Maidir le sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar arna ndéanamh ag tarlóirí bunaithe ar a gcríoch, agus ba bhun le forchur pionóis ag aon Bhallstát, mar aon le haon tarraingt siar shealadach nó bhuan den cheadúnas Comhphobail nó den chóip dhílis dheimhnithe, áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar iad a thaifeadadh i gclár náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar. Maidir leis na taifid sin sa chlár a bhaineann le ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, fanfaidh siad sa bhunachar sonraí ar feadh dhá bhliain a dhéanfar a chomhaireamh, i gcás tarraingthe siar ar bhonn sealadach, ón tarraingt siar a dhul in éag nó, i gcás tarraingthe siar ar bhonn buan, ó dháta na tarraingthe siar.
Airteagal 14a
Dliteanas
Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí mura gcomhlíonann siad Caibidlí II agus III, i gcás inarbh eol dóibh, nó, i bhfianaise na gcúinsí ábhartha uile inar cheart gurbh eol dóibh, go mbaineann sáruithe ar an Rialachán seo leis na seirbhísí iompair atá coimisiúnaithe acu.
Airteagal 14b
An tarmligean a fheidhmiú
CAIBIDIL V
CUR CHUN FEIDHME
▼M3 —————
Airteagal 16
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin tráth nach déanaí ná an 4 Nollaig 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta sin gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht ná áit bhunaíochta an tarlóra.
Airteagal 17
Tuairisciú agus athbhreithniú
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Achomhairc
Aisghairtear leis seo Rialacháin (CEE) Uimh. 881/92 agus (CEE) Uimh. 3118/93 agus Treoir 2006/94/CE.
Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe agus don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Nollaig 2011, ach amháin Airteagal 8 agus Airteagal 9, a thiocfaidh i bhfeidhm ón 14 Bealtaine 2010.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Gnéithe slándála cheadúnas an Chomhphobail agus an fianú tiomána
Caithfidh dhá thréith de na tréithe slándála seo a leanas a bheith ag ceadúnas an Chomhphobail agus ag an bhfianú tiomána:
IARSCRÍBHINN II
Múnla cheadúnas an Chomhphobail
AN COMHPHOBAL EORPACH
(a)
Colour Pantone light blue 290, or as close as possible to this colour, format DIN A4 cellulose paper 100 g/m2 or more
(Céad leathanach an cheadúnais)
(An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
(b)
(Dara leathanach an cheadúnais)
An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Eisítear an ceadúnas seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)Tugann sé an ceart don sealbhóir gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht de bhealach ar bith, le haghaidh turas nó le haghaidh codanna de thurais a dhéantar laistigh de chríoch an Chomhphobail, agus i gcás inarb iomchuí, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos anseo:
agus turais neamhualaithe i ndáil le hiompar den sórt sin.
I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, beidh feidhm ag an gceadúnas seo i leith na coda sin den turas a dhéanfar ar chríoch an Chomhphobail. Ní bheidh bailíocht leis i mBallstát an luchtaithe agus an díluchtaithe ach amháin nuair atá an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír atá i gceist curtha i gcrích de réir Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Is rud pearsanta a bhaineann leis an sealbhóir an ceadúnas agus níl sé inaistrithe.
Féadfaidh údarás inniúil Bhallstát a eisiúna é a tharraingt siar go háirithe:
Caithfidh an gnóthas bunchóip an cheadúnais a choinneáil.
Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choinneáil san fheithicil ( 8 ). I gcás cónasc feithiclí cúpláilte ní mór go mbeidh sé ag gabháil leis an mótarfheithicil. Cumhdaíonn sé an cónasc feithiclí cúpláilte fiú mura bhfuil an leantóir nó an leathleantóir cláraithe ná údaraithe chun na bóithre a úsáid in ainm shealbhóir an cheadúnais nó má tá sé cláraithe nó údaraithe chun na bóithre i Stát eile a úsáid.
Ní mór an ceadúnas a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta a bheidh údaraithe chuige sin.
Laistigh de chríoch gach Ballstát ní mór don sealbhóir cloí leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm sa Stát sin, go háirithe maidir le hiompar agus le trácht.
IARSCRÍBHINN III
Múnla d’fhianuithe tiománaithe
AN COMHPHOBAL EORPACH
(a)
Colour Pantone pink 182, or as close as possible to this colour, format DIN A4 cellulose paper 100 g/m2 or more
(Céad leathanach an fhianaithe)
(An téacs i dteanga oifigiúil nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
(b)
(Dara leathanach an fhianaithe)
(Tan téacs i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas á eisiúint aige)
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Eisítear an fianú seo faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
Deimhníonn sé go bhfuil an tiománaí arna ainmniú ann fostaithe, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin nó leis na borálacha riaracháin agus, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na comhaontuithe tiomsaitheacha, de réir na rialacha atá infheidhme sa Bhallstát atá luaite san fhianú, faoi na coinníollacha fostaíochta agus oiliúna gairmiúla tiománaithe atá infheidhme sa Bhallstát sin chun oibríochtaí iompair de bhóthar a chur i gcrích sa Stát sin.
