EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E140

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
Caibidil 5 - Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 140
(sean-Airteagail 121(1), 122(2), an dara habairt, agus 123(5) CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 108–109 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_140/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 140

(sean-Airteagail 121(1), 122(2), an dara habairt, agus 123(5) CCE)

1.   Ar a laghad uair sa dá bhliain, nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, déanfaidh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil don Chomhairle ar dhul chun cinn na mBallstát a bhfuil maolú acu i gcomhall a n-oibleagáidí maidir le gnóthú an Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Cuimseoidh na tuarascálacha sin scrúdú an bhfuil reachtaíocht náisiúnta gach ceann de na Ballstáit sin, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí le hAirteagail 130 agus 131 agus le Reacht an CEBC agus an BCE. Scrúdóidh na tuarascálacha freisin gnóthú mórchóineasú inbhuanaithe faoi threoir chomhall na gcritéar seo a leanas ag gach Ballstát:

gnóthú ardleibhéal cobhsaíochta praghsanna; beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna;

inbhuaine an riochta airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 126(6);

urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil in aghaidh an euro;

marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an mBallstát a bhfuil maolú aige agus a rannpháirtíochta sa mheicníocht rátaí malairte á brath i leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis.

Déantar na ceithre chritéar atá luaite sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh i bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí. Tabharfaidh tuarascálacha an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh aird freisin ar thorthaí imeascadh na margaí, ar riocht agus ar fhorbairt chomhardú na n-íocaíochtaí ar cuntas reatha, agus ar scrúdú ar fhorbairt i gcostais aonad saothair agus ar innéacsanna praghsanna eile.

2.   Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.

Gníomhóidh an Chomhairle tar éis moladh a fháil ó thromlach cáilithe de na comhaltaí dá cuid a ionadaíonn do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Gníomhóidh na comhaltaí sin laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fháil.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle, dá dtagraítear sa dara fomhír, i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

3.   Má chinntear, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2, deireadh a chur le maolú, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus an Bhallstáit i dtrácht, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, an ráta a ghlacadh go neamh-inchúlghairthe ar a gcuirfear an euro in ionad airgeadra an Bhallstáit i dtrácht, agus na bearta eile a ghlacadh is gá chun an euro a thabhairt isteach mar an t-airgeadra aonair sa Bhallstát i dtrácht.


Top