EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R0994

Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 295, 12.11.2010, p. 1–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/10/2017; Arna aisghairm le 32017R1938

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/994/oj

12.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 994/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné shár-riachtanach do sholáthar fuinnimh an Aontais é an gás nádúrtha (“gás”), arb é an ceathrú cuid den soláthar príomha fuinnimh é agus a úsáidtear go formhór i ndáil le giniúint leictreachais, le téamh, le bunábhar don tionsclaíocht agus le breosla chun críche iompair.

(2)

Tá méadú an-tapa tagtha le deich mbliana anuas ar thomhailt an gháis san Eoraip. Toisc go bhfuil an méid gáis a tháirgtear go hinmheánach ag laghdú, tá méadú níos tapa fós tagtha ar an méid gáis a allmhairítear agus, sa chaoi sin, cruthaítear spleáchas níos mó ar allmhairí mar aon le gá chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis. Ina theannta sin, tá roinnt Ballstát ar “oileán gáis” ós rud é nach bhfuil naisc bhonneagair acu leis an gcuid eile den Aontas.

(3)

I bhfianaise thábhacht an gháis i measc fhoinsí éagsúla fuinnimh an Aontais, is é is aidhm don Rialachán seo a léiriú do chustaiméirí gáis go bhfuil na bearta riachtanacha go léir á ndéanamh chun soláthar leanúnach a áirithiú dóibh, go háirithe i gcás dálaí deacra aeráide agus i gcás suaitheadh a bheith ann. Aithnítear gur cheart na cuspóirí seo a chur i gcrích trí na bearta is cost-éifeachtaí ionas nach ndéanfar difear d’iomaíochas coibhneasta an bhreosla seo i gcomparáid le breoslaí eile.

(4)

Le Treoir 2004/67/CE ón gComhairle (3), bunaíodh creat dlíthiúil ar leibhéal an Chomhphobail den chéad uair chun slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha a choimirciú agus chun rannchuidiú le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh gáis i gcás suaitheadh soláthair a bheith ann. Leis an Treoir sin, bunaíodh an Grúpa Comhordaithe Gáis, ar grúpa úsáideach atá ann chun faisnéis a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí coiteanna a shainiú idir na Ballstáit, an Coimisiún, tionscal an gháis agus na tomhaltóirí. Trí Líonra na gComhfhreagraithe um Shlándáil an tSoláthair Fuinnimh (NESCO), lenar thacaigh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2006, tá feabhas tagtha ar an acmhainn bhailithe faisnéise agus tugtar luathrabhadh faoi bhagairtí ionchasacha ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Maidir leis an reachtaíocht nua ar an margadh inmheánach san fhuinneamh a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí Iúil 2009, is céim thábhachtach í maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhlánú agus is é is cuspóir sainráite don reachtaíocht sin slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a fheabhsú.

(5)

Faoi na bearta reatha a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis agus atá déanta cheana ar leibhéal an Aontais, áfach, tá méid mór saoirse ag na Ballstáit fós maidir leis na bearta a roghnaíonn siad. I gcás ina bhfuil slándáil an tsoláthair i mBallstát faoi bhagairt, tá riosca follasach ann go bhféadfadh na bearta a fhorbraíonn an Ballstát sin go haontaobhach dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh gáis agus soláthar an gháis do chustaiméirí a chur i mbaol. I bhfianaise na taithí atá faighte le déanaí, tá sé léirithe go follasach go bhfuil an riosca sin ann. Chun ligean don mhargadh inmheánach gáis oibriú fiú amháin agus ganntanas soláthair a bheith ann, is gá foráil a dhéanamh maidir le dlúthpháirtíocht agus comhordú le linn gníomhú mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna soláthair, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht choisctheach agus a mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt ar shuaitheadh sonrach soláthair.

(6)

Soláthraítear gás calrach íseal i réigiúin áirithe san Aontas. I bhfianaise a shaintréithe, ní féidir gás calrach íseal a úsáid i bhfearais atá ceaptha don ghás calrach ard. Is féidir gás calrach ard a úsáid i bhfearais atá ceaptha don ghás calrach íseal, áfach, ar choinníoll go n-athraítear é ina ghás calrach íseal, mar shampla trí nítrigin a chur leis. Ba cheart sainiúlachtaí an gháis chalraigh ísil a bhreithniú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus ba cheart iad a chur san áireamh sa mheasúnú riosca agus sna Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus sna Pleananna Éigeandála ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

(7)

Chun slándáil sholáthar an Aontais ina iomláine agus slándáil sholáthar na mBallstát aonair a fheabhsú, tá sé riachtanach go ndéanfar éagsúlú ar na bealaí gáis agus ar na foinsí soláthair atá ann don Aontas. Sa todhchaí, beidh slándáil an tsoláthair ag brath ar éabhlóid na mbreoslaí éagsúla a úsáidtear, ar fhorbairt na hacmhainne táirgthe san Aontas agus i dtríú tíortha a sholáthraíonn gás don Aontas, ar infheistíocht i saoráidí stórála agus in éagsúlú na mbealaí gáis agus na bhfoinsí soláthair laistigh den Aontas agus lasmuigh de, lena n-áirítear saoráidí Gáis Nádúrtha Leachtaithe (“GNL”). Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na gníomhaíochtaí tosaíochta bonneagair a shainaithnítear i dteachtaireacht an 13 Samhain 2008 ón gCoimisiún dar teideal “An Dara hAthbhreithniú Straitéiseach Fuinnimh - Plean gníomhaíochta slándála fuinnimh agus dlúthpháirtíochta AE”, e.g. dorchla gáis an deiscirt (Nabucco agus an tIdirnascaire idir an Tuirc, an Ghréig agus an Iodáil), soláthar GNL éagsúlaithe agus leordhóthanach don Eoraip, idirnasc éifeachtach leis an réigiún Baltach, Fáinne Fuinnimh na Meánmhara agus idirnaisc leordhóthanacha thuaidh-theas gáis laistigh den Eoraip láir agus den Eoraip thoir theas.

(8)

Chun laghdú a dhéanamh ar thionchar na ngéarchéimeanna ionchasacha a d’eascródh ó shuaitheadh soláthairtí gáis, ba cheart do na Ballstáit éagsúlú na bhfoinsí fuinnimh agus na mbealaí seachadta gáis agus na bhfoinsí soláthair a éascú.

(9)

Is féidir le mórshuaitheadh soláthair chuig an Aontas fearadh ar na Ballstáit go léir, ar an Aontas ina iomláine agus ar na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Fuinnimh (4), arna shíniú san Aithin an 25 Deireadh Fómhair 2005. Is féidir damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith mar thoradh air freisin ar fud gheilleagar an Aontais. Ar an gcuma chéanna, is féidir le suaitheadh an tsoláthair gáis géarthionchar sóisialta a bheith aige go háirithe ar ghrúpaí soghonta custaiméirí.

(10)

Maidir le custaiméirí áirithe, lena n-áirítear, inter alia, teaghlaigh agus custaiméirí a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha amhail cúram sláinte agus gníomhaíochtaí cúraim leanaí, gníomhaíochtaí oideachais agus seirbhísí sóisialta agus leasa eile, chomh maith le seirbhísí atá fíor-riachtanach i dtaca le feidhmiú Ballstáit, tá soghontacht ar leith ag baint leo agus d’fhéadfadh cosaint a bheith ag teastáil ina leith. Níor cheart go mbeadh sainmhíniú leathan ar chustaiméirí cosanta den sórt sin bheith ar neamhréir le sásraí dlúthpháirtíochta na hEorpa.

(11)

Sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme Straitéis Slándála na hEorpa, arna formheas ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2008, tugtar suntas don mhéadú atá ag teacht ar spleáchas ar fhuinneamh allmhairithe, rud atá ina riosca suntasach breise i dtaca le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas agus cuirtear béim ar shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais mar cheann de na dúshláin nua a bheidh ann don bheartas slándála. Is gné lárnach í an margadh inmheánach gáis chun slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a mhéadú agus chun laghdú a dhéanamh ar an méid a bheadh Ballstáit ar leithligh faoi lé na n-éifeachtaí dochracha a bhaineann le suaitheadh soláthair.

(12)

Chun go n-oibreoidh an margadh inmheánach gáis go maith tá sé riachtanach nach mbeidh na bearta a dhéantar chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú ina gcúis le saobhadh míchuí ar an iomaíocht ná ar oibriú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh gáis.

(13)

Cás a d’fhéadfadh titim amach is ea go dteipfeadh ar an mbonneagar gáis aonair is mó, is é sin le rá, prionsabal N-1 mar a ghairtear de. Is túsphointe bailí é chun anailís a dhéanamh ar shlándáil sholáthair gáis gach Ballstáit ar leith go n-úsáidfí cliseadh bonneagair den sórt sin mar thagarmharc don mhéid ba cheart do ghach Ballstát faoi leith a bheith in ann a chúiteamh.

(14)

Maidir le bonneagar gáis leordhóthanach agus éagsúlaithe laistigh de Bhallstát agus ar fud an Aontais, lena n-áirítear go háirithe bonneagar nua gáis lena ndéantar córais leithlisithe reatha a fhoirmíonn oileáin gháis a nascadh lena mBallstáit chomharsanachta, is den riachtanas é a bheith ann chun dul i ngleic le suaitheadh sa soláthar. Trí chritéir choiteanna íosta a leagan síos maidir le slándáil an tsoláthair gáis, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh cothromaíocht ann i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis agus na sainiúlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha á gcur san áireamh ag an am céanna agus ba cheart go gcruthófaí dreasachtaí suntasacha chun an bonneagar is gá a thógáil agus chun an leibhéal ullmhachta i gcás géarchéime a fheabhsú. D’fhéadfadh ról thábhachtach a bheith ag bearta ó thaobh an éilimh de, amhail malartú breosla, chun slándáil fuinnimh a áirithiú i gcás inar féidir iad a chur i bhfeidhm go tapa agus i gcás inar féidir leo an t-éileamh a laghdú go suntasach mar fhreagairt ar shuaitheadh soláthair. Ba cheart úsáid éifeachtúil an fhuinnimh a chur chun cinn tuilleadh, go háirithe i gcás inar gá bearta ó thaobh an éilimh de. Ba cheart tionchar comhshaoil na mbeart atá á mbeartú ó thaobh an éilimh de agus ó thaobh an tsoláthair de a chur san áireamh go cuí agus ba cheart tosaíocht a thabhairt, a mhéid is féidir, do bhearta a mbeidh an tionchar is lú ar an gcomhshaol acu agus na gnéithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair á gcur san áireamh san am céanna.

(15)

Ba cheart infheistíochtaí i mbonneagar nua gáis a chur chun cinn go mór agus níor cheart na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú iomchuí ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh, i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dlí an Aontais. Ba cheart don bhonneagar nua sin feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair gáis agus, ag an am céanna, dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás a áirithiú. Mar phrionsabal, ba cheart go ndéanfadh gnóthais na hinfheistíochtaí agus ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí bunaithe ar dhreasachtaí eacnamaíocha. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar an ngá le comhtháthú an gháis ó fhoinsí in-athnuaite isteach i mbonneagar an ghréasáin gáis a éascú. I gcás inarb infheistíocht de chineál trasteorann atá in infheistíocht bhonneagair, ba cheart don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus do Ghréasán Eorpach na nOibreoirí Córas Tarchurtha don Ghás (“an ENTSO don Ghás”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009, maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha (6) a bheith páirteach go dlúth laistigh de réimsí a n-inniúlachtaí faoi seach, chun go gcuirfí na himpleachtaí trasteorann san áireamh ar shlí níos fearr. Meabhraítear go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, tuairimí nó moltaí a eisiúint faoi shaincheisteanna trasteorann laistigh dá réimse inniúlachta agus gníomhaíochta. Tá ról tábhachtach á imirt ag an nGníomhaireacht agus ag an ENTSO don Ghás, in éineacht le rannpháirtithe eile sa mhargadh, i ndáil le bunú agus cur chun feidhme an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, ar plean é ina n-áireofar, inter alia, tuar Eorpach ar leordhóthanacht an tsoláthair agus ar plean é ba cheart a bheith bunaithe, inter alia, a mhéid a bhaineann le hidirnaisc thrasteorann, ar riachtanais réasúnacha úsáideoirí éagsúla an líonra.

(16)

Ba cheart do na hÚdaráis Inniúla nó do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an margadh gáis a thástáil mar cheann de na céimeanna riachtanacha le linn an phróisis as a leanann comhlíonadh an chaighdeáin bonneagair.