Beidh an fianú faoi úinéireacht an tarlóra, a chuireann ar láimh an tiománaithe atá ainmnithe ann é nuair a thiomáineann an tiománaí sin, le linn dó úsáid a bhaint as ceadúnas Comhphobail arna eisiúint don tarlóir sin, feithicil ( 9 ) a bhíonn i mbun iompair. Beidh fianú tiománaí inaistrithe. Ní bheidh fianú tiománaí bailí ach chomh fada is a bheidh na coinníollacha faoinar eisíodh é fós comhlíonta agus ní mór don tarlóir é a thabhairt ar ais láithreach do na húdaráis eisiúna mura bhfuiltear ag comhlíonadh na coinníollacha sin níos mó.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh é a tharraingt siar, go háirithe:
Caithfidh an gnóthas tarlaithe cóip dhílis dheimhnithe den fhianú a choinneáil.
Ní mór bunchóip an fhianaithe a choinneáil san fheithicil agus ní mór don tiománaí é a thabhairt ar aird ar iarratas ó aon oifigeach údaraithe cigireachta.
IARSCRÍBHINN IV
Tábla Comhghaoil
Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 |
Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93 |
Treoir 2006/94/CE |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
|
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(2) |
|
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(3) |
|
|
Airteagal 1(3) |
Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 1(1) agus (2), Airteagal 2, Iarscríbhinn I. |
Airteagal 1(5) |
|
|
Airteagal 2 |
Airteagal 1(6) |
Airteagal 2 |
|
|
Airteagal 2 |
Airteagal 3(1) |
|
|
Airteagal 3 |
Airteagal 3(2) |
|
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 3(3) |
|
|
Airteagal 5(1) |
Airteagal 4 |
|
|
|
Airteagal 5(1) |
|
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 5(2) |
|
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 5(3) |
|
|
Airteagal 4(4) |
|
|
|
Airteagal 4(5) |
Airteagal 5(4), Iarscríbhinn I |
|
|
Airteagal 4(6) |
Airteagal 5(5) |
|
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 6(1) |
|
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 6(2) |
|
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 6(3) |
|
|
Airteagal 5(3) |
Airteagal 6(4) |
|
|
Airteagal 5(6) |
Airteagal 6(5) |
|
|
Airteagal 5(7) |
Airteagal 7 |
|
|
Airteagal 6 |
Airteagal 8(1) |
|
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 8(2) |
|
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 8(3) |
|
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 8(4) |
|
|
Airteagal 12(2) |
Airteagal 9(1) agus (2) |
|
|
Airteagal 12(6) |
|
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 1(2) |
|
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 1(3) agus (4) |
|
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 2 |
|
|
|
Airteagal 3 |
|
|
|
Airteagal 4 |
|
|
|
Airteagal 5 |
|
|
|
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 6(2) |
|
|
|
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 6(4) |
|
|
|
Airteagal 7 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
|
|
Airteagal 17(1) |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 11(2) |
|
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 11(3) |
|
|
Airteagal 12(4) |
Airteagal 11a |
|
|
|
|
Airteagal 8(2) agus (3) |
|
Airteagal 13(2) |
|
Airteagal 8(4) an chéad fhomhír agus an tríú fomhír |
|
|
|
Airteagal 8(4), an dara fomhír |
|
Airteagal 12(4) |
|
Airteagal 8(4), an ceathrú fomhír agus fomhír an cúigiú fomhír |
|
Airteagal 12(5) |
|
Airteagal 9 |
|
Airteagal 13(3) |
Airteagal 12 |
|
|
Airteagal 18 |
Airteagal 13 |
|
|
|
Airteagal 14 |
Airteagal 10 |
|
|
|
Airteagal 11 |
|
|
Airteagal 15 |
Airteagal 12 |
Airteagal 4 |
Airteagal 19 |
|
|
Airteagal 3 |
|
|
|
Airteagal 5 |
|
|
|
Iarscríbhinn II, III |
|
Iarscríbhinn I |
|
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn III |
|
|
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn I |
|
|
|
Iarscríbhinn II |
|
|
|
Iarscríbhinn III |
|
|
|
Iarscríbhinn IV |
|
|
( 1 ) IO L 33, 4.2.2006, lch. 82.
( 2 ) IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.
( 3 ) IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
( 5 ) Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).
( 6 ) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
( 7 ) Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lch 17).
( 8 ) Ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát, agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach le haghaidh iompair earraí.
( 9 ) Ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil arna clárú sa Bhallstát nó cónasc feithiclí cúpláilte, dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe i mBallstát agus a mbaintear úsáid aisti go heisiatach le haghaidh iompair earraí.