EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an Nua-Shéalainn

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an Nua-Shéalainn

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Nua-Shéalainne

Cinneadh 2009/502/CE — tabhairt i gcrích an Comhaontaithe maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Nua-Shéalainne

CAD É AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil le haghaidh comhair, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta chun críocha síochánta.

Lena cinneadh, rinne an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gcomhaontú bunaithe ar na prionsabail seo a leanas

  • ranníocaíochtaí agus sochair fhrithpháirteacha agus chothroma;
  • rochtain fhrithpháirteach ar chláir thaighde nó ar thionscadail a fheidhmíonn nó a mhaoiníonn an páirtí eile;
  • malartú tráthúil faisnéise;
  • sochaí eolasbhunaithe a chur chun cinn d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta an dá pháirtí;
  • cearta maoine intleachtúla a chosaint.

Comhar

Clúdaítear sa chomhaontú dhá chineál gníomhaíocht um chomhar:

  • gníomhaíochtaí comhair díreacha lena n–áirítear
    • cruinnithe, mar shampla, saineolaithe
      • chun faisnéis a phlé agus a mhalartú ar ábhair eolaíocha agus teicneolaíocha de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus
      • tionscadail agus cláir thaighde agus forbartha a shainaithint a fhéadfar a dhéanamh ar bhonn comhair;
    • malartú faisnéise maidir le gníomhaíochtaí, beartais, cleachtais, dlíthe agus rialacháin maidir le taighde agus forbairt
    • cuairteanna agus malartuithe eolaithe, pearsanra teicniúil agus saineolaithe eile ar ábhair ghinearálta nó ar ábhair shonracha
    • cineálacha eile gníomhaíochtaí i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta, lena n–áirítear tionscadail agus cláir chomhair a chur chun feidhme, cineálacha eile gníomhaíochtaí a fhéadfaidh an Comhchoiste um Chomhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch a chinneadh;
  • gníomhaíochtaí comhair indíreacha: féadfaidh aon rannpháirtí* as ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh in aon chlár/tionscadal taighde a fheidhmíonn nó a mhaoiníonn an páirtí eile i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na bpáirtithe faoi seach.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 30 Eanáir 2009 ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana. Leanfaidh sé i bhfeidhm mura ndéanann ceann de na páirtithe an comhaontú a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile.

CÚLRA

Tá caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn á rialú ag sraith de chomhaontuithe.

Téann an chéad ráiteas polaitiúil maidir le comhar idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn dul siar go 1999, le síniú an “Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le Caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn”.

In 2007 cuireadh an “Dearbhú Comhpháirteach maidir le Caidreamh agus Comhar” ina ionad sin, dearbhú polaitiúil nuashonraithe ina leagtar amach clár gníomhaíochta mionsonraithe do AE agus don Nua-Shéalainn i réimsí amhail slándáil dhomhanda agus réigiúnach, frithsceimhlitheoireacht agus cearta an duine, forbairt agus comhar eacnamaíoch, trádáil, an t–athrú aeráide agus eolaíocht agus teicneolaíocht. Leagadh béim sa Dearbhú Comhpháirteach freisin ar an tábhacht a bhaineann le comhar níos dlúithe chun naisc le daoine a éascú a thuilleadh agus chun malartuithe san ardoideachas a spreagadh.

I mí an Mheithimh 2018, rinne an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Nua-Shéalainne caibidlíocht le haghaidh comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn a sheoladh go hoifigiúil.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chomhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) leis an Nua-Shéalainn, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

rannpháirtí: Féadfaidh aon duine nádúrtha a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Nua-Shéalainn nó in AE, nó aon duine dlítheanach atá bunaithe sa Nua-Shéalainn nó in AE a bhfuil a phearsantacht nó a pearsantacht dhlítheanach féin aige nó aici agus a bhfuil cearta agus oibleagáidí aige nó aici ina ainm nó ina hainm féin.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Nua-Shéalainne (IO L 171, 1.7.2009, lgh. 28-35)

Cinneadh 2009/502/CE ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail i ndáil le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Nua-Shéalainne (IO L 171, 1.7.2009, lch. 27)

DOICIMÉAD GAOLMHARA

Comhaontú um Chomhpháirtíocht maidir le Caidreamh agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile (IO L 321, 29.11.2016, lgh. 3-30)

Nuashonraithe 30.08.2019

Top