(17)

Le linn na cúraimí a shonraítear sa Rialachán seo a chur i gcrích, ba cheart do na hÚdaráis Inniúla comhoibriú go dlúth leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile, go háirithe na húdaráis rialála náisiúnta, de réir mar is iomchuí agus gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 i ndáil le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (7).

(18)

I gcás inar gá idirnaisc trasteorann nua nó i gcás inar gá na hidirnaisc trasteorann atá ann cheana a leathnú, ba cheart go mbeadh comhoibriú dlúth ann ag céim luath idir na Ballstáit lena mbaineann, na hÚdaráis Inniúla, agus na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás nach iad na hÚdaráis Inniúla iad.

(19)

Tá foinsí éagsúla cistiúcháin ar fáil ón Aontas chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit an infheistíocht riachtanach i dtáirgeadh, i mbonneagar agus i mbearta um éifeachtúlacht fuinnimh ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil a mhaoiniú, go háirithe iasachtaí agus ráthaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó cistiúchán ó chistí réigiúnacha, struchtúracha nó comhtháthaithe. Is féidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, chomh maith le hionstraimí seachtracha an Aontais amhail an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus an Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt gníomhaíochtaí i dtríú tíortha a mhaoiniú freisin chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú.

(20)

Le linn do na gnóthais gháis nádúrtha agus dá gcustaiméirí a bheith ag déileáil le suaitheadh, ba cheart go gcumasódh an Rialachán seo dóibh brath ar shásraí an mhargaidh a fhad is féidir. Ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán freisin maidir le sásraí éigeandála a d’úsáidfí nuair nach mbeadh na margaí in ann déileáil go leordhóthanach a thuilleadh ina n-aonar le suaitheadh an tsoláthair gáis. Fiú i gcás éigeandála, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’ionstraimí margadhbhunaithe ionas go maolófaí na héifeachtaí a bhainfeadh le suaitheadh soláthair.

(21)

Tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta nua maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh arna glacadh i mí Iúil 2009, beidh feidhm ag forálacha nua maidir le hearnáil an gháis, rud a chruthóidh róil shoiléire agus freagrachtaí soiléire do na Ballstáit, d’údaráis náisiúnta rialála, d’oibreoirí na gcóras tarchurtha agus don Ghníomhaireacht, agus, chomh maith leis sin, a chuirfidh feabhas ar thrédhearcacht an mhargaidh d’fhonn dea-oibriú an mhargaidh, slándáil an tsoláthair agus cosaint custaiméirí a áirithiú.

(22)

Tríd an margadh inmheánach gáis a chomhlánú agus trí iomaíocht éifeachtach laistigh den mhargadh sin, déanfar an leibhéal is airde slándála soláthair a chur ar fáil do na Ballstáit go léir don Aontas, ar choinníoll go dtabharfar an deis don mhargadh feidhmiú go hiomlán i gcás suaitheadh soláthair a bheith ann a dhéanann difear do chuid den Aontas, is cuma cad is cúis leis an suaitheadh. Chun na críche sin, beidh gá le cur chuige coiteann, atá cuimsitheach agus éifeachtach, i leith shlándáil an tsoláthair, go háirithe tríd an trédhearcacht, tríd an dlúthpháirtíocht agus trí bheartais neamh-idirdhealaitheacha a bheadh ag teacht le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, ar chaoi go seachnófaí saobhadh an mhargaidh agus nach ndéanfaí dochar do fhreagairtí an mhargaidh ar shuaitheadh.

(23)

Tá slándáil an tsoláthair gáis ina freagracht chomhroinnte idir na gnóthais gáis nádúrtha, na Ballstáit, go háirithe trína nÚdaráis Inniúla, agus an Coimisiún laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí agus inniúlachta faoi seach. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás nach iad na hÚdaráis Inniúla iad, rannchuidiú le slándáil an tsoláthair gáis freisin laistigh dá réimsí gníomhaíochta agus inniúlachta i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE. Thairis sin, d’fhéadfadh na custaiméirí a úsáideann gás nádúrtha chun leictreachas a ghiniúint nó chun críoch tionsclaíoch ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis trína gcumas chun freagairt ar ghéarchéim trí bhearta ó thaobh an éilimh de, mar shampla conarthaí in-idirbhriste agus malartú breosla, toisc go mbeadh tionchar díreach aige sin ar an gcothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh.

(24)

Dá bhrí sin, chun dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh gáis a chothabháil, go háirithe i gcásanna ina bhfuil suaitheadh soláthair agus géarchéimeanna ann, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh sainmhíniú beacht ar róil agus ar fhreagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha go léir agus na n-údarás inniúil go léir. Ba cheart na róil agus na freagrachtaí sin a bhunú ar shlí ina n-áiritheofaí go n-urramófar cur chuige trí leibhéal, ar cur chuige é a mbeadh na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha agus lucht tionscail bainteach leis ar dtús, ansin na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus ansin an tAontas. I gcás ina mbeadh géarchéim sholáthair ann, ba cheart go dtabharfaí deis dhóthanach do ghníomhaithe margaidh freagairt a thabhairt ar an staid trí bhearta margadhbhunaithe a úsáid. I gcás nach leor freagairtí na ngníomhaithe margaidh, ba cheart do na Ballstáit agus dá nÚdaráis Inniúla bearta a dhéanamh chun éifeachtaí na géarchéime soláthair a dhíothú nó a mhaolú. I gcás nach leor na bearta sin, agus sa chás sin amháin, ba cheart bearta a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais chun éifeachtaí na géarchéime soláthair a dhíothú nó a mhaolú. Ba cheart féachaint le réitigh réigiúnacha a fháil a mhéid is féidir.

(25)

De mheon dlúthpháirtíochta, déanfar comhar réigiúnach, a mbeidh údaráis phoiblí agus gnóthais gáis bainteach leis, a bhunú go forleathan chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ionas go mbeidh na tairbhí is fearr is féidir le fáil i ndáil le bearta a chomhordú chun na rioscaí a shainaithneofar a mhaolú agus chun na bearta is cost-éifeachtaí do na páirtithe lena mbaineann a chur chun feidhme.

(26)

Agus an difríocht idir na Ballstáit á cur san áireamh, ba cheart caighdeáin sách comhchuibhithe a bhunú i ndáil le slándáil soláthair, ar caighdeáin iad a chumhdódh, ar a laghad, an staid a thit amach in Eanáir 2009, agus ba cheart na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na bearta cosanta custaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/73/CE a chur san áireamh. Maidir leis na caighdeáin sin i ndáil le slándáil soláthair, ba cheart go mbeidís cobhsaí chun an chinnteacht dhlíthiúil riachtanach a sholáthar, ba cheart go saineofaí iad go soiléir, agus níor cheart go ndéanfaí ualach míréasúnach nó díréireach a fhorchur ar na gnóthais gáis nádúrtha dá mbarr, lena n-áirítear iontrálaithe nua agus gnóthais bheaga, nó ar úsáideoirí deiridh. Ba cheart, mar thoradh ar na caighdeáin sin, go ráthófaí comhionannas rochtana freisin do ghnóthais gáis nádúrtha an Aontais ar chustaiméirí náisiúnta. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí na nithe seo a leanas leis na bearta is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh: acmhainní breise stórála agus toirteanna breise stórála, méid an gháis sa phíblíne, conarthaí soláthair, conarthaí in-idirbhriste nó aon bhearta eile lena ngabhann éifeacht chomhchosúil, chomh maith leis na bearta riachtanacha teicniúla chun sábháilteacht an tsoláthair gáis a áirithiú.

(27)

Tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le dea-oibriú an mhargaidh gáis go ndéanfaidh na gnóthais gáis nádúrtha an infheistíocht is gá go tráthúil i dtáirgeadh dúchasach agus i mbonneagair dhúchasacha, amhail idirnaisc, go háirithe na cinn sin lena soláthraítear rochtain ar ghréasán gáis an Aontais, trealamh lena gcumasaítear sreabha fisiceacha déthreocha ar phíblínte, mar aon le saoráidí stórála agus le saoráidí athghásaithe GNL, agus á chur san áireamh go bhféadfadh suaitheadh soláthair a bheith ann, amhail an ceann a tharla in Eanáir 2009. Nuair atá na riachtanais airgeadais don bhonneagar gáis á dtuar i gcomhthéacs ionstraimí an Aontais, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt, de réir mar is iomchuí, do na tionscadail bhonneagair a thacaíonn le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh gáis agus le slándáil an tsoláthair gáis.

(28)

Níor cheart cosc a chur ar oibreoirí na gcóras tarchurtha breithniú a dhéanamh maidir le staid ina bhféadfadh infheistíochtaí lena gcumasófaí acmhainní fisiceacha sa dá threo (“acmhainn dhéthreoch”) in idirnaisc thrasteorann le tríú tíortha rannchuidiú le feabhas a chur ar slándáil an tsoláthair, go háirithe i gcás tríú tíortha a áirithíonn sreabha idirthurais idir dhá Bhallstát.

(29)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí an soláthar gáis a choimeád ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann le custaiméirí teaghlaigh, chomh maith le líon teoranta custaiméirí breise, go háirithe custaiméirí a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha, seirbhísí atá insainithe ag na Ballstáit lena mbaineann, i gcásanna nach féidir leis an margadh leanúint de sholáthar a thabhairt dóibh. Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar na bearta a bheidh le déanamh le linn géarchéime a shainiú roimh ré, agus go ndéanfar riachtanais sábháilteachta a urramú, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil custaiméirí cosanta nasctha leis an ngréasán dáiliúcháin céanna a bhfuil custaiméirí eile nasctha leis. Féadfaidh laghduithe pro-rata ar comhréir leis an acmhainn a cuireadh in áirithe ó thús a bheith i gceist sna bearta sin i gcásanna ina laghdaítear acmhainn rochtana ar bhonneagar ar mhaithe le cúiseanna teicniúla.

(30)

De ghnáth, ba cheart do na hÚdaráis Inniúla cloí lena bPlean Éigeandála. I gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh siad gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ó na Pleananna sin.

(31)

Tá rogha leathan ionstraimí ar fáil chun na hoibleagáidí a bhaineann le slándáil an tsoláthair a chomhlíonadh. Ba cheart na hionstraimí sin a úsáid i gcomhthéacs náisiúnta, i gcomhthéacs náisiúnta, i gcomhthéacs réigiúnach agus i gcomhthéacs an Aontais, de réir mar is iomchuí, chun go n-áiritheofaí go dtabharfaidh siad toradh comhsheasmhach cost-éifeachtach.

(32)

Le Treoir 2009/73/CE, tugtar aghaidh ar na gnéithe slándála soláthair de phleanáil fhadtéarmach i gcomhair infheistíochtaí in acmhainní trasteorann leordhóthanacha agus i mbonneagair eile, ar gnéithe iad trína n-áiritheofar cumas fadtéarmach an chórais chun slándáil an tsoláthair a ráthú agus chun freastal ar éilimh réasúnacha. Agus na caighdeáin i ndáil le slándáil an tsoláthair á gcomhlíonadh, féadfaidh gá a bheith le hidirthréimhse chun go bhféadfar na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh. Maidir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, arna tharraingt suas ag an ENTSO don Ghás faoi mhaoirseacht na Gníomhaireachta, is uirlis bhunúsach é chun na hinfheistíochtaí is gá ar leibhéal an Aontais a shainaithint, inter alia d’fhonn na riachtanais bhonneagair a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme.

(33)

Ba cheart go mbeadh an ENTSO don Ghás agus an Ghníomhaireacht, mar chomhaltaí den Ghrúpa Comhordaithe Gáis, páirteach go hiomlán, laistigh dá réimsí freagrachta, i bpróiseas an chomhair agus an chomhairliúcháin ar leibhéal an Aontais.

(34)

Is é an Grúpa Comhordaithe Gáis an príomhchomhlacht a rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis i gcomhthéacs bhunú na bPleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus na bPleananna Éigeandála. Meabhraítear go bhfuil an ENTSO don Ghás agus an Ghníomhaireacht ina gcomhaltaí den Ghrúpa Comhordaithe Gáis agus go rachfar i gcomhairle leo sa chomhthéacs sin.

(35)

Chun go n-áiritheofar an leibhéal is airde ullmhachta i gcás suaitheadh soláthair a bheith ann, ba cheart do na hÚdaráis Inniúla Pleananna Éigeandála a bhunú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha. Níor cheart go mbeadh na pleananna sin ar neamhréir lena chéile ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach ná ar leibhéal an Aontais. Maidir le hinneachar na bPleananna, ba cheart go ndéanfaí de réir an dea-chleachtais atá ar fáil sna Pleananna atá ann cheana agus ba cheart go saineofaí róil shoiléire agus freagrachtaí soiléire iontu do na gnóthais gáis nádúrtha uile lena mbaineann agus do na hÚdaráis Inniúla uile lena mbaineann. Ba cheart Pleananna Comhpháirteacha Éigeandála a bhunú ar an leibhéal réigiúnach i gcás inar féidir agus inar gá sin.

