EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cógais agus cógais imscrúdaitheacha lena n-úsáid ag an duine — táirgeadh sábháilte

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Cógais agus cógais imscrúdaitheacha lena n-úsáid ag an duine — táirgeadh sábháilte

ACHOIMRE AR:

Threoir 2003/94/CE ón gCoimisiún — dea-chleachtas monaraíochta cógas agus cógas imscrúdaitheach lena n-úsáid ag an duine

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar amach na prionsabail agus na treoirlínte um dhea-chleachtas monaraíochta cógas agus cógas imscrúdaitheach* lena n-úsáid ag an duine.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór d’údaráis náisiúnta cigireachtaí a eagrú lena chinntiú go gcloíonn monaróirí leis na prionsabail agus na treoirlínte atá leagtha amach sa reachtaíocht.
  • Ní mór do mhonaróirí:
    • a chinntiú go bhfuil a ngníomhaíochtaí údaraithe mar is cuí agus go bhfuil dea-chleachtas monaraíochta á urramú acu;
    • athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a modhanna monaraíochta i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil;
    • córas ardchaighdeáin éifeachtúil um dhearbhú cógaisíochta lena mbeidh an lucht bainistíochta agus an fhoireann bainteach a bhunú agus a chur chun feidhme;
    • go leor baill foirne atá oilte agus cáilithe a bheith acu lena cinntiú go mbaintear caighdeáin cháilíochta amach;
    • dualgais na foirne bainistíochta agus maoirseachta a shainiú agus an oiliúint chuí a chur ar fáil dóibh;
    • taifid doiciméadúcháin, córas rialaithe cáilíochta faoi dhuine cuícháilithe agus cláir shláinteachais a bhunú agus a chothabháil;
    • cigireachtaí a dhéanamh go minic ar a n-oibríochtaí agus beart ceartaitheach ar bith is gá a dhéanamh;
    • córas a chur chun feidhme chun freagairt ar ghearáin, agus iad a scrúdú agus bearta a bheith i bhfeidhm chun cógais ar bith a aistarraingt más gá, agus a mbeart a chur in iúl do na húdaráis inniúla ag an am céanna.
  • Ní mór don áitreabh agus don trealamh a úsáidfear a bheith lonnaithe, deartha, déanta, oiriúnaithe agus cothaithe le bheith oiriúnach dá gcuspóir beartaithe, an baol go dtarlódh earráid a íoslaghdú agus chun go mbeifear ábalta glanadh agus cothabháil éifeachtúil a dhéanamh.
  • Ní mór sonraí a bheith sa chóras doiciméadúcháin maidir le gach beart táirgí agus iad a choinneáil ar feadh bliana ar a laghad i ndiaidh a ndáta éagtha do chógais; agus do chógais imscrúdaitheacha, 5 bliana ar a laghad i ndiaidh dheireadh na trialach cliniciúla inar úsáideadh iad. Ní mór sonraí leictreonacha a chosaint i gcoinne caillteanais nó damáiste ar bith.
  • Ní mór d’oibríochtaí éagsúla táirgthe cloí leis na treoracha agus na nósanna imeachta réamhbhunaithe.
  • Áirítear leis an gcóras rialaithe cáilíochta rochtain ar shaotharlanna rialaithe cáilíochta agus ní mór samplaí de gach beart táirgí a choinneáil ann ar feadh bliana ar a laghad i ndiaidh a ndáta éagtha do chógais; agus do chógais imscrúdaitheacha, 2 bhliain ar a laghad i ndiaidh dheireadh na trialach cliniciúla inar úsáideadh iad.
  • Ní mór obair ar bith a ligfear ar conradh a údarú le conradh i scríbhinn ina leagtar amach freagrachtaí an dá pháirtí maidir le cloí leis an dea-chleachtas monaraíochta.
  • Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú go ndearnadh táirgí allmhairithe a mhonarú de réir caighdeán atá comhionann ar a laghad le caighdeáin in AE.
  • Leagtar amach i reachtaíocht ar leith (Rialachán (AE) Uimh. 536/2014) na coinníollacha atá le comhlíonadh i dtrialacha cliniciúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Samhain 2003. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Aibreán 2004.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMA

*Cógas imscrúdaitheach: foirm chógaisíochta de shubstaint ghníomhach nó placebo atá á tástáil nó á húsáid mar thagairt i dtriail chliniciúil.

GNÍOMH

Treoir 2003/94/CE ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar síos na prionsabail agus na treoirlínte maidir le dea-chleachtas monaraíochta táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha lena n-úsáid ag an duine (IO L 262, 14.10.2003, lgh. 22-26)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lgh. 1-33).

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 136, 30.4.2004, lgh. 34-57)

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lgh. 67-128). Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lgh. 1-76)

Nuashonraithe 19.04.2016

Top