This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Transposition
Trasuí
Trasuí
Is éard is trasuí ann an próiseas maidir le treoracha AE a chorprú i ndlíthe náisiúnta Bhallstáit AE.
Murab ionann agus rialacháin agus cinntí, níl treoracha infheidhme go díreach ar fud na mBallstát ach ceanglaítear ar dhlíthe náisiúnta a gcuid rialacha a ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta. Ní mór do na Ballstáit na bearta náisiúnta sin a ghlacadh faoi spriocdháta, a shonraítear sa treoir. Ní mór do na Ballstáit a mbearta náisiúnta cur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.
Maidir leis an gCoimisiún:
Féadfaidh an Coimisiún cás a ghlacadh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair nach bhfuil bearta náisiúnta glactha ag an mBallstát chun an treoir a thrasuí nó nuair a bheidh bearta glactha aige ach measann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sásúil. Má chomhaontaíonn an Chúirt leis an gCoimisiún faoin sárú agus mura gcomhlíonfaidh an Ballstát an breithiúnas, ansin féadfaidh an Chúirt íocaíocht phionósach nó cnapshuim a fhorchur ar iarratas ón gCoimisiún.
Má mhainníonn Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoina bhearta náisiúnta cur chun feidhme laistigh den sprioc-am, féadfaidh an Coimisiún méid na cnapshuime nó an phionóis a bheidh le híoc ag an mBallstát a shonrú. Má dhaingníonn an Chúirt go bhfuil sárú ann agus nach mó an méid arna shocrú ag an gCoimisiún ná an méid a bheidh socraithe ag an gCúirt, gabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid íocaíochta (Airteagal 260(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).
FÉACH FREISIN