(36)

Chun an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a neartú i gcás éigeandála Aontais agus go háirithe chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit ina bhfuil dálaí geografacha nó geolaíocha is lú fabhar, ba cheart do na Ballstáit bearta a cheapadh leis an dlúthpháirtíocht a fheidhmiú. Ba cheart do ghnóthais gáis nádúrtha bearta a cheapadh amhail comhaontuithe tráchtála, a bhféadfadh onnmhairiú méadaithe gáis nó scaoileadh méadaithe ó stórais a bheith ina gcuid díobh. Tá sé tábhachtach go spreagfaí tabhairt i gcrích socruithe idir gnóthais gáis nádúrtha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh sásraí san áireamh i ngníomhaíochtaí an Phlean Éigeandála, is é sin, sásraí lena n-áiritheofaí go dtabharfaí cúiteamh cóir agus cothrom do na gnóthais gáis nádúrtha. D’fhéadfadh sé go mbeadh oiriúnacht ar leith ag baint le bearta dlúthpháirtíochta idir Ballstáit a molann an Coimisiún dóibh Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta nó Pleananna comhpháirteacha Éigeandála a bhunú ar an leibhéal réigiúnach.

(37)

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún i gcás ina dtarlódh éigeandáil, cibé acu ar an leibhéal an Aontais nó ar leibhéal réigiúnach.

(38)

Maidir leis an ndlúthpháirtíocht Eorpach, ba cheart, freisin, i gcás inar gá, í a chur i bhfeidhm i bhfoirm cúnaimh cosanta sibhialta arna sholáthar ag an Aontas agus ag Ballstáit an Aontais. Ba cheart cúnamh den sórt sin a éascú agus a chomhordú trí Shásra Cosanta Sibhialta an Chomhphobail a bunaíodh le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle (8).

(39)

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta flaitheasacha na mBallstát maidir lena n-acmhainní fuinnimh dílse.

(40)

Le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpach a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (9), leagtar síos próiseas chun feabhas a chur ar shlándáil bonneagar ríthábhachtach Eorpach atá arna n-ainmniú san Aontas, lena n-áirítear bonneagair áirithe gáis. Rannchuidíonn Treoir 2008/114/CE agus an Rialachán seo, i dteannta a chéile, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith shlándáil fuinnimh an Aontais.

(41)

Ba cheart Pleananna Éigeandála a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú go rialta. Ba cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú piaraí agus ba cheart tástáil a dhéanamh orthu.

(42)

Ba cheart don Ghrúpa Comhordaithe Gáis gníomhú mar chomhairleoir don Choimisiún chun comhordú na mbeart i leith shlándáil an tsoláthair a éascú i gcás éigeandáil Aontais a bheith ann. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh freisin ar leordhóthanacht agus ar oiriúnacht na mbeart a bheidh le déanamh faoin Rialachán seo.

(43)

Is é is aidhm don Rialachán seo ná cumhacht a thabhairt do na gnóthais gáis nádúrtha agus d’Údaráis Inniúla na mBallstát chun a áirithiú go n-oibreoidh an margadh inmheánach gáis go héifeachtach a fhad is féidir i gcás suaitheadh soláthair a bheith ann, sula ndéanfaidh na hÚdaráis Inniúla bearta chun aghaidh a thabhairt ar staid a fhágann nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh. Ba cheart go mbeadh bearta eisceachtúla den sórt sin ag teacht go hiomlán le dlí an Aontais agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

(44)

Ós rud é go bhfuil soláthairtí gáis ó thríú tíortha ríthábhachtach do shlándáil sholáthar gáis an Aontais, ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha agus ba cheart dó, agus é ag oibriú leis na tríú tíortha soláthair agus leis na tríú tíortha idirthurais maidir le socruithe chun déileáil le staideanna géarchéime agus chun sreabha cobhsaí gáis chuig an Aontas a áirithiú. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal tascfhórsa a úsáid chun faireachán a dhéanamh, i gcomhairle leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar na sreabha gáis isteach san Aontas le linn staideanna géarchéime, agus, i gcás ina dtarlódh géarchéim de bharr deacrachtaí i dtríú tír, ba cheart go mbeadh sé i dteideal ról idirghabhála agus éascaitheora a ghlacadh.

(45)

Tá sé tábhachtach nach ndéanfaidh na coinníollacha a bhaineann leis an soláthar ó thríú tíortha an iomaíocht a shaobhadh agus go mbeidh siad i gcomhréir le rialacha an mhargaidh inmheánaigh.

(46)

I gcás ina bhfuil faisnéis iontaofa ann faoi staid lasmuigh den Aontas a chuireann slándáil an tsoláthair i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát faoi bhagairt agus ar staid í a d’fhéadfadh sásra luathrabhaidh idir an tAontas agus tríú tír a ghníomhachtú, ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur in iúl don Ghrúpa Comhordaithe Gáis gan mhoill agus ba cheart don Aontas bearta iomchuí a dhéanamh chun féachaint leis an staid a chur ina cheart.

(47)

Ba é tátal na Comhairle i bhFeabhra 2009 ná gur cheart an trédhearcacht agus an iontaofacht a mhéadú trí mhalartú suntasach faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit faoi chaidreamh fuinnimh le tríú tíortha, lena n-áirítear socruithe fadtéarmacha soláthair, agus gur cheart, ag an am céanna, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint.

(48)

Cé go bhfuil feidhm ag rialacha atá sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, go háirithe na rialacha a bhaineann le hiomaíocht, sa mhéid nach gcuirtear bac ar fheidhmiú na seirbhísí sin mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha sin, tá rogha leathan ag na Ballstáit maidir le foráil a dhéanamh d’oibleagáidí seirbhísí poiblí agus maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a choimisiúnú agus a eagrú.

(49)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a áirithiú, a bhaint amach go sásúil ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(50)

Ba cheart Treoir 2004/67/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear forálacha atá dírithe ar shlándáil an tsoláthair gáis a choimirciú trí dhea-oibriú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha (“gás”) a áirithiú, trína chumasú bearta eisceachtúla a chur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí a shainiú go soiléir agus a dháileadh ar na gnóthais gháis nádúrtha, ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ar freagrachtaí iad a bhaineann le gníomhaíocht choisctheach agus le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh sonrach soláthair. Leis an Rialachán seo freisin, soláthraítear sásraí trédhearcacha, de mheon dlúthpháirtíochta, chun comhordú a dhéanamh ar phleanáil le haghaidh éigeandála ar leibhéal na mBallstát, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ina leith sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe atá ann i dTreoir 2009/73/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “custaiméirí cosanta” na custaiméirí teaghlaigh go léir atá nasctha le gréasán dáiliúcháin gáis, agus, ina theannta sin, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh iontu freisin:

(a)

gnóthais bheaga agus mheánmhéide, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha le gréasán dáiliúcháin gáis, agus seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha le gréasán dáiliúcháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis, agus ar choinníoll nach n-úsáideann na custaiméirí breise uile sin níos mó ná 20 % den úsáid gáis deiridh, agus/nó

(b)

suiteálacha téacháin ceantair sa mhéid go soláthraíonn siad téamh do chustaiméirí teaghlaigh agus do na custaiméirí dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll nach mbeidh na córais sin in ann athrú go breoslaí eile agus go bhfuil siad nasctha le gréasán dáiliúcháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis.

A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2011, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh an bhfuil sé ar intinn acu pointe (a) agus/nó pointe (b) a áireamh ina sainiú ar chustaiméirí cosanta;

(2)

Ciallaíonn “Údarás Inniúil” an t-údarás rialtasach náisiúnta nó an t-údarás rialála náisiúnta atá ainmnithe ag gach Ballstát chun bheith freagrach as a áirithiú go ndéantar na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme. Ní dochar é sin don chumas atá ag na Ballstáit cead a thabhairt don Údarás Inniúil cúraimí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. Déanfar na cúraimí tarmligthe sin a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht an Údaráis Inniúil agus sonrófar iad sna pleananna dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 3

Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis

1.   Beidh slándáil an tsoláthair gáis faoi fhreagracht chomhroinnte na ngnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát, go háirithe trína nÚdaráis Inniúla, agus an Choimisiúin, laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí agus inniúlachta faoi seach. Beidh gá le leibhéal ard comhair eatarthu i ndáil leis an bhfreagracht chomhroinnte sin.

2.   A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2011, ainmneoidh gach Ballstát Údarás Inniúil a áiritheoidh go ndéanfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, go dtí go n-ainmneofar an tÚdarás Inniúil go foirmiúil, is iad na heintitis náisiúnta atá freagrach as slándáil an tsoláthair gháis faoi láthair a dhéanfaidh na bearta a bheidh le cur chun feidhme ag an Údarás Inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar sna bearta sin an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 9 a dhéanamh, agus, ar bhonn an mheasúnaithe riosca sin, Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus Plean Éigeandála a bhunú, agus faireachán tráthrialta ar shlándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal násiúnta. Comhoibreoidh na hÚdaráis Inniúla lena chéile chun féachaint le suaitheadh soláthair a chosc agus chun damáistí a shrianadh i gcás ina dtarlódh a leithéid. Ní choiscfidh aon ní ar na Ballstáit reachtaíocht chur chun feidhme a ghlacadh, más gá sin, chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoi ainm an Údaráis Inniúil a luaithe a dhéanfar é a ainmniú agus, i gcás inarb iomchuí, faoi ainm na n-eintiteas náisiúnta atá freagrach as slándáil an tsoláthair gháis agus atá ag gníomhú mar Údarás Inniúil sealadach i gcomhréir le mír 2. Poibleoidh gach Ballstát na hainmniúcháin sin.

4.   Nuair atá na bearta dá bhforáiltear sa Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an tÚdarás Inniúil róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann a bhunú ar shlí ina n-áiritheofar go n-urramófar cur chuige trí leibhéal, ar cur chuige é a mbeidh na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha agus lucht tionscail bainteach leis ar dtús, ansin na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus ansin an tAontas.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíocht na nÚdarás Ínniúil a chomhordú ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, de réir mar a leagtar amach sa Rialachán seo, inter alia tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis dá dtagraítear in Airteagal 12 nó tríd an ngrúpa bainistithe géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(4), go háirithe i gcás éigeandála Aontais nó éigeandála réigiúnaigh de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 11(1).

6.   Déanfar na bearta chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, ar bearta iad atá sna Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus sna Pleananna Éigeandála, a shainiú go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais ina iomláine i gcontúirt.

Airteagal 4

Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus Plean Éigeandála a bhunú

1.   Déanfaidh Údarás Ínniúil gach Ballstáit, tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gháis agus custaiméirí tionsclaíocha gáis agus leis an údarás rialála náisiúnta, i gcás nach é an tÚdarás Inniúil é, na nithe seo a leanas a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, ach sin gan dochar do mhír 3:

(a)

Plean Coisctheach Gníomhaíochta ina mbeidh na bearta is gá chun na rioscaí a shainaithneofar a dhíothú nó a mhaolú, i gcomhréir leis an measúnú riosca a dhéanfar de bhun Airteagal 9; agus

(b)

Plean Éigeandála ina mbeidh na bearta a bheidh le déanamh chun an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú, i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Sula ndéanfar Plean Coisctheach Gníomhaíochta nó Plean Éigeandála a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta, déanfaidh na hÚdaráis Inniúla, faoin 3 Meitheamh 2012, a ndréachtphleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus a ndréachtphleananna Éigeandála a mhalartú agus rachaidh siad i gcomhairle lena chéile ar an leibhéal réigiúnach is iomchuí, agus leis an gCoimisiún, d’fhonn a áirithiú nach mbeidh a gcuid dréachtphleananna agus a gcuid beart ar neamhréir leis an bPlean Coisctheach Gníomhaíochta ná leis an bPlean Éigeandála atá ag Ballstát eile agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo agus forálacha eile de dhlí an Aontais. Déanfar na comhairliúcháin sin go háirithe idir Ballstáit chomharsanacha, go háirithe idir córais leithlisithe ar oileáin gháis iad agus na Ballstáit chomharsanacha, agus féadfaidh na comhairliúcháin sin, mar shampla, na Ballstáit sin a shainaithnítear sa liosta táscach in Iarscríbhinn IV a chuimsiú.

