EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Measúnú cáilíochtúil ar oideachas scoile

Measúnú cáilíochtúil ar oideachas scoile

 

ACHOIMRE AR:

Moladh 2001/166/CE — comhar Eorpach maidir le measúnú cáilíochtúil ar oideachas scoile

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Féachtar leis líonrú idir údaráis na dtíortha AE a spreagadh ionas go bhforbrófar cleachtais agus uirlisí chun caighdeán an oideachais i scoileanna a mheas.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cé nach féidir caighdeán córais scoile a shainmhíniú i ndearbhthéarmaí, is féidir fós cuspóirí a leagan amach agus anailís a dhéanamh ar bhealaí chun iad a bhaint amach.
  • Baineann na cuspóirí fós leis an troid i gcoinne luathfhágáil na scoile agus an eisiaimh shóisialta i gcoitinne, agus déanann an moladh idirdhealú idir dhá chineál measúnú cáilíochtúil:
    • measúnú seachtrach; agus
    • féinmheasúnú.
  • Leis an moladh, spreagtar iad sin go léir a bhfuil baint acu leis an gcóras scoile (múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus speisialtóirí) chun páirt a ghlacadh i bpróisis an fhéinmheasúnaithe agus an mheasúnaithe sheachtraigh. Deir sé gurb é aidhm an mheasúnaithe sheachtraigh tacaíocht mhodheolaíoch le haghaidh féinmheasúnú scoile agus léargas oibiachtúil den scoil a chur ar fáil.
  • Ceann de na gnéithe is tábhachtaí de chóras oideachais na hEorpa ná an éagsúlacht. Mar thoradh air sin, ní féidir modhanna measúnaithe caighdeánacha a chruthú a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i ngach tír AE. Ní mór d’aon mheasúnú cáilíochtúil ag leibhéal an AE na gnéithe soch-chultúrtha, stairiúla agus polaitiúla a bhaineann go sonrach le gach tír AE a chur san áireamh.
  • Aibhsíonn an moladh gurb é roinnt an eolais den chuid is mó a chuireann le breisluach an AE. Ba chóir go mbeadh an malartú eolais dírithe go háirithe ar fhorbairtí modheolaíocha agus eiseamláirí dea-chleachtais, go háirithe:
    • trí theicneolaíochtaí nua a úsáid;
    • trí chomhdhálacha, seimineáir agus bailiú sonraí a eagrú;
    • agus trí uirlisí a fhorbairt agus torthaí a fhoilsiú.
  • Glaonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an g Coimisiún Eorpach chun:
    • bunachar sonraí idirlín a chruthú chun uirlisí, eiseamláirí dea-chleachtais, agus uirlisí éifeachtacha chun caighdeán na bhforas oideachais a mheas a dháileadh;
    • fardal a dhéanamh de na hionstraimí agus de na straitéisí le haghaidh measúnú cáilíochtúil sa bhunoideachas agus san iar-bhunoideachas atá in úsáid cheana féin i dtíortha éagsúla AE;
    • na torthaí a fhaightear a ionchorprú i gcláir atá ann cheana agus na líonraí atá ann cheana a fhorbairt;
    • tuairisciú gach 3 bliana chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún;
    • moltaí a dhéanamh ar bhonn na tuarascála seo.

Conclúidí 2014 ón gComhairle

  • Sna conclúidí uathu i mí na Bealtaine 2014, leag airí oideachais thíortha an AE béim ar an ról tábhachtach a ghlacann meicníochtaí dearbhaithe cáilíochta maidir le cabhrú le scoileanna agus leis an lucht déanta beartas chun oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin a chur ar fáil. Tá an t–oideachas agus an oiliúint ardchaighdeáin ríthábhachtach ó thaobh na hinfhostaíochta, an ionchuimsithe shóisialta agus na forbartha eacnamaíche de.
  • D’aibhsigh na hairí an tábhacht a bhaineann le cuir chuige i leith dearbhú cáilíochta a bheith bunaithe ar phrionsabail a dhéanann níos mó ná cur chuige “seicliosta” agus an gá chun cultúr a dhéanann a dhícheall chun caighdeán na múinteoireachta agus na foghlama a fheabhsú i gcónaí.

Staidéir

Foilsíodh dhá staidéar sa réimse seo in 2015:

  • déanann tuarascáil ag Eurydice athbhreithniú ar an gcaoi a ndéanann 32 thír Eorpacha caighdeán a gcuid scoileanna a mheas, ag déanamh comparáide idir cuir chuige, struchtúir agus na róil a ghlacann córais measúnaithe scoile;
  • staidéar comparáideach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh faoi dhearbhú cáilíochta i gcórais oideachais scoile AE. Leis sin, clúdaítear beartais, nósanna imeachta, gníomhartha agus cleachtais dearbhaithe cáilíochta ag leibhéal an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais íochtaraigh agus an iar-bhunoideachais uachtaraigh. Déantar machnamh leis faoin gcaoi a bhféadfadh gníomhartha AE sa réimse cabhrú ó thaobh luach a chur leis an méid atá ag tarlú ag an leibhéal náisiúnta.

AN CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2001/166/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2001 maidir le comhar Eorpach sa mheasúnú cáilíochta san oideachas scoile (IO L 60, 1.3.2001, lgh. 51-53)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le dearbhú cáilíochta ag tacú le hoideachas agus le hoiliúint (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 30-35)

Nuashonraithe 06.11.2017

Top