3.   Ar bhonn na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 agus ar bhonn moltaí a d’fhéadfadh teacht ón gCoimisiún, féadfaidh na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann a chinneadh Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta a bhunú ar leibhéal reigiúnach (“Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta”) agus Pleananna comhpháirteacha Éigeandála a bhunú ar an leibhéal réigiúnach (“Pleananna comhpháirteacha Éigeandála”), de bhreis ar na Pleananna a bhunófar ar an leibhéal náisiúnta. I gcás Pleananna comhpháirteacha, féachfaidh na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, le comhaontuithe a thabhairt i gcrích d’fhonn comhar réigiúnach a chur chun feidhme. Más gá, tacóidh na Ballstáit leis na comhaontuithe sin go foirmiúil.

4.   Nuair a bheidh an Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus an Plean Éigeandála á mbunú agus á gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal réigiúnach, tabharfaidh an tÚdarás Inniúil aird chuí ar oibriú sábháilte an chórais gáis i gcónaí agus tabharfaidh sé aghaidh sna Pleananna sin ar na srianta teicniúla a fhearann ar oibriú an ghréasáin, lena n-áirítear na cúiseanna teicniúla agus na cúiseanna sábháilteachta a bhféadfadh ísliú sreabha a bheith mar thoradh orthu i gcás éigeandála, agus leagfaidh sé amach na srianta teicniúla sin sna Pleananna.

5.   Tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2012, déanfar na Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus na Pleananna Éigeandála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Pleananna comhpháirteacha, a ghlacadh agus a phoibliú. Tabharfar fógra don Choimisiún gan mhoill i leith na bPleananna sin. Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas. Áiritheoidh na hÚdaráis Inniúla go ndéanfar faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme na bPleananna sin.

6.   Laistigh de thrí mhí tar éis fógra a fháil ó na hÚdaráis Inniúla faoi na Pleananna dá dtagraítear i mír 5:

(a)

déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na Pleananna sin, i gcomhréir le pointe (b). Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis maidir leis na Pleananna sin agus cuirfidh sé tuairim an Ghrúpa san áireamh go cuí. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar na Pleananna a thuairisciú don Ghrúpa Comhordaithe Gáis; agus

(b)

ar bhonn na gcomhairliúchán sin:

(i)

más rud é gurb é atá i measúnú an Choimisiúin ná nach bhfuil Plean Coisctheach Gníomhaíochta nó Plean Éigeandála éifeachtach i dtaca leis na rioscaí a shainaithneofar sa mheasúnú riosca a mhaolú, féadfaidh sé a mholadh don Údarás Inniúil nó do na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann an Plean ábhartha a leasú;

(ii)

má mheasann an Coimisiún go bhfuil Plean Coisctheach Gníomhaíochta nó Plean Éigeandála ar neamhréir le cásanna eiseamláireacha riosca nó ar neamhréir le Pleananna Údaráis Inniúil eile, nó nach gcomhlíonann an Plean sin forálacha an Rialacháin seo nó forálacha eile de dhlí an Aontais, iarrfaidh sé go leasófar an Plean ábhartha;

(iii)

má mheasann an Coimisiún go gcuirtear slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais ina iomláine i gcontúirt leis an bPlean Coisctheach Gníomhaíochta, cinnfidh sé a cheangal ar an Údarás Inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Coisctheach Gníomhaíochta lena mbaineann agus féadfaidh sé moltaí sonracha a chur i láthair maidir leis an bPlean a leasú. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna mionsonraithe lena chinneadh.

7.   Laistigh de cheithre mhí tar éis fógra a fháil faoi iarraidh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 6(b)(ii), déanfaidh an tÚdarás Inniúil lena mbaineann a Phlean Coisctheach Gníomhaíochta nó a Phlean Éigeandála a leasú agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an bPlean leasaithe nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an iarraidh. I gcás easaontais, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis don Údarás Inniúil freagra a thabhairt, a iarraidh a tharraingt siar nó féadfaidh sé na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann agus, i gcás ina measann an Choimisiún go bhfuil gá leis, an Grúpa Comhordaithe Gáis, a thionól, d’fhonn an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach an réasúnú mionsonraithe atá aige maidir le haon leasú ar an bPlean a iarraidh. Cuirfidh an tÚdarás Inniúil seasamh an Choimisiún san áireamh go hiomlán. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an Údaráis Inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, déanfaidh an tÚdarás Inniúil an réasúnú a bhí leis an gcinneadh sin, mar aon leis an gcinneadh agus le seasamh an Choimisiúin, a sholáthar agus a phoibliú laistigh de dhá mhí tar éis seasamh an Choimisiúin a fháil. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an tÚdarás Inniúil an Plean leasaithe a phoibliú gan mhoill.

8.   Laistigh de thrí mhí tar éis fógra a fháil faoi chinneadh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 6(b)(iii), déanfaidh an tÚdarás Inniúil lena mbaineann a Phlean Coisctheach Gníomhaíochta a leasú agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin bPlean leasaithe nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh. I gcás easaontais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, laistigh de dhá mhí tar éis freagra an Údaráis Inniúil a fháil, a iarraidh a leasú ná a tharraingt siar. Más rud é go gcoimeádann an Coimisiún a iarraidh ar bun, féadfaidh an tÚdarás Inniúil lena mbaineann an Plean a leasú laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a fháil faoi chinneadh an Choimisiúin, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar na moltaí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 6(b)(iii), agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.

Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas agus cuirfidh siad moltaí an Ghrúpa san áireamh go cuí le linn an tuairim ón gCoimisiún maidir leis an bPlean leasaithe a bheith á dréachtú agus seachadfar an tuairim sin laistigh de dhá mhí tar éis an fógra ón Údarás Inniúil a fháil. Tabharfaidh an tÚdarás Inniúil lena mbaineann an aird is mó is féidir ar an tuairim ón gCoimisiún agus, laistigh de dhá mhí tar éis an tuairim ón gCoimisiún a fháil, déanfaidh an tÚdarás Inniúil an Plean leasaithe a thiocfaidh as sin a ghlacadh agus a phoibliú.

9.   Caomhnófar rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála.

Airteagal 5

Inneachar na bPleananna Coisctheacha náisiúnta Gníomhaíochta agus na bPleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta

1.   Beidh na nithe seo a leanas sna Pleananna Coisctheacha náisiúnta Gníomhaíochta agus sna Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta:

(a)

torthaí an mheasúnaithe riosca de réir mar a leagtar síos in Airteagal 9;

(b)

na bearta, na toirteanna, na hacmhainní agus an t-uainiú a mbeidh gá leo chun na caighdeáin i leith an bhonneagair agus an tsoláthair, mar a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 8, a chomhall, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, a mhéid is féidir, le bearta ó thaobh an éilimh de shuaitheadh soláthair, dá dtagraítear in Airteagal 6(2), a chúiteamh go leordhóthanach, ar mhodh tráthúil, sainaithint an bhonneagair comhleasa gáis is mó i gcás ina gcuirtear Airteagal 6(3) i bhfeidhm agus aon chaighdeán um sholáthar méadaithe faoi Airteagal 8(2);

(c)

oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;

(d)

na bearta coisctheacha eile, amhail na bearta a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanacha agus an cumas chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú, más iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá sainaitheanta ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do ghach custaiméir a mhéid is féidir;

(e)

na sásraí atá le húsáid le haghaidh comhair leis na Ballstáit eile chun Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta agus Pleananna comhpháirteacha Éigeandála, dá dtagraítear in Airteagal 4(3), a ullmhú agus a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme;

(f)

faisnéis faoi na hidirnaisc atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na hidirnaisc sin a sholáthraíonn rochtain ar ghréasán gáis an Aontais, ar shreabha trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar an acmhainn fhisiceach atá ann gás a iompar sa dá threo (“acmhainn dhéthreoch”), go háirithe i gcás éigeandála;

(g)

faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le slándáil an tsoláthair gháis.

2.   Maidir leis na Pleananna Coisctheacha náisiúnta agus comhpháirteacha Gníomhaíochta, go háirithe na gníomhaíochtaí is gá chun an caighdeán bonneagair a leagtar síos in Airteagal 6 a shásamh, cuirfear san áireamh iontu an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Aontais a bheidh le tarraingt suas ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

3.   Déanfar na Pleananna Coisctheacha náisiúnta agus comhpháirteacha Gníomhaíochta a bhunú go príomha ar bhearta an mhargaidh, agus cuirfear san áireamh iontu tionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart, na héifeachtaí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar na tomhaltóirí, agus ní chuirfear ualach míchuí ar ghnóthais gáis nádúrtha ná ní bheidh tionchar diúltach acu ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás.

4.   Deánfar na Pleananna náisiúnta agus comhpháirteacha Coisctheacha Gníomhaíochta a nuashonrú gach dhá bhliain, mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá déanamh amhlaidh ag eatraimh níos minice, agus léireoidh siad an measúnú riosca nuashonraithe. Déanfar an comhairliúchán dá bhforáiltear idir na hÚdaráis Inniúla faoi Airteagal 4(2) a chur i gcrích sula nglacfar an Plean nuashonraithe.

Airteagal 6

Caighdeán an bhonneagair

1.   Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálfaidh Ballstát amhlaidh, déanfaidh an tÚdarás Inniúil, a áirithiú go ndéanfar na bearta riachtanacha a fhágfaidh, faoin 3 Nollaig 2014 ar a dhéanaí, i gcás suaitheadh sa bhonneagar aonair gáis is mó, ionas go mbeidh acmhainn an bhonneagair a bheidh fágtha, arna cinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle N-1 dá bhforáiltear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, ábalta, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar ríofa a shásamh ar lá ar lena linn a tharlaíonn éileamh ard as an ngnách ar ghás, rud a tharlaíonn, de réir dóchúlachta staitistiúla, uair amháin gach 20 bliain. I gcás inarb iomchuí agus inar gá, ní dochar an méid sin don fhreagracht atá ar oibreoirí na gcóras na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a dhéanamh ná do na hoibleagáidí atá ar oibreoirí na gcóras tarchurtha de réir mar a leagtar síos i dTreoir 2009/73/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 iad.

2.   Maidir leis an oibleagáid a áirithiú go bhfuil an acmhainn ag an mbonneagar a bheidh fágtha chun an t-éileamh iomlán ar ghás a shásamh, dá dtagraítear i mír 1, measfar an oibleagáid sin a bheith arna comhall i gcás ina léireoidh an tÚdarás Inniúil, sa Phlean Coisctheach Gníomhaíochta, go bhféadfar suaitheadh soláthair a chúiteamh go leordhóthanach, ar shlí thráthúil, trí bhearta iomchuí margadhbhunaithe ó thaobh an éilimh de. Chun na críche sin, úsáidfear an fhoirmle a thugtar i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I.

3.   I gcás inarb iomchuí, de réir an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann a chinneadh go ndéanfar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhall ar an leibhéal réigiúnach, seachas ar an leibhéal náisiúnta. Sa chás sin, déanfar Pleananna Coisctheacha comhpháirteacha Gníomhaíochta a bhunú de bhun Airteagal 4(3). Beidh feidhm ag pointe 5 d’Iarscríbhinn I.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha ábhartha, deanfaidh gach Údarás Inniúil aon neamhchomhlíonadh, i dtaca leis na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna a bheidh leis an neamhchomhlíonadh sin.

5.   Cuirfidh oibreoirí na gcóras tarchurtha faoi dheara go mbeidh buanacmhainn dhéthreoch ann ar na hidirnaisc thrasteorann go léir idir na Ballstáit a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoin 3 Nollaig 2013 cé is moite de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nasc le saoráidí táirgthe, le saoráidí GNL agus le gréasáin dáiliúcháin; nó

(b)

i gcás ina mbeidh díolúine tugtha i gcomhréir le hAirteagal 7.

Faoin 3 Nollaig 2013, oiriúnóidh oibreoirí na gcóras tarchurtha feidhmiú na gcóras tarchurtha go páirteach nó ina n-iomláine chun go gcumasófar sreabha fhisiceacha gáis sa dá threo ar idirnaisc thrasteorann.

6.   I gcás ina mbeidh acmhainn dhéthreoch ann cheana nó i gcás ina bhfuil sé á tógáil le haghaidh idirnaisc trasteorann ar leith, measfar an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, a bheith arna comhall le haghaidh an idirnaisc sin ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh Ballstát amháin nó níos mó go ndéanfar an acmhainn a fheabhsú mar gheall ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair. I gcás ina ndéanfar iarraidh den sórt sin ar fheabhsú, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálfaidh Ballstát amhlaidh, áiritheoidh an tÚdarás Inniúil go ndéantar an margadh a thástáil, mar chéad chéim, ar shlí thrédhearcach, mhionsonraithe agus neamh-idirdhealaitheach chun a mheasúnú an éilíonn an margadh an infheistíocht sa bhonneagar is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 5 a chomhall.

8.   Déanfaidh na hÚdaráis Rialála Náisiúnta na costais a thabhaítear go heifeachtúil agus a bhaineann le comhall na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 agus na costais a bhaineann lena áirithiú go gcumasaítear buanacmhainn dhéthreoch a chur san áireamh ionas go ndeonófar dreasachtaí iomchuí le linn na taraifí nó na modheolaíochtaí a shocrú nó a fhormheas, ar shlí thrédhearcach mhionsonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE agus le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. A mhéid nach n-éilíonn an margadh infheistíocht chun acmhainn dhéthreoch a chumasú agus i gcás ina dtabhaítear costais leis an infheistíocht sin i níos mó ná Ballstát amháin nó i mBallstát amháin ar mhaithe le Ballstát amháin eile nó níos mó, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát go léir lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le cionroinnt na gcostas sula ndéanfar aon chinneadh infheistíochta. Cuirfear san áireamh go háirithe le cionroinnt na gcostas an cion de thairbhí na n-infheistíochtaí bonneagair a bhaineann le méadú a dhéanamh ar shlándáil sholáthar na mBallstát lena mbaineann. Beidh feidhm ag Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

9.   Áiritheoidh an tÚdarás Inniúil go rannchuideoidh aon bhonneagar tarchurtha nua le slándáil an tsoláthair trí ghréasán dea-nasctha a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin lín leordhóthanaigh pointí iontrála agus pointí fágála trasteorann a bheith ann de réir éileamh an mhargaidh agus na rioscaí a shainaithneofar. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás Inniúil a mheas, mar chuid den mheasúnú riosca, cá bhfuil na tranglaim inmheánacha agus an bhfuil acmhainn iontrála náisiúnta agus bonneagair, go háirithe gréasáin tarchurtha, in ann na sreabha gáis náisiúnta a oiriúnú don chás ina dtarlaíonn suaitheadh sa bhonneagar gháis aonair is mó de réir mar a shainaithneofar sa mheasúnú riosca.

10.   Ar mhodh eisceachta, ní bheidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn faoi cheangal ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ach féachfaidh siad leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus na soláthairtí gáis do chustaiméirí cosanta á n-áirithiú ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8. Beidh feidhm ag an eisceacht sin:

(a)

i gcás Lucsamburg: fad atá dhá idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile, fad atá dhá fhoinse soláthair éagsúla ar a laghad aici agus fad nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ina críoch aici;

(b)

i gcás na Slóivéine: fad atá dhá idirnascaire ar a laghad acu le Ballstáit eile, fad atá dhá fhoinse soláthair éagsúla ar a laghad aici agus fad nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ina críoch aici;

(c)

i gcás na Sualainne: fad nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ag an tSualainn ar a críoch féin, go bhfuil olltomhailt gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe agus go dtagann níos lú ná 5 % den tomhailt fuinnimh phríomha iomlán ó ghás.

Áiritheoidh na trí Bhallstát sin, ar shlí thrédhearcach, mhionsonraithe agus neamh-idirdhealaitheach, go ndéanfar tástáil mhargaidh rialta le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar agus poibleoidh siad torthaí na dtástálacha sin.

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon athrú a thiocfaidh ar na coinníollacha a leagtar amach san fhomhír sin. Scoirfidh an eisceacht a leagtar síos sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhalltar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh.

Faoin 3 Nollaig 2018, déanfaidh gach Ballstát de na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tuarascáil a tharchur chuig an gCoimisiún, ar tuarascáil í ina dtabharfar tuairisc ar an staid i dtaca leis na coinníollacha dá dtagraítear faoi seach sa chéad fhomhír san fhomhír sin agus i dtaca leis na hionchais chun an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a shásamh, ar thorthaí thástáil an mhargaidh gáis agus ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bhonneagar gáis sa réigiúin. Ar bhonn na tuarascála agus i gcás ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhall fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht a leagtar amach sa chéad fhomhír leanúint d’fheidhm a bheith aici ar feadh ceithre bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta sin a chur i gcrích arís tar éis ceithre bliana.

Airteagal 7

An nós imeachta chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó chun díolúine a lorg

1.   I gcás gach idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit, seachas na Ballstáit sin a dhíolmhaítear faoi Airteagal 6(5)(a) agus seachas i gcás ina bhfuil acmhainn dhéthreoch ann cheana nó i gcás ina bhfuil sé á tógáil agus nár iarr Ballstát amháin nó níos mó feabhsú mar gheall ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha, tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2012, na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid a mBallstáit nó, i gcás ina bhforálfaidh na Ballstáit amhlaidh, faoi bhráid a nÚdarás Inniúil nó a n-údarás rialála (dá ngairtear “údaráis lena mbaineann”, le chéile, san Airteagal seo), tar éis dóibh dul i gcomhairle le hoibreoirí na gcóras tarchurtha go léir eile lena mbaineann.

(a)

togra le haghaidh acmhainne déthreoiche a bhaineann leis an gcúltreo (“acmhainn sreibhe cúltreo”); nó

(b)

iarraidh ar dhíolúine ón oibleagáid chun acmhainn dhéthreoch a chumasú.

2.   Beidh an togra maidir le hacmhainn sreibhe cúltreo nó an iarraidh ar dhíolúintí dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar mheasúnú ar éileamh margaidh, ar ionchais le haghaidh éilimh agus soláthair, ar an indéantacht theicniúil, ar chostais na hacmhainne sreibhe cúltreo, lena n-áirítear athneartú an chórais tarchurtha dá bharr sin, agus ar na tairbhí do shlándáil an tsoláthair, agus aird á tabhairt freisin, i gcás inarb iomchuí, ar an gcaoi a d’fhéadfadh acmhainn sreibhe cúltreo, in éineacht le bearta eile, cur le comhlíonadh an chaighdeáin bonneagair a leagtar amach in Airteagal 6, i gcás na mBallstát a thairbhíonn den acmhainn sreibhe cúltreo.

3.   Déanfaidh an t-údarás lena mbaineann agus a gheobhaidh an togra nó an iarraidh ar dhíolúine fógra faoin togra nó faoin iarraidh ar dhíolúine a thabhairt gan mhoill do na húdaráis lena mbaineann de chuid na mBallstát eile a d’fhéadfadh, de réir an mheasúnaithe riosca, tairbhiú d’acmhainní sreibhe cúltreo agus don Choimisiún. Tabharfaidh an t-údarás sin lena mbaineann deis do na húdaráis sin lena mbaineann agus don Choimisiún tuairim a eisiúint laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis dóibh an fógra sin a fháil.

4.   Laistigh de dhá mhí ón tráth a dtéann an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag, déanfaidh an t-údarás lena mbaineann ceann de na nithe seo a leanas ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 agus ar bhonn an mheasúnaithe riosca a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 9, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar na tuairimí a gheofar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar ghnéithe nach mbaineann go docht le cúrsaí geilleagair, amhail slándáil an tsoláthair gáis agus an rannchuidiú leis an margadh gáis inmheánach:

(a)

díolúine a dheonú mura bhfeabhsódh acmhainn sreibhe cúltreo slándáil sholáthar aon Bhallstáit nó aon réigiúin go mór nó i gcás ina mbeadh na costais infheistíochta i bhfad níos mó ná an tairbhe ionchasach do shlándáil an tsoláthair; nó

(b)

an togra maidir le hacmhainn sreibhe cúltreo a ghlacadh; nó

(c)

a cheangal ar oibreoir an chórais tarchurtha a thogra a leasú.

Tabharfaidh an t-údarás lena mbaineann fógra faoina chinneadh don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile ina dtaispeántar na cúiseanna leis an gcinneadh, lena n-áirítear na tuairimí a fuarthas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Féachfaidh na húdaráis lena mbaineann lena áirithiú, maidir le cinntí a bhaineann leis an idirnasc céanna nó leis na píblínte idirnasctha céanna agus atá spleách go frithpháirteach ar a chéile, nach mbeidh siad ar neamhréir le chéile.

5.   Laistigh de dhá mhí tar éis an fógra sin a fháil, agus i gcás neamhréireachtaí a bheith ann idir cinneadh an údaráis lena mbaineann agus tuairimí na n-údarás eile lena mbaineann agus atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an údarás lena mbaineann a chinneadh a leasú. Féadfar an tréimhse sin a fhadú de mhí amháin i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise. Maidir le haon togra ón gCoimisiún lena gceanglaítear leasú a dhéanamh ar chinneadh an údaráis lena mbaineann, déanfar é ar bhonn na ngnéithe agus na gcritéar a leagtar amach i mír 2 agus i bpointe (a) de mhír 4, agus aird á tabhairt ar na cúiseanna a bhí ag an údarás lena mbaineann lena chinneadh. Comhlíonfaidh an t-údarás lena mbaineann an iarraidh trína chinneadh a leasú laistigh de thréimhse ceithre seachtaine. I gcás nach ngníomhóidh an Coimisiún laistigh den tréimhse dhá mhí sin, measfar nach ndearna sé aon agóid i gcoinne chinneadh an údaráis lena mbaineann.

6.   I gcás ina mbeidh gá le hacmhainn sreibhe cúltreo bhreise de réir thorthaí an mheasúnaithe riosca a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfar an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo a chur i gcrích arís arna iarraidh sin d’oibreoir córais tarchurtha, d’údarás lena mbaineann nó don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an t-údarás lena mbaineann agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chaomhnú gach tráth.

Airteagal 8

Caighdeán an tsoláthair

1.   Ceanglóidh an tÚdarás Inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha, a shainaithneoidh sé, bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí cosanta an Bhallstáit sna cásanna seo a leanas:

(a)

teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse seacht lá a tharlaíonn de réir dóchúlachta staitistiúla uair amháin gach 20 bliain;

(b)

aon tréimhse 30 lá ar a laghad ina bhfuil éileamh ard as an ngnách ar ghás agus a tharlaíonn, de réir dóchúlachta staitistiúla, uair amháin gach 20 bliain; agus

(c)

i gcás tréimhse 30 lá ar a laghad má tharlaíonn suaitheadh sa bhonneagair aonair gáis is mó faoi mheándálaí geimhridh.

Déanfaidh an tÚdarás Inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint faoin 3 Meitheamh 2012 ar a dhéanaí.

2.   Maidir le haon mhéadú ar chaighdeán an tsoláthair a leanfaidh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 nó maidir le haon oibleagáid bhreise a fhorchuirtear ar ghnóthais gáis nádúrtha ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, beidh siad bunaithe ar an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 9, déanfar iad a léiriú sa Phlean Coisctheach Gníomhaíochta agus:

(a)

comhlíonfaidh siad Airteagal 3(6);

(b)

ní dhéanfaidh siad an iomaíocht a shaobhadh go míchuí ná ní chuirfidh siad bac ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha;

(c)

ní bheidh tionchar diúltach acu ar chumas aon Bhallstáit eile soláthar a thabhairt dá chuid custaiméirí cosanta i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil náisiúnta, éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach; agus

(d)

comhlíonfaidh siad na critéir a shonraítear in Airteagal 11(5) i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach.

De mheon dlúthpháirtíochta, sainaithneoidh an tÚdarás Inniúil sa Phlean Coisctheach Gníomhaíochta agus sa Phlean Éigeandála conas a d’fhéadfaí aon mhéadú ar chaighdeán an tsoláthair nó aon oibleagáid bhreise a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha a laghdú go sealadach i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach.

3.   Tar éis na dtréimhsí a shainíonn an tÚdarás Inniúil i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, nó faoi dhálaí níos déine ná iad siúd a shainmhínítear i mír 1, féachfaidh an tÚdarás Inniúil agus na gnóthais gáis nádúrtha leis an soláthar gáis a choimeád ar bun a mhéid is féidir, go háirithe do chustaiméirí cosanta.

4.   Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha chun caighdeáin an tsoláthair a leagtar síos san Airteagal seo a chomhall, ní bheidh siad idirdhealaitheach agus ní chuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais sin.

5.   Ceadófar do na gnóthais gáis nádúrtha na hoibleagláidí sin a chomhall ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. Ní éileoidh an tÚdarás Inniúil go mbeidh na caighdeáin a leagtar síos san Airteagal seo le sásamh ar bhonn an bhonneagair atá suite ach ar a chríoch agus ar an mbonneagar sin amháin.

6.   Áiritheoidh an tÚdarás Inniúil go ndéanfar coinníollacha a bhaineann leis an soláthar do chustaiméirí cosanta a bhunú gan dochar d’oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ar phraghas a urramaíonn margadhluach na soláthairtí.

Airteagal 9

Measúnú riosca

1.   Faoin 3 Nollaig 2011, déanfaidh gach Údarás Inniúil measúnú iomlán, ar bhonn na ngnéithe comhchoiteanna seo a leanas, ar na rioscaí a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair gáis ina Bhallstát:

(a)

trí na caighdeáin a shonraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 8 a úsáid, agus ríomh fhoirmle N-1, na toimhdí a úsáideadh, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun foirmle N-1 a ríomh ar an leibhéal réigiúnach, agus na sonraí atá riachtanach do ríomh den sórt sin á dtaispeáint;

(b)

trí na himthosca náisiúnta agus réigiúnacha go léir atá ábhartha a chur san áireamh, go háirithe méid an mhargaidh, cumraíocht an ghréasáin, na sreabha iarbhír, lena n-áirítear an t-eis-sreabhadh ón mBallstát lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeidh sreabha fisiceacha gáis sa dá threo ann, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an córas tarchurtha a athneartú dá bharr, acmhainní táirgthe agus stórála a bheith ann agus ról an gháis i measc na bhfoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe i ndáil le téachán ceantair agus giniúint leictreachais agus ar mhaithe le hoibriú na dtionscal, agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le cáilíocht an gháis;

(c)

trí thástáil a dhéanamh i leith cásanna eiseamláireacha ina bhfuil éileamh ard gáis as an ngnáth agus suaitheadh soláthair ann, amhail cliseadh na bpríomhbhonneagar tarchurtha, na stoc gáis nó na gcríochfort GNL, agus suaitheadh soláthar ó sholáthraithe tríú tír, agus aird á tabhairt ar an stair, ar an dóchúlacht, ar an séasúr, ar an minicíocht agus ar an bhfad a bhaineann leis na tráthanna a dtarlaíonn na nithe sin agus freisin, i gcás inarb iomchuí, ar rioscaí geopholaitiúla, agus trí iarmhairtí dóchúla na gcásanna sin a mheasúnú;

(d)

trí idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí a shainaithint i dteannta le Ballstáit eile, lena n-áirítear, inter alia, a mhéid a bhaineann le hidirnaisc, soláthairtí trasteorann, rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar acmhainn dhéthreoch;

(e)

trí aird a thabhairt ar uasacmhainn idirnaisc gach pointe iontrála agus fágála trasteorann.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), déanfaidh na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann measúnú riosca comhpháirteach a chur i gcrích ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Comhoibreoidh na gnóthais gáis nádúrtha, na custaiméirí gáis tionsclaíocha, na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcustaiméirí teaghlaigh agus na gcustaiméirí gáis tionsclaíocha, chomh maith leis na Ballstáit agus an t-údarás rialála náisiúnta, i gcás nach é an t-údarás inniúil é, leis an Údarás Inniúil agus déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá don mheasúnú riosca a sholáthar dó arna iarraidh sin dó.

4.   Déanfar an measúnú riosca a thabhairt cothrom le dáta den chéad uair 18 mí ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na bPleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus na Pleananna Éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 4, agus ina dhiaidh sin, gach dhá bhliain roimh an 30 Meán Fómhair sa bhliain ábhartha mura rud é gur gá é a thabhairt cothrom le dáta níos minice ná sin de bharr na n-imthosca. Sa mheasúnú riosca, tabharfar aird sa mheasúnú riosca ar an dul chun cinn a bheidh déanta sna hinfheistíochtaí is gá chun déileáil le caighdeán an bhonneagair a shainmhínítear in Airteagal 6 agus ar na deacrachtaí a bhaineann go sonrach le tíortha áirithe agus réitigh mhalartacha nua á gcur chun feidhme acu;

5.   Déanfar an measúnú riosca, lena n-áirítear leaganacha nuashonraithe, a chur ar fáil don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 10

Pleananna Éigeandála agus na Leibhéil Ghéarchéime

1.   Déanfar an méid seo a leanas sna Pleananna Éigeandála náisiúnta agus sna Pleananna Éigeandála comhpháirteacha:

(a)

déanfar forbairt ar na leibhéil ghéarchéime a leagtar amach i mír 3;

(b)

déanfar róil agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha agus na gcustaiméirí gáis tionsclaíocha a shainiú, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais ábhartha, agus na méideanna éagsúla ar dá réir a dhéanfar difear dóibh i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh sa soláthar gáis á gcur san áireamh, mar aon leis an idirghníomhú idir iad agus na hÚdaráis Inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis rialála náisiúnta ag gach ceann de na leibhéil ghéarchéime a shainmhínítear i mír 3;

(c)

saineofar róil agus freagrachtaí na nÚdarás Inniúil agus na gcomhlachtaí eile ar tarmligeadh cúraimí chucu, dá dtagraítear in Airteagal 2(2), ar gach ceann de na leibhéil ghéarchéime a shainmhínítear i mír 3 den Airteagal seo;

(d)

áiritheofar go dtabharfar deis leordhóthanach do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí gáis tionsclaíocha freagairt ar gach leibhéal géarchéime;

(e)

más iomchuí, sainaithneofar na bearta agus na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh soláthair gáis ar theáchán ceantair agus ar an soláthar leictreachais a ghintear ó ghás;

(f)

bunófar nósanna imeachta mionsonraithe agus bearta mionsonraithe a leanfar i gcás gach leibhéil géarchéime ar leith, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha ar shreabhadh faisnéise;

(g)

ainmneofar bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime agus saineofar a ról;

(h)

sainaithneofar an rannchuidiú a dhéanann na bearta margadhbhunaithe chun déileáil leis an staid ar an leibhéal foláirimh agus chun an staid a mhaolú ar an leibhéal éigeandála, go háirithe na bearta sin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(i)

sainaithneofar an rannchuidiú a dhéanann na bearta nach bhfuil bunaithe ar an margadh, ar bearta iad atá pleanáilte nó atá le cur chun feidhme don leibhéal éigeandála, go háirithe na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn III, agus déanfar measúnú ar a mhéid is gá bearta den sórt sin nach bhfuil bunaithe ar an margadh a úsáid chun déileáil le géarchéim, déanfar measúnú ar éifeachtaí na mbeart sin agus saineofar na nósanna imeachta chun iad a chur chun feidhme, agus á chur san áireamh nach bhfuil bearta nach bhfuil bunaithe ar an margadh le húsáid ach amháin i gcás nach féidir soláthairtí a áirithiú a thuilleadh, go háirithe do chustaiméirí cosanta, trí shásraí margadhbhunaithe amháin;

(j)

tabharfar tuairisc ar na sásraí a úsáidtear ar mhaithe le comhar le Ballstáit eile ar gach leibhéal géarchéime ar leith;

(k)

tabharfar mionsonraí faoi na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha ar an leibhéal foláirimh agus ar an leibhéal éigeandála;

(l)

bunófar liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe chun go mbeidh gás ar fáil i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus na sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí sin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht faisnéise íogaire. D’fhéadfadh comhaontuithe trasteorann idir Ballstáit agus/nó gnóthais gáis nádúrtha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin.

2.   Déanfar na Pleananna Éigeandála náisiúnta agus comhpháirteacha a thabhairt cothrom le dáta gach dhá bhliain, mura rud é gur gá iad a thabhairt cothrom le dáta níos minice ná sin de bharr na n-imthosca, agus léireoidh siad an measúnú riosca nuashonraithe. Déanfar an comhairliúchán idir na hÚdaráis Inniúla dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2) sula nglacfar na Pleananna nuashonraithe.

3.   Seo a leanas na trí phríomhleibhéal géarchéime:

(a)

leibhéal luathrabhaidh (luathrabhadh): i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh imeacht tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair agus ar dóigh gurb é a leanfadh as ná leibhéal an fholáirimh nó leibhéal na héigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;

(b)

leibhéal foláirimh (foláireamh): i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh soláthair nó éileamh ard gáis as an ngnáth, ar nithe iad as a leanann meath suntasach ar staid an tsoláthair, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an t-éileamh sin a bhainistiú gan gá le dul i muinín beart nach bhfuil bunaithe ar an margadh;

(c)

leibhéal éigeandála (éigeandáil): i gcás ina bhfuil éileamh ard gáis as an ngnách ann nó suaitheadh suntasach soláthar nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margaidh uile a chur chun feidhme ach nach bhfuil an soláthar gáis leordhóthanach chun freastal ar an éileamh gáis atá fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil bunaithe ar an margadh a thabhairt isteach, go háirithe d’fhonn soláthairtí gáis na gcustaiméirí cosanta a choimirciú de réir Airteagal 8.

4.   Áiritheoidh na Pleananna Éigeandála náisiúnta agus comhpháirteacha go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 715/2009, a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcás éigeandáil a bheith ann. Beidh na Pleananna i gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Rialachán seo agus ní thabharfar isteach leis an bPlean Éigeandála aon bheart a chuirfeadh srian míchuí ar shreabh an gháis thar theorainneacha.

5.   Nuair a fhógróidh an tÚdarás Inniúil aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó, go háirithe an fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a bheidh sé ar intinn aige a dhéanamh. I gcás éigeandála a bhféadfadh iarraidh ar chúnamh ón Aontas agus óna Bhallstáit leanúint aisti, déanfaidh Údarás Inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra a thabhairt gan mhoill d’Ionad an Choimisiúin um Fhaireachán agus Faisnéis ar an gCosaint Shibhialta.

6.   I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás Inniúil éigeandáil a fhógairt, leanfaidh sé an ghníomhaíocht réamhshainithe a shainmhínítear ina Phlean Éigeandála agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach, go háirithe faoin ngníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh i gcomhréir le mír 1. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an tÚdarás Inniúil gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ón bPlean Éigeandála. Cuirfidh an tÚdarás Inniúil an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le haon ghníomhaíocht den sórt sin agus tabharfaidh sé údar maith léi.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit agus na hÚdaráis Inniúla go háirithe:

(a)

nach dtabharfar aon bhearta isteach a chuirfidh srian míchuí ar shreabh an gháis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth;

(b)

nach dtabharfar aon bhearta isteach ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c)

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcomhréir leis an bPlean Éigeandála.

8.   Fíoróidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, ach i gcás ar bith laistigh de chúig lá tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a fháil ón Údarás Inniúil, an bhfuil údar maith leis an bhfógra éigeandála i gcomhréir le pointe (c) de mhír 3 agus an leanann na bearta a rinneadh, a dhlúithe is féidir, na gníomhaíochtaí a liostaítear sa Phlean Éigeandála agus nach gcuireann siad ualach míchuí ar na gnóthais gáis nádúrtha agus go bhfuil siad i gcomhréir le mír 7. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Údarás Inniúil, ó ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, a iarraidh ar an Údarás Inniúil na bearta a mhodhnú i gcás ina bhfuil siad contrártha do na coinníollacha a bhunaítear i mír 7 agus sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an Údarás Inniúil, an fógra éigeandála a tharraingt siar i gcás ina measann sé nach bhfuil údar maith leis a thuilleadh de réir phointe (c) de mhír 3.

Laistigh de thrí lá tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt faoina iarraidh, modhnóidh an tÚdarás Inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí lá, an iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d’fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an tÚdarás Inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, an Grúpa Comhordaithe Gáis a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach an réasúnú mionsonraithe atá aige maidir le haon athruithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an tÚdarás Inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an Údaráis Inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an tÚdarás Inniúil an réasúnú is bun leis an gcinneadh sin.

Airteagal 11

Freagairtí an Aontais agus freagairtí réigiúnacha ar éigeandálaí

1.   Ar iarraidh ó Údarás Inniúil a mbeidh éigeandáil fógartha aige agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(8), féadfaidh an Coimisiún éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach a fhógairt do réigiún geografach a bhfuil difear sonrach á dhéanamh dó. Ar iarraidh ó dhá Údarás Inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(8), agus i gcás ina mbeidh nasc idir na cúiseanna atá leis na héigeandálaí sin, fógróidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach. I ngach cás, déanfaidh an Coimisiún, tríd an modh cumarsáide is oiriúnaí don staid a úsáid, tuairimí a bhailiú agus tabharfaidh sé dá aire go cuí an fhaisnéis ábhartha uile arna soláthar ag na hÚdaráis Inniúla eile. Nuair a mheasfaidh sé nach bhfuil an ní is bun leis an éigeandáil Aontais nó leis an éigeandáil réigiúnach leordhóthanach a thuilleadh chun éigeandáil a fhógairt ina leith, fógróidh an Coimisiún go bhfuil deireadh leis an éigeandáil Aontais nó leis an éigeandáil réigiúnach. I ngach cás, tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.

2.   Tionólfaidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis a luaithe a fhógróidh sé éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach. Le linn na héigeandála Aontais nó na héigeandála réigiúnaí, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó thrí Bhallstát ar a laghad, rannpháirtíocht sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis a shrianadh, le haghaidh cruinnithe iomláin nó cuid de chruinniú, d’ionadaithe na mBallstát agus na nÚdarás Inniúil.

3.   I gcás éigeandála Aontais nó éigeandála réigiúnaí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na nÚdarás Inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha agus ar na torthaí a éiríonn as an gcomharliúchán leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na nithe seo a leanas:

(a)

malartú faisnéise a áirithiú,

(b)

comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal réigiúnach i gcoibhneas le leibhéal an Aontais,

(c)

na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún grúpa bainistithe géarchéime a thionól ar a mbeidh bainisteoirí géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(g) i gcás na mBallstát a mbaineann an éigeandáil leo, arb iad na bainisteoirí iad dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(g). Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú ó na bainisteoirí géarchéime, a iarraidh ar gheallsealbhóirí ábhartha eile a bheith rannpháirteach. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas go rialta faoin obair a dhéanann an grúpa bainistithe géarchéime.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, áiritheoidh na hÚdaráis Inniúla, an méid seo a leanas:

(a)

nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfeadh srian míchuí ar shreabh an gháis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth, go háirithe sreabh an gháis go dtí na margaí a bhfuil difear á ndéanamh dóibh;

(b)

nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus

(c)

go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 715/2009, a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bPlean Éigeandála.

6.   Más rud é, ar iarraidh ó Údarás Inniúil, ó ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, go measann an Coimisiún go bhfuil gníomhaíocht atá déanta ag Ballstát nó ag Údarás Inniúil nó iompraíocht gnóthais gáis nádúrtha, le linn éigeandála Aontais nó éigeandála réigiúnaí, contrártha do mhír 5, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát sin nó ar an Údarás Inniúil sin a ghníomhaíocht a athrú nó gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5, agus cuirfidh sé in iúl dó na cúiseanna atá leis sin. Tabharfar aird chuí ar an ngá leis an gcóras gáis a oibriú go sábháilte gach tráth.

Laistigh de thrí lá tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt faoina iarraidh, athróidh an Ballstáit nó an tÚdarás Inniúil a ghníomhaíocht agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó míneoidh sé don Choimisiún na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí lá, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an tÚdarás Inniúil a chomóradh agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, an Grúpa Comhordaithe Gáis a chomóradh chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach an réasúnú mionsonraithe atá aige maidir le haon athruithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an Ballstát nó an tÚdarás Inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. Má chlaonann cinneadh críochnaitheach an Údaráis Inniúil nó an Bhallstáit ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an tÚdarás Inniúil nó an Ballstát an réasúnú is bun leis an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, buanliosta ionadaithe a tharraingt suas do thascfhórsa faireacháin ar a mbeidh saineolaithe an tionscail agus ionadaithe ón gCoimisiún. Féadfar an tascfhórsa faireacháin sin a imscaradh lasmuigh den Aontas nuair is gá sin agus déanfaidh sé faireachán agus tuairisciú ar na sreabha gáis isteach san Aontas, i gcomhar leis na tríú tíortha soláthair agus idirthurais.

8.   Déanfaidh an tÚdarás Inniúil an fhaisnéis a bhaineann le haon ghá le cúnamh a sholáthar d’Ionad an Choimisiúin um Fhaireachán agus Faisnéis ar an gCosaint Shibhialta. Déanfaidh an tIonad um Fhaireachán agus Faisnéis ar an gCosaint Shibhialta an staid fhoriomlán a mheasúnú agus tabharfaidh sé comhairle faoin gcúnamh ba cheart a sholáthar do na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, agus do thríú tíortha i gcás inar iomchuí sin.

Airteagal 12

An Grúpa Comhordaithe Gáis

1.   Bunaítear Grúpa Comhordaithe Gáis chun comhordú na mbeart a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis a éascú. Beidh an Grúpa comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus go háirithe óna nÚdaráis Inniúla, agus ón nGníomhaireacht, ón ENTSO don Ghás agus ó chomhlachtaí ionadaíochta an tionscail lena mbaineann agus ionadaithe de chuid custaiméirí ábhartha chomh maith. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhdhéanamh an Ghrúpa a chinneadh, agus áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil an Grúpa ionadaíoch ina iomláine. Gníomhóidh an Coimisiún mar chathaoirleach ar an nGrúpa. Bunóidh an Grúpa a rialacha nós imeachta.

2.   I gcomhréir leis an Rialachán seo, rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus tabharfaidh an Grúpa sin cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

slándáil an tsoláthair gáis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil;

(b)

an fhaisnéis uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;

(c)

na cleachtais is fearr agus na treoirlínte a d’fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;

(d)

leibhéal shlándáil an tsoláthair, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;

(e)

cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;

(f)

na Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus na Pleananna Éigeandála a mheasúnú agus cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach iontu;

(g)

comhordú na mbeart chun déileáil le héigeandáil laistigh den Aontas, ar comhordú é le tríú tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;

(h)

an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis.

3.   Comórfaidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis ar bhonn rialta agus roinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar ó na hÚdaráis Inniúla agus, ag an am céanna, caomhnóidh sé rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 13

Malartú faisnéise

1.   I gcás ina bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí ag Ballstáit cheana, ar oibleagáidí iad a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, poibleoidh siad na hoibleagáidí sin faoin 3 Eanáir 2011. Déanfar aon nuashonrú ina dhiaidh sin nó aon oibleagáid seirbhíse poiblí bhreise a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis a phoibliú freisin a luaithe a ghlacann na Ballstáit iad.

2.   Le linn éigeandála, cuirfidh na gnóthais gáis nádúrtha an fhaisnéis seo a leanas go háirithe ar fáil don Údarás Inniúil ar bhonn laethúil:

(a)

réamhaisnéisí laethúla ar an éileamh ar ghás agus ar sholáthar an gháis do na chéad trí lá a bheidh le teacht;

(b)

an tsreabh laethúil gáis ag na pointí iontrála agus fágála trasteorann go léir agus, chomh maith leis sin, ag na pointí go léir a nascann saoráid táirgthe, saoráid stórála nó críochfort GNL leis an ngréasán, in mcm/d;

(c)

an tréimhse, arna sloinneadh i laethanta, ar lena linn atáthar ag súil gur féidir an soláthar gáis a áirithiú do na custaiméirí cosanta.

3.   I gcás éigeandála Aontais nó éigeandála réigiúnaí, beidh an Coimisiún i dteideal a iarraidh go ndéanfaidh an tÚdarás Inniúil an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó gan mhoill:

(a)

an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2;

(b)

faisnéis faoi na bearta a bheartaítear a dhéanamh agus faoi na bearta atá curtha chun feidhme cheana féin ag an Údarás Inniúil chun an éigeandáil a mhaolú, agus faisnéis faoi éifeachtacht na mbeart sin;

(c)

na hiarrataí atá déanta ar bhearta breise a bheadh le déanamh ag Údaráis Inniúla eile;

(d)

na bearta atá curtha chun feidhme ar iarraidh ó Údaráis Inniúla eile.

4.   Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla agus an Coimisiún rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.

5.   Tar éis éigeandála, déanfaidh an tÚdarás Inniúil, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, sé seachtaine tar éis a fhógairt go bhfuil deireadh leis an éigeandáil, measúnú mionsonraithe a sholáthar don Choimisiún gan mhoill ar an éigeandáil agus ar éifeachtacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an éigeandáil, ar an tionchar ar earnáil an leictreachais agus ar an gcúnamh a soláthraíodh don Aontas agus dá Bhallstát agus/nó a fuarthas uathu. Cuirfear an measúnú sin ar fáil don Ghrúpa Comhordaithe Gáis agus léireofar é sna nuashonruithe ar na Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus ar na Pleananna Éigeandála.

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar mheasúnuithe na nÚdarás Inniúla agus cuirfidh sé na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas maidir le torthaí a anailíse i bhfoirm chomhiomlán.

6.   Chun go bhféadfaidh an Coimisiún an staid maidir le slándáil an tsoláthair ar leibhéal an Aontais a mheasúnú:

(a)

faoin 3 Nollaig 2011 ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit na comhaontuithe idir–rialtasacha atá ann cheana agus a tugadh i gcrích le tríú tíortha agus a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt an bhonneagair gáis agus ar fhorbairt na soláthairtí gáis a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Nuair a bheidh comhaontuithe idir-rialtasacha nua á dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit le tríú tíortha a bhfuil tionchar den sórt sin acu, cuirfidh siad na comhaontuithe sin in iúl don Choimisiún;

(b)

faoin 3 Nollaig 2011 ar a dhéanaí, maidir le conarthaí atá ann cheana, mar aon le conarthaí nua nó i gcás ina ndéantar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, tabharfaidh na gnóthais gáis nádúrtha fógra do na hÚdaráis Inniúla lena mbaineann maidir leis na sonraí seo a leanas a bhaineann le conarthaí ar faide a ré ná aon bhliain amháin agus a thugtar i gcrích le soláthraithe ó thríú tíortha:

(i)

ré an chonartha;

(ii)

toirteanna conraithe ina n-iomláine, ar bhonn bliantúil agus an meántoirt in aghaidh na míosa;

(iii)

i gcás foláirimh nó éigeandála, toirteanna uasta conraithe laethúla;

(iv)

pointí seachadta conraithe.

Cuirfidh an tÚdarás Inniúil na sonraí sin in iúl don Choimisiún i bhfoirm chomhiomlán. I gcás ina dtabharfar conarthaí nua i gcrích nó ina ndéanfar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, déanfar an tsraith iomlán sonraí a chur in iúl don Choimisiún arís i bhfoirm chomhiomlán agus ar bhonn tráthrialta. Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise a áirithiú.

Airteagal 14

Faireachán ag an gCoimisiún

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach agus tuairisciú leanúnach ar bhearta a bhaineann le slándáil soláthair gáis, go háirithe trí mheasúnú bliantúil ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2009/73/CE, agus ar an bhfaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 11 agus Airteagal 52(1) den Treoir sin, agus a luaithe a bheidh sí ar fáil, ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil sa mheasúnú riosca agus sna Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus sna Pleananna Éigeandála a bheidh le bunú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Faoin 3 Nollaig 2014 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, na nithe seo a leanas:

(a)

conclúidí a dhéanamh maidir le bealaí féideartha chun slándáil an tsoláthar ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfar measúnuithe riosca agus go mbunófar Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus Pleananna Éigeandála ar leibhéal an Aontais agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear inter alia an dul chun cinn a rinneadh ar idirnascthacht an mhargaidh; agus

(b)

tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chomhsheasmhacht fhoriomlán Phleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus Phleananna Éigeandála na mBallstát chomh maith lena rannchuidiú le dlúthpháirtíocht agus le hullmhacht ó pheirspictíocht an Aontais.

Áireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir leis an Rialachán seo a fheabhsú.

Airteagal 15

Aisghairm

Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir le spriocdhátaí do thrasuíomh agus do chur i bhfeidhm Threoir 2004/67/CE, aisghairtear an Treoir sin amhail ón 2 Nollaig 2010 cé is moite d’Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir sin a mbeidh feidhm acu go dtí mbeidh an Ballstát lena mbaineann tar éis sainiú a dhéanamh ar chustaiméirí cosanta i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Rialachán seo agus go mbeidh sé tar éis na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán seo.

D’ainneoin na chéad fhomhíre den Airteagal seo, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 2004/67/CE tar éis an 3 Meitheamh 2012.

Airteagal 16

Maolú

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta ná maidir leis an gCipir fad nach mbeidh aon ghás á sholáthar ar a gcríocha faoi seach. I gcás Mhálta agus na Cipire, is mar a leanas a bheidh feidhm ag na spriocdhátaí a thugtar le tuiscint le pointe (1) den dara mír d’Airteagal 2 agus le hAirteagail 3(2), 4(2), 4(5), 6(1), 6(5), 8(1) agus 9(1) agus le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 13(6):

(a)

i gcás phointe (1) den dara mír d’Airteagal 2, Airteagal 3(2), Airteagal 9(1) agus phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 13(6): 12 mhí;

(b)

i gcás Airteagal 4(2) agus Airteagal 8(1): 18 mí;

(c)

i gcás Airteagal 4(5): 24 mí;

(d)

i gcás Airteagal 6(5): 36 mí;

(e)

i gcás Airteagal 6(1): 48 mí;

ón lá a ndéantar gás a sholáthar ar a gcríocha faoi seach den chéad uair.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(8), ag an gcéad abairt d’Airteagal 10(4), ag Airteagal 10(7)(c)agus ag Airteagal 11(5)(c) amhail ón 3 Márta 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Deireadh Fómhair 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 20 Eanáir 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2010

(3)  IO L 127, 29.4.2004, lch. 92.

(4)  IO L 198, 20.7.2006, lch. 18.

(5)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 1.

(6)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 36.

(7)  IO L 211, 14.8.2009, lch. 94.

(8)  IO L 314, 1.12.2007, lch. 9.

(9)  IO L 345, 23.12.2008, lch. 75.


IARSCRÍBHINN I

AN FHOIRMLE N-1 A RÍOMH

1.   Sainmhíniú ar an bhfoirmle N-1

Tugann an fhoirmle N-1 tuairisc ar an gcumas atá in acmhainn theicniúil an bhonneagair gáis chun an t-éileamh iomlán ar ghás a shásamh sa limistéar ríofa i gcás suaitheadh a bheith ann sa bhonneagar soláthair gáis aonair is mó ar lá ar lena linn a tharlaíonn ardéileamh as an ngnách ar ghás, rud a tharlaíonn, de réir dochúlachta staitistiúla, uair amháin gach 20 bliain.

Is cuid de bhonneagar gáis é an gréasán tarchurtha gáis nádúrtha lena n-áirítear idirnascairí chomh maith le táirgeadh, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá nasctha leis an limistéar ríofa.

Ba cheart go mbeadh acmhainn theicniúil (1) an chuid eile den bhonneagar soláthair gáis a bheadh ar fáil i gcás suaitheadh a bheith ann sa bhonneagar soláthair gáis aonair is mó comhionann, ar a laghad, le suim an éilimh iomláin laethúil ar ghás sa limistéar ríofa ar lá ar lena linn a tharlaíonn ardéileamh as an ngnách, rud a tharlaíonn, de réir dochúlachta staitistiúla, uair amháin gach 20 bliain.

Is ceart go mbeadh na torthaí ón bhfoirmle N-1, mar atá ríofa thíos, comhionann, ar a laghad, le 100 %.

2.   Modh ríofa na foirmle N-1

Formula, N – 1 ≥ 100 %

3.   Sainmhínithe ar phairiméadair na foirmle N-1:

Ciallaíonn “limistéar ríofa” limistéar geografach a ríomhtar an fhoirmle N-1 dó, de réir mar a chinnfidh an tÚdarás Inniúil é.

Sainmhínithe óthaobh an éilimh de

Ciallaíonn “Dmax” éileamh iomlán laethúil (in mcm/d) an limistéir ríofa ar lá ar lena linn a tharlaíonn ardéileamh as an ngnách ar ghás, rud a tharlaíonn, de réir dóchúlachta staitistiúla, uair amháin gach 20 bliain.

Sainmhínithe ó thaobh an tsoláthair de

“EPm”: Ciallaíonn acmhainn theicniúil na bpointí iontrála (in mcm/d), seachas táirgeadh, saoráidi GNL agus saoráidí stórála a chumhdaítear le Pm, Sm agus GNLm, suim acmhainn theicniúil gach pointe iontrála teorann atá in ann gás a sholáthar don limistéar ríofa;

“Pm”: Ciallaíonn acmhainn táirgeachta uasta theicniúil (in mcm/d) suim chumas táirgeachta uasta teicniúil na saoráidí táirgthe gáis go léir in aghaidh an lae atá inseachadta ar na pointí iontrála sa limistéar ríofa;

“Sm”: Ciallaíonn inseachadtacht stórála uasta teicniúil (in mcm/d) suim acmhainn aistarraingthe uasta teicniúil in aghaidh an lae ó na saoráidí stórála go léir atá inseachadta ar phointí iontrála an limistéir ríofa, agus a saintréithe fisiceacha faoi seach á gcur san áireamh;

“GNLm”: Ciallaíonn acmhainn uasta theicniúil saoráidí GNL (in mcm/d) suim na n-acmhainní cur amach uasta teicniúil in aghaidh an lae ag na saoráidí GNL go léir sa limistéar ríofa, agus eilimintí criticiúla á gcur san áireamh amhail dí-ualú, seirbhísí coimhdeacha, stóráil sealadach agus athghású GNL chomh maith le hacmhainn chur amach theicniúil chuig an gcóras;

“Im”: Ciallaíonn sé acmhainn theicniúil an bhonneagair gáis aonair is mó (in mcm/d) ag a bhfuil an acmhainn is mó chun gás a sholáthar don limistéar ríofa. Nuair atá roinnt bonneagar gáis nasctha le bonneagar coiteann réamhtheachtach nó iartheachtach gáis agus nach féidir iad a oibriú ar leithligh óna chéile, measfar gur bonneagar aonair gáis amháin iad.

4.   An fhoirmle N-1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta ó thaobh an éilimh de

Formula, N – 1 ≥ 100 %

Sainmhíniú ó thaobh an éilimh de

Ciallaíonn “Deff” an chuid (in mcm/d) de Dmax ar féidir é a chumhdach go leordhóthanach agus go tráthúil, i gcás suaitheadh soláthair a bheith ann, le bearta margadhbhunaithe ó thaobh éilimh de i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) agus le hAirteagal 6(2).

5.   An fhoirmle N-1 a ríomh ar an leibhéal réigiúnach

Déanfar an limistéar ríofa dá dtagraítear i bpointe 3 a leathnú go dtí an leibhéal réigiúnach iomchuí, i gcás inarb infheidhme é, de réir mar a chinnfidh Údaráis Inniúla na mBallstát lena mbaineann. Chun an fhoirmle N-1 a ríomh ar an leibhéal réigiúnach, úsáidfear an bonneagar aonair comhleasa soláthair gáis is mó. Is é atá sa bhonneagar aonair comhleasa soláthair gáis is mó, i dtaca le réigiún de, ná an bonneagar soláthair gáis is mó sa réigiún a chuireann go díreach nó go neamhdhíreach le soláthar gáis Bhallstáit an réigiúin sin agus saineofar é sa Phlean Coisctheach comhpháirteach Gníomhaíochta.

Ní féidir ríomh N-1 réigiúnach ionad ríomh N-1 náisiúnta a ghabháil ach amháin i gcás ina bhfuil an-tábhacht ag baint leis an mbonneagar aonair comhleasa is mó do sholáthar gáis gach Ballstát lena mbaineann, de réir an mheasúnaithe chomhpháirtigh riosca.


(1)  De réir Airteagal 2(1)(18) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, ciallaíonn “acmhainn theicniúil” an acmhainn dhocht uasta is féidir leis an oibreoir córais tarchurtha a thairiscint do na húsáideoirí gréasáin, agus sláine an chórais agus riachtanais oibríochtúla an ghréasáin tarchurtha á gcur san áireamh.


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE BHEARTA MARGADHBHUNAITHE UM SHLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR GÁIS

Le linn don Údarás Inniúil an Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus an Plean Éigeandála a fhorbairt, tabharfaidh sé aird ar liosta táscach agus neamhchuimsitheach na mbeart a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Nuair a bheidh an Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus an Plean Éigeandála á bhforbairt, tabharfaidh an tÚdarás Inniúil aird chuí ar an tionchar atá ag na bearta a mholtar ar an gcomhshaol agus tabharfaidh sé tús áite, a mhéid is féidir, do na bearta sin a bhfuil an tionchar is lú acu ar an gcomhshaol agus na gnéithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair á gcur san áireamh.

Bearta ó thaobh an tsoláthair de:

solúbthacht bhreise táirgeachta,

solúbthacht bhreise allmhairíochta,

comhtháthú gáis ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i mbonneagar an ghréasáin gáis a éascú,

stóráil gáis tráchtála – acmhainn aistarraingthe agus toirt an gháis atá á stóráil,

acmhainn chríochfort GNL agus acmhainn uasta cur amach,

éagsúlú soláthairtí gáis agus bealaí gáis,

sreabha cúltreo,

seoladh comhordaithe ag oibreoirí na gcóras tarchurtha,

conarthaí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a úsáid,

infheistíochtaí i mbonneagar, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch,

socruithe conarthacha chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú.

Bearta ó thaobh an éilimh de:

conarthaí in-idirbhriste a úsáid,

deiseanna malartaithe breosla, lena n-áirítear breoslaí cúltaca malartacha a úsáid i ngléasraí tionsclaíochta agus i ngléasraí ginte cumhachta,

sceitheadh ualaigh a dhéanann gnólachtaí ar bhonn deonach,

breis éifeachtúlachta,

úsáid bhreise a bhaint as foinsí fuinnimh in-athnuaite.


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE BHEARTA UM SHLÁNDÁIL AN tSOLÁTHAIR GÁIS NACH BHFUIL BUNAITHE AR AN MARGADH

Le linn don Údarás Inniúil an Plean Coisctheach Gníomhaíochta agus an Plean Éigeandála a fhorbairt, ní dhéanfaidh sé an méid a bhaintear amach mar thoradh ar an liosta táscach agus neamhchuimsitheach seo a leanas de bhearta a bhreithniú ach amháin i gcás ina bhfuil éigeandáil ann:

Bearta ó thaobh an tsoláthair de:

stóráil straitéiseach gáis a úsáid,

úsáid éigeantach stoc breoslaí malartacha (e.g. i gcomhréir le Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (1)),

úsáid éigeantach leictreachais a ghintear ó fhoinsí seachas gás,

méadú éigeantach ar an leibhéal táirgeachta gáis,

aistarraingt stórála éigeantach.

Bearta ó thaobh an éilimh de:

Céimeanna éagsúla den laghdú éigeantach ar éileamh lena n-áirítear:

malartú éigeantach breosla,

úsáid éigeantach conarthaí in-idirbhriste, i gcás nach bhfuil siad go hiomlán in úsáid mar chuid de bhearta an mhargaidh,

sceitheadh ualaigh a dhéanann gnólachtaí go héigeantach.


(1)  IO L 265, 9.10.2009, lch. 9.


IARSCRÍBHINN IV

COMHAR RÉIGIÚNACH

I gcomhréir le hAirteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus mar a chuirtear in iúl go láidir in Airteagal 6 de Threoir 2009/73/CE agus in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, is léiriú é an comhar réigiúnach ar mheon na dlúthpháirtíochta agus is coincheap bunúsach de chuid an Rialacháin seo é freisin. Is gá comhar réigiúnach go háirithe chun an méid seo a leanas a bhunú: measúnú riosca (Airteagal 9), na Pleananna Coisctheacha Gníomhaíochta agus na Pleananna Éigeandála (Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10), na caighdeáin i leith an bhonneagair agus an tsoláthair (Airteagal 6 agus Airteagal 8) agus na forálacha a bhaineann le freagairtí an Aontais ar éigeandálaí agus freagairtí réigiúnacha ar éigeandálaí (Airteagal 11).

Cuireann an comhar réigiúnach faoin Rialachán seo leis an gcomhar réigiúnach atá ann cheana agus a bhaineann le gnóthais gáis nádúrtha, le Ballstáit agus le húdaráis rialála náisiúnta chun feabhas a chur, i measc cuspóirí eile, ar shlándáil an tsoláthair agus ar chomhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fhuinnimh, amhail na trí mhargadh réigiúnacha gáis faoin Tionscnamh Réigiúnach Gáis, an Clár Oibre Gáis, Grúpa Ardleibhéil an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh, agus Grúpa Comhordaithe Slándála Soláthair an Chomhphobail Fuinnimh. Mar sin féin, is dócha go gcothóidh na ceanglais a bhaineann go sonrach le slándáil soláthair creataí nua comhair, agus, chun an éifeachtúlacht is fearr a ráthú, beidh gá le hoiriúnú a dhéanamh ar na réimsí comhair atá ann cheana.

I bhfianaise na margaí atá ag éirí níos idirnasctha agus níos idirspleáiche, agus i bhfianaise chomhlánú an margaidh inmheánaigh gáis, féadfaidh comhar idir na Ballstáit seo a leanas, mar shampla agus i measc nithe eile, lena n-áirítear idir chodanna de Bhallstáit chomharsanachta, a slándáil aonair soláthair gháis agus a gcomhshlándáil soláthair gáis a fheabhsú:

an Pholainn agus na trí Stát Bhaltacha (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin),

Leithinis na hIbéire (an Spáinn agus an Phortaingéil) agus an Fhrainc,

Éire agus an Ríocht Aontaithe,

an Bhulgáir, an Ghréig agus an Rómáin,

an Danmhairg agus an tSualainn,

an tSlóivéin, an Iodáil, an Ostair, an Ungáir agus an Rómáin,

an Pholainn agus an Ghearmáin,

an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg,

an Ghearmáin, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic,

Ballstáit eile.

I gcás inar gá agus inarb iomchuí, féadfar an comhar réigiúnach idir na Ballstáit a leathnú chun comhar a neartú leis na Ballstáit chomharsanachta, go háirithe i gcás oileán gáis, go háirithe d’fhonn idirnaisc a fheabhsú. Féadfaidh Ballstáit a bheith mar chuid de bhraislí éagsúla comhair freisin.


Top